Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 2

1

Boand I

  1. Síd Nechtain sund forsin t-shléib,
    lecht mic Labrada lán-géir,
    assa silenn in sruth slán
    dianid ainm Bóand bith-lán.
  2. 5] Cóic anmand déc, demne drend,
    forsin t-shruth-sin adrímem,
    otá Síd Nechtain asmaig
    co roshaig pardus Adaim.
  3. Segais a hainm issin t-shíd
    10] ria cantain duit in cach thír:
    Sruth Segsa a hainm otá-sin
    co Lind Mochúi in chlérig.2
  4. Otá Topur Mochúi chóir
    co cocrích Midi mag-móir
    15] Rig mná Nuadat 's a Colptha
    a dá ainm ána imarda.3
  5. Otá cocrích Midi maiss
    corrici in fairgi fondglaiss
    Mór-Chuing Argait gairther di,
    20] ocus Smir Find Fedlimthi.
  6. Trethnach-Tond ósin immach
    connici Cúalnge cráibach.
    Sruth Findchuill ó Chúalnge chrúaid
    co Loch n-Echach Abrat-rúaid.

  7. p.28

  8. 25] Banna ó Loch Echach cen ail,
    Drumchla Dílenn co h-Albain;
    Lunnand hí i n-Albain cen ail
    nó is Turrann iarna tucsain.
  9. Sabrann dar tír Saxan slán,
    30] Tibir i ráith na Román,
    Sruth n-Iordanen iarsain sair,
    ocus Sruth n-Eufrait adbail.
  10. Sruth Tigir i pardus búan,
    35] fota sair síst fri himlúad:
    ó phardus darís ille
    co srothaib na síde-se.
  11. Bóand a h-ainm coitchend cain
    otá in síd co fairge fraig:
    mebur lim aní diatá
    40] usce mná mic Labrada.
  12. Nechtain mac Labrada laind,
    diarbo ben Bóand, bágaimm,
    topur diamair bói 'na dún,
    assa maided cech mí-rún.
  13. 45] Ní fhail nodécced dia lár
    nach maided a dá rosc rán:
    dia ngluased do chlí nó deis,
    ní thargad úad cen athis.

  14. p.30

  15. Aire níslaimed nech de
    50] acht Nechtain 's a deogbaire:
    it é a n-anmand, fri gním nglan,
    Flesc is Lam ocus Luäm.
  16. Fecht and dolluid Bóand bán —
    dosfuargaib a dímus n-án —
    55] cosin topur cen tarta
    d' airigud a chumachta.
  17. Immar rothimchill fo thrí
    in topur co n-étuachli,
    maidit teora tonna de
    60] dia tánic aided Bóinne.
  18. Rosiacht cach tond díb ria chuit,
    romillset in mnái mbláth-buic:
    tond ria cois, tond ria súil sláin,
    tres tond brisid a leth-láim.
  19. 65] Rethis co fairgi, ferr de,
    d' imgabáil a hathise,
    ar nách acced nech a cned:
    furri féin a himathber.
  20. Cach conair dolluid in ben
    70] moslúi in t-usce úar imgel:
    ón t-shíd co fairgi nách fand,
    conid di gairthir Bóand.
  21. Bóand do bruinni ar mbrúich braiss
    máthair Oengussa oll-maiss,
    75] mac ruc don Dagda, miad nglé,
    dar cend fir na síde-se. S.

  22. p.32

  23. Nó Bóand bó ocus find
    do chomrac in dá ríg-lind,
    in t-usce a sléib Guaire glé
    80] ocus sruth na síde-se. S.
  24. Dabilla ainm in chon chóir
    robói oc mnái Nechtain nár-móir,
    messán Bóinne co mblaid
    luid ina diaid dia torchair.
  25. 85] Rosróen sruth in mara immach
    corrici na cairge clach,
    co ndernsat dá gabait de,
    conid úad rohainmnigthe.
  26. Atát i n-airthiur Breg mbrass
    90] in dí chloich 'sin loch lind-glass;
    Cnoc Dabilla ósin ille
    di choin bic na síde-se. S.

  27. p.34