Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 5

Ochan

Cinaed Úa Hartacán cecinit.
  1. Déccid fera níthaig Néill
    ós lettir déin díchmaig dúir:
    sund for ur slige na slúag
    rogab lige n-úar i n-úir.
  2. 5] Níall mac Echach, assa lecht,
    luid fo shecht tar trethan tricht:
    roreraig comarbas Cuind
    co n-gaet ós muing mara h-Icht.
  3. Dia ráid in drong dúr din múr
    10] "Áil dún décsin ríg nondlig,"
    atracht in mál súas iarsein,
    in gein ba h-uallchu fo nim.
  4. Eochu, ba h-ed ainm ind fhir
    de Lagnib lir, lám co neim;
    15] i tóeb Néill co n-gúalaind glain
    sáidis fiad na slúagaib sleig.
  5. Cid ruc in Lagnech inund
    fri báig Saxan n-galbech n-gand
    guin ind ríg dond imram oll,
    20] ingnad glond dorigned and.
  6. Tan nosticed cith nó chrúas
    tócabtha súas, serig dúis:
    ba fír flatha iar n-dáil báis:
    maidm secht catha rena gnúis.

  7. p.38

  8. 25] Fírían focul atbert Níall,
    dia n-gaet forsin rian tria rún,
    áitt i clanta ilad Néill,
    co teilctís a n-géill for cúl.
  9. Aire-sin roléicthea ass
    30] dar gáeth-rian n-glass, trom a thress,
    géill Saxan, ba mór-dál mass,
    géill Fhranc, géill Rómán andes.
  10. Lotar asin Temraig síar
    fían a theglaig trelmaig tréin:
    35] ba de bói iar m-baisse brón
    Ochan mór muntire Néill.
  11. Celebrais i n-Ochain aird
    cách diaraile, aidble uird,
    Lagin, Mumain, rodasní,
    40] Connaicht, Ulaid, Fir Lí is Luirg.
  12. Láech dosrimthais, ropu rí;
    nírb fhand a chlí for bith-ché;
    ba suail do Níall, nassad nin,
    co toracht creitem dil Dé. D.
  13. 45] Rannsadar a maic iarsin
    inis n-Airt, ba h-amra fir;
    is dóib dobértar a n-géill,
    céin beti neóil im gréin n-gil.

  14. p.40

  15. Dá Chonall, Eogan atúaid,
    50] Fiachu, Cairpre, Mane mín,
    Enna, ba h-óen-baile in tshlúaig,
    gabais Lóegaire do ríg.
  16. Rí dosrat fo thalman tói,
    mairg na n-adrann for bith-ché!
    55] rorand Muir Romur i n-dó
    ba ar omun tuaithe Dé.
  17. Cland maic Cairne, cengta róe,
    diamtís umle imalle,
    ar imad óc ocus ech
    60] nísfórfed nech acht mac Dé.
  18. Luid sair dia n-éis, arm-char clí,
    Dathí, ba talchar fria ré;
    nírb fhand a chomul for cóe
    rorand in domun indé.
  19. 65] Ua as dech ós grían glan a gné
    rochin ó Níall, násad n-glé,
    Colum Cille rogab h-Í
    búaid fir bí fil i tig Dé. D.

  20. p.42