Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 3

Brug Na Bóinde II

Macnia Mac Oengusa cecinit.
  1. A chóemu Breg, bríg nad bréc,
    co rinnib reb, rígda in rót:
    in eol dúib senchas cech thuir
    fuil sund i m-Bruig mic ind Óc?
  2. 5] Fégaid in síd ar bar súil,
    is fodeirc dúib, is treb ríg,
    rogníth lasin Dagda n-dúr,
    ba dín, ba dún, amra bríg.
  3. Fégaid Imdai n-Dagdai deirg:
    10] forsind leirg, cen galmai n-gairg;
    rofer surge sóir iar seilg
    fri mnái cóim cen meirg cen mairg.
  4. Fégaid Dá Cích rígnai ind ríg
    sund iar síd fri síd-blai síar:
    15] áit rogénair Cermait cóem
    fégaid for róen, ní céim cían:
  5. Dia luid ben mic Námat náir
    i n-dáil ar chend Dagdai déin,
    ocus in cú in a díad,
    20] ciarbo thurus cian do chéin:
  6. Dia luid Midir a Brí Léith
    fri tócbáil tréith, ba fó fríth:
    co tuc mac ind Oc ónd áth
    co scíath 'na scáth, ciarbo scíth.

  7. p.20

  8. 25] Iarsain tucad, cialla cor,
    in mac dia nói m-bliadna m-bil.
    coa athair, ba cadla gair,
    dia thaig cosin Dagda n-dil.
  9. Dogníth ergnam leis dond ríg
    30] isin tshíd, tre brégrad4 m-búan,
    de atá, ní ceist cen rún,
    Duma Treisc ar súil na slúag.
  10. Iarsin dlomais Dagda dúr
    asa dún, níb adba m-bróin,
    35] co m-bái i n-Ochun, fecht co núaill,
    iar n-othur slúaig, iar u-úair óil.
  11. Ferta Escláim, érimm sruith,
    a telctís cesta fir maith,
    fót co m-balc-raind, gním cen chleith,
    40] do mac Calpraind ba rót raith.
  12. In eol dúib Derc m-Buailc bil
    comarba fil immon mag,
    asa n-ésib loimm lúath lib
    a dig don tshlúag, fíad-glonn glan.
  13. 45] In eol dúib Lecht Cellaig crúaid
    co núaill ellaig, erctha gáeth:
    atbath tre beirt láechda lúaith,
    dia m-bói thúaith for báeth-bla báeth.

  14. p.22

  15. In eól dúib Lecht Gabra ind ríg
    50] Cinaeda cen galma gráin;
    ruc búaid a siblachaib sréin
    do réir mic Irgalaig áin.
  16. A Cír a Currel na mná,
    cia bale itá cechtar de,
    55] méraid ó 'ndiu co tí bráth;
    ní ba messu ar chách a n-gné.
  17. Fégaid lib, ba bág cech báird,
    ba fert fir áin, fuaim cen meirg,
    fuirglid, is íath n-gáela gairg,5
    60] síd æda Lurgnig for leirg.
  18. And dogníth rúamna dia thríath
    for cúan-bla clíach ocus crích;
    ba h-ed slóg-dígal na túath,
    Mórrígan múad áitt i m-bíth.
  19. 65] In eól dúib tre gnímrad n-gnáth,
    fri fáth fír-glan, fichtib tríath,
    iath n-acht-glan i m-bátar scéith,
    Carcar ind Léith i m-bái in Líath.
  20. In eól dúib tre chátha cend
    70] in glend i m-bíd Mátha mall?
    robíth iar n-inriud slóg seng;
    dogníth mór do imniud and.

  21. p.24

  22. Iarsin tictís, gním cen chleith,
    ind ríg dia leith ó thír thoich,
    do descin in Máthai múaid,
    co cland cách fair crúaid a chloich.
  23. Clandais Buide a liic laind
    'sind raind forsmbíd Suide Find:
    fácaib fiad churib na n-glend
    a chend for Maig Murid mind.
  24. Iarsin lotar Ulaid uill
    Leth cubaid Cuinn ar a chend,
    do gleic fri nert Máthai maill,
    combrúithe a baill for Leicc Bend.
  25. Doringned leo duma n-dúr
    do múr for cnámaib in míl:
    ba hé in coscur, fecht co núaill,
    rothecht fri búaid ocus bríg.
  26. Caisel n-Oengussa cen chol,
    Airther n-Oenlussa rodlen:
    mic Crundmáil forsndessid cin
    dia n-essib mid corbo mer.
  27. Forsin Róot rígda in gleó
    in mic Óoc, cid dia m-bói?
    dia robriss súil Midir múaid,
    in fail úaib nech asidchói?
  28. A.


    p.26