Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 2
Temair II
- Ní cheil maissi dona mnáib
Temair cen taissi ar tócbáil;
fúair ingen Lugdach 'n a láim,
tul-mag bad líach do lot-báig.
- 5] Ellom rogáid ben Géde
for a céle, rochúala,
dindgna dath-glan, dréim n-áine,
ba hathlam áine im úaga.
- Árus ba dún ba dindgna,
10] ba cádus, múr cen mannur,
forsmbiad lecht Tea iar tuinnem,
combad fhuilled fria hallud.
- Robói ic Erimón umal
ben i ngle-medón gemel;
15] ruc uad cach roga romer;
atnóimed cech ní atbered.
- Brega Tea, treb tuilltech,
rocluinter úair ba haird-ben,
fert fosfail in mór mergech,
20] in róm relgech ná rairged.
- Ingen Foraind co lín argg,
Tephi rolaind, lúaded leirg,
rochum cathraig, croda in chuird,
dia luirg rostorna is dia deilg.
p.8
- 25] Dorat ainm dia cathraig cáim
in ben co n-áib rathmair ríg;
Múr Tephi frisíoirged dáil,
asnoirged cen gráin cech ngním.
- Ní clethi in rún ria ráda,
30] múr thair Tephi, rochúala;
fúisain sund, cen dúal dígna,
cumsat mór rígna rúama.
- Fat lethet tige Tephi,
cen trethi midit súthi,
35] sesca traiged cen tláthi,
confégsat fáthi is drúthi.
- Atchúala i n-Espáin uillig
ingin lesc-báin láech-buillig,
cin ó Bachtir mac Buírig;
40] dosfuc Camsón cáem-chuingid.
- Tephi a hainm ó cech gérad;
mairg forsmélad a múrad!
ráth sescat traiged tólach
leo dorónad dia rúnad.
- 45] Nístuc rí Bregoin cen brón,
ciarbo debaid la Camsón,
combeth a haisec dia hón,
cid mór cid mín cid marb-són.
p.10
- Erlam Camsóin, ní clethe,
50] Etherún, ba herchrede,/l[gt ]
is slúag na nglas-derc nglethe
úad fri tassec trén-Tephe.
- Ec trúag Tephe tánic túaid,
nír gním clethe fri hóen-úair,
55] Camsón ro léic luing cen lúaig
lé dar tuind sáili sóeb-úair.
- Roscart bár Bretan ó'n brúch,
ar ba hetal Etherún,
co marblaig fria mess 'sin múr
60] tess forstarblaig Tephi-rún.
- Is fon samla-sin sunna
gníth co calma a cét-chuma
Temrach, cen táidlius trumma,
ar áibnius, ar étrumma.
- 65] Temair cech n-ard cech n-irgna
forsmbít sosta so-dindgna;
Temair cech mbennach mbirda,
acht mad Emain airirgna.
- Temair tuathi ocus tigi
70] cen luathi cen laech-miri,
mathair anai cech fhini,
co nosbrathaig baeth-bini.
p.12
- Ba targa triath ocus tor,
ba hadba niath, níth co neim;
75] Temair cen taissi cen tráig
a maissi do mnáib ní cheil. D.
p.14