Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

p.2

poem 1

Temair I

  1. Temair Breg, cid ní diatá
    indisid a ollamna!
    cuin do dedail frisin mbruig?
    cuin robo Temair Temair?
  2. 5] In ac Partolan na cath,
    nó 'n ac cét-gabáil Cesrach,
    in ac Nemed co neim n-úr
    nó ac Cigal garb gligar-glún?
  3. In ac Feraib Bolg na mbád?
    10] nó do líne Lupracán?
    sloindid cá gabáil díb-sin
    ó tá Temair ar Temraig.
  4. A Dubán, a Fhindchaid fhéil,
    a Brain, a Chú Alad éim,
    15] a Thuain, bar cóiciur cain,
    cid ón cid diata Temair?
  5. Dobí tan ba coll-chaill cháin
    i n-aimsír meic áin Ollcáin,
    noco roslecht in caill cais
    20] Líath mac Laigni lethan-glais.
  6. Ó shin amach ba Druim Léith,
    a barbur ba harbur méith,
    noco toracht Cáin cen chrád,
    mac-sen Fiachach Cendfhindáin.

  7. p.4

  8. 25] Ó shin amach ba Druim Cáin
    in tulach a téigdís máir,
    noco toracht Crofhind chain,
    ingen Alloid oll-bladaig.
  9. Cathir Chrofhind, nírbo chamm,
    30] a hainm ac Túaith Dé Danann,
    co toracht Tea, nar chlé,
    ben Erimóin co n-ard-gné.
  10. Roclaitea clad imma tech
    ac Tea móir ingin Lugdech;
    35] roadnacht iar múr amuig,
    conad uaithi atá Temair.
  11. Forad na ríg ba hainm di,
    rígrad mac Miled inti;
    cóic anmand uirri iarsin,
    40] ó tá Fordruim co Temair.
  12. Is mise Fintan fili,
    nirsam écne óen-lindi;
    is and romtócbad co mblaid
    ar in fót-brug os Temair.

  13. p.6