Corpus of Electronic Texts Edition
A poem on the Kings of Connaught (Author: Unknown)

p.462

  • A fhir théit i mMag Medba,
    do scéla bat scothmebra!
    lethaim ós cach túathblai thé
    anmann ríg Crúachna caeme.
  • Ocht ríg cóecat, cían roclos,
    ó chraitim i n-ardfhlatheos:
    ó Amalgaid erccait máil
    co Domnall mac Tigernáin.
  • Amalgaid mac Fiachrach Find,
    dar a éis rogab Ailill,
    íar nAilill Molt cen míne
    Dúi Galach i n-ardríge.
  • Eogan Bél d'éis a athar
    rogab ria nAilill athach,
    Ailill Inbanna ba flaith
    íar n-éc Eogain enechmaith.
  • Íar sain rogab Dúi Tenhga
    ríge dar éis Ailella,
    d'éis Dúach, ba bladach bagda,
    Eochu tagach Tirmchárna.
  • Rogab dar éisse Echach
    Feradach Find fírbrethach,
    dar éis meic Rossa (i)n rubai
    Máélcothaid mac Máélhumai.
  • Íar Máélcothaid cáém clethach
    Áéd Abrat mac ard-Echach,
    íar nÁéd dar grúacu rosglac
    Húatu mac Áéda Abrat.
  • Colmán mac Conchobuir caem
    íar mac Áéda enechnóém,
    íar Colmán rodbí 'sin chath
    rosgab in rí Rogallach.
  • Íar mac Húatach, ard a gáir,
    rogab Lonhgsech mac Colmáin,
    íar Loingsiuch, lúad co n-aidble,
    rosgab Gúaire glanAidne.
  • Íar nGúaire ná fáémad fill
    rogab Cenn Faelad fírgrinn,
    íar mac Colmáin, ba cuiscle,
    Dúnchad móénech Muirisce.

  • p.464

  • Íar nDúnchad grennach co nhgail
    Cellach mac réil Ro-gallaich,
    dar éiss Cellaich cen chaire
    flaith Fergail meic Artgaile.
  • D'éis Fergail figed frossa
    Muiredach mac Murgossa,
    íarsain, ba sáerda slechtach,
    in rí óebda Indrechtach.
  • Rogab Cathal, slógmar sain,
    mac maith mórglan Muredaich,
    in rígi, dúthaich nár dúail,
    íar mac Dúnchaid daigerrúaid.
  • Rogab dar éis a athar
    Domnall mac do mórChathal,
    íar nhdíth Domnaill cen debaid
    Inrechtach mac Muiredaich.
  • Cathal mac Murgiusa móir
    íar sin rogab fó chétóir
    rí hIrruis Domnann, in daig,
    Domnall mac Cathail chétaig.
  • Indrechtach ailithrech án,
    mac Muiredaich, mó cach mál,
    dara éis, ní dalb decair,
    rí Áéd Balb rosbéothecail.
  • Íar nÁéd co n-ergnus ronfail
    rogab Fergus mac Cellaich,
    íar n-écaib Fergusa find
    rí na hergnusa Ailill.
  • Dubinrecht mac Cathail chind
    rogab athaich íar nAilill,
    dar a éis, ní fúair fhachaid,
    Dond crúaid cathach caem Chathaid.
  • Rogab Flathrói fuind co fraig
    ríge dar éis Duind Chothaid,
    d'éis meic Domnaill, ba marcach,
    cathrí comlaind crúaid Artgal.
  • Rogab Tipraiti mac Taidc
    dar éis Arttgail fháeburgairg,
    íarum fúair duilgius in daig
    Muirgius mór mac Tomaltaich.

  • p.466

  • Díarmait íar Muirgius maith mór,
    fúair tria chuibdius cach cáémslóg,
    ardrí for drongaltaib den,
    mac trén Tomaltaich Taillten.
  • Cathal mac Muirgiusa mind
    dar éis Díarmata dúangrinn,
    mo chumthach íar Cathul cháin
    Murchad mac Áéda inmain.
  • Fergus mac Fothaid, feith lat,
    d'éis mac Áéda, ba hadmat,
    íar Fergus mór cen mire
    Fínnachta lór Luibnige.
  • Conchobur inmain áege
    d'éis flatha fir Formáéle,
    íar n-éc flatha finn Fobair
    rogab Áéd mac Conchobuir.
  • Cathal mac Conchobair chrúaid
    íar ndíth Áéda Abratrúaid,
    rí na mbard ón Chéis romchar,
    rogab Tadc d'éis a athar.
  • Fergal mac Rúairgc ón Rige
    rosgab cúaird ar cathmire,
    fúair íar ndorchogud Fergail
    Conchobur cáid cathbernaid.
  • Cathal mac Taidc tánic sunn
    íar Conchobar na comlunn,
    ferr ind athaich cen fhogail
    flaith Chathail meic Conchobuir.
  • Tadgc mac Cathail, cumnich dam,
    rogab íar n-éc a athar,
    d'éis Taidgc rochuir cúaird Codail
    Artt húa Rúairc in rígfhoraid.

  • p.468

  • Íar nArt cháém críchi Codail
    rogab Áéd húa Conchobair,
    ba hí in rígi co rige,
    flaithius fíre foirgclide.
  • Áéd mac Airtt íar nÁéd aile
    rogab for Sairt sithgaile,
    dar a éis, ba slúagrí sunn,
    Rúaidrí mac Áéda acunn.
  • Domnall mac Tigernáin túi,
    dar éis meic Áéda adnúi,
    rí Domnann ós Braine bí
    Domnall aile mac Rúaidrí.
  • Ó rosgab Nathí coa thaig,
    nó Ailill co crí chobsaid,
    nísrogaib ós Chliu chlemnach
    óenfher bad fhiu Tairdelbach.
  • Tairdelbach, tuir Thulcha Óc,
    his é in muir dar cach magrót,
    a Dé, rothócba shhinni,
    ardfhlaith Fótla foltfinne.
  • Húa Conchobuir Céisse crúi
    dar éisse cach ríg rathnúi,
    láéchrí luchair na lám nhgel,
    rop suthain sunn in sáérfher!