Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na Cert (Author: unknown)

section 8


Benén ro chachain inso do senchus Gall Átha Cliath:

    1. 33Atá sund seanchas suairc seang
      is maith le fearaib Érind,
      sochar Átha Cliath, ní chél,
      1700] amal forfácaib Benén.
    2. Dia táinic thuaid a Temraig
      Hua deochain in deigtheaglaig,
      d'apsdal Breatan & Breag
      nír chreit Laegairi lánmear.

    3. p.116

    4. 1705] Luid deisil Banba buidi
      Hua deochain, in deagduine,
      co toracht dún na nGall ngeal
      do chobair Chland Mac Mílead.
    5. Is hé ba rí a nÁth Chliath chruaid
      1710] dia táinic Pádraic atuaid
      Ailpín mac Aeoil Ádaig 34
      do chloind Domnaill Dubdámaig.
    6. {MS page 201c}In lá táinic co hÁth Cliath
      Pádraic Macha na mórfiach
      1715] is and ros fuc bás bágach
      aenmac Ailpín imnárach.
    7. Adagar co Ua ndeochain
      aenmac ríg Gall gairg-Eochaid ,
      dia chrád & dia chelgad ;
      1720] don apsdal rob imdeargad.
    8. Dia tuca anmain andsin,
      a chléirig cháid chumachtaig,
      sléchtfad duit 'con choill cheanaind,
      sléchtfaid Gaill in glaisferaind.
    9. 1725] Luid ina deisiul fo thrí
      int apsdal is int airdrí
      cora érig 'na beathaid
      féinnid álaind aird-Eachaid.
    10. Ar sin adnagat dó in slóg,
      1730] screpall cach fir, unga d'ór,
      unga cacha sróna ar sin,
      is screball óir cach énfir.
    11. Trí huingi forácbad thall
      don cháin a ngarrdaib na nGall ;
      1735] aircther fo thrí ind Áth Cliath
      ó Gaeidelaib na nglainsciath .

    12. p.118

    13. 'Dianam tora m cach bliadain
      in cháin sea lib ó Liamain
      nochon fétfad fir thalman
      1740] bar ndún-si do díthfaglad .
    14. In dún i táid co dreaman
      nos scér-sa fri duibdeman ;
      bid hé in treas teine nach tim
      bias fa deiread i nÉrind.
    15. 1745] Fácbaim forsan Áth uili
      buaid mban ar a mbanchuri,
      buaid ara nGallaib geala ,
      buaid n-áilli ara n-ingena.
    16. Buaid snáma ar macaib a mban,
      1750] buaid cocaid is buaid comrom,
      buaid dia ndaltaib co nóna,
      im luad chorn is chom-óla.
    17. Buaid ríg chaidchi i nÁth Cliath chruaid
      buaid n-amais, buaid n-óclaig uaig ,
      1755] buaid cádusa 'na chellaib,
      buaid n-árais is naímchendaig .
    18. 35
    19. In dún asa tánac tuaid ,
      ná roib ara ríg robuaid ;
      is mór gallacht a gaili,
      1760] mo mallacht ar Laegairi.'
    20. Is de nach bia síth na nGall
      re ríg Midi na mórland
      itir Theamair is Liamain
      cen debaid cach énbliadain.
    21. 1765] sin senchas Átha Cliath
      indisim daíb tar ceand fiach ;
      biaid i llebraib co bráth mbras
      mar atá sund sa seanchas. Atá sund.


p.120