Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na Cert (Author: unknown)

p.2

section 1


Incipit do Libur na Cert. Indister do chísaib & tuarustlaib Éirenn
amal ro ordnaig Benén mac Sescnén, salmchétlaid Pádraic amal
atfét Leabur Glindi Dá Lacha.


Do dligeadaib chirt Chaisil & dia chísaib & dia chánaib ind & ass
5] andso sís, & do thuarastalaib ríg Muman & ríg nÉrind archeana ó
ríg Caisil in tan da-fallna flaithis ind. Caiseal dano cais-ail .i. cloch
forsa fuirmidis géill nó cís-ail iarsand ail chísa do-berthea ó fearaib
Érind dó. Síd-Druim dano ba hed a ainm an inaid sin prius.


Do-rala didiu dá mucaid i n-aimsir Chuirc meic Luigdeach ic
10] tathaigi na tulcha sin fri ré ráithi ic mesrad a muc ar ba druim
fidbaidi . Badur hé a n-anmann na mucaidi .i. Durdru, mucaid ríg
Héle & Cularán mucaid ríg Múscraigi . Co tárfas dóib dealb ba
gilithir gréin & guth ba bindithir meandchrot lais ic beandochad
na tulcha & in baili ic tairrngiri Pátraic, & asbert:

    1. 15] Fó fó fó fear fallnafass
      Caisil coir cémeandach
      i n-anmaim in Ard-Athar
      sceo Meic na hIngine
      la rath Spirut Noíb .
    2. 20] Epscop maiseach mórmaith mech
      bár beatha co mbreitheamnus
      línfas Érind ardainglig
      d'aes cach uird co n-ilgrádaib
      la fognum Críst chaím.


p.4


25] Is hí tra delb bae andsin .i. Uictor aingel Pátraic ic taircheadal
Pádraic & ordain & aireochais Érind do beith do grés isin baili sin.
Cid fil ann didiu acht is cellphort do Phádraic & is prímchathair do
ríg Hérind in baili sin. Acus dlegair cís & fognam fear nÉreand do
ríg in baili sin do grés .i. do ríg Caisil tre beandachtain Pátraic meic
30] Alplaind
.

1


At é andso immorro tuaristla na ríg ó ríg Caisil mad rí Hérind
hé & a chuairt seom & a biata som forra dia chind .i. cét corn &
cét claideam & cét n-each & cét n-inar uad do ríg Cruachna &
biathad dá ráithi ó ríg Cruachan dó-som & a dul lais a Tír Chonaill.
35] Fichi falach & fichi fichthell & fichi each do ríg Ceneóil Chonaill &
biathad mís ó Chenél Chonaill dó-som & teacht lais i Tír nEógain.
Caeca corn & caeca claideb & caeca each do ríg Ailig & biathad mís
uada dó-som & a techt lais a Tulaig nÓc . Trícha corn & trícha
{MS page 195a} claideb & trícha each do flaith Thulcha Óc & biathad dá thráth dég
40] lais & a theacht lais a nOirgiallaib. Ocht lúireacha & sesca inar &
sesca each do ríg Airgiall & a biathad ré mís a nEmain & a choimi-
deacht
in nUlltaib. Céd cornn & cét matal & cét claideb & cét n-each
& cét long do ríg Ulad, biathad mís dó-som a hUlltaib & Ulaid lais
co Temair. Trícha lúireach & trícha falach & cét n-each & trícha
45] fithchell do ríg Themrach & biathad mís i Temraig fair & ceitheóra
fine Themrach lais co hÁth Cliath. Deich mná , deich n-eich &
deich longa do ríg Átha Cliath & biathad mís ó ríg Átha Cliath
dó-som & a chaemtheacht i lLaignib. Trícha long & trícha each &
trícha cumal & trícha bó do ríg Laigen & biathad dá mís ó Laignib
50] dó-som .i. mí ó Laignib Tuathgabair & mí ó Laignib Deasgabair .
Trícha each & trícha lúireach & cethracha claideb.It iad sin a


p.6

1


tuaristla & a comaideachta conid dóib-side ad-féd int údar buada
.i. Benén mac Sescnéin:

    1. Dligead cach ríg ó ríg Caisil
      55] bid ceist ar bardaib co bráth.
      Fogébthar i taeib na taídean
      ac suíd na nGaeidel co gnáth.
    2. Céd corn, cét claideam a Caisil,
      cét n-each, cét n-inar ria ais,
      60] as a tír co Teillis Tuathail
      don ríg geibis Cruachain cais.
    3. Biathad da ráithi ón ríg-sin
      do churaid Muman ar mil ;
      dul leis ri tresa i Tír Conaill
      65] co ríg Easa Modoirnn mir.
    4. Condacht la curaid Caisil
      co cathaib Bearnais, ní brég ;
      rí Conaill co clandaib Eógain
      tarraid don deóraid las dét .
    5. 70] Fichi falach, fichi fichthill,
      fichi each co ro-Eas Ruaid,
      don ríg donár dealbas doraind ,
      do ríg Bearnais Chonaill chruaid.
    6. Biathad mís ó maithib Conaill
      75] do chúicead Muman a mairg,
      & dia ríg, ní dlug deólaid
      ria ndul a Tír nEógain n-aird.

    7. p.8

    8. Caeca cornn is caeca claideb,
      caeca each glésta co gnáth
      80] d'fir raith ó doirib na ndaigmeas
      do flaith Oilig ainces cách.
    9. Biathad mís do macflaith Muman
      a Muig Muman, ní saeb seach,
      d'fir chúicid Brannduib gan beó-guin
      85] ó chlandaib Eógain na n-each.
    10. Trícha cornn is trícha claideab,
      cert-trícha ruaid-each don ród
      don fir dán maith drumchla duaine,
      do flaith Thulcha uaine Óg.
    11. 90] Biathad dá thráth dég co dédla
      do ríg Muman maídit baird
      ó ríg Thulcha Óg cen dedail
      noco tór co hEmain aird.
    12. Ocht lúirecha do flaith Airgiall
      95] a hoireacht Chaisil cét crech
      don fir forsmbít cesta cinad
      sesca inar, sesca each.
    13. Biathad mís a mullach Eamna
      ó Airgiallaib Átha Móir
      100] do ríg Caisil chais ón chuchtair ;
      dul lais a nUltaib an óir.
    14. Céd corn, cét claideb, cét matal
      do mílid Boirchi, ní baeth,
      cét n-each acht is d'eachaib donda
      105] & deich longa don laech.
    15. Biathad dá aen-mís a hUlltaib
      d'uasal-ríg Caisil ón chill
      dligid ac tulaig chais chernaig ;
      Ulaid lais co Temraig tind.

    16. p.10

    17. 110] {MS page 195b}Trícha lúireach do laech Themrach,
      trícha falach, is fír sin,
      cét n-each, ní scíthad a scithfeidm
      la tríchaid fichthill ac fleid.
    18. Biathad mís a mullach Themrach
      115] do thrénfearaib Caisil chruind,
      taidecht lais fine ara furmim
      fir Midi co Duiblind nduind.
    19. Deich mná, deich longa co leapthaib
      ó laech Caisil & Cliach,
      120] deich n-eich a n-uair blátha bladaig
      do ríg Átha cladaig Cliath.
    20. Biathad mís ó maithib Tomair
      do thigerna Chaisil chais:
      rí in Átha díltaig nach daidbir
      125] do thíchtain a Laignib lais.
    21. Trícha long do laechraid Liamna
      láiter trícha deg-each dó ;
      dligid imna crícha im Charmon
      trícha ban-mog , trícha bó.
    22. 130] Biathad dá lán-mís ó Laignib
      do laech Muman a Muig Ráth ;
      cuid mís a muig Brannduib brogda
      ó chlandaib Condla seach cách.
    23. Trícha each, éin-trícha lúireach
      135] do laech Gabrán gloine dath
      nochon eachlacha nos oilead
      ceathracha claideam i cath.

    24. p.12

    25. Ac sin tuaristla ríg nÉrind
      ó ríg Muman moldaid fir,
      140] 's a biathad ón lucht sin uile
      dearb re cach nduine co ndlig .
    26. Dligead.

2


Ceart Caisil acus ríg Caisil ó thuathaib ar meadón in so . Ó Mús-
craigib
chéadamus tús na cána sa .i. deich .c. bó & deich .c. torc and
sin ó Múscraigib
. Céd mbó & cét muc & cét ndam ó Uaithnib and
145] sin
. Dá chét molt & cét torc & cét bó & cét leand uaine a hAraib and
sin
. Céd bó & cét dam & cét torc ó Chorco Laígdi sin . Deich cét
dam & deich .c. bó ó Chorco Duibne beos . Deich cét bó & .x. cét
torcc ó Chiarraigi Luachra. chét bó & .x. cét dam ó Chorco
Baiscind. Míli bó & míli dam & míli reithi & míli brat a Boirind.
150] Céd bó & cét dam & céd cránad asin Seachtmod. Dá míli torc &
míli bó ó na Désib. Nochon ar a ndaíri trá ícaid na císa sin acht tar
ceand a tíri & ar saíri chirt Chaisil & ara beandochad do Phádraic
amal adfét Benén :

    1. Ceart Caisil cen chrád dia churaid
      155] ro thaisig dám dligid:
      maith le ríg Gabráin glain groigig
      a fagbáil 'gá filid.
    2. Ó Múscraigib cen faidb n-éithig
      do Chaisil ard uathaib
      160] míle bó sin port X
      míle torc ó thuathaib.

    3. p.14

    4. Céd bó for cnuc fri ham n-asdair
      cét muc thall dia taiscid
      cét ndam dont sluaigthreib do thoirsin
      165] ó Uaithnib a n-aiscid.
    5. Dá chét molt ón dáim adbearaid
      céd torc in cháin chanaid
      céd bó ro theand buaili ac brugaid
      cét leand n-uaine a hAraib.
    6. 170] Ó Chorco Laígde co laechaib
      cét bó ac taidle is tuachail,
      sesca dam ndonn nocho díchaid
      cét torc trom ó thuathaib.
    7. {MS page 195c}Míli dam isí in breath bearma
      175] nír íc creach rem chuimni
      míle bó mar bú baidbi
      do brú Dairbri ó Duibni.
    8. Ó Chiarraige cláir na claideb
      deich cét bó, is caín cuman,
      180] deich cét torc uathaib cen anad
      a Luachair na lubar .
    9. Ó Baiscnib dá chét mbó ar baethair
      da rath cró tar críchaib,
      don ríg ro char díne ndúthaig
      185] míle dam, ní díthaig.
    10. Míli dam, míle bó beanaim
      don dún iar ló i lloigim
      míli reithi arna n-at d'olaind
      míli brat a Boirind.
    11. 190] Sloind cáin Seachtmaide na Sindach,
      dleachtaidi dreandach ;
      cét crán nochar chró cen cheandach
      cét ndam, cét mbó mbeandach .

    12. p.16

    13. Dá míli torc iarna toga
      195] cusin cnoc mar cheara,
      míli bó 'na n-éisib ana
      ó Désib ci ad-beara .
    14. Cís sin tar ceand tíri ar tosaig
      —saí rími ro thaisig
      200] ní ar daíre don dáim dia ndeissid
      acht saíri chláir Chaisil.
    15. An cís sin Muman co martaib
      co ria bunad brechtaig ;
      Pádraic in phuirt ósna portaib
      205] a ré Chuirc ro cheartaig. Cert.

3


Is iad so beos tecusca Benén meic Sescnén sailmchétlada Pádraic,
& do Chiandachta Gleanna Gemin do shíl Taidc meic Cén a
Mumain máir dó .i. corab ceand coitchenn cáich comarba Caisil
feib is ed comarba Pádraic, & in tan nába for Érind Caisil is ed as
210] dír
forlámus for leith Érind .i. ó Thig Duind iar nÉrind co hÁth
Cliath Laigen. Díles tuaristail & comaideachta ríg Caisil do grés .i.
Síl X Bric .i. Osraige . Dleagaid Laigin ar báig aenlaithi
teacht la báig ríg Caisil i cend Chuind nó allmarach. Dliged didiu
ó Gallaib Átha Cliath & ó deoradaib Érind dula lais i cend catha
215] ar telgud a tír , & dligid aiscid ar coicrích ó Chondachtaib. Is ed dano
foruair sin troscad do naebaib imdaib i Temair & sí ade fa tulach
thigernais do Laignib co cath Droma Dergaidi , ar is and do-bath
forro a cuid do Muig Breg conad díleas Cloindi Néill ó sin i lle.


p.18

3


Iss ead immorro rod báidi flaith Temrach troscad Pádraic cona
220] muinter for Laegairi mac Néill, ocus troscad Ruadán Lothra meic
Aengusa co naebaib Érind for Diarmaid mac Cerbaill & for
ceithri finib na Temrach ; & ro gellsad na naeib sin na biad tech i
Temair ó Laegaire ná ó Síl Néill co mbeith ó Síl nAililla Úlaim.
Trí ríg dano i lLeith Moga nach turgnad cís do ríg Caisil .i.
225] Osraigi
& rí Raithleand & rí Lacha Léin. De quibus Benén mac
Sescnén in sailmchétlaid:

    1. Benén, beandacht forin ngein,
      do-rad so a Saltair Chaisil{MS page 195d}senchas cach ríg is a rath
      230] is deach im-thét tír Muman.
    2. Rí Caisil do chind os cách
      is ead fil sunn co tí in bráth,
      fuigell beandachtan Dé duind
      altóir Pátraic meic Calpraind .
    3. 235] Caisil do chind ós cach cind
      acht Pádraic is Rí na rind
      Airdrí in domain is Mac Dé,
      acht maid sin dligid uaisle .
    4. An tan nach rí ar Éirinn áin
      240] airdrí Caisil cona cháin
      is leis ferann Ébir uill
      óthá Áth Cliath co Tech nDuinn.
    5. As díleas dia dliged de
      fine álaind Osraige ,
      245] uair tucaid a n-éraic áin
      do ríg Caisil cona cháin.
    6. Dliged do ríg Laigen lond
      eich is cuirn co Caisil corr ,
      ór & indmas tar muir
      250] is ead dleagar ó Laignib.

    7. p.20

    8. Dleagaid Laigin dula leó
      i n-agaid Gall fri gach ngleó ;
      dia tístar chucu co fír
      la ríg Caisil a cor díb .
    9. 255] Dligid féin rí Caisil chain
      trí cét n-édach ar Samain,
      caeca each ndubgorm ndatha
      fo chomair cach prímchatha .
    10. Co feasadur meic is mná
      260] uair is ina leath itá
      dliged do ríg Gall iar fír
      sin ara telcad 'na tír .
    11. An tan fa sídach fris leath
      indsi móiri Mac Mílead,
      265] dligid cáin Connacht cen cleith
      ara telgad 'na trén-leith .
    12. Isí in cháin dligid , ní gó
      caeca dam, trí caecait bó ,
      caeca ech, is amra a faill,
      270] cét mbrat do brataib Umaill.
    13. Ó ra thraisceadur na naím
      for Temair sochluta saír,
      do-riacht do ríg Caisil chruind
      bennacht Phátraic meic Calpraind
    14. 275] Ní bia teach i Temair Fáil
      gid mór ind ail d'Éirinn áin>
      ic Laignib nach ac Síl Chuind
      co ndearntar la Síl nÓluim .
    15. Cid maith in senchas fors .1
      280] ní leasaigther la Laigniu ;
      ní coimétar la Leath Cuinn
      seanchas Oilella Óluim .

    16. p.22

    17. Coimédfad-sa i Caisil cháid
      prímthacair ind imarbáig
      285] chóicead fail sund for leath
      is a turgnom i n-aenteach .
    18. Is hé in teach sin Mumu mór,
      is é in dá chúiced in slóg ;
      is a Mumain mín, méd geall,
      290] is chóir[sup1 ] ardflaithius Érenn.
    19. Ro bbé ith is meas is maith
      i Mumain mín co méd raith ;
      mid is cuirn is cuirm is ceól
      do fearaib Muman is eól .
    20. 295] Fil trí ríga i Mumain móir
      a cáin do Chaisil ní cóir,
      Gabrán gabthar géill,
      rí Raithleand, rí Lacha Léin.
    21. No fríth i saltair Dé déin
      300] seach ní thuilliub ní deidél
      ó Init co Cáisc ní chél
      a Caisil ro baí Benén. Benén.
    22. Dál Cais ní robad i llén
      ro gabat fri frais ferén ;
      305] dos-rat co hilarda hér
      tigerna 'cá mbaí in Benén. Benén.
    23. Leasaiged Sealbach in saí2
      & Aengus ar aenchaí
      sochar Muman mar adbér
      310] amal forácaib Benén
    24. B.


p.24

4


Císa Muman ar meadón beos and so do Chaisil & is cach bliadna
do-bearar
.i. smacht & biathad & turgnam & faesam. Trí cét mart
chéadamus a Múscraige & trí cét torc & trí cét bó Trí cét torc &
{MS page 196a} trí cét leand & cét lulgach ó Uaithnib and sin . Cét bó &
315] trícha torc & trícha mart & trícha brat a hAraib ind sin .Lx. dam &
.lx. molt & .lx. bó ónt Seachtmad sin . Caeca bó & caeca dam & caeca
mart a hOrbraigib inn sin . Trí chét dam, trí chaeca lulgach ó
Dáirfine beos. Trícha bó & trícha dam & trícha brat a Corco Duibne.
X.c. bó .x.c. dam .x.c. cráin a Ciarraige . Seacht cét brat, seacht cét
320] molt, seacht cét bó, seacht cét cránad ó Chorco Baiscind. Céd
caerach & cét cránad & deich cét dam & deich cét brat a Corcam-
ruad. Míli dam & míli caerach & míli brat & míli lulgach óna Désib.
Céd bó a hOrbraigi & cét brat find & cét cránad. Ní ícat Eóganacht
nach cís ar is leó na fearinda fogniad Caisil. Ní ícat Clanda Cais
325] ná RaithlindGlennamainLénHuí Figinnti ná Áine
Cliach. Conad airi sin adbeart in bár buada Benén in duain :

    1. Cís Caisil in cualabair
      dá churaid ó chách,
      a buidni co mbuanfodail
      330] cach bliadna co bráth.
    2. Trí cét mart a Múscraigi
      ar gurt nocho gó,
      trí cét torc nach túscbuidi ,
      cét brat is cét bó.
    3. 335] Trí chét torc a trom-Uaithnib
      do Chaisiul can choll,
      trí cét leand, is lomsuaithnid ,
      la cét lulgach lond.

    4. p.26

    5. Trícha torc, ná torgabaid,
      340] trícha mart is mór,
      trícha brat ó borb-Araib,
      cét n-ógbó dia n-ól.
    6. Seasca dam fri daigseachtmain,
      seasca corrmolt ciar,
      345] seasca glanbó ón glan-tSheachtmaid
      do Chaisil na cliar.
    7. Caeca ánbó a hOrbraigi ,
      caeca mart fria mes,
      caeca dam cen dodbuidi
      350] do Chaisil cen ches.
    8. Trí chéd dam ó Dáirfine,
      ón dáim sea dá tor ,
      sé cét lulgach lánbuidi
      ó chlandaib Meic Con.
    9. 355] Trícha casbrat cetluaitte
      is corcair nos cum,
      trícha dagbó a Duibnechaib,
      trícha dam ó Drung .
    10. Seacht cét cráin a Ciarraigi ,
      360] seacht cét bó, ní brég,
      seacht cét dam gan diamaire
      do Chaisil na cét.
    11. Seacht cét brat ó Baiscneachaib
      seacht cét molt nach mael
      365] seacht cét bó ó baistechaib
      seacht cét cráin nach cael.
    12. Dleagair a crích Corcamruad
      cét caerach, cét crán
      deich cét dam a donn-Boirind
      370] míle brat nach bán.

    13. p.28

    14. Deich cét dam a Déisechaib,
      míli caerach caem,
      míli brat co mbánchosair,
      míli bó ar mbreith laeg.
    15. 375] Cét ó fhearaib Orbraigi
      do buaib berar dó,
      cét brat find co find-Chaisil,
      cét cránad fri cró.
    16. Ní dleagar do Eóganacht
      380] cís ná bés co bras
      air is leó na fearinda
      fogniat Caisil cas.
    17. Do Chlainn Chais ní dlegait-som 3
      cís Caisil na cuan ;
      385] ní dlegar a Glennomain
      ná ó Raithlenn ruad.
    18. Ní dleagar ó laechaib Léin
      nach a Gabair gairg,
      ní dlegar d'Uíb Fidginnti
      390] nach a Áine aird.
    19. Sochar maiseach mór-Chaisil
      meabraig leat cach mís ;
      macflaith ar Mór-Mumain
      nech coingne cís. Cís.
    20. 395] Mise Benén bindfoclach4
      bár buada mar bís.
      Fuaris atreib ingantaig.
      Do Chaisil a chís.


5

5


{MS page 196b} Tuarastla ríg Caisil do rígaib a thuath: a leathlám chéadus &
400] deich n-eich & deich n-errid & dá falaig & dá fichthill do ríg Dáil
Chais, & tosach lais a crích anechtair & lorg iar cách. Deich n-eich


p.30

5


& deich cuirn & deich claidib & deich scéith & deich sgingi & dá
falaig & dá fithchill do ríg Gabráin ind sin. Deich n-eich & deich
mogaid & deich mná & deich cuirn do ríg Eóganacht in tan nach rí
405] Caisil. Ocht mogaid & ocht mná & ocht claidim & ocht ngabra & ocht
scéith & deich longa do ríg na nDési . Cóic eich & cóic matail & cúic
cuirnn & cúic claidib do ríg Hua Liatháin . Deich n-eich & deich
cuirn & deich scéith & deich claidib & deich lúireacha do ríg Raith-
leand. Seacht n-eich & seacht n-inair & secht coin & secht lúireacha
410] do ríg Múscraigi . Seacht claidim & seacht cuirn & seacht lúireacha &
secht longa & secht n-eich do ríg Dáirfine. Seacht coin & secht n-eich
& seacht cuirn do ríg Dáirfine int sléibi . Seacht n-eich & seacht
cuirn & seacht claidib & secht scéith & seacht coin do ríg Lacha Léin.
Seacht mná & seacht matail co n-ór & seacht cuirn & secht n-eich do
415] ríg Ciarraigi Luachra. Seacht n-eich & secht scéith & secht claidib &
secht longa & secht lúireacha do ríg Léimi in Chon. Deich n-eich do
ríg Hua Conaill Gabra & deich scéith & deich claidib & deich cuirn
& gan giallu
uad acht lugu fo láim ríg Caisil. Secht n-eich do ríg Hua
Cairpri & seacht cuirnd & seacht claidim & secht ngilla & secht
420] mogaidh
. Ocht cuirnn do churaid Chliach & ocht claidim & ocht
n-eich, dá falaig & dá fithchill. Seacht n-eich & seacht cuirnn & secht
scéith & secht claidim do ríg Gleandamnach. Ocht n-eich & ocht
claidim & ocht cuirn la grádaib flatha & airdríg do ríg na nUaithni.
Ocht n-eich do ríg Éili, ocht scéith & ocht claidim & ocht cuirn &
425] ocht lúireacha
. It é sin tuaristal na ríg amal adféd in fili Benén :

6

5

  1. A eólaig Muman móiri
    másat cuimneach canóine,
    éirig is leasaig 'na thig
    cert ríg Caisil ó a chríchaib.
  2. 430] Tosach lais i tír n-aili
    la ríg Dál Cais, ní ceile
    lorg na ríg Dál Cais in cheóil
    ic taidecht a tír aineóil .

  3. p.32

  4. Deich n-eich do ríg Gabráin guirm
    435] ó ríg Dala & deich cuirn
    deich claidim, deich scéith, deich scing,
    dá falaig is dá fichthill.
  5. Deich mogaid , deich mná móra
    & deich cuirn chomóla,
    440] manib leis Caisil na cacht,
    deich n-eich do ríg Eóganacht.
  6. Ocht mogaid , ocht mná donda
    do ríg Dési is deich longa,
    ocht scéith, ocht claidim re guin
    445] is ocht ngabra tar glasmuir.
  7. {MS page 196c}Cúic eich, cúic matail co n-ór
    & cúic cuirn re comól,
    cúic claidim re cor cach áir
    do ríg laechda Hua Liatháin.
  8. 450] Deich n-eich do ríg Raithleand ruaid,
    deich cuirn ó ríg Caisil chruaid,
    deich scéith, deich claidim chalma ,
    deich lúireacha lánbadba .
  9. Seacht n-eich, seacht n-inair derga
    455] secht coin re caithim selga,
    seacht lúireacha i lló gaili
    don fir fá mbiad Múscraigi .
  10. Seacht claidim, secht cuirn chroma ,
    secht lúireacha, secht longa,
    460] seacht n-eich fri fáidfine feirt
    do ríg Dáirfine in deisceirt .
  11. Seacht coin fri corad n-aigi ,
    seacht n-eich int áirem aile app>,
    secht cuirn fri caithem séri
    465] do ríg Dairbre in daigsléibi.

  12. p.34

  13. Seacht n-eich do ríg Lacha Léin,
    secht cuirn, secht claidim do chén
    secht scéith a n-áirem n-uathaid
    seacht coin áille a nIrrluachair.
  14. 470] Seacht matail co mbuindib d'ór
    & seacht cuirnd fri comól,
    seacht n-eich, ní hiarmairi daill,
    do ríg Ciarraigi in chomlaind.
  15. Seacht n-eich do laech in Lémi
    475] seacht scéith co scáth na gréni
    seacht claidmi croma catha,
    seacht longa, seacht lúireacha.
  16. Sé heich do ríg Corcamruad,
    claidmi re cirrad sluag,
    480] sé cuirn, sé scéith fo-geba ,
    sé coin áille aengela.
  17. Deich n-eich do ríg Hua nGabra,
    deich scéith, deich claidim chalma,
    deich cuirn 'na dún fo deme
    485] cen géill uad cen eiteri .
  18. Seacht n-eich do ríg Broga Ríg,
    seacht cuirn asa n-eba fín,
    secht claidmi , is cor soraid,
    seacht ngilla, secht mban-mogaid.
  19. 490] Seacht cuirn do churaid Áine,
    seacht claidmi, ní cor táidi,
    secht n-eich don laech sin re lind,
    dá falaig is dá fithchill.
  20. Seacht n-eich, seacht cuirnn don laech luath
    495] do ríg ruireach na Forthuath ;
    seacht scéith, secht claidim i cath
    berar do ríg Gleandamnach.

  21. p.36

  22. Seacht n-eich do ríg na nUaithni
    seacht claidim, is cor tuaichli ,
    500] seacht cuirn dia ndámaib dá ndíl
    beith a ngrádaib in airdríg.
  23. Ocht n-eich do ríg Éle in óir,
    ocht scéith, ocht claidim is cóir,
    ocht cuirn nos congaib ac fleid ,
    505] ocht lúireacha i lló gaiscid.
  24. Ac sin tuaristal cach ríg
    ó ríg Caisil co cét sním:
    lám Beneóin ro thaisig sin,
    leasaig acad , a eólaig. A eólaig Muman.

6


510] Dligead ocus fodail na tuarostal sin beós andso ó ríg Caisil do
rígaib tuath & mór-thuath iar sochar a forba & a ceneóil, a feib
dligid & dúchusa , & ar sochar grád & dílmaine, ar méit a nirt & a
forlámais, ar línmairi a fechta & a slóigid, & ar soirbi & ar sobraidi &
ar sindseri & comairim fond & febsa . Is foithib sin midithir a tuaristla
515] dóib ar slicht suad & senchad amal asbert Benén andso :

    1. {MS page 196d}Atá sund seanchas, suairc sreath,
      bis ainfis minab eólach :
      tuaristal ríg Caisil chóir
      dá rígaib caema a chétóir.
    2. 520] Tráth nach bia rígi ac Dáil Chais
      for clandaib Eógain amnais ,
      leathguala ríg Caisil chain
      leó gid imda d'aigedaib .
    3. Deich cuirn co n-ór cach Samna
      525] trícha claideam, cor amra ,
      trícha each álaind álaind i lle
      do ríg Dáil Chais chúlbuide.

    4. p.38

    5. Dligid rí Osraigi ém
      ó dib rígaib a ro-réir
      530] in cach bliadna dá baile
      dá thuaristal togaide.
    6. Dligid ó ríg Themra tuaid
      Osraigi co n-ard-buaid
      deich scéith & deich claidim
      535] is deich n-eich tar mór-moigib .
    7. Dligid ó ríg Caisil chruaid
      rí Osraige co n-ard-uaill
      deich scéith , deich cloidim iar cóir
      & dá falaig derg-óir.
    8. 540] Tuaristal ríg na nDési
      ó ríg Caisil adglé-si
      claideam co n-ór, each co mblad
      & long fa láin-seólad .
    9. Dligid tuaristal can tár
      545] rí lánlaechda Ua Liathán
      sciath ríg Caisil, claideam coin ,
      each is errid tar ard-moir.
    10. Dligid oirrí Muigi Fian
      each o ríg Caisil is srian ;
      550] dligid sciath is cloideam coin
      rí Fear Muigi co mór-goil.
    11. Cland Chairpre Músc, mór a mblad,
      dligid a tuaristal,
      sciath ríg Caisil co ndéni
      555] a each 's a chú coin-éilli .
    12. Dligid rí Raithleand co rath,
      is trén-mór in tuaristal,
      deich claidim & deich cuirn,
      deich mbruit chorcra, deich mbruit guirm.

    13. p.40

    14. 560] Dligid rí Dáirfine duind
      ó ríg Caisil in chomlaind
      trí claidmi cosnuid creacha
      trí longa, trí lúireacha.
    15. Tuaristal ríg Druing nach dis
      565] ó ríg Érind, ní dímis ,
      trí cloidmi cama caela
      is trí longa lán-chaema.
    16. Tuaristal ríg Lacha Léin
      ó ríg Érind co n-aird-méin
      570] deich ngabra, donna a ndatha ,
      deich longa, deich lúireacha.
    17. Tuaristal ríg Feórna Floind
      ó huíb Aililla Ólaim,
      deich n-eich arna nglés don graig
      575] 's a chochall seang sróll-étaig.
    18. Tuaristol ríg Lémi in Chon
      ó ríg Caisil, is caem-chor,
      a long dingbála dathach,
      each, claideam, corn comrumach .7
    19. 580] Tuaristol ríg Gabráin gloin
      ó ríg mór Muman medair
      céin foraeli 'na thig thruim
      dligid in rí a leathgualainn.
    20. Isin tráth téid dia thig fén
      585] dligid each is errid éim,
      & in lín do-théid soir
      each is errid cach énfir.
    21. Tuaristol ríg Broga Ríg
      ó ríg Erind can imsním
      590] deich n-inair donna derga
      is deich ngoill can Gaedelga.

    22. p.42

    23. Tuaristol ríg Áine aird
      ó ríg Caisil chlaidim-gairg
      a sciath is a chlaideam glé ,
      595] trícha bó cach Bealltaine.
    24. Tuaristol ríg na nUaithne
      ó ríg Caisil , is tuaichle ,
      scéith, is sé claidim chain
      is sé heich ina ragnaib .
    25. 600] Dligid Arad co n-aíb
      ó ríg Érind aiged-chaín
      cloidim, sé scéith molta
      is sé leanda lán-chorcra.
    26. Tuaristol ríg Éli in óir
      605] ó ríg Caisil in chom-óil{MS page 197a} scéth is sé claidim chain,
      mogaid , ban-mogaid.
    27. Bid saí nó bid ollam án,
      atá fris Mac Cuilindán,
      610] ní fer bec-indmi re lá
      cach aen gá mbia so mar tá . Atá.

7


Do Phortaib ríg Caisil annso .i. Brug Ríg & Muilchead & Seanchua
chaín
& Ros Raeda & Cluain Uama & Cathair Chnuis & Cathair
Findabrach, Cathair Thuaigi, Cathair Glennamnach, Cathair
615] Chind Chon, Dún Fir Aencholca, Dún nGair , Cathair Methais,
Teamair Shuba, Airbili , Aenach mBearráin, Mag Cailli, Ard
Conaill, Ard Meic Conaing , Ard Ruidi, Tuaiscert Maigi, Mag
Saíre, Na Trí hÁirne ar muir máir , Aenach Cairpri, Druim Mór,
Druim Caín, Cathair Chuirc, Murbolcan, Geibtine, Grafann, Aill
620] Meic Cuirr , Mag nAí, Mag nEtarbaine , Huachtmag , Caechán


p.44

7


Boirne, Murmag, Mag nEnaig, Tuaim nEtain , Mag nAsail,
Eibliu, Ucht na Rígna, Cuilleann, Cua, Cláiri, Indeoin, Áine, Ordd,
Uilleand Etan, Loch Ceand, Ceand Nathrach, Rafand, Druim
Caín, Druim Fíngin, Treda 8 na Ríg, Ráith Eirc , Ráith Faelad,
625] Ráith Arda, Ráith Droma Deilgi, Benntraigi, Crecraigi , Orbraigi
& Huí Chuirb, conad dóib ro chét in breó Benén:

    1. Ara fesadar a ngair
      éraic Feargusa Scandail
      táthud adbar a fesa
      630] ó Eóraid co Dún nDreasa.
    2. Éric Feargusa in ríg
      itir seóta & tír
      nírbo beg leó ina guin
      Laigin Deasgabair co muir .
    3. 635] Do chirt Chaisil cona bríg
      Brug Ríg & Muilchead már,
      Senchua chaín , Rus Raeda réil
      & leis Cluain Uama án.
    4. Cathair Chnuis, Cathair Findabrach,
      640] Cathair Thuaigi cona bail,
      Cathair Gleandamnach, Cathair Chind Chon,
      Dún Fir Aencholga, Dún nGair.
    5. Cathair Meathais, Temair Suba,
      Airbili mármaíneach ruad,
      645] Aenach mBearrán , Mag Cailli cain,
      Ard Conaill fa chomair chuan .
    6. Ard Meic Conaing la hArd Ruidi,
      Tuaiscert Maigi, muineach clár,
      Mag Saíri ro-segad áirme
      650] la teóra Áirne ar muir már.
    7. Aenach Cairpri, Druim Mór, Druim Caín,
      Cathair Chuirc foraici muir,
      Murbbolcan, Geibtine, Grafand Grafand
      is les uili Aill Meic Cuir .

    8. p.46

    9. 655] Mag nAí , Mag nEdarba, Uachtmag ,
      Caechán Boirni, buan don ríg,
      Murmag már, Mag nEnaig Rosa,
      Tuaim nEidin abra do thír.
    10. Asal, Eibleo, Ucht na Rígna,
      660] in muir ima lína lorg,
      Culleand & Cua & Cláiri,
      Indeoin & Áine is Ord.
    11. Huilleand Etan is Loch Cend,
      Ceand Nathrach alta Rafann is fír,
      665] Druim Caín, Druim Fíngin feda,
      is leis cid Treda na Ríg.
    12. Ráith Eirc, Ráith Faelad, Ráith Arda,
      is Ráith Droma Deilge thes,
      Beandtraigi, Crecraigi , Orbraigi
      670] & Chuirp a ro-feas . Ar.9