Corpus of Electronic Texts Edition
Covenant between Mageoghegan and the Fox (Author: Séamus Ó Cionga)

p.190

A n-ainm an Athur agus an Meic agus an Spioruid Naoim an cunnrudh so Mheig Eochagáin agus an t-Sionnaigh.

Ag so cunnrudh agus ceangal Meig Eochagáin, .i. Connla, mac Conchubhair meic Laignigh, agus an t-Sionnuigh Muinntiri Thadhgáin, .i. Breasal mac Eoghain mei Cairbri, .i. Mag Eochagain 'na tighearna ar an Sionnuch agus ar a dhuthaidh, agus ag so a bhfuil do chomartha tighearnuis ag Mag Eochagáin ar an Sionnuch agus ar a dhúthaidh, .i. gníomh d'fhearann saor ar gach ein-cion, agus muc 's a ngníomh o sin amach da n-íocfaidh tighearnus ris an Sionnuch, agus an muc do bheth do nóss mhuice clasaighe, agus an gníomh nach biath muc ann caora 'n-a h-ionad; agus gach ionad a biath fearonn a ngioll ó Shionnchuibh ag daoinibh taobh amuigh do tir, agus nach tiocfaidh do h-Shionnchuib a fhuaslugudh, cead ag Mag Eochagáin a fuasgladh. Gach ionad a d-tiocfaidh sreath no gearradh ó fhior ionuid an riogh ar Mag Eochagain cion a dhuthaidh ar an Sionnuch de so. Agus gach ionad a biath fasach no asurra a n-duthaidh an Shionnuigh d' fhiachuibh ar Macc Eochagáin tabhuch do dhéanamh air,


p.192

agus gan a cion do tabairt ar an ti do biath 'n-a shuidhe. Agus dá d-tiseadh sreath no gearradh o fhior ionuid an riogh ar an Sionnuch cuid a dhuthaidh ar Mag Eochagain mur bias ar an Sionnuch; gach oireachtas Samna no Bealtuine da mbiadh a n-duthaidh Meig Eochagain a thabhairt go Baile Atha an Urchair no go Cuirr na Sgean, agus an Sionnuch agus maithe a thíri do theacht lais ann; siat fa eunnos agus fa aon chanuidh asdtig agus amuigh; gach saoirsi agus gach tighearnus da bhfuil ag Mag Eochagain ann sin ag fear a ionaid 'n a dhiaigh, acht go n-dearnadh se a dhithcheall maitheasa agus cumduigh do'n Shionnuch agus d'á thír; gach ionad a biadh cogadh no ceannairg ar Mag Eochagain no ar an Sionnuch agus ó n-a d-tiobhra fear aca lucht a cumdaigh leis tar tír amuigh, cion a dhuthaidh ar an bh-fear eile do na buanudhuibh agus tabhach an assurrudhuis ar Mag Eochagain.

Agus ag so a bh-fuil d' fhiachuibh ar Mag Eochagáin a n-diaigh gach sochair dá n-dubhrumuir ann sin, .i. a dhithcheall cumduigh agus fosguidh do dhéanam do'n Shionnuch, agus da gach duine 'n a dhuthaidh edir beag agus mór; agus gach ionad a n-aigeoraidh mac Goill no Gaoidhil an Sionnuch no duine 'na duthaidh, breath Muircheartaigh Mic Aodhagáin, no an bhreitheamain beas ann uatha an t-ionad nach


p.194

geabthar sin uatha d' fhiachuibh ar Mag Eochagan a duthadh fein agus duthaidh an h-Sionnuigh do caitheam re ceart d'fagháil do'n h-Sionnuch agus d'a duthaidh, agus do tabhairt uatha agus uaidhe; agus gach ionad a bfuil a n-duthaidh d'á congbhail ó h-Sionnchuibh a seilbh eagcóra no assurrudhuis d' fhiachuibh ar Mag Eochagain a dhithcheall fein da tabhuirt do tabhuch na duithchi; an t-ionad a léigfidh iarla Cilli dara gan a tabhuch, d' fiachuibh ar Mag Eochagain a dithcheall da tabhuirt d'á tabhuch; agus da d-toibhghe sé an duthaidh, a leath aga fein, agus an leath eile ag fear na seilbe fein; ní h-é amháin acht gach ionud nach diongnadh mur do gheunadh sé da bhaile puirt fein do díon agus do tabuch do'n h-Sionnuch agus do Muinntir Tadhgain gan cíos no saoirsi no tighearnus aige orrtha, acht gach duine ar a shon fein.

Ag so fiadhnuisi an cunnrudh so, .i. Mag Eochagain agus Dia roime, agus Mairsill inghean Criosdóra, agus O'Brain, .i. Tomas Buidhe mac Eoghuin Brain ó'r Craoibh, agus an pearsun O'Seancháin, .i. Cucrichi agus Eoghan O'Cionga, mac Diarmada Duibh, agus Seamus Ruadh, mac


p.196

Aodha, mic Feargail, agus Muircheartach O'Cionga, ollam an da thir. Ag sin a roibhe do Ceineal Fiachach againn. Ag so a roibhe do duthaidh an h-Sionnuigh aguinn, .i. an Sionnuch fein, agus da mac Eamuinn, .i. Muircheartach agus Felim, agus da mac Briain h-Sionnuigh, .i. Breasal agus Cucrichi; agus Muircheartach, mac Eoghain, mic Thaidg Onoire, .i. ollamh an Shionnuigh. Agus misi Seamus O'Cionga, mac Cairbri Cionga, do bhi do lathir an chunnartha do dheanum, agus do sgriobh e, agus a Suidhe Adhamnáin do rinneadh an cunnrudh so agus dia ceudaoin do h-sunnradh, agus dia h-Aoine ro sgriobhadh é, agus ag so aois an Tighearna an tan so .i. 6 bliadhna agus 20, u. 100 sgeo 1000 bliadhain, agus an dara la 20 do mi Agustus.

+ Misi Mac Eochagain.

+ Misi an Sindach.

aiingind íííí scfttidc íííí bec nglcnt ... ncsrbhsicscsisgrbngnscdc bhfuil a n-Eirinn + Sinni clann Eamuinn h-Sionnuigh.

+ Sinni clann Bhriain h-Sionnuigh.


p.191