Corpus of Electronic Texts Edition
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Author: Lughaidh Ó Cléirigh)

section 12

An Taonmhadh Bliadhain Deug, 1602

¶190] Basí airle arriocht la hUa nDonhnaill íarsan dubha dermhair i mboí Ere do fhagbhail & dul dul Spáinn do acaoine a imnidh frisin Righ an 3 Philip do chuingidh fuillidh slóicch & sochraide úaidibh. Oro chinnsiomh foran ccomhairle hisin batar ied do raeghosumh ina chaoimhthecht do dhul foran eachtra sin (cenmóthátt drong dia thairisibh feisin) Remann a Burc m Seaain na Seamar & Caiptin Aodh Moss mac Roibeird. Íar ccloistecht na comhairle sin la cách hi ccoitchinne robadh lor do thruaighe & do neimheile an lamhchomairt anffóill & an golmhairgneach ghrodurlamh & an nuallghubha ard accaointech ro turgbait os aird seachnon longphuirt Uí Dhomhnoill an adaigh ria nimthecht dho. Ro baoi a mordhamna aca dia ffestais é an tan sin uair niro shillset an lucht sin fosragoibh ina dheadhaidh dia súilibh é ó sin alle & diamad deimin leó indsin nirbo machtnadh dhoibh troimdhera cró do shnidhe sechtair dara ngruadhaibh.

¶191] Do deachaidh íeromh Ó Domhnaill i lluing hi Cúan an Chaislein cona chaoimtheachtoibh imaille fris an 6. la Ianuari & fodosrogluais tinfedh na cédghaoithe dusfanuicc triasan bfairrge ffraochaigmheil goro gabhsat caladhphort an .14. la don mhis cettna hi comfhochraibh don Chruinne dúnarus erderc eisidhe i rioghacht na Gailisi isin Spáinn. Ba hainnsidhe baoi Tor Breoghain dia ngarar Brigantia ro cumdacht fecht riamh la Breoghan mhac Bratha & ba haissidhe tangatar mic Miledh Espaine m Bile m Breoghain do cdghabhail Erenn for Thuathaibh De Dhanann. O do ruacht Ó Domhnaill i tír isin Cruinne gebidh for taisteal & tadhall an baile & dothaót do deghain Tuir Breoghain. Do bert coimhdhiodhnadh mór dósomh rochtain hi tír an dú sin ar ba doigh lais gurvo celmaine mormaithiusa dhó a thochar gusan maighin asro gabhsat a shinnsir neart & cumachta for Érinn fecht riamh & no gebadhsomh doridhisi fora lurg. Iar mbeith athaig mbicc occ leccadh a scísi isin Cruinne do chóidh co


p.342

hairm a mbaoi an Rí isin Caisstilla ar ba hann do rala dho a beith an tan sin (iar ttimchealladh a fhlaithiusa) isin cathraigh dianad ainm Samóra & ó do {MS folio 84a} dheachaidh O Domhnoill i fiadnaisi an Righ dusrelic fora ghlúinibh ina fhreacnairc & ronguidh a theora hitche fair. Basedh an cedna hathchuingidh armail do chor lais co hEirinn ona congaibh comadhais & cona naidhmibh techta. An athchuingidh thanaisi gan aóinneach do shaorchlandaib Érind ceni beith dia úaisle do chor i nert nach hi ccumhachtaibh úasa na dan uas fior a ionaid tria bithu día ngabadh mordhacht an Righ nert & cennus for Érinn. An tres itche gan cert a shinnsior do laghdugadh no duirbernadh fair fein no forsan tí no biadh ina ionadh diaidh i ndíaidh in gach maighen i tarrusair nert & cumhachta ó chein aca inn Erinn ríasan tan sin. Do ringheall an Rí dhó indsin uile & ro forchongair fair eirge día ghlúinibh & fósfúair fíadhughadh & airmhittin moir uadha conadh as infechtain nach ffuair aoinneach do Gaoidelaibh riamh ó nach righ naile coibhéis no cutroma a bfuairsiomh dairmhidin & donóir uadhaibh. Deithbir ón úair do raithne a gnuis a aladh & erlabhra tóthacht a aithiscc & a arusccbriathar co mór fris. Ro erb an Rí for Úa nDomhnoill soadh tara ais don Chruinne & airisiomh aindsidhe comba fúirithe gach ní roba toisccidhe do breith lais ag tuidheacht ina fhritheing. Do róinesiomh indsin & baoi i ffos coléicc febh rob ainmeinic lais ríamh fri ré an earraigh & an tsamhraidh co taitte fhoghmair ar ccind: fecht ann occ aireg tuile & occ áines an tan do beiredh dia uidh an chabhair & an fhoirithin do ringheall an Rí dho: fecht naile fo mhuich & dobron ara fhod lais bith ind iongnais a athardha & ara imcheine rosbai an armail ro gealladh dho occa herthriall úair ba cradh cridhe & ba galar menman lais an tan do bheiredh ina mhenmain an iondus i rabhatar Gaoidil gan furtacht gan foirithin oca fhurnaidhesiomh.

¶192] Baoisiomh samhlaidh corro thriall doridhisi do dhul do lathair an Righ dia fhios cred an tessnadadh no an tiomfhuireach baoi foran sochraide & foran armail do rairngiredh dho & o do ruacht don baile dianad ainm Simancas (da lege o Uualladolid


p.344

do chuirt an Righ) basedh ro dheonaigh Día ro cheadaigh a hainshen & a hecconách a miscaith & a mallacht dInis Éreamhoin & do Gaoidelaibh glanFhodla archena gurro gab galar a écca & esslainte a oidedha Ó Domhnaill & baoi fri ré secht lá ndécc ina licche co nerbail fadheoidh i neacmhaing na ree hisin an .10. lá do September in marg. 1602 do shonradh iar ccaoi a chionadh & a thurgabhal íar naithrighe {MS folio 84b} dhiochra ina pheacthoibh & doailchibh íer ttabhairt a choibhsen gan dilocht dia anmchairdibh spiratalta íar ccaithem cuirp Criost & a fhola & íarná ongadh amail roba techta a llamhaibh a anmcharad & a shruithed ecclustacda budhdein no bhíodh ina chaoimhthéacht dogrés co halt na húaire sin. Ba hisin ticch baoi ag Righ na Spainne fodein isin mbaile sin Simancas atbathsomh. Ruccadh dan a chorp go Uualladolid (go cúirt an Righ) hi ceithirriadh cumhdachta co ndrongaibh dírimhe do Stata do Chomhairle & do Gharda an Rígh ina uirthimcheall go lochrandaibh lasamhnaibh & co sutrallaibh solustaibh do chéir chaomhalainn ar comhlasadh ina iomthacmhang da gach leith de. Ro hadhnacht iarom i mainistir S. Fran. isin chaipitil do shonnradh go míadhach móronórach ionnus as airmidnighe ro hadhnacht Gaoidheal riamh. Ro ceileabradh oiffrend & hymna iomdha claiscetail & cantaice ceoilbinne doraith a anma & ro gabadh a éccnairc amhail robadh díor.

¶193] Monuar tra robadh liach do shochaidhibh muicherchra an tí testta annsin ar nirbo hoghshlan a thriochatt bliadhan an tan atbath. Ba heisidhe ceann coinne & comhairle athchomhairc & iomagallmha ermhoir Gaoidel Érenn cidh fri sidh ciodh fri coccadh. Tigherna tóthachtach tairbertach co fforsmaltaibh flatha & co ndluthuggadh reachta. Léo ar nert & chumachta go ttomaithemh & co fforspraic móir cona lamtha urthuasacht a breithre ar ba heigen cecip ni no forchongradh dod henomh fair fochéttoir. Colum ar chennsa & ailghine fri neimedh eccailsi & ealadhan & fri gach naon ná friothardadh fris. Fer ro dhing


p.346

a omhan & a uiregla for chách i ccein & i noccus & for nar lá nach naón imegla ittir. Fer díochuirthe dibherccach mudaighthe meirleach mortha mac mbeathad & riaghtha mac mbais. Fear náro leicc a fhairbriocch na a iomfhorchraidh a dhiubairt na a dhímíadh gan a aithe & gan a dhioghail fochetoir. Imeachtraidh aindiuid amhnus andana na noirer. Aircctheoir coccthach creachadh coingleacach na ccoigcrioch. Díosccaoilteach Gall & Gaoidheal do neoch batar ina agaidh. Fear naro leicc dhe gan denomh gach neith roba toisccide do fhlaith do gniomh an ccéin ro mhair. Buaball bionnghlorach co mbuaidh ninnscci & nerlabhra céille & comhairle co ttaidbredh seirce ina dreich atar la gach aon atuscídh. {MS folio 85a} Tairngertach toghaidhe ro rémhtherchansat fáidhe re chían ríana gheineamhain.

¶194] Bá trógh tra ro bás occ Gaoidelaib Erenn íar nécc na fiorfhlatha dóigh ro claochlaidhset a nairrdhe & a naigenta doratsat miltne ar miodhlachus moirmhenma ar mheirtnighe uallcha ar inísle. Ro scaich a ngrain a ngaiscced a ngal a ngérraittecht a ccosccar a ccathbúaidh iar na oidhidh. Tallsat ceill dia ccabhair o neoch co nérlator a nermhor ar núair for iocht a neccratt & a nesccaratt in robtar aireghdha dhibhsidhe fo dheilbh siodha & chaonchomraic & araill for sccaoiledh & eisreidedh nocha nama ar fhud Éirenn acht seachnón na hEorpa hi ccoitchinne ina neisibh & ina mbuidhnibh dínnimhe dearoile & aroile ac creic a namhsaine i nailechriochaibh dar cenn ratha & túarustail gurro marbhait sochaide diobh & gurro éccsat aroile gurbo hadhba aineóil a rúamha adhnaicthe. Acht chena robad eimilt ríomh no aisnéis dona mórulcaibh ro síoladh & ro clannaigedh i nInis Ughoine allos écca an Aódha Rúaidh Uí Dhomhnaill ro iomraidhsem gó sin.

.FINIS.