¶126] (1600 an 9 bliadain in marg.). Inn eacmhaing na rée baoi siomh i fos ro teglomadh slógh lanmor la hUa Neill do dul do chor chuarta isin Mumain. Do rala Máguidir Aódh for an sloicched hishin. Ni hinister a nimthechta co riachtatar tar Corcaigh & tar Laoi badhdes gurro gabsat lonccphort eitir Laoi & Bandain i ccoiccrich Musccraighe & Cairbreach. Aon dona laibh (gar beag ria ffeil Patraicc) dia ro ghabh comtholta & accobhar Máguidhir dol do indredh na ccríoch ccomhfhoccus febh roba bes dho dogres tan no theighed i neachtairchriochaibh goro thairmcheimnigh direim marcach & traighthech asin longphort & niro hanadh leó co rangatar dorus Corcaighe & aissidhe co Rinn Chorrain dúnarus an Barraigh Oig hi Cenel Aodha. Soaitt ina ffritheing isin lo chetna co ccreachaibh & gabhalaibh iomdhaib co naro chumhaingseat muinter Mheguidhir rochtain gusan longphort an adaigh sin ar aidhbhle a nédála o do bo heigen doibh airisiomh in gach airm a ttarusair dorchata na hoidhche. Maguidir dan basedh ro chindsidhe saigidh an longphuirt an adhaigh sin cipindus.
¶127] I madain an laoi sin inro fhágaibh Maguidhir longphort Ui Neill ranuicc fios scel co Corcaigh go Sir Váram Salender (baoi ind ionadh Presidens da choigedh Mumhan) Maguidhir do deirghe an longphuirt amail fosragaibh & an leath i ndeachaidh. Nirvo heislisech ro freccradh na sccela sin la Sir Váram uair ro esccomhla fochettoir go ngasraidh ngruamoinigh ngrodurlaimh do mharcshlaigh merrdha mhisgnigh míorunaigh goro suidighit & goro samhaighitt ina srethettarnaidh seoilchelge isin enach indill erdhalta in roba derb leo Maguidhir do thochur ina ccenn. A mbatar ann conacatar Aodh ina ndochum con uathadh marcsluaigh febh robu lainn leó. Nirvo fora niomgabail do choidhsiomh gervo forreil do fora chind iatt siu do
¶128] Ba damhna éccaoine hi ccoicced Conchobair mic Neasa uile an daghdhuine do esda annsin & ba diol a adhmolta i lleith frisna dalaibh domhanda. Ba suairc seghainn soerlabrach ba duasmor deigheinigh derlaictheach cennais carthanach fri cairdibh níata nitheach fri a naimhdibh fer na tard troightheiched ria nuathadh no ria sochaidhe dia bhiodhbadhaibh oro ghabh a laocharma gusan laithe hisin fer na deachaid a cliathach no a cathlathair gan guin no marbadh duine fear ro mharbh ro mhudaigh dréchta dírime & cinnteach ar eccindteach don ainffine eachtaircheineoil frisa mbaoi ag cosnamh & ag cathugadh ag imdhiden a irse & a atharda co ttorchair leo don chur so. Ba hara bharach ier ro chtain sccél dia saigidh fuairset a muinter budhdhein & muinter Ui Neill corp an chaoimhfhir gurro hadhnaicedh leó é íarttain i cCorcaigh co miadach moronorach amail robadh dior.
¶129] Soais Úa Néill dia thigh & ba ferr dhó féin & do choiccedh Uladh archena na deachadh isin turus sin cidh fodháigh oidhedha an aoinfhir sin do sgar friú don chor sin. Ro fhás imresain & esaónta anffóill isin samhradh ar cind hi Feraibh Monach eitir Conchobar Ruadh m Conchobair Meguidhir & derbrathair an Maguidhir isa hécc ro iomraidhsem Cuconnacht Ócc m Conconnacht m Conchonnacht im chennus na criche. Conchobhar tra ba toich dó aireachus & airdchennus Fer Monach araoi naoisi & sinnsirechta ciodh riasan Aedh Mháguidhir fadhein do rochair amhail atrubhramar & an tan ba doigh le Conchobar (andar lais) ná baoi frithbert imon ccennus íar nécc Conconnacht athair ind Aódha as ann ro {MS folio 61a} gairmedh a ghairm fhlatha do Aódh la Domhnoll m Aodha m Magnusa Uí Dhomhnaill (ríoghdamhna Cheneil cConaill) athaidh fhoda riasan tan sin. Robadh lanshaoileachtain lasan Conchobar Ruad remhraiti gomad lais cendas don chursa a llos a shinnsireachta a aoisi & a oirbertais a charadraidh & a choimfhialusa fri hUa Neill ar ba brathair dhó eisidhe i rainn a mathar doigh robtar di shiair diaroile a maithre dibh lionaibh & rob edh an ccedna aoininnethemh menman & aigenta baoi ag Ua Neill feisin cona chomairligibh archena. Do choidhsiomh do shaigid Ui Néill do chuingidh forlamhais a athardha. Dothoett din Cucondacht Ócc on mudh cettna airm i mboi Ó Domnaill dacaoine a eccumaing fris.
¶130] Ó ranaic Conchobar gusan dú i mboi Ó Néill ro faoidhit litre & techta do thoghairm Ui Dhomhnaill dia chedugadh dhó Maguidhir do oirdnedh isin fflaithes úair rob omhan lais barainn & fergluinni na harchon anglondaig do brosdad fris mana comairleicced an chaingen hisin do & Cuconnacht Ócc no neach oile dia chenel do oirdned i ccendus criche Monach dara erghairesiomh. O rangatar na teachta bhail i raibhe Ua Domhnaill ni tard i ffoill a ttoscca acht do deachaid dirim mharcach & troicchthech do roighnibh a muintire imo derbbrathair Rudhraighe & im Choincondacht Ócc & niro hanadh eo go rochtain doibh gusan dú i mbaoi Ó Néill cona mhaithibh
¶131] Do deachatar na flaithe do fhledhugadh do shainól & do aireg toile asa haithle. Ro suidhigedh an tegh nóla iar nurd Ua Domhnaill eineach i nionchaibh fri hUa Neill & Conchobar Mhaguidhir for a laimhsidhe & na maithe ier na ttechta archena. Geibitt na dáilemhain occa ffriothaileamh & frestal iarttain. An tan tra ro ghabh Ua Neill an airdigh go ffion ina laimh ibhidh dhigh for O nDomhnaill. Geibidh Ua Domhnaill an ccuaigh a laimh an dáileaman & ro shill seacha. Do bert luathchuairt dia rioghrosg seachnon na taghdhaisi imaccuairt & nicon faca Cuconnacht Ócc isin tigh & ona faca ro forchongair a ghairm chucca fochedóir. Do ronadh fairsiomh indsin & iar ttorrachtain do ro erb fair suidhe for laimh a dherbbrathar Rudhraighe for miodhshlios na bruighne i neitirmedhon a mhuintire. Oro dheisidh Cuconnacht ro ibhsimh an ccuaigh cotongaibh ina
¶132] Otchiad Senadh Duiblinne naro chumaingset cosnam coiccid Medbha fri hÚa nDomnaill ier sraoinedh catha an Belaigh Buide & íar marbadh an Goibernora amail atcúadhomar & iar nindredh dosom na ttúath filett frisin Luimnech & frisin Echtghe atúaidh gach tan ba tol dó & oro acaoínset na hiarladha batar forsna tuathaibh ishin i nimnedh frisin Seanadh, asedh arriocht leosaidhe dfhostad Uí Dhomhnaill ina thir a comairle na níarladh remraite tasccar murchoblaigh moir do thochar for muir i mbatar sé mile fer doccbaidh armtha eidighthe gusna haidhmibh batar toisccidhe dóibh eitir biudh & arm. Ba la bainriogain Saxan & lasan cComairli archena do rionsganta an coblach sin do chor co hEirinn im fhel Patraicc doshonnradh an tan ro ho rdaigheadh Lord Montyoy ina Iustis os Erind. O do ríachtatar an coblach remhráite a Saxaibh co hAth Cliath i mi April doshonnradh ro faoidhitt aissidhe iarttain gurro sheolsat lamh chli fri hor nErenn anoirtuaidh fri heochairimlibh criche Bregh & Midhe allathoir do Thrian Conghail Chlairingnigh m Rudhraige co riachtatar eing i neing i lurg áonluincce co Loch Feabail m Lodain coro ghabhsat port i nInis Eoghain m Nell do rochair co Cenel cConaill ó chein mháir & as doib robtar fomhamaighthe an tan sin. An 10. Maii do ríachtatar an dú sin. Ó Dochartaigh an taoisiuch no bhiodh forsn Insi fri laimh Uí Dhomnaill dogres & ba sé
¶133] Do dheachator drong oile diobh go {MS folio 62b} ro ghabhsat i nDún na Long hi nduthaigh Uí Chathain. Doíeghat a nermhor cenmothát indsin gusan Doire nairrderc in ro bendach an Colaim cendais & an céle De Criomhthann m Felim m Ferghusa m Conaill. Ro thoccaibhset na Gaill dunchluidh dímhora & daingenmuir criadh imon mainistir & imon daimliag an cédna fecht. Doghniatt fithisi & fothuill talman isna muraibh & tuir troda uaistibh co ffeinestribh & forlésaibh forra fri diubragadh estibh. Ro claidhset clasacha comhdoimne imaccuairt ina nuirthimcheall dianechtair. Ba daingni co mór & ba hinnille oltátt na cúirte clochaolta & na cathracha frisi ccaiti re fhoda & saothar dermair occa ndenomh. Asa haithle sin ro blodhsat an mhainistir & an doimhliag & ni thartsat onoir no airmhitin don fhiornaomh gan aidhmilleadh a mbaoi dobair ecclustacdha isin mbaile co nderghensat cubachla & codailticche diobh & araill fri proindiugadh inntibh. Henri Docur ba hainm don toisiuch baoi leó. Ridire airdheirc eisidhe go ttuaichle & treabhaire co namhainsi aiccnidh. Ba rinn agha & iorghaile.
¶134] Batar na Gaill re fhoda nachasrelicc omhan Ui Domhnaill doibh techt tar na muraibh sechtair acht edh mbeg & no bittis dronga dermhara dhiobh hi ccaithfheis gach noidhche ar na tarta ammus forra coro lionaitt do shoeth & galraibh la hiomchuimhge an ionaid i mbatar & la helscoth & la tes na sine samhrata. Ro thathamair iolbhuidhne dhiobh fodheóidh cidh riasiu ro heittirdhelighitt a soethu friu. Oro airigh dan
¶135] Ro chinnestair O Domhnaill a chomhairle samhlaidh dul do aithe a eccraittis forsna híarladaibh remepertmar & fosraccaibh toeisiuch na hInnsi fadhein fri huchtbruinne na nallmharach (.i. O Dochartaigh) & i foichill forra na tiostais dinredh na criche. Ro fhagaibh dan beos Niall Garbh Ua Domhnaill & araill dia shlogh ind iomshuidhiu forra frisan Insi allaniar etarra & Triucha chéd Enna m Neill. Ro fhaoidhestair a thechta ríamh go Gaoidelaibh coiccidh Meadhbha dia fhorail forra i mbeith fora chind i mBaile an Mhotaigh. Donangatar Connachtaigh uile o Shuca co Drobhaois & ó iarthar Thire hAmhalgadha co Bréifne Uí Raghallaigh go mbatar occá fhurnaidhe isin mbaile sin inro dhálustair friu. Itiet robtar aireghda dusficcet isin toicheastal hisin: tainig ann Ó Ruairc go mBreifne Connacht i.. Brian Óg diarbo hathair an Brian ro hortadh i Londain. Tanaig ann O Conchobhair Sligigh Donnchad m Cathail Óig gusna tuathaib filet frisan cCoirrshliabh atúaidh go muir na fhochair & Mac Diermada Mhuighe Luirg .i. Conchobar m Taidhg m Eogain m Taidhg go Maicne Maoilruanaid na fharraidh. Tainig ann Ó Conchobair Rúadh
¶136] Tarcclamtha din a shlogh la hUa nDomhnaill i mi Jun doshonradh co ndiccset dar Samhaoir sruthmaighrigh tar Drobhaois tar Duibh & tarsan Sligech go rainicc go Baile an Motaigh airm i mbatar Connachtaigh oca fhurnaidhe. Ro ching ierttain cona shlogaibh don Chorann tre Magh Aoi an Fhindbheanndaigh do Chloinn Chondmaigh tria Chrich Maine m Eachdhach & tria orlar Cloinne Riocaird gan cath gan cuinnscle gan guin duine chuige na uaidh an airet sin. Ro ghabh oirisiomh i niarthar Cloinne Riocaird i noirecht Remainn im thrath nóna día sathairn & ba heisidhe an satharn ría fféil Eóin baoi foran mairt ar ccind. Rainig rabadh & rémhfhios rempa i tTúadhmhunhain acht ara aoi ba doigh leo na tairmthiasadh Ua Domnaill asin maighin hi ttarrusair go madain dia lúain. Nirbo headh sin do roinesim acht eirghe ria muichdhedoil maidne dia domnaigh iar neistecht oifrinn dósomh & dona maithibh batar ina fharraidh. Ro asgna íaromh cona shlógh dOireacht Remainn tar Sliabh nEchtghi inghine Ursccothaigh m Tinne
¶137] Iomthusa Ui Dhomhnoill o rainicc co hInis ro leicc scaoiledh da sgeimhealtaibh imón tír ina thimcheall. As fairsing forleathan airccthech ionnsoigthech ro scaoilset na merdronga mera menmnucha sin o aroile ar ro cuartaigedh & ro creachloisccedh leo ría noidhche othá Craig Ui Chíordhubhain i niochtar na coigcriche i ttriocha ched na nOilén co Cathair Murchadha hi Corca Baiscinn Iartharach go dorus Chille Muire & Cathrach Ruis & an Magha ind Uibh Bracain co dorus Baile Eoin Gobhann hi Corca Modruadh & Boithi Neill hi Cenel Fermaic. Rob iomdha tra daothain daghduine úasail no tigerna tíre do creachaibh & do chethraibh & da gach erndail édála ag buidhin chethrair no chuiccir do muintir Ui Dhomhnoill hi tuinidhe tuir no thuim cairrgi no coilledh i
¶138] Gabhais Ó Domhnaill longphort an adaigh sin for bru an Fhorghais allathiar do Chluain Ramhoda. Ba dunarus airdheirc eisidhe & ba hiostadh flatha don tí no biodh hi cennus na criche. Atraghat an slogh (dia luain an tsainredh) co fosaidh ionmall asa bpupallbothaib & asa mbelscáthaibh & gabhaitt occ asgnámh na conaire tar fiartharsna na Tuadhmumhan sairthuaidh gach ndíreach doirther Ó cCormaic durlar Ceneil Fermaic & don Boirind breacalbaigh go rangadar hi fuinedh néll nóna co mainistir Corca Modhrúadh & co Carcair na cCleireach. Do batar an robtar deaithe día slogaibh car an chaomlaoi hishin ag túr & ag taisteal gach tíre ina ttimcheall co naro fhagaibhset ionatocht na aithtrebh rob ionmhaoidhimh {MS folio 64b} gan losccad gan leirscrios isin ló cetna. Atraghatt na sloigh i nurthosach laoi día mairt. Docoisliut ieromh cona ngabalaib & cona ccreachaibh leó do shaigid na Carcrach & ger vo trom a ttoichim & ger bho hionmall ind imthecht la haidhble a ninnile & a ccreachghabhal ro fhagaibhset beilge bernchairrgidhe na banBhoirne dar a neisi. O ranccatar mendatta maighreidhe Medhraighe ro ghabhsat foss ar Cnoc an Gherrain Bain eitir Chill Colgan & Gaillimh. Ro eitirdhelighset a ngabala re aroile iarttain coro shealbaig gach drong fo leith diobh a saindisle do bhuar a mbiodhbad dinnile & dédail a neccrad & ro ghabhsat ara bharach ag díorgadh & ag dluithiomain a coda creiche i sedshlighthib senchoiccidh Sreing mic Senghainn. Nír vo foda an reim ruccsat isin la sin ar roptar scithigh iarna morshaothar occ tocht tria belghibh bélchumgaibh na Boirne & ni mó ro phroindset no ro thuilset i sáimhe in adhaigh riamh ar ba dóigh leo co ttiocfadh Iarla Tuadhmhuman co lion a muintiri ina lenmhain & na lurg dia bfobairt isna conairibh cuarchumhgaibh triasro chingset cen co ttorracht ittir. Gabhaitt longphort i comhfhochraibh doibh an adaigh sin oro laiset a nomhan diobh. Ni deirghenset fianbhotha nait foirgnemha la tes na sine samhrata
¶139] Atrachtator an slogh asa súantairthim cotalta isin camhaoir & tiaghaitt hi ceann tseda & imthechta. Ro chomhairleicc O Domnaill do Mac Uilliam cona muintir & don lucht dosfainicc a hiarthar an choiccid fo a thoghairm soadh dia ttighibh. Do leig e feisin sair cech ndireach isna conairibh coitchenna go ranuicc {MS folio 65a} ria ndeoidh laoi co Conmaicne Chuile Tolaidh i neitirmhedhon an choigidh. Gabhais longphort hisuidiu an adaigh sin & airisit ann go ara bharach. Ro fhorchongair iarom O Domhnaill fora muintir a ninnile creiche a mbu & a ccethra & a nedala archena do leigen uaidhibh dia ttighibh a ngiollanradh & a naos diairm & gonta & araill dia slogh do leccedh leo. Doieghatt gan fhuireach febh ro herbadh friú. Conrairleicc dÚa Ruairc cona muintir tuidhecht dia ttigibh amail chách.
¶140] Do raegha Ua Domhnaill coicc ced laoch go seasccait marcach do roighnibh a shloigh & ro erb forra airisiomh ina fhochair badhdein go mbatar ag cumhsanad & og legen a scisi isin longphort co híarmedhón laoi. Lotor ass asa haithle & gabaitt tresan ccoigedh sairdhes co dian deinmnedach & co taoi tóithenach do ló & dadaigh go ranccatar co Loch Riach i ndorblus na maidne muiche ara bharach. Ba heisidhe port aireachais & iostadh flatha Iarla Cloinne Riocaird. Do leiccet a scceimhealta co sgaoilteach da cech leith diobh dindred na criche. Doionalat a mbaoi do chrudh & do chethraibh ina ccomfhochraibh & do bertsat leó co haonmhaigin co mbatar a ffolartnadh fria niomlúadh & fria niomáin leó. Tiaghait reimibh iartain tresan ccoiccedh sairthuaidh gur gabsat longphart inn imeal an tire frisan Suca andeas adaigh an domhnaig doshunradh. Airisit ainnsidhe co matain an luain. Docomhlat as iarttain tar Ath Liag fFind
¶141] {MS folio 65b} Dusrelicc Ó Domhnoill scís dia amhsaibh & dia áos túarustail o Iul co September gorus tochuir chucca doridhisi dus an ttédairsedh boeghal forna Gallaibh ar atchuas dósomh gurbo gnaithbes do gredhaibh na nGall tocht gach laoi darsan urdrochat baoi for ionchaib Doire badhthuaidh do inghealtraidh for ferghurt fásaigh baoi fora nerchomhair co nuathadh marcshloigh dia forchoimhed. Baoisiomh iarom oga scrúdadh & remdhecsi ionnus no beradh muin imna Gallaibh do gaid a neoch forra conadh si airle arriocht lais do raegha drong mhór dia mhiledhaibh & dírim marcach nat bat lugha oldat se chéd a líon eiter traighthech & marcach. Do bert lais iádsaidhe asa haithle co dichealta i ndorchata na hoidhche goras fágaibh i neadarnaidhe i nucht allbhruaigh iomdhomain ro baoi isin maighshliabh do rala for ionchaib an Doire atúaidh bail inro badh foderc doibh muinter an baile & nach ba forreil do chach íetsonh. Ro lá úathadh mbeg dia mharcshluagh i nionattaibh ionfhoilgidhe i nathfhoccus don bhaile i nedarnaidhe forsna heochaibh & fora nóes forchoimheda cona soittis a neachradh for ccula doridhisi secip tan tístais gusan bférgurt atchúadhamor. Batar samhlaidh co hurthosach an laoi. Atchiatt an echradh chuca darsan urdrochatt cona náes forchoiméta febh ro ghnathaighset. Atraghatt marcshluagh Uí Dhomhnaill dóibh dara neisi & do ratsat ammus calma for lucht an choimhetta. Ro gh onsat araill diobh & atrulatar aroile úaidhibh la deine & utmoille a nérma. Gabait muinter Uí Dhomhnaill occ iomáin eachraidhe na nGall foa ccumhang.
¶142] Ticc Ó Domhnaill gusan slógh tárrustair ina fharraidh dia ccomhfhurtacht & atnaghatt an echradh reimibh. Ro forchongair Ua Domhnaill for druing dia mharcshluagh dul
¶143] O Domnaill tra baoisidhe i forbhaoisi forsna Gallaibh gan fogluasacht asa thír co deiredh October. Do ruimenair ainnsidhe dul gusan Tuadhmhumhain doridhisi dia hinredh. Tarcclomtha a shlogh lais iar ccinedh a chomhairle & niro airis co rainicc darsan Sliccech siar & fosráccaibh Níall O Domhnaill
¶144] Luidh araile fer do shainmhuintir Uí Domhnaill ina dhedhaid co ffios scél an tíre lais & atféd ndó uile an do ronadh ann. Ba hiongnadh már & ba machtnadh menman la hO nDomnaill a brathair & a chliamhain do shoadh fair dóigh basí fiúr ind Oedha roba bainernustaidh don ti Níall. Iompais Ó Domhnoill a coiccedh nAilealla úair ni ranuic tar Baile an Mhotaigh siar isin coicced antan ruccsat sccela fair & iompáit a shlogh friothroscc febh ronuccsat dialaile acht nama ni ruacht la a miledha Ua Domhnaill do fhreastal acht madh uathadh dia marcshlúagh co mbui a nathfhoccus don Lethbior atrubrumar. Nicon tairnic lasna Gallaibh creacha naid oirccne do dhenomh resiú ranuic Ó Domnaill fo r ccúlaibh acht beith acc daingniugad a scor & occ claidhe a múr & otchúalator Ó Domhnaill do thuidheacht nisrelic a nomhan doibh dérach an phuirt a mbatar for cenn nach neith ro baoi do thesbaidh forra. Tárrusair Ó Domhnaill ind ionad nárvo heitirchían ona Gallaibh co ruccsat uathadh dia mhíledhaibh thraightheach fair.
¶145] Ba foda la hÚa nDomnaill ro batar na Gaill gan fuabairt & niro airis frisan slógh niba siriu gorus tairfén an tuathadh ro baoi dona Gallaibh for toeb Cruacháin Lighen alla andes frisan abhainn atúaidh. Otchiett na Gaill eisidhe do riach atar
¶146] Fecht noen dÓ Domhnaill resiú dusfarccaibh an longphort hisin tárrusair occa dul for ammus na nGall dus an ttistais darsna muraibh amach forsan maighréidh. O do deachatar muinter Uí Dhomhnaill for ionchaibh an bhaile ro batar na Gaill aga fhorcsi & aga midhemhain & niro shaighset forro o rotgenatar gurvo do chuingidh ugra do dheachatar. Imsáiset muinter {MS folio 68a} Uí Dhomhnoill i frithshed na conaire doridhisi ona fuairset an ni fora ttardsat íarraidh. Dogniett airisiomh for ur na habhann allathuaidh dianad ainm an Dáol edh nathghairit on mbaile. Tieghaitt dronga móra dhiobh dia scoraibh & fri oile do thosccaibh ar nír shaoilsiut na Gaill dia leanmhoin an la sin sainredh. Otchonnairc Níall Ó Domnaill muinter Uí Domhnaill co hesreite anfhuirithe atbert frisna Gallaibh corvo hiomairgidhe doibh ammus do thabairt forro. Gabhaitt na Gaill occ airittin a narm & occa neittedh co fóill fathachda (fora eráilsiumh) i netirmhedhón na múr arna badh foderc dia naimhtibh comtis armtha éidithe. O robtar erlomha iaromh dusficcet darsna múraibh sechtair ind urd chatha. Lasodhain doleiccet for ammus mhuintire Uí Dhomhnaill fon reim sin & an tí Niall cona braithribh & mhuinntir hi rémthus rempa dia sédugadh.
¶147] Atchí Ó Domhnaill chuga íatt fon toichim sin & ba fó lais a ffaicsin dia shaigidh & ro shuidhighestair a miledha ina nionadaibh erdhalta foa nerchomhair cona niodnaibh aigh úaistibh & nisrelic a ndiobhraccadh co mbatar forsan mbrúach alltarach don abhainn. Imacomrainic dhóibh íertain co mbatar mescc ar mhesg & ferthar gleó ainmín éccratuch etorra gervo garfhoccus a ccoimhfhíalus. Scuchaitt an marcshluagh dochum a chéile co mbatar ag tuinnsemadh araile do mhanaoisibh móirleabra & do chraoíseachaibh cennghlasa. Do ratt tra Níall Ó Domhnaill tuinnsemh don tsleigh simnigh sithfhoda bai ina dhurn for derbhrathair Uí Dhomhnaill .i. Magnus coro chlannustair an ccraoísigh fó iochtar a iomdha ind & gur threghdustoir a inmhedhóncha
¶148] Ba dirsan nach immalle ro láisiot an loechrad ind iomaireg fria naimhtiu & a mbarainn fria mbiodhbadhaibh & nach hi córa batar oair niro cumscaighedh a cconach an ccein ro ansat samhlaidh & robtar cosccraig isna coicccriochaibh no chingtis & niro hadarbanta asa foirb ndilis la hechtairchenel amail do ronta cidh iarttain. Maircc crioch & caomfhorba mairg tír & tuath inro chedaigh a nainhsén dona comb raithribh & dona comhfhuilidhiph iomrubadh & iomchlaidhbedh a chéle gan choiccill amail forcaomhnaccair don chur sin.
¶149] Iomthusa na nGall ind airett batar na hairigh atrubhramar ag comfhuabairt aroile do rattsatsaidhe inn aighthe ind aoinfhecht & i naenfhabhall for traightheachaibh Ui Dhomnaill coro soaid reimib biug acht namá niro gon ta uaidhibh acht madh uathadh ar niro lensat na Gaill íatt tarsan ccathlathair sechtair & ba haire naro lensat fodhaigh ghona a ttuisigh ro treghdadh isin tochar sin corbo heiccen doibh iompudh lais co Leithber co bfuair bas iarttain. Ro lensat drong mhor do mhuintir Ui Dhomnaill iatt & gabaitt occa ndiubragadh & chlaidbedh co ttorchrator araill diobh & coro gonta & robadh lanshaoilechtain
¶150] Iompais Ó Domhnoill cusna sccoraibh iar nimthecht dona Gallaibh. Ba triamhain toirseach ro both isin longphort an adaigh sin fodháighin mheic a fflatha & a ríoghdhamhna {MS folio 69a} beos día maradh a haithle a bhraithriuch. Batar meinci la Cenél cConaill a niolach búadha & cosccair do thabairt os aird ag comhmaoidemh a necht & a náithes íar shraoinedh rempa oldás lamhchomairt a loechraidhe & basgaire a mbanchuire ag caoinedh a ccaratt & ag gerchaoi a ngerrat gusan tan sin dóigh niro tromghonaitt & niro tochraidhit ón tan ro ghabh Aodh Ruadh righe & flaithius forro gusan laithi hisin. Ba heisidhe laithe thoisiuch in ro tubadh a ttreisi & in ro cumsgaigedh a ccosccor & amhail nach lainn lásan aoinDía treisi domhanda gan terbhrúdh na áines gan erchra do bert frithbert foill for chonách Cheneoil Luighdech m Sednae seatal naile. Cía atbertais aes iomfhormaitt & iomthnuidh fhoduird & égnaigh ainchride & eccraittis corab do aithe a indlicchid & a eccóra for Ó nDomhnaill ro shóidh an firDhia forordha fair don chur sa ni fior dhóibh eccin. Acht as aire do roine Día indsin nachasraghbadh uaill na ionnoccbáil accobhar na iomtholta Aódh Ua Domhnaill a dirghe a breth & a choiccert ag follamhnucchadh a fhlaithiusa & araba a chen & a chosccair for choiccriochaibh & náro ládh a uídh & a innethemh ina niort & ina chumhachtaibh fodhéin acht i ndánaibh & i nderlaicthibh Coimded nimhe & talman chonnic turnamh na ttren & turccbáil na ttruagh. Doigh asedh doghni an taoínDia co meinic tiomarccadh & tochradh a chloinne dilsi tholtnaighes ndó & doghni a reir & a réim do thelgadh lia chloinn nindilis na comhaill a thiomna nach a recht itir. As
¶151] O rainicc O Domhnaill don longphort amail atrubhramor ro erail fúadarach fithe fionnchaolaigh 'do dhenomh' do Mhagnus O Domnaill dia iomchur tar an mBernus síar. Ro gnithe an tárach febh ro herbad & do bretha an tí Maghnus ind íeromh. Tieghait drongbuidhne aidhble lais dia oés ionmhaine & dia chairdibh archena co riachtator Dún na nGall. Ro dergaithe a iomdaidh othrais dhosom ainnsidhe. Do rata leighe Ui Dhomhnaill chuga día choimchisi & niro fhedsat freapaidh dhó. Atbertsat gurvo marbh. Ro batar mic bethad iomdha durd S. Franses {MS folio 69b} isin mainistir bai allaníar ind imfhoccus don dúnadh. Dosficcet araill don lucht robtar eccnaide diobh dia shaigidsiomh do ernaidhm a chairdesa frisan cCoimdhidh. Gabhaitt occa thionchoscc & occ proicept ndó Dogni faoisidin a dhoalach cen nach ndíchell & addaimh a thurccbhala coleicc. Ro chiestair a pheactha fíadh Día & bat anaithrech ima indoccbail & ima miadh menman in airett ro mair. Ropo maithmheach beos don tí rus gon & atbert gurvo he badhdein fotruair a oidedh doigh asé ro shaigh for Niall cettus. Baoísiomh samhlaidh fri re sechtmhaine ag foichill écca cech oenlaithe & cele De don urd remraitiu fru airenach na hiomdaidhe na fhochair dogres dia iomchoimét for intledhaibh díabhail. Do bertsomh a choibsena dia anmcharaitt co meinic frisan ré sin & ro thochaith corp an Choimded ierttain & ro ecc asendadh (an 22. October .1600.) iar mbuadhucchadh for dheaman & doman. Basi cetfaidh na mac mbe hadh batar i freacnarcus occa co bfuairsiomh cennsa an Choimdedh ara deghairilledh. Atradhnacht iarom ind othairlighi a shinnseir isin mhainistir atrubhramor.
¶152] Ro baoi a athairsiomh Aódh m Maghnusa m Aodha Duibh ina shendataidh an tan sin oga gaire ind occus don mhainistir. Atchóas dóisidhe a mhac do epilt. Feacais for maircctenaigh & mifri go mór imo mhac coro dhianaighestair
¶153] Iomthúsa Uí Dhomhnoill iar bforbhadh dhósomh an triochat laithe ro raidhsiom i forbhaisi forsna Gallaibh do chorustair fair deirghe an phuirt i mbui frisan ré sin & dol co mennat naile narbhó hesinnille & ba sía amh biocc ona Gallaib for ur na Finne allathiar etorra & an Bernus uair ro ághustair úacht na gairbhshine geimhriuta dia fheinnidibh cech noidhche occ forcma & occ friothaire forsna Gallaibh fodháigh émh basí an tsamhain tarrusair ind an tan sin & ba mithigh laisiomh a shlogh do bhreth lais i nionadh cumhsanta ierna morshaothar oir níro thuilset hi saimhe fri denus fhoda. Tocomhlat ass iaromh gusan maighin imroraidhsiom. Gabhaitt longphort
¶154] Inn eacmhaing na ree & na haimsire sin dosficcet scéla chuiccisiomh go ttudhcha idh long ón Spain co cúan in Inbhir Mhóir ind iarthar choiccid Meadhba. Atracht a mhenmasomh & a aiccnedh desidhe ar ba celmaine conaigh lais dóigh do ruímin co mbaoi sochraide sloigh & toirithin on Righ ina leanmhuin & ro la a thechta gusan du i mboí Ó Néill co bfios scél leo & dia thochuireadh chucca. Dusréilcce feisin i ccenn tséda darsan mBernus direim marcach & fosragaibh a shlogh ina longphort & Rudhraige Ó Domhnaill a derbhrathair hi ccennus forro. O ranuicsiomh tarsan mBernus niro airis acht madh beacc go riacht tarsan Éirne tar Drobhaois tar Duibh tar Muigh cCeittne na fFomhórach tarsan Sliccech co Tír Fiachrach Muaidhe. Ó do rala feil gheine an Choimdhedh i ngarfhoccus dósomh an ionbaidh sin asedh do roine a litri do scriobadh gusan luing & ba sedh a tothacht seoladh lásan ccetna gaoith dusfiocfadh aniairdes
¶155] Tainic an loncc iarttain co cúan na cCeall mBeg i Tír Boghuine. Tieghaitt na flaithe día haithreós. Ro baoi epscob {MS folio 71a} amra forsan luincc. Dusficcsidhe amach & na techta archena imaroen ris. Ro fhailtnighettor na maithe remhibh & ríasan epscop sainredh. Do rata i naraccal for leith ierttain & do gnithe a ffiadhucchad & a ffriothailedh co nonoir & airmhitin amail roba dú coro láiset scís & meirten na mara dhiobh. Atgladatar iaromh & iarmhafoacht diobh cisi tucaitt fotroghluais. Donarfénset dhoibh an toisc ima ttudhchatar comba dia nertadhsomh i nagaid a namhat do dheachatar riasiu tallsadais céill dia ccabhair o Righ na Spáinne & co ttarttsat sé mhíle pont leo céttus dia thabairt doibhsiom a ttuarustal día namhsaibh & erradhaibh & dusfioccfadh arccatt ba móamh an fecht tanuise & congnamh sloigh febh ro geallta. Teitt Ó Domhnaill & O Néill ind iomaccallamh & ro cheis menma cechtarnae dhiobh co mor forsan