¶105] in marg. : 1599. an .8. bliadhain. Dála Aodha Ruaidh Uí Domhnaill ba foda laisiomh ro batar a shlóigh occ leccad a scisi fri ré aoínmhíosa namá ara aoi ni fhittir sainredh caidhe an tionad i ragadh uair ni fhargaibhsiomh aird no airchend nait ionata innille hi ccoiccedh nAilella naro innrustair nó na tard geill & aitiri uaidhibh cenmotha an mbloidh thire frisan Luimnech atuaidh ro tallta don choiccedh ó chein edhón gairbfherann Luighdheach Meinn m Aenghusa Tírigh dia ngaror Túadhmuma an tan sa. Gidh isidhe dna ba saigidh ughra & deabhtha saigidh forna saorchlannaibh rusaitreabh .i. Dál Cais m Conaill Eachluaith m Luighdech Meinn sloinnter o Brian Bhóramha m Coinneittigh aniú Robtar crodha cosnamhacha an ceinel ór chinset. Ba fer cumhaing mair an flaith rosfollanhnaigh úaisdibh i fechtsa .i. Donnchad mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain Iarla Tuadhmhumhan. Ba teann a ghuth & a gniomh eitir Gallaibh Duiblinne & gerbhat mora mifholta an cheiniuil dia mbui fri slogaibh Saxan & é baddeisin do Ghaoidelaibh asé aoinfhear ba ferrdha fraoch misgnighe forcao mhnagair i ccrich nErenn og freastal & fosadhchothugadh an chogaidh fri Gaoidelaiv ar forailemh & ar forchongra Gall. Ba moide ómh saint & ailghes Uí Dhomhnaill dinredh a thire na tesmolta hisin. Nírvó sodhaing dósomh an ní sin ar daingininnille a dluithfhiodhbaidhe & a dithrebh doieolais & a beilgedh biothfhoda bordchutnag a haindreann & a himdhoraidh imechtracha archena. Fáth eile bhéos imar {MS folio 50a} dhuiligh a hinredh sidhe gémtais esinille a heochairimle & a hinmedhoncha la hiomat a loechraidhe & a lath ngoile & ar dhiumsaighe & innógbhail an ti ba forchongarthaidh forra edhon Iarla Tuadhmumhan. Ara aoi sin niro damair dÚa Dhomhnaill gan dul
¶106] Donangatar tra cettus Cenél Conaill ina toichestal gusan du sin .i. a derbhraithri badhdéin Rudhraighe Maghnus & Cathbarr cona sochraitte & Aódh Óg m Aedha Duibh m Aedha Rúaidh m Neill Ghairbh m Toirrdelbaigh an Fhiona: Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaig m Magnusa m Aedha Duibh: Ua Baoighill Tadhg Óg m Taidhg m Toirrdelbaig: O Dochartaigh Insi hEoghain Seaan Óg m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh: Mac Suibhne Fanatt Domhnall mhac Toirrdelbaigh m Ruaidhrí m Maoilmhuire & Mac Suibhne Boghuineach Donnchad mac Maoilmhuire Mheirgigh m Maoilmuire m Néll. Tangatar beos ina thoichestal Maguidhir Aódh mac Conchonnacht m Conchonnacht m Conchonnacht m Briain m Pilib m Tómais & mac Uí Ruairc Tadhg mac Bríain na Múrthadh m Briain Bhallaigh m Eogain íaidsidhe uile co lion a ttionóil. Tangatar ann din na hi ro hoirdnedh laisiomh i ttigernus a nathardha hi coigedh Meadhba Mac Villíam Burc Teaboitt mac Vater Chiotaigh m Seaain m Oiliverais: Ua Dubhda Thíre Fiachrach Tadhg m Taidhg Riabaig: Mac Donnchaid an Chorainn Rudhraige m Aedha: Mac Donnchaid Tíre hOilealla Muirghes Caoch m Taidhg & Ua hEghra Riabhach Felim m Conchaisil: ietsomh uile co líon a muintire. Tanaig isin toichestal cetna O Conchobair Rúadh Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe & O Ceallaigh Ferdorcha m Ceallaig m Domhnoill & Mac Diarmada Mhuighe Luirg Conchobar m Taidhg m Eogain & sochaidhe oile cenmothat somh robad eimhelt daisneis.
¶107] O do riachtatar na maithe sin cona sochraide i naendáil chugasomh go Baile an Mhotaigh ba fair desidh lais slúagh do legadh uadh i Rann Mic Villiam an airet no biadh badhdein
¶108] Iomthusa Uí Domhnaill ro asgná ina réimim ionmoill imthechta gan seinm stuic gan comhghairm caismert & ba súaill má ro rathaighedh itir (gerbhó díochumhaing do nach flaith oile tionchosg na ndrongbuidhen ndúr ndorrdha ndiúmsach ndoiedrána batar lais niro clos guth ná glór seiselbhe na sestan úaidib i conair triasa ttudchatar) go rangattor co Cloinn Riocaird. Ni haithrestar a nuidhedha gó sin. Do ghniet airisiomh im thrath nóna ar an Ruaidhbeithigh eitir Cill Colgan & Ardrathuin. Adannat teinte & tendála & ro ghabhsat occ urgnamh a nairberta bith & oc etromugad a menbholg iarna nastar imchian & ria ttecht i cend mhórshaothair. Ba
¶109] Atrachtatar iaromh amail bidh eirghe naoinfhir la forchongra na flatha & do dheachatar hi cend tseda & imthechta tre ródaibh raoindirghe na criche go rangatar i muichdedoil na maidne isin cend toir do Choill O fFlannchadha do thriochait chéd Ceneoil fFermhaic i Tuadhmumain. Ro rann Úa Domhnaill a sceimhealta dia legadh uadha asan maighin sin. Do leig drong día mhiledhaibh traighthech im Thadhg Ua Ruairc & im Mac Suibhne mBóghuinech isteach badhthúaidh i mBoirind Connacht cona elaitis creacha na Tuadhmuman tairis fo dhithrebhaibh na daingenBoirne & ro dhálustair co heitirmhedón na criche chucca íat. Ro leicc an droing naile don taobh thes isteach co Baile Uí Ógáin na Coille Móire do Thulaigh Uí Dhedhaidh go dorus Baile Uí Griobtha. Imsáiset as sin badthuaidh go Druim Fionnghlaisi go Coradh Fhinde & go Cill Ingheine Baoith hi ccomdhail Uí Dhomnaill. Ro smachtsomh forna drongaibh sin ro fhaoidh uadh gan inredh na orgain neimidh eccailsi na eladhan cipsi ait a ttochrathar chuca. Dothaot tra Ó Domhnaill badhdein co ttiugh & co ttóthacht an tsloigh ina fharraidh tria lár Choille O bFlannchadha tre Bealach an Fhiodhfhail go Cill Ingheine Baoith i núachtar Dál cCais ria midhmedhón laoi an seachtmad la décc do mí Fhebhra do shonnradh. Do rattadh chuicce creacha Cheineoil Fermeic uile durmh or on Disert co Gleann Colaimb Cille & go Tulaigh Cumann & ó Chluain Soilchernaigh co Léim an Eich. Ni rainicc la Tadhg Ó Ruairc na la Mac Suibhne creacha & comhaircthe Boirne do thabairt leó i ccend Uí Dhomhnaill an adhaigh sin arna ttiomarccadh & arna ttiomsugadh doibh la a naidble & la a niomaittlionmaire.
¶110] Do rala dna {MS folio 51b} do Mhaguidhir co ndruing dia mhuintir ina fharraidh dol do chor chuarta isin ccoiccrich. Do reccaim dho fora chinn aroile duine uasal do shaorchlandaibh Dál cCais go rosgon & ro ghabh ierttain Conchobar Ó Briain a ainmsidhe. Beiris Maguidhir lais é go dúnadh Conchobair buddhéin go hInis Uí Chuinn & baoí an caistiall for commus Meguidhir & ro an ind gó arabharach. Ro ghabh Úa Domhnaill longphort in adaigh sin hi cCill Ingheine Baeith & ba heitirchían essraoite ó aroile ro bhatar teinte & tendala a shloigh drong diobh i mBoirind Connacht & drong oile i triochait chéd Ó fFermaic & araill im Chill Ingine Baoith cenmotha an lucht naile ro batar im Mac Uilliam & im Niall Gharbh Úa nDomhnaill i nUmhall. O rosfortamhlaigh soilsi an laoí forsna rendaibh aidchidhe atracht Úa Domnaill & do bert a aghaidh for triochait ched Corcmodruadh go rainicc go Cill Fhionnabhrach. Ro leicc sgaoiledh da sceimhealtaibh badhdhes co hEidhnigh fon mBrentír fFermacaig & cCorcamaigh go dorus Insi Diomain go Cill Epscoip Lonain go Baile Paidín & tar a nais soir go Cill Fhionnabhrach do ridhisi airm i mboi O Domhnaill. Tainig Tadhg Ua Ruairc & Mac Suibhne Boghuineach go ccreachaibh Boirne leó dia shaigid gusan ionadh ccedna. An tan tra atchonnairc Ó Domnaill gach tealach & gach dinn dia mbuí ina uirthimchell occa niomfholach do chrodh & do chreachaibh (conarbo leir an talomh treotha ara dhlus ro daingendingit hi cend aroile lasan laechraidh ngruamdha ngnúsdordha batar ina iomthacmhang imaccuairt) asedh ro chinn aige soadh arabharach tria beilghibh biothfhoda baoghlacha na Boirne bennghairbhe. Airisis Úa Domhnaill cona shlogaibh in adaigh sin i cCill Fhionnabrach i mBaile Eoin Gabhann & hi cCathaoir Beneoin ar ni chaomhnaccatar longphort do ghabhail i naoinionadh ar robtar lionmara a ccreachghabhala cruidh & cethra broide & búalmha & dan bheos rob iomdha tigerna tire {MS folio 52a} & taoisiuch tuaithe cend céd & cuire (roba dífhregra brigh & borrfadh úaill & ionnógbhail iomtholta & aindiúmus & lasar dhuiligh umhla no aidide do thabhairt do nach naón naile) batar foran sloighedh sin.
¶111] Dogniatt urgnamh a ffeisi & a bproinde iarttain & geibhitt og cnamhchombach for bhuar a mbiodbadh isin ccrich aineoil gan úamhan gan imegla acht amhail bidh ina ttir ndílis badhdein no beitis acht chena ro bhatar dronga sainredhacha i suidhe lásar dhoiligh an mídhiach & an mhíimbert do bertsat for almhaibh a nesccarat do thabairt forsan ccrudh baoi leo ina naitreibh bhunaidh bhudhdhein. Ro thuilset an slogh ier proindiugadh dhoibh gurbo reil lanshoilsi an laoi arabharach. Diuchtrais Úa Domhnaill asa shúan & ro ordaigh gan fhuirech na slóigh do asgnamh asin ccrich. Ro ordaigh a ngiollanradh a nglasláith & a naes diairm i rémhthus na conaire cona ccreachaib & cona nairccthibh & cona nédalaibh archena. Ro ching fein co maithibh & go roighnibh an tromshlóigh ina fharraidh i neitirmedon na conaire céttna i lurg na ndrongbuidhean ro ordaigh lasna creachaibh. Ro forchongair fora amhsaibh fora ógbaidh & fora aos diubhraicthe airisiomh fo dhiuidh do dheabaid tara cceann dia ttista ina lenmuin. Lotar iaromh i mucha do ló i sedshlighthibh na senBoirne sair go seiselbhe moir & go monghar nadhbhal. Ba fosaidh ionmall a nimthecht gan cudhnódh gan tinnenus ag iomain a ngroidhe & a ngabhál uair niro chumhaingset imrim a neach tria chairrgibh cuarchumhga cogúasta corrainghéra na cruadhBhoirne co mbatar a ttraighthech mescc ar mescc frisan marcshlach co rangatar i ccend tséda & imthechta a Cill Fhionnabhrach do Nuachongbhail don Turlach tria mhainistir Corcomodruadh tria Charcair na cCleirech co riachtatar i ndeoidh laoí gusan tuaith dianad ainm Medhraige anairtuaidh ' frisan mBoirinn ' gusan Rubha do shunradh i niarthar O fFiachrach Aidhne. Gabhait longphort hi suidhiu an adaigh sin. Adhannait teinti & tendála & aurgnait a mbíudh & contuilset a suantairthim {MS folio 52b} cottalta asa haithle co maduin. O rosionshorchaigh an la foran loechraidh atraghatt asa sccoraibh & gabhaitt occ ascnamh na conaire sairthúaidh ina ndrongaibh & ina mbuidhnibh for leith gan fhaitches gan uromhan. As aire ro batar na drongbuidhne for leith amhlaidh ar ná ruscumaisgtis a ccreacha fora cheile uair ro shelbaighset an slogh a saindilsi dhoibh ó rangatar tarsan mBoirind sairthuaidh. Niruo heiccen tóisigh conaire
¶112] Baoí aroile file foircthi fíreolach isin Tuadmhumain an tan sin. Ba saoí shenchaidh & fir dhana eisidhe dollamhnaib an tíre dho Maoílín Óg mac Maoílín m Conchobair Mic Bruaidedha a chomhainm. Dusnáirthetar drong do shlogh Uí Domnaill araill do chrodh an fhiledh a ccuma na ccreach archena. Dothaot an file i ndedhaidh na gabhála co hairm i mbaoi Ó Domhnaill ar ba derbh lais oghaiseag a chruidh do fhaghbail úadha. Gebidh an file og fursannadh a fhesa & a inntlechta fiadh an fflaith donfairnic fora chinn & ag aireag tuile ndó & atbert narbó nár no meabail do Dhál cCais ná do mhuintir na Bainriogan Ua Domhnaill cona shlógh do bhreith na ccreach sin leo gan troid gan tachar gan guin duine oga niomchosnamh úair ro thairngir an naoimhérlamh Colam Cille m Felim co tticcfadh Aódh do Chenel cConaill no dhighéladh for Dháil cCais díosccaoiledh gríanáin Oiligh & araill dia chlochaibh do breith co Luimneach la Muirchertach Ua mBriain m Toirrdelbaig m Taidhg m Briain Bóraime & atbert an file gurbo doigh lais gurbo hesiomh an tAodh hisin. Ro ghabh {MS folio 53a} íerttain bloidh don tairrngire co nebert indsa:
- Mo dhoire mo doiregan
mhárus & mhaireglan
as mairg a Dhe tólaibh fer
da bfuil a ndan a mhilleadh.
- Ar na rgain mo dho ire d il
& ar sccaoiledh mhOiligh
o sin amach go brath binn
ni ghebhdait Dal cCais Érinn.- É digheolus mhOileach óg
an tAedh groidheach don gharbhrod
an corp sleamain clu gan goid
an foiltleabhar a Fanoid.- Budh é sin an tAedh Enghach
da ngiallfait tuir na Temrach
as a fhuigfes monar ngrinn
oil gach cuicidh in Erinn & reliqua.
Ba don airchetal adhmolta do righne an Maoilin cédna dÚa Domhnoill an rann sa:
- Do baoi a ndán a ndioghail Oiligh
a Aodh Ruaidh do reac an fáidh
tocht do shluaigh co hiathMhagh nAdhair
atuaidh iarthar cabhair cháigh.
Do rattadh iaromh óghaiseg a chruidh & a chethra cona forthormach don fhilidh & tiomnais ceileabradh dUa Domhnaill & fagbaidh bendachtoin occa.
¶113] Baoi tra Úa Domhnaill i mBaile an Motaigh i fos gan fecht gan sloigedh o dheiredh Februari go midhmhedhón samhraidh. Rugsat a thechta fair on Spáin i nurthosach Iuni & long leo a mbaoi arm dí mhile laech do mhanaoísibh moirleabra & do ghunnadhaibh glesoibne cona nai dhilge & cona naidhmibh téchta. Ro rannta i ndé & do rattadh an rann tanuise dÚa Néill amail ba hiomairgidhe ar as déroinn no bhiodh for gach naisccidh dusficcedh día saigidh on Spáin & basedh roba téchta dhoibh ó ré na sen ar níro dhlighset Cenél cConaill imfhorcraidh ó Chenél nEóghain acht techt ina ttionól an tan budh la Cenél cConaill righe nErenn & Cenél cConuill do dhul ina ttionól sonh an tan budh la Cenél nEoghain an righe.
¶114] Dala an airrigh ro bhaoi frí láimh an tSenaidh for choiccedh Olnécmacht Ser Coneus Cliofort ro gaibsidhe occ baigh & bupthadh briathar for Úa nDomhnaill iar nindredh na Tuadhmhuman tairis & ro thingheall {MS folio 53b} tuidheacht gusan Sliccech co ndrongaibh dírimhe do laechraidh Londan lais condusfarccbad O Conchobair Sligigh ind daimhdheóin Uí Dhomhnaill & nachasrelctis a réim dhosomh ni badh siriu. Deithbir ón úair tainic Ó Conchobair Sligigh a Saxaibh i nerrach na bliadna remhainn & baoisidhe i ffarraidh Iarla of Essex tainic i nÉirinn im Beltaine na bliadna frecnairce febh ro comhairleigedh lasan mBainriogain & lásan cComhairle a chor co hEirinn im fheil Brighde amail atrubhramar reamhainn. Otchúalaidh Ó Domhnaill an tomhaithemh & an tarcusal dothaot fochetoir diorma marcshloigh ó Bhaile an Mótaigh go ranaic gan anadh gan oirisemh co hÁth Senaidh ind aires a shloigh ar daigh a ttionoil chucca gan dichell gan erchoittmedh go mbeith i ffoichill an Ghoibernora Ser Coneus Cliofort & an tslóigh remraitiu. O thangatár Cenel Conaill gusan Samhaoir airm a mbuí Ó Domhnaill tieghait táirsi i neitirmedhón samhraidh. Gabhaitt ag mallasgnam na conaire tar Drobhaois tar Duibh tar Maigh cCeittne na bFomharach. Ni buí cúdhnódh no tinnenus forra acht beith og tofann for aighibh allta oc áinius & cluithe condustáirsedh sccéla an tslóigh echtrond. Nirbo cían doibhsiomh samhlaidh an tan atchúas dÚa Dhomhnaill go ttainic Ua Conchobhair go hinchleithe úathadh daoíne go caistíall Cuilmaoile ro bui for eochairimlibh abhann móire edh goirit ó Es Dara sairdhes & go rug gabhail bhó ó druing do mhuintir Uí Dhomhnaill bator for ferghurt & for ingheilt seachnón na criche chuga inunn don baile sin. Ni bhaoi eimh dunadh no daingenchaistiall innill dósamh nach fora ccommus badhdein isin crich uile cénmotha an taonchaistiall hisin. Fororchongairt O Domhnaill fora mharcshsluagh gan anadh fria miledhaib traighthech co ristis an caistiall cona tairgedh la hUa cConchobair deroch an dúnaidh résiu ríostais an slogh. La sodhain ro leabhluingseat an marcshluagh fora neachaibh go hutmall anbhsaidh uair ni lamtha urthúasacht a
¶115] Ro leth co coitchend fo Éirinn Úa Domhnaill do beith occ iomshuidhe an bhaile for Úa cConchobair. Ótchualaidh Iarla of Essex Ó Conchabair do beith isin airc & isin éiccen a mbaoi ba tochradh lais a chara & a chomhrann cogaidh do beith isin ngábadh i raibhe gan a fhurtacht dia ttísadh dhe. Conad aire sin ro fhaoidh a thechta do thoghairm an Goibernora ina dochum go Feraibh Ceall do chrudh a ccomhairle an dú sin cidh doghendais im dhálaibh Ui Chonchobair. Do dheachaidh an Goibernoir fochetoir la forchongra an Iarla dia shaigid & ro fhodhaimh gaibthi & guasachta móra ag dul tria Fheraibh Ceall go ranuic bhail a mbaoi an tIarla & baoi dí oidhche cona láibh ina fhochair occ sgrudadh a ccomhairle. Do rat an tIarla fuilledh sochraide don Ghoibernóir & ro aithin de an tan tísadh co hAth Luain a mbuí do mhiledhaibh & damhsaibh & doés tuarustail fo mhámus bainríogan Saxan hi ccoiged Olnéccmacht & a mbaoi beos do Gaoidelaibh i numhla & i naidide dhi ón mudh ccéttna do thionol chuga co haoinionadh & tocht
¶116] Dusficc íerttain co Rus Commain & ba sniomh adbal & ba hadhnár lais Ua Conchobair do bheith isin tennta anbfoill i raibhe & a fhod ro baoi gan toirithin úadha ar ba heisiomh feisin ro aslaigh fair tocht do brath & do thaiscéladh an tíre & dfhios scél Uí Dhonhnaill acht chena nírbhó ní lais tocht co heisinnill anfhuirithe día fhurtacht dóigh ro iomomhnaigh cosgar & cathbhuaidh aindiuidi & amhainsi an fhir ro baoi fora chind. Ro cuiredh ieromh lasan nGoibernoir tionol & teglamadh for a mbuí do Ghallaibh & do Ghaoidelaibh umal don Bhainriogain hi cóiccedh Connacht do neoch ro batar ó Eachtghe co Drobhaois ind amhsaine lé. Itíet na fionnGhaill & na Gaoidil donangatar i sochraide an Ghoibernóra clann Iarla Chloinne Riocaird .i. Riocard Barún Dúine Coillin & Tomas cona sochraide Teaboitt Diolmain co lion a thionoil O Conchobair Donn Aodh m Diermada m Cairpre cona thoichestal & Mac Suibhne na tTúath Maolmuire m Murchaidh Moill m
¶117] Tuirthechta Uí Domhnoill setal naile ó rainicc laisiomh an suidhiugadh do dhrud & do dhluthugadh frisan dunadh amail ba menmarc lais gona leicthi neach inonn no ille aca & na bui conair no esrus elúdha ag Ó cConchobhair asin ccaistíall do fhagaibh Niall Garbh O Domhnaill i tuisighecht an choimheda & ro thionchoisg é im gach ni ba díor do & ba sainsherc laisiomh do dhenomh dhó Luidh feisin cona shlogh co Coirrshliabh na Seghsa & gabais longphort i suidhe ar dháigh na tisadh an sluagh Gall thairis gan rathugadh. Buísiomh isin dunad hisin ón cédna fecht atchualaidh an Goibernóir do beith ag tionól chuga fri ré dá mhios co coig .x. August. Ro intshamlaighestair siomh é budhdhein on mudh sin fri Július Caesar an tan fosragaibh Decius Brutus ind iomshuidhe for chathair na Maisili & do choidh feisin cona shlogh do thochar frisan dí airrígh ra batar fri láimh Poimp forsan Espain Petrin & Aiffrin a nanmanna. Robtar subach soforfaoilidh muintir Uí Domhnaill fri reimhes an da mios atrubhramor ro batar isin dúnadh remhráite fri Coirrshliabh na Seghsa atuaidh & geruho heitirchian úaidibh imfhedain & tarrudh a lóintedh ni buí nach tesbaidh bidh forra frisin ré sin úair nirbo lugha oldat céd mile céimind imechuirtis araill dia lointibh for groidhibh & eochaibh a hInis Eogain m Néill a Fanoit Tíre Conuill {MS folio 55b} a
¶118] O do ríachtatar scéla go hÚa nDomhnaill Teaboit na Long cona loingess do thecht isin ccúan frisín Sligech atúaidh ro fhaoidh araill dia amhsaibh na ffrithagaidh na tistais for tír go mbatar isin port foa nerchomhair eneach i nionchaibh friú. Nísfargaibhsiomh dan fithisi inait conairedha náid easrusa elúdha o Loch Cé frisin Seghais anair go Loch Techet allathiar gan lucht feithmhe & foraire forra na tísadh an sluagh seacha gan rathugadh cipindus. Atbertsat a thóisigh & a threabhainn a chonsail & a chomhairligh archeana ba tesbaidh mór día míledhaibh & ba tanaitte a ccliathghabhala fri Gallaibh an scaoiledh & an tesreidedh do ratt fora mhuintir .i. drong mhor dhiobh inn iomshuidhe an chaisteóil a mbui O Conchobair & araill fri huchtbruinne an loingis imroráidhsiom aroile dhiobh acc coimhett forsna conairibh atchúadhamar. Do ratsomh for dáil mbicc & for neifni fuighle na núasal & na naireach & atbert friú gurbo héiccen indsin & ro raidh bheos gurbo seinbhriathar o chein mháir nach ar líon óg brister cath acht tri nert an Choimdedh & secip neach thairisnighes isin Trionoitt asé as cosgrach & chreides gurab é an taoinDia shoas foran sochaidhe bhíos for gaí ríasan uathadh bios for fíor. As imne atamaoidne inar núathadh for fior andar linn badhdein & atát Gaill ina sochaide moir for goí ag goid bhar nathardha & bhar nairbherta bith foraibh & as usa dhaoibh co mór cathugadh calma seirigh séitrech do denomh tar cenn bar nathardha & bar nanma an tan ataith ar bar ccomus fadhein & bar nairm in bar lamhaibh
¶119] Iomthusa an airrigh Coneus Clio fort boísidhe fri re sechtmhaine oc fúr & occ foichill an erthrialla do roine fodheoidh. No bhidsidhe og baig briathar & og tathaoir & og tarcusal forsan tuaiscert gach laoi & oga radh go rachadh día naimhdheoin tarsan slíabh badhthuaidh. Roi bhaoi samhlaidh go fel naomh Muire mathar an Choimdhedh isin cuiged la .x. do August. Ro gheallsomh an la sin sainredh go mbeith i longphort Ui Dhomhnaill ria nadaigh ier maidhm fora muintir. Basedh roba monar do mhuintir Uí Dhomhnaill frisin ré ro baoisionh isin mainistir beith occa ttestugadh badhdhéin & occa nellmhugadh for cend an chathaigthe & i nerchomhair na herghaile ro dhálustar dia saigidh. Batar ag glaínniamadh & ag gles a ngonnadh ag griosghoradh & ag gríanad a ngran-
¶120] {MS folio 57a} Tieghait for reidh an mhuighe do thaisealbadh a sochraide i noenmhaighin. Ro rann Úa Domhnaill a muintir i ndé asa haithle. Ro lá a ghille diana deinmnedacha & a ogbadh utmall anbfosaid & a oés diubhraicthi for léith gona ngonnadhaibh gutharda gerradharcacha & cona ffiodhbhacaibh tailce toinnmhíne & cona fogadhaibh fuileacha foibrigthe & gona nuilibh aidhmibh imthelccthi archena. Ro ordaigh tuisich troda & eccluinn imghona & tuir congbhala catha imaroén friú go fforsmacht úatha forsna hoccaibh dia ndrud & dinghe & dia ndluthugadh i ccenn an chatha cona sraointe forro & dursclaighe & diomghuin tara neisi tan ba hanfhuirithi a naidhme diobhraicthi. Do ratta a úasail & a airigh & a fhorusocclaigh isin dara leith a chodhnaigh & a chuingedha & a threnfhir tairismeacha & a ttuairgnidhe catha co cclaidhmibh daingne defhaobracha & go mbíáilibh blathshnoighthi béltana go manaoisibh moirleabhra muirneacha go sleghaibh seimneacha siothfhoda fri fosugadh fedhma & fri tairisiomh troda & tachair. Nirbo hionad daighérma nó díainimrime an dú sin conadh aire sin do roine traighthech dia mharcshluagh a mesc a mhiledh. Íar nderoinn a muintire dÓ Dhomhnaill ro fhorchongair forsan dala rann diobh i mbatar an toés diubhraicthe go rémthiegtais gusan slógh nechtrond do thochar friú & combtis íatt badh airidhi aigh & iorgaile día nguin & chrechtnuccadh resiú tíostais tar iomdhoraidh & aimreidh an tsleibhe ar ba hasaite soadh forro fodheoigh díamtais créchtnaighthe uadhaibhsiomh i ttosaigh & go mbeithsiom go ttiugh an tsloigh i naires dala foa nerchomhair do chath friú bhail in rob erdhalta lais a ngabháil. No bitis dronga dermhara do mhuintir Uí Dhomhnaill do ló & dadaigh imaseach oc foraire for ionn an tsleibhe na tiosadh an slogh echtronn tairis gan ráthugadh. Do rala drechta dhiobh an la sin sainredh ann & batar occ foircsi & midhemhain na mainistrech úaidhibh & na foirne batar inne. An tan ba glanruithneach an grian friú occ an bfairccsi atchíat an slogh ag airitin a narm & occ turgbhail a meirgedh & a mbratach & a seinm a ttrompadh & a ttápúr {MS folio 57b} & a ccaismert chatha. Ró láiset a scéla do shaigidh Uí Dhomhnoill go debadhach. Íar ccloistecht na sccél sin dÚa Dhomhnaill atbert frisan ffoirinn
¶121] Iomthusa an tslóigh rémhthechtaigh ro ordaigh Úa Domhnaill isin tosaig gabaitt occ asgnámh na conaire hi ccomhdhail na ccath nechtronn co mbatar ucht fri hucht. Oro chomhfhoiccsighset diaroile do relccet na Gaoidil frosa fuileacha foithibh dfhoghadhaibh altchoemha uinnsionn & saithe saighet sruibghér síaineiteach a fidhbhacaibh foda feidhmneartmara & casaircheatha ccrunnchaor ccróidherg & ubhaillmheall luaidhe a gunnadhaibh ceirtdírghe caolradhairc. Frisninnlethar ó ogbaidh na Saxan dia samhlaigthibh fon ccumma cétna do gran aoibleach griosghortha glanlúaidhe a gunnadaibh glésoibne & a craosmhuscaetaibh cogúasta cíanfhoghracha combtar emhnaigh thi na himthtelcthi etorra desiú & anall go cclos a ffúamanna & a ffregartha & a ffogharthoirneach i ffoithribh & a ffiodhbadhaibh a ccaistíallaibh a ccumdaigib clochdha na ccríoch cconfhoccus. Ba machtnadh mor na digsiot aes oirmeta & aradha for dremni & dásacht la coistecht frisna caismertaibh catha & fri mac alla & torman an treindiubraicthe. Ro créchtnaighit curaid & ro loititt loechrad for dib leithib leo combot lir bomanna egha matan gaimhridh ind ath forsa ttaot diorma ag diainimrim lamha & leithchind & laarga na loechraidhe for gach leith na mbruirigh blodhtha & na conaimhredib combrisde ó chasarnaigh caorshoighnén cceirtleghtha ccrunn{MS folio 58a}lúaidhe & la froischethaibh fogadh flannrúadh foibrighthi & saighett sruibhfhoda slinnchorránach & gach airm imtheila ccthe archena. Atbertsat a ttoisigh troda & a nairigh iomghonfri
¶122] Do rala O Ruairc tigerna Breifne Connacht an tan sin alla anair don Choirrshliabh i longphort for leith. Ro thingeallsaidhe dUa Dhomhnaill beith ind urfhoichill na nallmarach dia bfúabairt a ccuma cháigh secib tan no fhoiberadh somh cona mhuintir íad. Otchualaidhsidhe buiredhbhéiceadh na ttrompadh & na ttapúr toirneach & talamhchumhscugadh an tréindiubhraicthe atracht asa longphort cona loechraidh lais & tuargaibhsiot a niodna catha forra & niro ansat dia reimim go rangatar gusan maigin i mbatar muinter Uí Domhnaill ag gniomh an iomairg. Gabhaitsiomh occ claidhmead na ccuradh a ccumma chaigh & occa ndiobhragadh go ndiccset rempa ina roén madhma gusan mainistir remraitiu do neoch ro chumaing rochtain a nanmann leo. Niruo háilsedhach ro theichset for cculaibh ar niro dhéch aon úaidibh for charaid ina for choigeile ina dhiuidh & andar lásan tí ba toisencha díobh as é bhudhdein robadh deidhencha don tslógh uile. Ni rainig la muintir Uí Domhnaill airleach an neich ro fhedfadaois ar lionmaire an lochta ro theichset ann & ar úaite an tslóigh batar ina leanmhain ar ni rangatorsomh gusan ttuinnte sloigh a mbuí O Domhnaill an tan ro sraoineadh forra lasan ccédna buidin ro hordaigheadh laissimh i nurthosaigh na conaire. Rosfargaibhset na Gaill araoidhe iolar cenn & fodhbh lasna feindeadhaibh. Do marbadh dan an Goibernoir Sir Coneus Cliofort i nurthosaigh na hiorgaile go ffargaibhthi faon ina {MS folio 58b} lighe foran sléibh & é beoghaoíte & ba hainffios dona hóccaibh cia rucc a chédghuine acht namá ba hubhaillmheall luaidhe do chóidh treimhit & ni tharttsat
¶123] Robadh móirécht an tí torchair annsin. Ba duiligh droichdhiach dimirt fair & niruó maith la Gaoidealaip an choigidh a oideadhsiomh uair ni epreadh goi friú & ba fer tiodlaicthe séd & maoine doibh é. Iar tternamh do oés an mhadhma gusan mainistir iompait muinter Ui Domnoill ina ffritheing & gabhait occ fodhbadh an fhianlaigh ro mharbhsat & og athghuin in oesa beóghoeite foghabhdais isin armaigh & oga ndichendadh. Tíaghaitt dia scoraibh iarttain co ffoilte moir & co subaighe & tugsat altugadh buidhe a ccosgair don Choimdidh & ro machtnaighset go mor a lúaithe ro mheabaidh forsna Gallaibh & aidhble a nuaille & a mborrfaidh occ saigid na hiorghaile & a nderghensat do bhaigh briathor & do thomhaithem forrosomh. Ba se aonglor na sochaidhe coleicc amail bidh a heinghion nó epértais nach a niort iomghona do sraoineadh forro acht corbo hi eatarghuidhe a duilemhan dÚa Dhomhnaill fótruair iar ttochaithemh glanruine cuirp Crist & a fhola dho hi tosaigh an laoi hisin & iar naoine ind onoir nahi naomhMaire an lá ríamh. Robadh dleacht dínsemh an tsaóghail a dalaibh an Ghoibernóra ar do bertha a chutromma dór & dargat ass mattain an laoi hishin diambadh hi cimbidhecht nó beith & an corp críadh asa ttiubhartha an erndail ionnmusa sin ni daoinleith ro gabadh laisidhe in nóin an laoí remraite dóigh rugadh a chorp día adhnacal co hOilén na Trionoide for Loch Cé i mbaruntacht Muighe Luircc hi contae Rosa Commain & a chend go Cuilmaoile i mbarúntacht Thire hOilealla i ccontae Sliccig hi ttaiselbadh dÚa {MS folio 59a} Chonchobair. Iomthusa na nGall iar ffilleadh úaidibh do muintir Uí Dhomhnaill do leiccet hi cenn tséda go tinnesnach for teicheadh in dorúaraidh diobh go rangatar da ttighibh fo mela & mheabhail. Fosaighit muinter Uí Dhomhnaill ina
¶124] Ro haisneideadh dhósaidhe cathraoineadh Coirrshleibhe for Ser Coneus Cliofort & a thuitim la hUa nDomhnaill. Ba dichreidmeach lais indsin goro taisealbadh cend an Goibernóra dhó. Ba doghailseachsomh de sin & ro ben ceill dia chomfhortacht asan ccarcair i mbui conad eadh do róine techt for eineach Uí Domhnaill & a oighríar o gach mudh do thabairt dhó. Ba daghairle dósomh ón a chodach & a charadradh dershnaidhm fri hUa nDomhnaill ar robtar meince a chuarta i ccoigcriochaibh & go sainreadhach i ccricchaibh Saxan dus an bfuighbeadh cabhair no comfhortacht dia nertadh i nagaid a esccaratt an tan sin nó an ccaomhsad ionatocht nó aitrebh a chriche no a chaomhfhorba acht chena ni chaomhnaccairsiomh indsin coro nenaisg a mhuinterus fri hÚa nDomhnaill don chur sa. Ba feirrde dhosomh on & ro tharmnaigh ní dho & día thir hi ccoitchinne an caradradh hisin ar do bheart Úa Domhnaill dírimhe do bhuaibh deochaibh & dinnilibh & da gach cenel cruidh & arbha archena i congnamh dUa Chonchobair conadh friusidhe rus cédaitreabh a thir cidh íerttain. Tuirthechta Teabóit na Long atchúas dósaidhe fon ccuma chettna sraoineadh forsna Gallaibh & toitim a nairigh & O Conchobair do thabairt asin caistiall atchoadhamar. Ro chinnsiomh occa ina menmain gan frithbert fri hUa nDomnaill ní ba siriu & ro nenaiscc a charatradh fris iertain & do roine a shith & conrairleicc don loinges remhraite iompudh for cculaibh gusan nGaillimh doridhisi. Ro sai Ó Domhnaill cona muintir dia ttigibh {MS folio 59b} íar mbúaidh ccosgair & ccomhmaoidhmhe. Robtar menmnaigh cédfadhaigh Gaoidil don chur sin & robtar mifiri meirtnidhe muinter na Bainrioghan.
¶125] Dala Ui Domhnaill baoisidhe i ffos iarsan ccaithgleo sin athaidh a mBaile an Motaigh & athaidh oile i Leithber i nDún na nGall & i mBaile Atha Seanaigh og aireag toile & occ ainius gan sniomh gan deithide gan uamhan gan uiregla do mhuir nach do thir fair andar lais. Amein dósomh o thosaig foghamair go mis December. In eacmhaing na ree sin do riachtatar techta dia shoigid co bfios scel leo co mbuí damhna deabhtha eitir Mac Uilliam Teaboit mhac Uateir Chiotaigh & Teaboitt na Long m Risderd an Iarainn. Niro fhodhaimh Úa Domhnaill gan dul do shiodhugad etarra co lion slóigh & sochaidhe & ó do dheachaid do dhuthaigh Cloinne hUilliam ro gairmitt na maithe remhráite ina dhochum & iar neistecht fochainn a nimresna dhó ro riaraigh etorra combtar siodaigh fri aroile ara fhorchongrasomh. O thairnic lais ernaidhm an tsiodha ro ghabh ailghes do chor chuarta i Cloinn Riocaird & ó ro asgna for a ionchaibh ní dheachaid tar Úarán Mor isteach don dul sin. Baoi fri re theora noidhche cona láibh i ccampa isin Machaire Riabach & hi comhfhochraibh na Gaillmhe. Do radadh i mbaoi do chreachaibh o chomhladaibh an baile mhóir amach dia shaigid daimhdheóin luchta na cathrach fadhein. Ro dolbhaitt sceóil iomdha asa los don chur sin gurro líonsat a mbaoi ó Ghaillimh co Leim Concculainn duamhan & duiregla do choimchriothnugadh & do chridheanbhás Uí Domhnaill ar andar la gach ndruing dhíobh & la gach taoiseach triochait chéd ba si a thuath budhdeisin cedna no oirgfeadh & ba sé a dhunarus robadh longphort dÚa Dhomhnaill cona shlogaibh iarna orgain leo. Acht chena nirbo hamhlaidh sin do rala doibh doigh ro fhill Ó Domhnaill dia thir afechtsa. Batar trá a mbuí hi ccoigead Uladh uile an tan sa ina linn láin ina ttapar techt & ina ttuineadh téigle gan gúais gona ná gabhala eighmhe na foireigne creiche na catha forra a haonaird dÉirinn & eagla an choigidh for gach entir ittir. {MS folio 60a} Ro thochaithestoir O Domhnaill ind aimsir asa haithle i sadhaile & hi soinmhighe co tosaigh samraidh ar ccind gan saigid vor neach gan neach do shaigidh fair Anno 1600.