Corpus of Electronic Texts Edition
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Author: Lughaidh Ó Cléirigh)
section 7
An Seiseadh Bliadhain, 1597
¶71]
Iar na tteglamadh samhlaidh a ndeiredh Ianuari .1597.
in marg. 1597. an 6. bliadhain docoislet tresan cóiccedh sairdhes
hi triucha chéd Ua nOilealla aisidhe don Chorann tre chlár
Mhachaire Chonnacht hi Cloinn Chonnmhaigh hi crich Maine
m Eachdach. O do riacht i neidirmhedhón Ó Maine ro léig
sernadh & sreathnugadh dia sgeimhealtoibh sgríobluatha fo
thuaith an Chalaidh & fo uachtar an tíre & donangatar cona
nairccthibh creach & cethra cona mbroitt & cona mbóghabáil
i ndiúidh laoi co baile Atha an Ríogh airm i mbóí Ó Domhnoill.
Ro dhalustair Ua Domhnoill Mac Uilliam Búrc (Teabóitt)
chuga gusan dú sin. Tainiccsidhe fo ghairm Uí Dhomhnaill.
As ann tra baoi an baile hisin edh mbeg o Ath Cliath Medraighe
sair. Ba daingen díothoghlaidhe eisidhe & niruo soirbh ammus
fair. Ara aoi ro ionnsoighset an slogh an dúnadh & focherdat
teinnte & tennála fria dhoirsibh for gach leth cora hadhannait
comladha claruaigti an chaomhdúnaidh dianechtair. Doberat
chuca iaromh dréimiredha dimora & áradha imleabhru & ro
lásat fri múraibh & balladhaibh an bhaile coro freasghabhsat
for taiblidh tiugharda an tréndunaidh for gach taobh. Ro
leabluingset araill diobh dona taiblibh go mbátar forsna sraittibh
ina sesomh iar nguin & airleach druinge dia ndeghlaechaibh.
Doléccet na doirsi óbhéla don tslogh asa haithle co ndiccset for
lár an baile. Gabhaitt for toghail na ttighedh taisccedha & na
tteghdhus ccumhdachta & na ccubhachal ffoirieta ro bhuí isin
dúnadh co ttarttsat eistibh a mboi inntibh dionnmhasaibh &
déttálaibh coro chroithset an chathair coléicc. Robadh cosccar
adhbhal {MS folio 35b} lá muintir na Bainríoghan an rioghchaistiall sin do
bhuing don fhianlach ro lingset an baile hisin diamadh iad
budhdheisin nó beith occa chosnamh friú. Acht chena robad
doiligh díochumhaing dréim frisan tí buí hisuidhe nách fria
mhuintir cén baoi an Coimdhe & an conách ag congnamh lais.
p.138
Bá dírímh doimhesta ina ttugadh da gach erndail edála asin
mbaile sin dionnmhus & diolmhaoinibh dumha & diaronn
derradh & dédach & da gach ní rangatar a leas an lucht batar
occá ionatocht & oga aittrebadh do thegar & do theglomadh
chuca as gach aird ó chein mair gósin.
¶72]
Airisidh Ua Domhnaill cona shlogh isin mbaile an
adhaigh sin. Fágbaitt an baile ara barach iarna orccain.
Doléccet a scceimhealta do chreachorgain Chloinne Riocairt
da gach leith don abhainn. Ro creachadh & ro cuartaigedh la
druing dona sgeimeltaibh sin ó Lethraith go Muigh Senchomladh. Ro loissccedh & ro léirsgriosadh lasan lucht naile
dhiobh ó bhaile Atha an Riogh & ó Raith Goirrgín siar go Rinn
Mhíl go Medhraighe & go dorus na Gaillmhe. Ro loisgedh
leó dana Tegh Brighde fil for ionchaibh na cathrach cétna .i.
Gaillimh ainmnighther ón abhainn forsro báidedh Gaillimh
inghen Bresail. Dogniat foslongphort & fianbotha fulacht &
feolchombach suan & samhchodal an adaigh sin eitir Uarán
Mór & Gaillimh occ Cloich an Linsigh. Dotháet Ó Domhnaill
cona shlogh ara bharach go Mainestir an Chnuic i ndorus na
Gaillmhe ar dháigh iomagallmha fri lucht na cathrach dus an
ffuighbedh caomchludh dia nerradhaibh iongnaithe & dia
sédaibh soinemhla uaidibh for araill dona creachaibh batar occa
ar nirbhó sodhaing dia mhuintir ina mbaoi do chrodh & do
chethra oca do thiomargadh nach do thiomain leó dia nathardha
& dana robad menmarc laisiomh gan tiontúdh dia thir (munbadh
aidhble édála a shlóigh) go rochtain dó go Gort Insi Guaire i
Cenél Aedha na hEchtgha. O na fuairsiom an roba lainn lai s
o lucht na cathrach ba fair desidh occa filledh {MS folio 36a} ina fhritheing
go rainicc tria cheirtmedhón coigidh Connacht gan anbhuain
gan uiregla gan fhaitches gan fhuireachrus go rochtain dó
tarsan Sligech tar Duibh tar Drobaois & tar an Samhaoir
badhthuaidh.
¶73]
Tuirthechta Uí Chonchobhair Sliccigh atfiadhar sunn
setal naile : tarcclomtha sluagh mór lais do Ghallaibh & do
p.140
Ghaoidhealaibh do theacht gusan Sliccech i mí Februari gar
biocc iar nIomulcc. Do rala O Domhnaill an tan sin i
cCalraighe i foslongphort fri Sliccech anair hi foichill forra
& a naires dála dhóibh. Do bert fuabairt amhnus forro resiú
rangatar gusan Sligech. Ro theichset riamh & do retláiset aire
acht madh uathadh tarrastoir dhíobh occ Tráigh nEothaile.
Gontar baiter drong mhór dhiobh. Ro marbadh ann dana mac
do Uilliam Búrc .i. Riocard mac Uilliam m Risdeird m
Oileuerais & araill nach airmhither sunn. Soais Ó Conchobair
for cúlaibh & niba slán lais a menma im thuidhecht an turais sin.
Tanuicc Ó Domhnaill dia thigh & doléicce eisreidedh & sccaoiledh
dia shlogh con telcctis a scís acht namá fosrágaibh aés amsaine
& tuarustail hi coiccedh Meadhbha i foichill coccaidh Uí
Chonchobhair & na nGall & Niall Garbh Ó Domhnoill dia
deirbhfhine badhdeisin i ttaoisigheacht leó. Gabhuitsidhe for
innradh & aidhmilledh na nGaoidelthuath remideochatar hi
combaigh na nGall & Uí Chonchobair con tarttsat for ccúlaibh
doridhisi drong mhor dhíobh. Tanuicc ann cétus Mac Diarmada (.i. Conchobar) túisiuch Mhaighi Luirg fil fri Coirrshliabh
na Seghsa anairdes co rusnenaiscc a mhuinterus & a churu fri
hUa nDomhnoill an dara feacht & co ttaratt a oighriar ndó
febh roba bés dfhior a ionaid dogres. Do rónsat toisigh na
ttuath fil fri sliabh atuaidh go muir an ccétna & do rattsat a
ngéill & a naitirc dUa Dhomhnoill fri comhall gach neith ro
thingheallsat.
¶74]
Ba i neacmuing na ree sin .i. i mís April donainicc long
ón Spáin go nuathadh foirne daithreós na nGaoidel. Ro
ghabh port hi ccrich Conuill m Néill hi cuan na cCeall mBeg
sainredh hi Tír Boghuine iar niarthar allanair don ghlionn inro
bennach an Columb airderc. Tangatar aissidhe {MS folio 36b} airm a mbuí
Ó Domnaill go Dún na nGall. Roptor foiltigh cach diob fri
aroile & ro fiadaighitsiomh co hairmhittneach la hUa nDomhnaill
& do rat asccadha con & each doibh & iomsoiset ass for cúlaibh
& doberat sccela na criche leó.
p.142
¶75]
Tuirthechta Meic Uilliam Burc atfiadhar sunn. Ro
toifnethar asa thir la hiomfhorran a cheniuil badhdeisin & la
geraitecht Gall uair ro naidhm Ua Conchobair Sliccigh codach
& caratradh eitir a chliamhain (mac Meic Uilliam Burc) .i.
Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn m Dauid m Emainn m
Uillicc & an goibernóir Sir Coneus Clifort coro hathchuiredh
& gurro hionnarbadh lasna maithibh sin cona ttionol Mac
Uilliam Teabóitt m Uatéir Chiotaigh asa athardha gurbo
héiccen dó ascnámh go Cenél Conuill m Néill. Iar tteacht
dósomh airm a mbaoi Ó Domhnaill dacaoine a imnid fris ro
airis ina fhochair go midhmhedhón samhraidh. Doghní
Ó Domhnoill sloighedh a ndeiredh Jun go cóicced nAilealla
con tulaidh tar Muaidh Ua nAmhalgaidh. Ni chaomhnaccator
an chríoch frithbert fris go ttarttsat a ngéill dhó. Do bertsomh
do Mac Uilliam. Ro sai Ua Domhnaill ina fhritheing iar
ffágbhail na criche fo aittitin & umhla do Mac Uilliam & fosrágaibh Rudraighe Ó Domhnuill (a derbhrathair badhdhéin &
rioghdamhna Ceneoil cConuill) na fhochair dia nertadh i
nagaidh a namhatt go slogh mór dia miledhaibh traighthech
& dia amhsoibh tuarustail imaroen ris. Ba foirmteach tra
Teaboid na Long fri Mac Uilliam imon fflaithes & dana beós
nirbhó sainshercach im Ó nDomhnoill dia oirdnedh fora
belaibh. Nirbho lugha immorro mioscais Uí Chonchobair
Sliccigh im Chenel cConoill & im Mac Uilliam conad aire sin
ro ghabh ailghes & occobar iat dibh linaibh im aithe a nanfaladh
& a neccrattais for Mac Uilliam & for Cenel Conuill sainredh.
Basedh do ronsat i ngaruair iar nimthecht Uí Dhomhnaill
slogh mor do Ghallaibh & do Ghoeidhelaibh do theglomadh
& saigidh for Mhac Uilliam co rostoifnisiott asan tír cona
mhileadhaibh uair ni forroelangair an foirlion baoi ina
aghaidh & ó ro thriallsomh cona ógaibh fágbhail an tíre do
iomaighett {MS folio 37a} rempa cethra & innile na criche cona naitreabhthachaibh tar Muaidh Ua n Amhalgaidh & tre Thír Fhiachrach
Mhuaidhe co rangatar Sliabh Gamh ria nadaigh. Gabhaitt
occ asccnamh an tsléibhi fott na hoidhche.
p.144
¶76]
Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort o focherdsomh
Ó Conchobair & an slogh atrubhrumar do thofann Meic Uilliam
asa thir ro thochuir chuige an lion as lia forcoemhnaccair do
shochraide. Donangatrar ann an da Iarla batar isin ccoigedh
Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh
Uí Briain & Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh m Uillicc na cCeann & a macsaidhe Riocard Barún Dúin
Coillin, & Murchad m Murchada m Diarmada Uí Briain Barún
Innsi Uí Chuinn iaitsidhe uile cona sochraitte. O do
riachtatar co hairm a mboi an goibernoir doieghat uile for cind
Meic Uilliam cona óccaibh an conair na coemnacctar do
sheachmall & in robad deimin lais i foghbhail chuga edhón
gusan ccaistiall fil for abhoinn mhoir fri Sliabh Gamh anoir &
Sliabh da Én aniar Cuil Maoile a ainmsidhe. Ba conair choitcheann & ba sétt suaithnidh an mennot hisin. Baoi an goibhernóir isin caistiall an adhaigh sin & slogh mór do ghleire laoch
armtha eidighthi narbo lugha olttatt coig céd décc a lion i
foichill forsna Gaoidhealaibh. Atcoas do Mac Uilliam &
do Rudhraige Ó Dhomhnoill an goibernoir do thocht rempo
forsan slighidh naro fhedsat diomghabhail. As fair deisidh
leo ó rangattar ria mattuin tar muinchinn an mhaighshlebhe
atrubhromor saigidh gusan abhainn foa nerchomhair a
ngarfhoccus don chaistiall & a ccethra & a ninnile a ngiollanradh
& a nglaslaith & an drong bá diairm aca do léccad uatha i sligidh
ba hinnille inás edh imchian ón ccaistiall. O ro batarsomh
uathadh daoine a naithfhegadh na nallmharach niró shaighset
forra acht dol tarsan abhainn gan rathugadh dóibh amail naro
shaoilset & basedh doruimnet co ndernsat innillios & iomshnadadh dia ccrodh & cethroibh & giollanraidh o ro ghabsat
feisin a ccomfhochraibh an chaisteoil for belaibh an tsloigh
echtronn ionn us gomadh iatt on foibérta tar cenn a muinntire.
Ni hedh do rala dhóibhsiomh éimh an ní ba menmarc leó
acht do chótorsomh tarsan abhainn go mbatar don tóibh araill
p.146
gan ráthugadh gan fhorchloistecht. Ba isin tan sin atracht an
goibernoir cona allmharachaibh asa suan la sestan & seiseilbe an
tsloigh acc dol tarsan abhainn. {MS folio 37b} Ba méla mór lasan goibhernóir a ndul seice resiú tarraidh greim forro. La sodhain
atchualator buiredhbeicedh na mbó & na ndamh & allghlor na
nanm ann néicciallach ag coimhfhreccra a chéle & fogharnuall
oesa a niomána & a naegairedh allanair diobh isin dedhóil
muich. Doleiccet a marcshlógh na ndrongaibh & ina ndiormaibh fo chomghair na cceathra dus an ttairsitís. Dusnairthet on
dírímh dona hinnilibh & atrulat as aroile dibh. Gonait drong
mór dona gillibh & does na hiomanu. Niro fhedsatt a slogh
feisin a nedrain nach a nanacal la hanforlonn & iomat an tsloigh
do rala fora nionchaibh. Tieghait na Gaeidhil ass samhlaidh
co rangatar tar san Éirne badthuaidh & niro lensat na Goill ar
ndol táirsibh doibh an céttna fecht amail ro aisneissiom. Soais
an goibernoir ina fhritheing & nirbho slán lais a menma ótrulatar
a namhait aire ierna bfaghbáil in uathadh & ier ngabháil forro i
náit niomchumhaing amail rongab. An 29. Juni do rala ind sin.
¶77]
Donanuic tra Justis nua i nÉrind i tosach mís medhóin
an tsamhraidh doshunnradh .i. Lord Borough Tomás a ainm.
Batar iomdha iolardha an ógbadh iorghaile & an fianlach
tachair & troda do bert lais ina chaoimthecht. O do riacht ro
gabh orlaimh cloidhim an Rígh chuga & ro cumhscaighedh
lais Sir Uilliam Russel baoi ina Justis fri ré theora mbliadan
gósin. Do benadh lais bheós generalacht an chogaidh do Sir
Seon Noruis & ro oirdn é baddein isna céimibh sin. Ro
forchongradh lásan Justis sin for ghoibernoir choiccidh Olnécmacht tocht co lionmar léirthionoilte for Cenel cConaill isin
cend thiar do choiccedh Conchobair daithe anfaladh & eccraitis
p.148
Gall forra. Niruo héislisech ro freastladh an forchongra sin
lásan ngoibhernóir & robad slaindiodhnadh mór lia mhenmuin
día ttisedh de a ainchride & a innire do dhiogail for Chenél
Conuill Gulban m Neill seach cách. Ro tarcclomadh & ro
tionoiledh lais in roba riarach dhó do Gallaibh & do Ghoidelaibh
an choiccidh & ro dháil ina ndochom go mainistir na Búille an
3. la do August. Do riacht cédamus isin toichestal sin Iarla
Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí
Briain. Asé ba tigerna for gairbhfheronn Luighdech Mend m
Oenghusa Tírigh fil frisan Luimneach atuaidh ar sé an Lugaidh
hishin ro ben an mbloidh thire atrúbhromor do choigedh
Olnéccmhacht goro threabhsat a shiol ina dheadhaidh. Donanuicsidhe go ttionol na Tuadhmuman ima {MS folio 38a} roén ris. Tainicc
Iarla Cloinne Riocaird isin toichestal chédna co leirthionol a
thire ina fhochair & cona mhac Riocard mhac Uillicc m Riocaird
Saxanaigh do shliocht Uilliam Conquerer. Do Fhrancaibh iar
mbunadhus & a criochaibh Saxan do dheochator a cenel an dú
sin conad uaidibh ainmnighther an feronn. Tanaicc dana
Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn cona shochraide.
O Conchobair Sligigh Donnchad mac Cathail Óig m Taidhg
m Cathail Óig & Ó Conchobair Ruadh Aodh m Toirrdealbaigh
Ruaid co llion a muintire immaille friú. Ro fhaoidh immorro
an Justis drong dia shochraide go Gaillimh go ttardataois
gonnadha móra dia saighidh gusan Samhaoir.
¶78]
Iar tteglamadh an tsloigh co háit naonbaile go mbatar
hi mainistir na Seghsa da bhanna ar fhichit do mhiledhaibh
traighthech & deich mbanna marcshloigh do ghlere glanshloigh
cona ccotúnaibh comdaingne cruaidhiaroinn & cona semonnlaighnibh siothfhoda slinnlethna & go ngunnadaibh gutharda
gérradharcacha & co cclaidhmibh caoilghera cottaidrighne cona
niomdornaibh aille iomdhlúithe & co ccathbharraibh cíorchroma
coccuasta gurbó lanshaoilechtain leó na baoi acmuing a bfreastail
hi cóiccedh Conchobair m Nesa la hallmhardhacht & ainetarghnaidhe a nairm a néittidh & a ninnill uair ni rabhatar trealmha
diobhraicthi lásna Gaoidelaibh an tan sin acht madh beg &
p.150
nibtar éitighthe foa niontsamailsiomh. Do asgnáttar iaromh na
sloigh sin go Sligech & asaidhe co hÉirne. Gabhait longphort
an adaigh sin ós ur Samhaire. Ba fair deisedh leó isin muichdhedhoil ara bharach ionnsoigidh na habhann foa nerchomhair
gerbho deimin leó na baoi aon áth ó Chaoluiscce go hEss
Ruaidh gan iomchoimhet ó Ua nDomhnoill fair. Ó ro
chinnset foran ccomhairle hisin ro chéimnighsiot co hÁth
Cúil Uain an tsainredh ina ttuintibh troma toirtemhla gurro
doirtset i naoinfhecht & i noenfhabhall dia shaigidh. Ro
ghabhsat na coimhedai dhe batar an dú sin ag cosnamh an átha
friú amail as deach ro fhettsat ceni bátar lion a chosnamha
frisan anforlonn do riachtatar chuca. Ba fuilech fobartach ro
gabhsat for freastal a namhat gurro lingset an ler sloigh an táth
dia naimdheoin forra fo dheóidh. Acht chena do marbhadh &
do baithedh echt mór annsin on tslógh echtaircheneóil .i.
Barún Inse {MS folio 38b} Uí Chuinn Murchadh mhac Murchadha m Diarmada m Murchadha Uí Briain uair baoisidhe eitir a muintir
& iomdomain an atha dia nimdheagail for ghuasacht gurro
haimsedh go hindilldírech eisidhe do phluicmheall peleir ina
oxaill i nurosccladh a eididh pláta gurro threghdustar é on
derc ocsaille go aroile & gero batar a ceathair no a cúig do
miltibh fer ina uirthimcheall niro chumaingset a anacal nách a
fhoiridhin gurro eidirdeligh fria each hi fudomhain an átha
conadh amlaidh s in do rochair an daighfhear. Niro ansat an
slógh fri tógbáil a chuirp ina fria adhnacal amail robad dior
acht ro asgnator reampa ina réimim go rangatar co Sith nOédha
ós ur an essa. Dia Sathairn araoi laithe sechtmhaine ind sin.
Ro ghabhsatt longphort an dú sin & araill díobh isin mainistir
mhonach baoi for ur Uinnsinde. Batar amlaidh sin ó ghar
biucc ria medhón laoi dia Sathairn go madain an Luain ar ccind.
¶79]
Tuirthechta an loingis imrordaighsiom i ttosaigh ro
toghairmedh lásan ngoibhernóir ón nGaillimh día shaigidh
ro lásat an drong forsro herbait tocht an turus sin a loingeas
forsan lionnmuir i nGaillimh fri hiomchor & iomfhulang a
ngunnadh nguthard nadhbhalmhór nainettargnaidh do dhian-
p.152
blodadh & do dhíoscaoiledh dúintedh & daingenchaistial a
namhat. Ro cuirit intibhsidhe gach ní ba hadhlaic don tslógh
archena. Seolait asendadh lamh des fri tuaiscert an choiccidh
go rangator gusan Éirne dia Domhnaig sainredh. Ro ghabhsat
caladhphort for ionchaibh Insi Saimher & do chuirset ina mbaoi
leó dia niomfhulang citir bíudh & cormaim & da gach erndail
rangatar a les an ccein no beitís occ iomshuidhe an chaisteóil
isin insi dia Luain. Ro tairrngit leó an tordanás mór i tír &
ro shuidighset eneach i nionchaibh don dúnadh baoi for ur
Atha Senaigh. Do riachtatar an lucht batar isin mainistir gurro
fhosaighset uile for iond Sithe Aodha i nuirthimcheall an
ordanais. Gapait iaromh og fraisdiubhrugadh a ccaoirmheall
ccomhthrom & a ttorainnphelér tteintidhe co cclos a bfuamanna
& a bfogharthormán i fod nimchein {MS folio 39a} uaidibh. Ro lásot
nuimhir díairmhe do roignibh a loechraidhe fo bhun an baile
co ttrealmaibh toghalta muir leó & go néittedh niomdhaingen
niarnaidhe im chorpaibh na ccuradh & go ccathbarraibh
comsholusta ima ccendoibh. Baoi lebhenn lainderdha do
chruindsciathaibh coimhlethna cruaidhiaroinn ina niomthacmhang anechtair dia nimdheghail for diobhraicthibh na
druinge dichoinnercle deghlaoch do rala isin dúnadh. Batar
gan anadh gan ionnuaradh ogan imdhebaid sin co cenn tri
la & theora noidhche Luan Mairt & Céttaoin. Acht chena
nirbo torbha dona hallmharchaibh an fhuabairt do ratsat
& ba ferr dhoibh na digsitis an turus tudhchatar uair ro
dailte asan dúnadh forra froischetha caor ttaidleach tteintidhe a
gunnadhaibh fosaighthe fírdhírghe & a musccaetaibh morchostais. Araile do chloichthres carrag cenngarbh & tromchloch
tuinidhe do shailghibh do shonnaibh do rala for taibhlibh an
dúnaidh conarbho díon no daingen dóibhsiomh a ccuairsceith
coimhrionnta no a ccathbairr coinnleacha corbat mionbrúite
mudaighthe i medón a neittedh niarnaidhe dona tréndiubraicthibh tarlaicthi forro. O ro mudaighit na milidh go mór
ón mudh sin ni foraolangdar fuireach fria nairleach ni ba siriu.
p.154
Do ratsat a ndromanna fria naimhdibh. Meabaidh maidhm
diobh gusna scoraibh. Gabhaitt oes an dunaidh occa ndiubhragadh ina ndedhaidh goro marbhait dirimhe & cinnteach ar
eccinteach diobh. Atrulat as aroile diobh ite beoghonta
biothainmeach.
¶80]
Basedh do rala dUa Domhnaill beith i teirce slóigh & i
nuathadh sochraide an Satharn donangatar an tromdhamh
doiligh diogaltach sin dia thír. Ro chruinnighset & ro tharccloimset a thoicheastal ria medhon laoi dia Luain ina dochom
ar nírbat eisledhaigh dogres im thuidecht fo thoghairmsiumh
gach tan no chuingedh cuca toidhecht ina dhail. Dothaot ann
cétus Maguidhir .i. Aodh co lion a mhuintire. Do riacht ann
dana Ó Ruairc Brian Óg mac Briain m Briain Ballaigh m
Eogain cona thionol. O do ruachtatorsomh go hUa nDomhnaill
niro leigedh ciúnus nó cumhsanad i llo no i noidhche don
ghoibhearnoir nach dia mhuintir. No chuirdís sluagh Uí
Dhomhnaill ciomhsa an champa {MS folio 39b} Chonnachtaigh ina cheirtmhedhón & a lár ina leithimeal & niro leigedh a nomhan nó a
nuiregla dhóibh a neachra no a nairnéis do chor for inghelt
tar imealbhord an longphuirt inechtair la haidhble an iomchuimhge a mbátar occa mbiodhbhadaibh. No bíodh iomruagadh
& imdhiubhraccad gach laoi eitir an marcshlogh adiú & anall
fri ré na ttri lá ro bhatar an sluagh Gall occ ionnsoigidh an
dúnaidh. Ro gonait & ro treghdait sochaide etorra sánchán
an airet sin acht namá ba móo ro crechtnaighit an sluagh Gall
oldát na Goedhil. Ba dona huaislibh ba herdeirc ro gonadh
uaidibh an tan sin Ua Conchobair Sligigh Donnchadh mac
Cathail Óig. Ro soadh for mharcshlogh na nGall fodheóidh
isin treas laithe gusna scoraibh co mbatar mescc ar mhescc frisna
traightheachaibh. Scarait iaromh friaroile & ni tria shainsherc
ro scarsat acht uaman aroile dia netarghaire.
¶81]
O ro rathaighset na Gaill gaisccedh & geraitecht na
nGoidheal dfhás & dinfhorbhairt tairsibh amail náro shaoilset
ba méla mór leo tuidhecht an turus tudhchator trea bfarccaibhsiot
p.156
dia ccuradhaibh imon ccaistiall & la sluagh Uí Dhomnaill
don leith naile & gabhail forro isin ccúil chumhaing i teacomhnagair i teannta occa nesccairdibh cona baoi ina ccumang
soadh for cúlaibh do shaigidh an átha tarsa ttangatar i ttosach
ina ionnsoigidh nach átha naile ótha Loch Éirne ingine Buirg
gusan muir móir. Ó do riachtatar an sluagh Gall dia scoraibh
nírbho sáimh contuilset & nírbhó menmnach rugsat as an
adaigh sin la huamhan & cridhenbhás Cheneóil cConuill ar ba
derb lásna Gallaibh guruó hasa leósomh a noidedh ar énlathair
inás a neineach do breith. Gabaid an goibhernoir na hIarladha
& na maithe atrubhramor ag crudh a ccomhairle ó urthosach
oidhche dia Cedaoin go muichdhedhoil maidne dia Dardaoin
dus cidh doghendais imon nguasacht nanffoil baoi for cind
doibh conadh fair deisidh leo fo dheoidh ó ro gle banshoilsi an
laoi forro asgnamh fori nionchaib asan maigin i mbatar do
mhullach Sithe Aodha dionnsaigid na habhann uas ur Essa
Ruaidh i fail narbho conair choitchend do daoinibh riamh
gósin acht namá muna digsitis curaidh no trenfhir tairsi hi ttart
samhraidh {MS folio 40a} do fhromhadh a neirt & a niadhachais. Deithbir
on ar basedh anmuim an ionaidh sin ro ionnsaighset forsan
abhainn Cassán na cCuradh. Ro bhaoi dana nert mór oga
ngresachtsomh chuga don chur soin .i. eigen & uaman gurro
doirtset i naoinfhecht ina naonbroin dluith deinmnedaigh gusan
abhainn foa nerchomair. Duthraiccset an drong ba tóisencha &
ba déidhencha dhiobh go mbadh i neitirmhedhón an tsloigh
no suidighthe iad araba uathbhais & ainetarghnaidhe na habhann
fora cciund & ar imegla & cridhenbhás a namhat dia ttograim
ina ndiúidh. Ro fhagaibhset a ngunnadha móra & a nordanás
& gach ní baoi leo naro chumhaingset diomochor eitir biudh &
digh & gach naidhilge archena. Do bertsat iaromh a nuchtbhruinne foran sligidh nagairbh nannaimh nainmeinic sin & ro
baoi do threisi & do thrennert hi sruth na senabhann (amail
roba bés di) & dainetargnaidhe na druimleice duibhshleimhne
p.158
mar chonair coitchinn do thromshlógh & dana deneirte & do
adhlaige na nGall desbaidh airberta bith gurro baidhit ile dia
fferaibh dia mnáibh dia neachaib & dia ccaiplibh go rucc trethan
an tsrotha i fudhomhain Eassa Ruaidh iatt & aisidhe siar gusan
muir móir.
¶82]
O ro rathaighset lucht an dúnaidh an sluagh ag elúdh
samhlaidh gabhaitt occá ndiobhraccadh amail as deine conrangatar. Ro freccradh iaidsidein ón foirinn do rala i rémthus
& ranuic gusan mbruach alltarach. Ro ghabsat occ deabaidh
tar cenn na druinge roba dedhencha co cclos a fuamanna &
a ffogharthorman & a mac alla fóna criochaibh comfhoiccsiu co
mba samalta leo corbo he toirneach & trethan na ndúl nemhaicsidhe atchualator a huachtar aeieóir & a fírchleithe firmaimenti.
An tan tra atchualaidh Ó Domhnaill diubhraicthe na debhtha
& mac alla na hiorghaile atracht asa phupull fochétóir & atrachtsat
an sluagh archena. Tieghait ina ttrelmhaibh troda co tinnesnach
& docoislet ass dochum {MS folio 40b} na habhann do tharrachtain na nGall
amail as déiniu ronuccsat dia alaile. Ní tháirsiot greim forro
go mbátar forsan mbruach araill don abhainn. Ro gonaitt ro
baidhit iliomat do dheiredh an tslóigh & ni derghensat acht
brigh mbicc de ó do érnátar a nuasail & a nairigh a ttoisigh
iomghona & a lucht céimenn & cadhusa. Robtar buidigh
iai tsidhe do breith a nanmonn ó dhiubhraicthibh dirghe
domhainchréchtnaighthe lochtta an dúnaidh & tarsan sruth
ndermháir ndífhreccra tarna tudhchatar trenfhir gan tuisledh
gan tiughdhail riamh remposomh.
¶83]
Do thaót dina Ó Domhnaill ina lenmain darsan abhainn
acht namá niba sain conair docengat. O do dheachaidh an
goibhernoir cona shlógh tar Eirne samlaidh focherd a mhuintir
ind inneall & i norducchadh. Do ratt a dhaimh & a groidhe
infhedhna fén & cartadh (batar lasan slogh diomfhulang a lóin
& a naidhilge archena) a ngiollanradh & a noés diairm & gach
aen no gonta dhíobh etorra & moir. Baoi feisin cona díormaibh
p.160
daghshlóigh cona amhsaibh & cona ógbaidh don taoibh araill
& ro la a oes diubraicthe fora mbélaibh dursclaighe & diomchosnamh dar cenn a nuasal & a naireach cona héta a ttacmhang
na a ttimchealladh ara fheabhus ro suidighit. Ara aoi sin ro
fhersat muinter Uí Domhnoill deabaidh diochra friu goro
gonta ile etorra desiú & anall & go ffarccaibhthe eich & daoine
an lá hisin. Gabaitt na Gaill an tucht sin lámh des frisan
muir. Ferthar glés fleochaid forra iertain & ba hainaicenta
a med. Ro foirghitt na fiora desidhe gorbo hinbfechtain
don loechraidh a nairm diomluadh la haidble an fhleachaidh.
Ba moamh ro laisidhe for mhuintir Uí Domhnaill oldás
forsna Gallaibh iarna ndiétgadh uair ro fhagaibhsiot a fforbhrata
a nasana ionnfotta & a niallchranna & aroile dia nétgadh la
tinnenus & la trice na tograma do tharrachtain na nGall. Batar
an di shochraide foran apairt sin occan imdheabaidh ro raidhsemor & occ téttarrochtain boeghail aroile go riachtatar tar
Drobhaois tar Duibh & {MS folio 41a} go Magh cCéitne. O robtar sccithigh
muinter Uí Dhomhnaill don tograim iompáit ina bfritheing
& atrulat na Goill dia ttighibh fo mhéla & aithis. Acht chena
robtar subhaigh forbfaoilidh araba a neludha asna gaibthibh
i mbatar & ní dernsat acht brigh mbicc dia ffargaibhsiot o do
érnatar feisin. Nirbhó samhlaidh dUa Dhomhnaill niro
fholartnaigh dhósomh a mmelachtnugadh gan slan a mhemnan
dfhaghbhail forra & ro ghabh occ mairgnech & occ mifir co mor
ima tternúdh uadh an tucht sin. Bátar hi Sliccech an adaigh
sin. Basedh a ccetna huidhe ara bharach dadaigh i Mainistir
na Búille & an tres oidhche hi tuaith Atha Liacc. Hi fel
eitsechta na hí naomh Maire & hi coicc decc August araoi
laithe mhís gréine atrulatar an sluagh sin dar Samhaoir.
¶84]
O do rionntáiset na maithe sin dibh lionaibh dia ttighiph
nírbho suanach sádhal ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill
cona shochraide i mbuí rempa don fhoghmhar sin uair gach
p.162
tan no thómhaithedh eigendáil nó anfforlonn o Ghallaibh for
Ua Néill (Aodh m Firdorcha) nó fhaoidedh litri & techta co
hUa nDomhnaill déccaoine a éttualaing fris dia áil & dia athchuingidh im thocht dia chobair & dia chomfhurtachtt an tan ná
faghbhadais Gaill a bhaoghal badhdein & na leigedh a noman
dóibh bith occ forran fair. Ba doiligh dichumhaing do nach
naon naile na hastara eitirchiana na sluaighthi siublacha & na
deabhtha duilghe no fhreastladh hi coiccedh nAilella ina thír
badhdein & gach tan nó theigedh i Tír nEoghain hi tóirithin
Uí Néill. Nirbho cian baoi Ua Domhnoill i ffos iar nimthecht
an ghoibernóra & na nIarladh amail ro rémhaisneidhsiom an
tan tangator techta Uí Néill do shaigidh Uí Dhomhnaill dia
aisnéis dhó co mbuí an Justis (Tomas Lord Borough) Iarla
Chille Dara (Henri m Geróitt) co sochraide Gall fer Midhe &
Laighen occ tocht co Tír Eóghain ar tharraing & ar thionchosg
Toirrdhelbaigh m Énri na nGárthadh m Felim Ruaidh Uí
Néill & ro fhaoidh {MS folio 41b} chucca tocht co líon a thionóil dia chobhair
& dia nertadh i nagaidh a namhatt & ro thingheall bheos cecip
tan naile do riccfedh Ua Domhnaill a les tocht dia chomhfhurtacht co ttisedhsomh ina thoirithin cen esnadadh gan
iomfhuireach. O ro erlegh Ua Domhnaill na litre ro fhorchongair fora thoichestal tionol as gach aird ina dochom fochettoir
uair nírbhó lainn lais Ua Néll do bith isin éigen i mbuí gan a
lá bágha do thabairt leis. Deithbir ón ar niruó coimdigh coro
chin dia ccenél araon dias lasar dhile & lásar thocha aroile oldatt
an da Aodh sin batar codhnaigh & bátar flatha fora cenelaibh an
tan sin. Dothoet iaromh Ó Domhnaill i traitte co hairm a
mbaoi Ó Néill co ndíorma moir dia mharcshlogh & dia mhiledhaibh imaroen fris & aroile diobh ina lenmhain ar niro airis
siomh ina nóighe friu la tinnenus ar uaman na nGall do
thuidhecht i Tír nEogain cidh riasiú tisedhsom gusan maighin
i raibhe Ua Néill.
¶85]
Dála an Justis & na nGall atrubhramor tangatarsidhe co
slogh lánmhór líonmar leirthionoilte go Droichet Átha aisidhe
p.164
co Traigh Baile go hArd Mhacha conar ansat co rangatar co
hur Abhann Móire. Foghabhat Ua Néill & Ua Domhnaill cona
sloghaibh fora ccind an dú sin. Nirbho sodhaing saigidh foran
bfochla leomain & for an ned ngribhe do rala tul i tul friú.
Airisis an Justis cona shlogh & ro ghabh longphort i ngarfhoccus
don abhainn ar ba derbh lais narbo réidh dhó nách dia shlogh
asgn ámh fora nagaidh ni badh síre. Ba fuileach faebrach
crechtach croilinnteach debthach diubraicthiuch an fiadhugadh
fos ruair an Justis cona mhuintir o shlogaibh Uí Néill & Uí
Dhomhnaill ag cosnamh a ccriche & a ccaomfhorba friú. Nirbho
ní an do righensat do chalm a riamh na iaromh occ imdiden a
nathardha ara neccraittibh i naithfhégadh an roba díor dhoibh
do dénomh dia ffestais an tan sin na huilc iomdha do rala
dhóibh cidh iarttain robadh eimilt daisneis an {MS folio 42a} or sa. Acht
chena niro léigedh suan na sádhaile codladh na comhnaide
ionnsoigidh na anadh dhoibh i lló na i noidhche gan deabaidh
& diaindi ubhragadh forro dogrés ona Góidelaibh gurbo dírimh
inro marbhait & inro mudaighit dia marcshlógh merdha moirmenmnaigh & dia noccbaidh amnais aindiuid & dia neachaibh
aille allmhardha.
¶86]
Aroile laithe i necmaing na ree batar an tucht sin ro
ghabh ailghes an Justis do dul for ind na telcha do rala ina
chomhfhoccus do midheamhain & do mhóirdhegadh an tíre
ina thimchell & ba ferr dó na tísedh an toisg tudhchaidh uair
do regaimh araill don gasraidh Ghoidelaigh tul hi tul dó isin
maighin sin & fighit iomaireg amhnus aindrenda & deabaidh
dána doiedrána frisan Justis & fri hIarla Cille Dara & frisna
maithibh do rala ina caoimhthecht gurro marbadh leo aran lathair
sin ardmhaor an tslóigh co ndruing mhóir do chaiptínibh & do
dhagdhaoinibh nach ttabhartor a nanmanna i foraithmhet
nach hi cuimhne cénmothá inro marbadh dia ndaosccorshlogh.
Do marbhadh ann dana derbhrathair mná an Jústis. Ro
mudaighedh beos araill do muintir Iarla Chille Dara & ro
gonadh an tIarla feisin. Gidh e an Justis tra ni thérnaisidhe gan
crechtnugadh asan iomaireg sin. Meabhaidh maidhm forra
p.166
gusan tenn & gusan tairisiomh baoi leo gusan ccampa & munbadh
a fhoiccsi doibh baoisidhe ni ragadh sceolanga uaidibh ina
mbethaidh chucca. Iarla Chille Dara dana rob éigen dó ceileabradh don Justis fobithin a chrechtnaighthi & triall dia thigh
& ó do riacht co Droichet Atha atbath isin mbaile sin do neimh
& do thiachair a ghon. Rugadh a chorp dia thaisbenadh da
chairdibh co Cill Dara & ro hadnacht leo e i nothairlighe a
shen & a shinnser go nonoir & go nairmhittin amail robadh
díor. Dála an Iustis ro shai ina fhritheing ara bhárach go
ranaig go hArd Macha & ba for imochor i nárach nó hi carpat
baoi a chorp oga thairisibh & oga shainmuintir an lá sin. Rugadh
iarttain co hIubar Cind Tragha & atbail annsin dia ghonaibh.
Iompait an sluagh Gall dia ttigibh fo mhela & aithis amhlaidh
sin. Ro thriallsat Cenel Conaill & Eóghain {MS folio 42b} soadh dia ndúinibh & dia mbailtibh bunaidh go subha & co soimhenmain
iarsan ccosgar sin. Tiomnais Ua Domhnaill celeabradh dUa
Neill & rob aidhlescc la cechtar nae dhiobh scaradh friaroile.
¶87]
Ba foda lá hUa nDomhnaill batar Goill coigidh
nAilella i saimhe gan ammus forro & forsan lucht ro nenaiscc
a ccura friu fodheóidh & do róine a muinterus frisiomh
iarna tregadh a ttosach. Ba dibhsidhe O Conchobira
Ruadh (Aedh m Toirrdelbaigh Ruaidh). Ba mioscais la hUa
nDomhnaill eisidhe óro ernaidhm a muinterus frisna Gallaibh
gerbho cara do feacht riamh. Baoísiomh oga sccrudadh ionnus
no oirgfedh a chríoch.Ba duiligh émh eisidhe uair ba hinnill
iomdhoraid an mendat i mbui an tÚa Conchobhair hisin &
ba gharfhoccus dó airm i láifedh a innile & a mhaoine archena
ar iomgabail a eccrat mana tiosta gan rathugad fair. Ro
thingheall Ó Ruairc dhósomh nachasrelgfedh Ó Domhnaill
dia orgain gan rabhadh & airchisecht úadhasomh dó. As fair
desidh la hÚa nDomhnaill a shlogh do theglomad & dol isin
coicced. Do choidh din goro airis fri Glenn nDallain aniairdes
Gabaid longphort isuidhiu. Basedh muinbeach do ratt im
p.168
Ó Rúairc dus an oirgfed Ó Conchobhair tairis foidhis techta
chuga dia thochuiredh ina dhail gusan longphort & dia radh
ris tocht ina dhochum arabarach gan nach niomfhuirech itir.
Ua Ruairc imorro niro shaoilsidhe amhlaidh sin derach an
longphuirt dUa Domnaill go ttisadhsomh chuga. Basedh
aireag menman arriocht la hUa nDomhnoill iar ccor a thechtadh do thochuiredh Uí Ruairc fosrágaibh a longphort iar
midhmhedon laoi & dusrelcce darsan Sligech badhdes & niro
airis co rainicc go Coirrshliabh na Seghsa. Ro gabh foss
biucc hisuidhe gurro thochaithset a miledha araill dia lóintibh
& coro léiccsiot a scís & arna tieghtais darsan sliabh badhdhes la
banshoilsi an laoi. Oro fhortamhlaigh dorchata tosaigh na
hoidche frisi mbatar occ furnaide for soilsi an laoí docoislet
as tarsan sliabh tar Seghais tar Muigh Luirg an Dagdha & dar
muinchind Muighe hAoí ria matain. Do relccet sccaoiledh
{MS folio 43a} día sceimhiultoibh sin dedhóil fo dithreabhaibh & deirritibh
na criche cona fargaibhset míl ninnile ó Ath Slisen co Badgna.
Iompait iaromh ina ffritheing co ccosgar & go ngabhalaibh
i omdhaibh amail fa bés doibh. Ba hadhnar la hUa Ruairc
dcnomh na hoirgne gan rathugad ndó. Ní bo lugha ba méla
& ba haithis lasan Goibhernóir Ser Coneus Cliofort orgain na
criche ro baoi foa mamus gan cathugadh dara cend gemadh
i a oided robad erdhalta lais & duthragair dul i ndedhaidh Ui
Domnaill dia relgedh a nomhan do. O rainicc O Domhnaill
cona shlogh dia ttigib batar a ffos i subaighe & i saimhe fri ré
an ghaimridh og coistecht fri coigedh Meadhbha. Niro
cloathar nach gniomh nairderc etorra an airet sin acht namá
ro nenaisc Ó Ruairc a charatrad frisan airrigh remraite Sir
Coneus tria bithin na hoirgne atrubhramar & la hett & iomfhormat fria brathair feisin Tadhg Úa Ruairc ar nirvo reidh
eatorra dib linaib im roinn a fforba & a ccriche gerbtar clann
enathar.
p.170