¶39] in marg. an 4 bliadhain. Baoisiom i fois iaromh ier nimthecht dia amhsaibh go midhmhedón erraigh. Tangatar iliomat duaislibh coiccid Meadhbha do shaigidh Uí Dhomnaill frisin re sin go mbatar for amhsaine lais ier na ttofonn asa ttir la hansmacht Gall & ni antais dogres acht aga atachsomh & og áilghes fair im thuidhecht daithe a nanffaladh forsna hallmarchaibh & dorgain & dindredh aosa ind iomfhulaing & na ttuath robtar fomhámaighthe dhóibh. Ro baoi imorro dia ainchridhe sium & dia indíre fri Gallaibh guruó sodhaing a aslach fair a niondradh & a norgain dia ccaomhsadh. Basé mendat sainredh ro taiscéladh dia indredh hi tosach Rath Croichen Croiderge for Magh nAoi m Allghubha i neitirmhedhón na nGall bhail i mbatar a mbeochrodh & a nindile. Niruó herusa dhósomh on innsin uair do ratsat na Gaill coicced Connacht uile foa mámus go mbatar i forbhuisi i ndúinibh diothoghlaidhi & i portaibh gabhála na criche & fora bernadaibh boegail .i. drong diobh isin caistiall {MS folio 20b} fil for ur na senabonn fosragaibh an díle na dedhaidh dia ngaror Sligech & aroile dhíbh i mBaile an Motaigh dúnadh daingen fil hi comhfhochraibh don chnuc airderc do Chéis Chorainn Cruitire. Sochaidhe dhíobh isin Port Nua múr daingean eisidhe ro chlaidhset na Gaill eitir Loch Cé & Loch nArbhach. Araill díobh hi mainistir mhonach fil for brú na Seghsa obh isidhe dothaot a Loch Teichet dia ngarar Buill an tan sa. Dream oile hi tTuillsce i netirmhedón Mhaighi hAoi fri Raith Cruachan anairtuaidh. Ro baoi goibernóir coiccid Connacht Sir Risderd Biongom i Russ Commáin. Ridire crodha eisidhe & asé ba hairrigh fri laimh an tSeanaidh forsan ccoigedh uile febh atrubhramor. Ba duiligh diochumhaing da nach miodhlach ammus do thabairt forsan ffianlach remhebertmar
¶40] Ro tarcclomtha & ro tionóiledh Cenel gConaill lais co mbátar occ Ath Seanaigh. Luidh ass iaromh cona shlógh an treas lá do Marta tar senshruth Samhaoire lámh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh tar imealbhord mBreifne go Braittshliabh & aissidhe co Tir Thuathail. Gabaid longphort hisuidhe co maduin. Lotar as ara bhárach tre dithreabhaibh & fasaighibh na criche gan airiugadh gan fhorchloisteacht gusan abhainn go Búill fri Loch Cé anair. Tieghaitt an slógh taran abhainn i nurthosach oidhche ocon ionad dia ngaror droichet Chnuic an Bhiocara. Aissidhe dhóibh co taoi tóithenach tre Magh Luirg an Dághdha & tre Mhag Aoi an Fhinnbheandaigh go riachtatar la dobharshoillsi na maidne go Cruachanraith Aoi. Acht chena gerbo hiomdlúith iomfhoccus aittreabadh & áitiugadh imon ríoghráith & geruo hiolardha a mbúar & a mbótháinte a neachradh iomluath {MS folio 21a} allmhardha a ndaimh & i ndaighinnile & gen go relccset a les gan a scceimhealta do sgainredh no a nógbadh deisréidedh ó aroile do chuingidh cruidh no cethra (uair foghebhtais a ffolartnadh dhíobh & da gach édáil ba menmarc leó genmothá ór nó argat) nírbo hedh sin do ronsat itir acht as fairsing foirlethan ro scaoilset ó aroile do mullach na rioghratha uair do deachaidh drong dhíobh fo dhuthaigh Uí Chonchobair Ruaidh & Uí Aínlighe & araill go droichet Beoil Atha Mogha & dream oile taran Caislén Riabhach siar. Do riachtatar na sirthe sárluatha sin uile cona nairgnibh & cona ngabhalaibh do neoch ro chumhaingset do chomhghluasacht no do chor rempu do almhaibh & dinnilibh ier medón laoi isin ló chedna go hairm a mbaoi Ó Domhnaill co hOilfinn. Ba cianfhoda riasan tan sin naro tiomairgedh & naro teglamadh cuttroma ná coibhéis diaro tionóiledh do chreachaibh i
¶41] Tuirthechta an ghoibhernora Risderd Biongom atchuas dósaidhe O Domhnaill do thriall riasiu tainic don tír & ro baoi ina fhoichill amail as deach ro fhéd & ba fó lais a thocht itir uair andar leisiomh ní thernaidhfedh for ccúla gan aithmhela. Dorecclaim chucca na Gaill bator i forbhaisi isin ccrich i ccoitchinne as gach mennat i mbator & dálais chuicce iett gusan Seghais dia ngaror an Búill ar as ann ba doigh lais Ua Domhnaill do ghabhail ag soadh dhó dia thír. Tangatar isin toichestal sin na Gaill batar i forbhaisi occan Sliccech i mBaile an Motaigh & isin Port Nua go mbatar i mainistir na Búille. Tangatar isin toicheastal céttna na Gaill batar {MS folio 21b} hi cClúain na cCaisseal. Tanaic an goibernóir feisin go nGallaibh Rossa Commain lais & go ndruing móir do Ghaoidelaibh imaroen friú go mbatar occ Raith Cruachan & doieghatt for sliochtlorcc na sluagh & na ccreach & gerbo sodhaing a lorg do breith (ar nirbo sliocht siondaigh for oighredh eng & foillecht an chreachshloigh baoi rempu) ba sain conair ro chingset la diuidh laoi & la hurthosach oidhche iar na mesgmherugadh la háilghius & la tinnenus a ttarrachtain & a ttograim uair basedh lanshaoilechtain na nGall gurbo hi an chonair i ttúdhchaidh Ua Domhnaill don tír nó asgnáifedh doridhisi occ soadh ina fhritheing. Ó Domhnoill tra (ó ro glé an lá cona lanshoilsi ara barach) ro fhorchongair for a ghiollanraidh & for gach aon dia shlógh da narbhó heol arm dimbirt nó diomluadh i nagaidh a námhat asccnamh gan fhuireach laa ccreachghabhálaibh & laa nédálaibh do shoigidh na Sionda gó aroile áth domhain baoi forsan abhainn frisi raiter Ath Chille Trenáin. Do rónadh fairsiomh indsin
¶42] Iomthusa an ghoibernóra Risderd Biongam ó do bert dia úidh Ó Domhnaill cona shlogh do fomghabhail & do sheachna na sligedh tarsa ttudhchatar don tír ro fhaoidh techta gusna Gallaibh frisar dhálustair occ mainistir na Búille dia ttochuiredh chucca do dhul dóibh uile i lenmhain an tsloigh donainig dinnredh na criche & ona ruccsat fair i traitti nocharbo háil dó saigidh foran slógh naile go nanfhuirithe co ndeachatarsomh desidhe tar Sionainn sairtuaidh resiu táirthettar na Gaill acht madh uathadh dia namhsaibh ro fhágaibhset dia néis do chathugadh tara ccend & dia nimdheghail ina ndiuidh. Dusfáirthetor drong mhór do ghlaslaith an tsloigh Ghall & dia noes diobhraicthe iaidsidhe & {MS folio 22a} doberatt deabaidh dóibh gurro créchtnaighit & gurro gonait ile etorra. Cidh fil ann tra acht do dheachatar Cenél cConaill darsan abhainn fodheóidh ier mbuaidh ccosccair. Soais an goibhernoir cona Ghallaibh for ccúlaibh & nirbhó slan lais a menma ar ba méla lais indredh an tíre tairis. Do thoet Ó Domhnaill cona shlógh ina nuidhedhaibh imthechta dia ttigibh co nédalaibh aidhble & co bfoilte móir. Anait samhlaidh occ léigen a scísi go deiredh nearraigh.
¶43] O ro chomfhoiccsigh cedtosach na síne samhrata doibh ro ghab ailghes & iomtholtan Ua Domhnaill do thuidhecht isin ccoicccrich doridhisi do fhuabairt na ttuath ro batar i ngeillsine Gall & roba riarach doibh dia ttabairt for ccúlaibh ina mhuinterus & ina charatradh do chosnamh a nathardha fri Gallaibh nó dia nindredh muna thiostais itir. Lasodhain do recclomtha a shlogh lais an 18 do April. Basedh a ccétna huidhe tar senshruth Samhaoire lamh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh co rangatar go Ros Inbhir an adaigh sin. Airisit co madain isin maighin sin. Tiaghait ara bharach co Cill Fhergo. Doghniat omfhuireach hisuidhe co ruccsat deiredh a sloigh forra. Doieghat ieromh
¶44] Imsái Ó Domhnaill ass cona shlogh i sligidh ndeirrit dia diamhlugadh la himealbhord Locha hArbhach allanair & co Coirrshliabh na Seghsa. Rathaighit naoill G bátor i forbhaisi isin Port Nua eitir Loch Cé & Loch Arbhach seiselbhe an tsloigh ag gabhail társa. Gabaitt occ diaindiubragadh a nubhaillmheall luaidhe & og praplosccadh a bpúdair do thabairt scél & rabaidh dona hógaibh bátar isin mainestir arna tardadh an slógh breicc iompo & ná tíosta forra gan rathugadh. O rainicc Ó Domhnoill tarsan cCoirrshliabh budhdhes ro ghabh foss iffiodhbaidh ndeirrit bui ind iomfhoccus na habhann i netarnaidh forsna Gallaibh co teirt ara barach.
¶45] Dála an diorma ro foidhedh do thaisceladh foran ccreich atchuadhomor dusficcetsidhe isin dedhóil muich gusan mainestir & doberat ambu uaidibh coleicc. Atgniat na Gaill guruo celg ro hinnledh fora ccind & niro deraighset an daingen acht airisiomh ann. An tan tra ro ben Ua Domhnaill ceill dia
¶46] Dothaot tarsan abhainn go Conmhaicne Rein & roghabh longphort i Liathdruim Mhuintire hEólais & airisidh ann cona shlogh co ttairnicc leó celeabhradh na Casg & an tan ro shaoilset a esscaraid eisiomh do shoadh dia athardha ni hedh sin baoi ina menmoinsiomh acht ro hochuir chuicce co hinchleithe drong do lucht na criche & atbert friú dol isin coicccrich do brath & do thaisccéladh forsna tuathaibh batar i ngellsine {MS folio 23a} Ghall. Do chótor iaromh la forchongra na flatha do thaisccéladh isin Anghaile. Tuath isidhe inro threabhsat araill duaislibh Conmaicne do shíol Fherghusa m Rosa. Siol fFerghail a slondadhsaidhe & robtar fomhamaighthe do Gallaibh an tan sin. Batar imeacclach dia ttréccedh ar robadh garfhoccus a ccomhaighthes diaroile. Ro fhóidh beos Ua Domhnaill techta co hAodh Mhaguidhir dia thochuiredh chucca & ro dhalustair fris isin ccoiccrich cetna. Dusficcsidhe amail ro hiarradh.
¶47] Soait oes an braith for cculaibh co ffios scel & baoghail na criche dUa Domhnaill. Docomhla as ieromh cona mhiledhaibh luan Casg do shonnradh tarsna beilghibh ro thionchoisccset a thoisigh conaire dhó go rainicc ria matuin don Anghaile. Oirccther an da Anghaile & an chrioch uile for gach leth leo cona farccaibhset miol ninnile óthá Sliabh Uillind Fhoebardeircc m Find dia ngaror Sliabh Cairpre indiú go Glaiss Berramoin frisi raiter Eithne bail inro baidedh Eithne inghen Eachdach Feidhligh. Do ratsatt tra muinter Ui Domhnaill fo throimnéll teinedh an tír ina ttimcheall gurbhó smúitcheo dobhardha duibhchiach dorcha dethaige an coibeis baoi uasda etarbhúas gurbo lór dia lot & dia lanbaoghlugadh
¶48] Baoi caistiall isin ccrich Longphort Uí Fherghail a ainm ar asé ba dúnarus dósaidhe & don tí no bhiodh hi ccennus na criche dia chenél. Ba dúnadh daingen dithoghlaidhe eisidhe & dusfuit gusna Gallaibh an ionbaidh sin. Do ratsot ieromh Gaill fer soim dia sainmuintir ind dia iomchoimhéd & geill & aitire an tíre lais Criostoir Broun a ainm. Ba haitheach a hucht treóin eisidhe illeith fri dimhiccin & {MS folio 23b} tarcasal do thabhairt for uaislibh & uirriogaibh an tire for gach leith de. Gabhthar an caistiall la hUa nDomhnaill & do rattadh Criostóir & a chliamhain ass a mbroitt cona mnáibh dibh lionaibh. Do rochair dana Hoiberd .i. mac Ferghusa m Briain lasan slogh & ba duaislibh a cheiniúil eisidhe. La Maguidhir dofuitsiomh. Iorghabhthar Conchobhar m an Phriora Ui Raghallaigh la druing naile don tslógh. Ro marbadh & ro mudaighedh daoine iomdha leó an lá sin nach ttabharthar for aird a nanmanna sainredhacha la taobh na sé ngiall décc do shaorchlandaibh soichenelchaibh na criche (bátar i naitire la Criostóir Broun fri laimh Gall isin longphort) do losccadh ar níro cuimhgedh a ttesarccain la treathan na teinedh & la loisccnighe na luathlasrach baoi in gach aird & in gach airchend don bhaile. Ro loisccedh leó beos an lá sin ceithre caisteoill oile do chaistiallaibh an tíre cénmothá an Longphort. Dobadh lionmhaire da nédálaibh da nairccthibh & da ccreachaibh inás amail ro fhédsat a ttiomáin ag fágbháil na hAnghaile dhóibh.
¶49] Lottar ass iar nindredh in tíre gurro ghabhsat longphort i Tealluch nDúnchadha an adhaigh sin. Doléiccet a sceimhealta ara bharach gusan dú imbatar Goill i forbhaisi isin ccrích .i. go mainestir conróttacht la hord San Fransces i niomfhoccus don Chabhán (longphort U Raghallaigh) & doberat leó gach édáil fora rugsat óná fuairseatt baogal forsna Gallaibh la daingeninnille
¶50] Robadh súaill an erndail ionnmhusa fora ttabhratais muinter Uí Dhomhnaill mórluach cruidh & cethra isna conairibh rempa i nor an da Breifne & i Feraibh Monach ara lionmhaire bátar leó ara fhod & ara imchéine uaidhíbh dia ttír ar laige & ar enirte gacha ceneóil cethra in ionbaidh sin. Nirbhó sádhal suantoirrchimeach ro thochaith Aodh Ruadh {MS folio 24a} Ua Domhnaill an tsechtmain sin & ba heitirchian o aroile a uidhedha & a imthechta ar ba dia sathairn ro bhensat a mhuinter a mbú do Ghallaibh mainestre na Búille & ro airgset Machaire Connacht. Ba dia mairt ar cciund ro chreachloisccset a shlóigh an da Anghaile amail atrubhramor & ba dia cédaoin ieromh ro shrethnaighset a shirthe imón cCabhán. Lotar Cenél Conaill ierttain dia ttighibh iar sóirthiugadh a neachtra. An Criostoir Broun remhráite baoisidhe i ngiallnus la hUa nDomhnoill gurro eirn uaidh a fhuasccladh .i. sé fichit ponnta.
¶51] Ro fes do Ghallaibh Duibhlinne Ó Néill do dhul i ccomhbáidh chogaidh na nGaoidhel ar asslach & fhoráileamh Uí Dhomhnaill ceni ba forréil fair coléicc & ge ro dichlestair airett ro fhett. O robadh deimhin las an Justis Ser Uilliam Russell & lásan Senadh archena náro chumaingsiomh fodhéoidh erchoittmedh a chiontadh ro fhóidhset deich ccéd laech cona ccongaibh thechta co hIobhar Chinn Tragha i fforbhaisi for Chénel nEóghain & ro thingheall an Justis feisin tocht cona shlogh i ngaruair daidhmilledh na criche & do chrothadh a dionn & a droibhel. La sodhain ro fhaoidh Ua Néill a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dho an turchomhrac trénshlóigh sin do beith occ tinghealladh co Tír Eogain. Ni fordhamhair a aignedh dUa Dhomhnaill coistecht an scceóil conadh edh doróine a shlogh do thecclomad chuicce fochetóir go haonmhaigin & tuidhecht co Tír Eóghain bhail i mbuí Ó Néill. Tiaghaitt imároen go Fochaird Muirtheimhne bhail i nderna an Cuchulainn airrderc an fhoicherd ghaisgidh. Doghniatt botha
¶52] Bói laoch andgaidh ainiarraidh dona Gallaibh {MS folio 24b} ind ionbaidh sin isin ccaistiall ro bhoi for ur senabhann Sligighe hi forbhaisi co ndib coegat laech immaille ris Seoirsi Ócc Biongom a ainmsidhe. Ba tóiseach niomghona & ba caiptin coccaidh é fri laimh ind airrigh do rala for coicced Medba an tan sin .i. Risderd Biongom. Iomthusa an tSeoirsi atrubhramar ro sheolustar lucht lunga lamh dhes fri hor nErenn sairtuaidh co ranuicc senchuan Súilighe i ccrich Conaill m Neill an tan ro baoi Ua Domhnaill cona shlogh hi Tír Eogain. Ro baoi mainistir ainnsidhe for ur na tragha tuargaibhthe ar onoir & ar airmitin do naomh-Mairi mathair an Choimdedh. Tieghait fon mainistir & doberot esti hi mbúi inde détghadh oifreind & daidhmibh edbarta coirp an tSlainicedha & dedalaibh oile archena. Soait for cúlaibh co rangatar co Toraigh dú inro bendach an Columb airderc. Inis isidhe fil fo erchomhair na criche amach atuaid gach ndireach forsan ffairrge edh imchian ó thir. Ro chroithset neimhedh an naoimh & an innsi uile cona fargaibhset míol ninnile innte. Atfiadhar dUa Dhomhnaill aidhmilledh an tíre dia eis do choblach echtrond. Ticcsidhe dia thír do tharrachtain na hoirccne. Nirbo foda an iodhnaide dósomh ierttain an tan do riacht sccéla chucca an Justis cona shlógh do thocht co Tir Eoghain. Soais Ó Domhnaill friothroscc doridisi co ranuicc airm a mbúi O Neill ind aires dala frisan Justis secip conair no chingfedh. Ba fóilidh Ua Néill remibhsiomh & atracht a menma dia fhaicsin. Gabhait occ friothaire & occ forchoimhett an Justis eineach ind ionchaibh fris. Niro shaighset fair & ní mo ro shaighsiomh forro acht namá nicon relcet eisreidedh dia shlogh do chuingidh chruidh no chethra comba héiccen don Justis fodheóidh iompúdh doridhisi co hAth Cliath o na caomhnagair ní dona Gaoidhealaibh.
¶53] Tuirthechta an tSeoirsi remhráite ier ffilledh dhosaidhe gusan Sligech ni foda {MS folio 25a} an ré foraélaing coimsidh na nuile dho gan a aithe fair an dímiadh do ratt deacclais na hi naomhMairi & deacclais an Choluimb atrubhromor. As imne on arriocht. Baoi duine uasal do choiccedh Medhbha for amhsaine i ffochair an tSeoirsi co ndib laochaibh deg dia shainmhuintir ina choimhthecht Uilleacc a Burc a chomhainm. Mac sidhe Rémainn na Scuab m Uillic na cCeann m Riocaird & cenib do Ghaoidelaibh dia chenelsom ba sain modh & bes doib ara fhott ó ro aitrebhsat in ninse & nirbo lugha sainsherc na nGaeidel imna Gallaibh inas a sercsomh ar robo cumma omh mioscais & ainchridhe Gall Duiblinne im chechtarnae dhíobh. Do ronta dimhigin & tarcusal mor forsan Uilleacc lasna Gallaibh sin oga mbui forsan amhsaine. Ro lionsomh dfheirg & do lonnus & baoi occa scrúdadh doghres cisi cruth no aithfedh a dimiadh forsna Gallaibh & tuidhecht i muinterus Ui Dhomhnaill iar sin uair ba menmarc lais iornaidhm a chairdesa fris. Baoisiomh samhlaidh occ brath & occ taisceladh foran Seoirsi cipindus conusfuair i mbaoghal ina aragol la naon & ro thub fris a eccoir & a aindlighed fair & nochon fhuair freccra badh ní dhó & o na fuair gebidh claidhep ndo co ttobacht a chend da chuilmheidhe. Gabhthar in baile la hUilleacc ieromh & ro fhaoidh a thechta co hÁth Seanaigh. Ro lásat muinter Ui Domhnaill a ttechta dia shaigidh co Tír Eoghain airm a mbói. Atfiadhat a sccel dUa Dhomhnaill. Atcuas dUa Neill ierttain. Robtar subaidhi dib linaibh. Dothaott tra Ua Domhnaill dia thigh iar ccelebradh dUa Néill & niro airis acht i noidhchibh go rainicc gusan Sliccech cona shochraide lais. Foghaibh failte hisuidhiu & do ratt Uilleac a Burc an caistiall dó. Fosaighis isin mbaile athaidh samhlaidh & ba sáimh lais a menma. Hi mis Iun doshunradh indsin.
¶54] Ba hisin ré sin do rala do laech amra do {MS folio 25b} Gallaibh tocht fo sccélaibh an bhaile co ttribh cédaibh laech ina fharradh. Ba caiptin coccaidh & ba toisech niomghona eisidhe Uilliam
¶55] Ro fhágaibh Ó Domhnaill drong dia amhsaibh & dia aos tairisi hi ccaislén Sliccigh dia iomchoimhéd & ba slan lais a mhenma fodháigh an bhaile do bith fora chomus. Luidhsiomh iertain cona shlógh darsan Éirne badhthuaidh co ranuig dia thigh go Dún na nGall. Baoisimh i foss go medhón August. Atcoadhatar dósomh tasccar murchoblaigh do theacht i Loch Feabhail an tan sin. Ba hé ba hairech foran ccoblach hisin .i. Mac Leoid na hAra (oilen fil i nAlbain dianad ainm Ara as uaidhe ro ghabhsomh ainmniugadh) sé chéd laech a lion & basedh fosroghluais do bheith for amhsaine la hUa nDomhnaill. Itiat airm batar leó fiodhbhaca féthshnoidhthe & saighde srúibhghera & lannchloidhme lethanfhoda cona nurdhornaibh debhendacha. Dothoet Ua Domhnaill airm i mbátar & rosfost fri ré theora mios & ba hi medhón an mhís August remhraitiu doshunradh indsin. Do ronta a ccoind {MS folio 26a} medh for choartaibh & brugadhaibh ierttain go relccet a scís iarna mórshaothar muiridhe & combtar ellmha a lóinte. O robtar fuirithe iaromh do ratt Ó Domhnaill lais iat gusan Éirne & a shlógh archena do dul hi coigedh nAilealla. Docoislet as iaromh tar Drobhaois
¶56] Luidh dana Ó Domhnaill ierttain & niro airis co ranuic Turlach Mochán. Caistiall eisidhe fil i ndúthaig Meic Fheoruis. Ro ghabh occ iomshuidhe an dunaidh sin. Gebhitt a muinter for togail an mhúir & niro sccarsat lamha fris go ragbhatar an caistiall ar eigin & co ttardsat as i ngiallnus righdamhna an tíre Risderd mac Meic Fheorais co ndruing do mhaithibh an tíre imároen ris & in ba deach do mhaoinibh & ionnmusaibh an dúnaidh. Ro scaoilset iaram a sceimhealta fá Chonmhaicne fá Mhuintir Murchadha fa leithimeal an Mhachaire Riabhaigh & fa Thuaim Da Ghualann goro chroithset an chrioch for gach leth dhíobh ima crodh & ima hinnile. Soait for ccúlaibh co nédalaibh iomdha. Do rala tra goibhernóir an choiccidh Sir Risderd Biongom hi ccomfhochraibh do shluagh Uí Dhomhnaill an tan sin. Beist as annsomh ro bhaoi i nÉriu in ionbaidh sin dona Gallaibh esidhe. Cóicc céd décc laech armtha éidithe eitir traighthech & marcach a líon. Otchualaidhsidhe Ó Domhnaill cona shlogaibh do dul tairis siar hi cConnachtaibh & gach ni da ndergheine in gach conair i ndeachaidh ro bhaoi ina {MS folio 26b} urfhoichill & ina erchomair occ iompúdh dhó & doléige i nathghoirit gacha conaire in robadh dóigh lais Ó Domhnoill do thochar ina chend. O rofhitir Ua Domhnaill an ní sin
¶57] Iomthusa an ghoibhernora Sir Risderd Biongom ó na tárraidh greim for slogh Uí Dhomhnaill dusficc fora ffoilliucht gusan Sliccech. Gabhaidh longphort isin mainistir amail fa bés do Ghallaibh arisemh isna naoimheccailsibh & ro baoi occa sccrúdadh ionnus no fhoiberadh an caistiall for mhuintir Uí Dhomhnoill. Ro fhoidh immorro Ua Domhnaill isin maduin ara bhárach buidhin mbig for eochaibh ána udmalla do breith airdmesa forsna Gallaibh & dfhios scél an dunaidh & na nócc bátar uadh isin caistiall. {MS folio 27a} Ó rangatar co himealbhord na habhonn atchiat na Gaill sánchán sechnón an bhaile. Ro bai ócclach uallach iomtholtanach i farradh Risderd Biongom an tan sin & ba mac fethar
¶58] Iomthúsa an ghoibernóra iar nécc a bhrathar & a gormeic ro línsidhe dfheirg & daininne & ro forchongair fora shluagh dol fón mainestir & crannchaingel & cubhachla na cceledh nDé do blodhadh & do brisedh & a fholartnadh do thabairt chugasomh dia cclaraibh comhdhlúta caomhfhuaighti & dia sailgibh sonairte sémhshnoidhti ar go ndernadhsomh trealmha toghalta mór dhíobh. Do rattadh iaromh chuga inro chuinnigh. Donucctha iolar saor & oibrighthe iomdha dia ionnsoighidh. Dorónsat teghdhuise taithchengailte tréndaingne troda donaibh sailgibh & donaibh sleamhanchláraibh hisin & cumhdaighthi clarthairrngeacha ciomaisdirghe cobhsaidhe fri cathugadh do churadhaibh estibh. Do fucctha seichedha bó & damh forro dianechtair. Do ratta rothadha remdhirghe ralachdaingne fóithibh dia ffogluasacht gusan dúnadh. O robtar eallmha na gnioma gliúchláraidh gailléccosccda hisin ro líonta do laechraidh & do láithibh goile & do ghasraidh gaisccedhach na nGall. Do rattadh iaromh foghluasacht nallmardha fair la dorchata urthosaigh na hoidhche coró suidighthe tul i tul fri huillinn an chaisteóil. Gabhait for toghail an mhuir ierttain.
¶59] Soaidh dana Ó Domnaill iar mbuaidh & teitt tarsan Samhaoir sairtuaidh & leiccid uadha na hAlbanaigh bátor for amhsaine occa & ro eirnestair a ttuarustla friú. Nírbhó foda an iornaidhe dUa Dhomhnoill go ttainicc doridhisi gusan Sligech & ro bris caistiall Sligighe cona farccaibh cloch for cloich de ar uamhan na nGall dia ghabhail gan rathogadh dósomh. Ro brisedh beós lais trí caisteóil décc do chaistiallaibh Connacht & do bert geill & aitire ó nach aon rob omhan lais do
¶60] Batar tra uasail & airigh coigidh Olnéccmacht occa nionnarbad & ogá ttofonn asa ttír lasna Gallaibh cénmothá i mbaoi i muinteres & hi ccaratradh Uí Dhomhnaill diobh. Dusfangatar sochaidhe dia saorchlandaibh & dia {MS folio 29b} ndaorchlandaibh do shaighidh Uí Domhnaill do éccaoine a nimnidh & a néttualaing fris. Deithbhir ón ar ba hé a post cothaighthe & a ndos didin & a sciath imdheghla ar gach nanbhuain. No chongbadh dana a nuaisle & a nairigh ina chaoimhthecht & ina ccomthanus badhdein. Do beiredh beos coindmedh sechnón a thíre fora brughadhaibh & fora choarttaibh dia naos dínnimh deróil dia naitreabthachaibh & dia naos anffann enirt. An tan tra do beiredh ina ttir badhdhéin iatt no forchongradh fora mhuintir hi ccoitchinde congnamh cruidh & cethra etha & arbha do dháil dóibh ar dhaigh ionatochta & aithrebe a ttíre doridhisi. Dusfainicc dina Teabóid a Búrc m Uáter Chiotaigh m Seaain m Oiliuerais i ccumma chaigh do acaoine a anforlainn fri hUa nDomhnoill & aroile saorchlanna genmothásomh. Ba trogh laisiomh a neccaoine & a niomchosaoid & ro tingheall go ttuasailcfedh on daoire & ón dochraitte i mbatar diamadh é bad fortail & go ttiubhradh ina nathardha iad doridhisi. Lásodhain ro forchongair fora amhsaibh & fora oés tuarastoil & for oes diolmhain a chriche co ndiccsittís lasna huaislibh rémhepertmar isin ccoiccrich dia nertadh i naghaidh a namhatt. Doghniatt samhlaidh febh ro eráilsiomh forro. Tiaghaitt lásna huaislibh co coigedh Meadhbha & gabhaitt for iondradh & orgain na nGall & gach aoin do rala hi ccottach & hi ccaratradh friu. O mhedhon fochmhuine dhoibh foran apairtsin go medhón gaimhridh.
¶61] Iomthusa Uí Domhnaill iar léiccen a scísi dhósaidhe setol foda febh atrubhromar do iomaircc a shlogha i mí December doshunradh & do dheachaidh i ccoigedh Meadhbha & basí conair do luidh tarsan Sligigh tar Traigh nEothuile &
¶62] Dosfangatar isin chomhdail cetna hi cuma chaigh do shaigidh Uí Domhnaill toisigh & baruin an tíre Mac Goisdelbaig Seaan Dubh Mac Siurtain .i. Emann an Machaire & Mac Domhnaill Galloglach .i. Marcus mac an Abbadh & Mac Muiris .i. Emann & Ó Maille .i. Eoghan. Ba hiarna ccomairlisidhe & iarna ttoghae no hoirdnighthi tigerna foran tír & i Raith Eassa Caoide do gairthi an tanmaim as Mac Uilliam de & ba he Mac Teapoitt no goiredh. Oro theglaimsiut na maithe
¶63] Iar ccrúdh a chomairle dUa Domhnaill ba fair desid lais fodeoidh cennus na criche do thabairt do Theapoit mac Uateir Chiotaigh & ro fhorchongair for Mac Teapoit Mac Uilliam do ghairm de. Do ronadh fairsiumh indsin uair ro goiredh anmuim de fiadh na slóghaibh í coitchindi ge ro batar araill dia chenel ba siniu ar aoi naoisi & ba moamh gairm olta. Ara aoi sin ase do deachaidh cettus cugasom for athchur & ionnarbadh asa thir & do rairrngert dho co ttiobradh ina duthaig doridhisi dia ccaemsadh. Araill beus baoisidhe i tuili