Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 124

Ag céimniugadh astech tar Gepta na n-Aingel dóibh dognít tra na Rómhánaigh mórán ciúil. Ba línmar trompaidhe agus uile aightheacha ciúil agus múissice aca. Trompóiridhi in pápa ag in páláss mhór. Comhscaoilit gárda in páláis an ro buí d'ordanáss mhór agus beg aca in tan doratsat in marcshlach a ndromanna friú. Nír uo lugha sa chách la gárttae Chaisléin na n-Aingel ag sír-sgáiledh ordanáiss móir. Do mesfadh tra fer a nemfhaixena go sin ó fhuaim agus ó fhothromh in ordanáis mhóir ag a chomhscáiledh, ó lúth-léimnigh na heachraidhi aindiúiti áille aindrennda, go rabatar na sráitte agus na margaidhi trissa gcéimnighdiss for comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh. Ascnaidis an diúc ier sin tré prímh-shráidip oirrderca {ms page 135} na cathrach gusin stát agus gusin onóir gcétna n-a thimchell go ro riacht dia páláss neoch ba hurdhailte for a chomhair.


p.258

Na páláiss agus na teghdhuissidhi for gach taep do na sráidip coimlínta ó dhaoinibh dia ffaircsin. Ier ndol gusin páláss don diúc ceilipruiss do na huile mhaithibh sin. Airisis agus comhnaigis gusin dia dardaoin buí dó for cionn. Eirgis tra do láthoir naomhthachta in pápa in lá sin do shonnradh. Ro buí immorro stát agus onóir nár uo lugha sa chách oldás stát in chédlaoi i n-a urthimchell in lá cétna sin. Formhór a dhaoine a libhré dubh-dhatha. A chulaidh agus a thruscán badhdéin go n-udhaim a eich ier n-a gcoimh-dessugadh do chlochaibh uaissle margarít agus do bugil granado. Bátar tra na Rómánaigh go ro-línmhar dia chommóradh. Taisselbthor dó in múissici agus na ciúil chomhmbinne chétna go gcomscaoiledh in ordanáis mhóir amail du-s-rónadh ó thúss. Ier ndol do láthair naomhthachta in pápa dó du-s-rat póic dia chois. Ro thaispéin as a haithle an patent agus in t-augdarráss ro buí aigi ó rígh Frangc um thoigheacht a n-ainm agus a persain in rígh badhdéin do láthair naomhthachta agus onóra in pápa do thabairt umhlachta agus reuerens dó, fóss go letrechoip láimhe in rígh ag tabairt supmission agus admhála umhlachta go ffoláiremh a serbíssi go sírraidhe for naomhthacht an pápa agus forsan tegduis apostolice sechnóin na crístaigheachta. Orator in rígh, Mauritio Bressio comh-fhoillsighis agus mínighis ina huile briathra sin do na huilib bátar ann.