Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 120

In cethramadh lá Octobris .i. lá Sanct Proinséiss éirgis O Néill go mainistir onóraigh darab comhainm S. Fransisco. Tegh bunaidh agus inadh oirissimh agus comhnaidhe aíne agus apstanaite S. Pronséiss issin Róim in reiclés ro-onórach sin. Sépél ro-onórach i n-a mbíd ag aithrighe agus ag urnaigthi agus ag etorguide in choimsigh chomhachtaigh issin mainistir cétna sin.

Tabair bennachtain for anmain in sgribnora.

{ms page 130} Crann ingantach éxamail oráistidhi issin mainistir chétna sin. Naomhthacht Sanct Proinséis ru-s-cuir a ttalmain ó thúss dia lámhoip bennaighthi badéin. Cóic cnapáin bhega chomhchruinne a ffidair chroissi for gach n-oráisti dia ffásann forsan gcronn. Baramail lasna diadhairidip agus la tráchtairigip inna screptra naoimhe gur a ffidair agus a fforaithmet na gcóic n-áladh ro shilset fuil S. Proinséis a gcuimhne agus a ndibergóit páissi Críst bít na cóic


p.250

cnapáin sin forsna horáistidhip sin d'áirigthi seach oráistidhip oile an domain. Dobeirit cách aithne forra in gach inadh a ngabait sechnóin na crístaigheachta. Taisselbthar dóip ier sin ilimat reliciass ro-onórach do thaissibh naomh agus fírén.