Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 118

In nómadh lá fichet Septembris i n-a deghaidh .i. lá féle Míchéil téit O Néill go tempol Míchéil a m-Burgo. Gregoriuss pápa is laiss conrótacht ó thús. Aroile aimser imchien ro-s-buí pláigh adpal-mór issin Róimh. Fuaratar tra formhór lochta a haittrebhtha agus a hinotachta an inbaidh sin báss. Gluaissis Gregoriuss agus gach méide ru-s-mair do na Rómhánchaibh a prosetion onórach aithrigeach óthá mainistir Arass Celi go tempall Petair, fidair-dhealbh naomMuire óighi atá issin mainistir sin rompa. Ag céimniugadh dóip tar Droichet na n-Aingel fuil {ms page 129} for sruth Tibir adchonnarcatar dia súilibh corparrdha aingel Dé uasaip issin aeiér, cloidemh nochtaighthi línta lom-lán d'fuil chrói-deirg i n-a láimh. Toirlingis as a haithle forsan gcarraic gcomaird for ar comdaighedh Caislén na n-Aingel. Ar ffaixin naomhthachta in pápa dó cuiris a chloidemh i n-a


p.248

thruaill taisgedha. Tuigis in pápa agus in senadh Rómhánach asside ferc in Tigerna riú ar ttoirnemh. Atá foilliucht choss in aingil isin leic mharmair for ar thoirling ueós. Conrotacht tra in eglus so lassan pápa a n-onóir agus a n-airmitin Míchéil archaingil. Ru-s-fágoibh féin gusna pápaidhibh oile deóigh a ndeóigh imat loghadh agus maithemnuiss na peacadh aice. Ní ro gapsat tra bráithri Arais Celi gan in gcloich marmair remráite d'fogbáil dóib badhdéin a n-athchuingidh ó naomhthacht in pápa fo bíthin gur uo hí in fidair mírbaileach Muire buí leó ru-s-buí a remhthúss in prosesioin riasan pápa. Gnáthaigit na Rómhánaigh dol for a nglúinip suass issin staigri chomhard marmair for a gcéimnigther gusin egluis sin lá féli Míchéil do shonnradh.