Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 115

In cét lá Augustíí .i. lá Lughnusa do shonnradh 1608 éirgis O Néill go tempall ro-onórach mór-lóighideachta darab comainm S. Petri ad Uincula .i. eglus ro-onórach ro tógbadh agus ro cumhdaigedh a n-ainm agus a n-onóir Petair apstail. Taisselbtor dó in slabradh imremar aggarp iernaidhi dia mbuí Petor cengailti cruaidh-chuiprighthi in tan ro buí a ngialna la Iudaidhip aimhirseachaibh. Fecht n-ann ro-s-buí in dara leth don slabhradh chétna isin Róimh. Du-s-rat Elena in bainimpir an dara rann gusin Róimh de. Ar n-a gcoimshínedh araon re aroile iadhait agus comhtháthait le chéile go mírbaileach éxamail mar nach biadh etorscaradh ar bith etorra remhe sin ríamh. Fós ba hé in slabradh sin


p.244

uaide féin ro sgaoil go mírbaileach comhainm in fhésta sin in tan {ms page 127} ro buí Petor a gcengal agus a gcruaidh-chuibhrech a n-Iérusalem. Ro taispénadh dó ier sin pictúir Mhaoissi meic Amhra ier n-a tarraing go hinntlechtach fínélta a marmar, rann-chuid ro-mór do chroich S. Andriu, go n-imat reliqias oile.