Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 112

Scéla Meguidir. Ier mbeith dó fri ré secht sechtmain imlán issin Napless smuainis agus comairlighis dol don Spáinn. Gluaississ for fairrgi óthá in Napless do dénamh ar in prímh-chathraig n-oirrdirc n-adhamra darab comhainm Genua. Táinic féin agus a chuidechta a ttír go fedh én-oidque amháin isin áit a gcomraic sruth Tibir frissin ffairgi a n-imfochroib agus a n-imfhoixi an inaidh chétna i n-ar glacatar na maithe adupramar romhainn in droch-aér mímessardha anffalláin. Glacuis tuile agus dássacht fiaprassa neimhnigh náimhdemail Maguidir agus Sémus mac Eimir meic Cúuladh Meg Mathgamna. Treóraigther ier sin gusin prím-chathraigh Genua iat. Fuarator araon báss ier ttabairt a n-uile choipsen agus ier gcomhchaithemh na sacramenti naemtha in dara lá dég Augustíí 1608. Sé huaire an chluig amháin isseadh ro buí etorra gur uo lúaithi fuair Sémus Mag Mathgamna báss nó Maguidhir. Ge tharla tra nár uo línmar a gcuideachta nó a lucht lenamhna issin gcathraigh sin, ar aoi sin tra mar doclos a scéla agus a n-uaissle comchruinnighit suim áirigthi do chléir agus do daoinibh maithi na cathrach i n-a n-urthimchell a prosesion onórach go ro hadhnacht iet agus aibídidhi S. Pronséis umpa a mainistir oirrdirc bhráthor minúr issin chathraigh chétna sin.