Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 108

1

Dia dardaoin in dechmadh lá don mí chétna éirgis O Néill agus in t-ierla co n-a mbátar i n-a gcoimhiteacht do thurus seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Ro


p.192

buí barántus agus augdarrás in athar naomhtha leó as go ffuighbhedíss taissealbadh uile reliciass gach aoin-eguilsi gusa roichfitis. Tinnscnait tra agus tossaighit a n-ainm Dé a tturus mór-lóigidhechta ag Sancta Maria Maiora. {ms page 96} Iar ttapairt a gcoipsen agus ier gcaithemh na sacramente naomhtha taisselbhthor dóib cenn S. Bibiana, cenn Marcellina pápa, aroile do lámhoibh Tomáis apstail, stóil S. Giralamo, stóil go nanfuinn agus go rann-chuid oile do chulaidh aiffrinn S. Tomáiss espoig Cannturbí, an cliabán i n-a roibhi in Slánaightheóir a m-Beithil Iudda, na cét-ghipail ro chuir in naomh-ógh i n-a urthimchell a n-inbaidh a lenbachta, mailli fri hilimat relicias ro-onórach oile. Acht mailli fri ced spesialta ón pápa ní gnáth a ffaixin acht ier medhón laoi gach domhnaigh cásc go sírraidhe. Agus is amhloidh thra ro tócbhadh agus ro cumdaigedh in prímh-eclus sin ó thús: Aroile duine uassal onórach airmitneach ro buí issan Róimh feacht n-aill, Ioannes Patricius a chomhainm, ro thecht commaim a dhingbála acht chena ní ro tuismedh ierdraighi ar doman etorra. Bátar tra go n-imat conáich agus sobharthain saoghalta. Cinnit agus comhairligit aca badhdéin oigre díless dingmhála do dénomh do naomh-Muire óigh ar a n-uile innmhus agus maithess agus a idhbairt go huilide ó a n-uile croide i n-a seruís agus i n-a subháilcip. Feacht n-aon du-s-riacht spirut ainglide gussan mnaoi n-uassail remráite a ffidhair amra agus aislinge. Atbert fria go ro erbadh agus go foláiredh for a fer coiméirgi a gcrepscul na maitne muiche ar n-a mhárach, secip foradh-chnoc ard aoipinn i n-a tteicémadh imat snechta agus oigridh dó, eaclus onórach do chomdach do Mhuire isin dáu sin. An cóicedh lá do mí Augustus sin do shonnradh. Aimsir theinntide thessaide neimhneach is gnáth mun samoil sin do bliadhain isin Etáill uile agus isin Róimh d'áirigthi.

Forior gér ataid scela derptha agoinni o urchoid aeir na Romha. Ane 24. Septembris 1609 ro hadhlaicedh mac agus oigri diles dingbala Ui Neill .i. Aodh O Neill, barun Duin Genainn, adhbar tigerna Cheneil Eogain agus an taopa uothuaidh d'Eirinn gan imreasain gan fresapra.


p.194

1

{ms page 97}Attracht in duine uassal la cloisteacht in sceóil. Ascnaidhiss gussin dau i n-a ffuil in reclés. Du-ss-fairnic an cnoc línta lomlán do shneachta agus d'oighredh. Ba machtnadh són. Eirgis gussin espog ba huachtarán uassan rann-chuid sin don chathraigh. Is amhloidh tra forcaomhnagair go ro taissealbadh sét samhla na haislinge sin badhdéin don tigerna espog in oidhche chétna sin. Tochomhlait ieromh díp línaibh go n-imat díairmhe oile immaille friú. Rángatar gussin maigin i n-a mbuí in snechta. Timaircit agus tógbait é dia lámhoibh badhdéin. Ier sin comhdaighther agus comhthógaibhther prímh-eglus chatharrdha chostusach cháin-dénmhach is lór mét agus feapus issan uile doman ier n-a bennugadh agus ier n-a coisrecadh a n-onóir na naomh-óighe issin inadh chétna sin.

2

As a haithle tra do dheachatar go hegluis S. Lauráss míle céimenn seachtair ó ballaigip na Rómha. Ier ndénomh a tturais do réir auirtt na heguilsi taisselbhthor dóip aon do na clochaibh dia ro tuairgedh Steffán martír gusin leic gcoimhlethain mharmair for ar léicedh corp S. Lauráis ier n-a róssadh for greidil. Is écnach do na huilip páirt dia fhuil agus dia fulradh fuirre ueós go n-ianoip gloinidhip i n-a fuil rann-chuid dia fhuil agus anbhroth, cuid d'ieronn na greidle ar ar róssadh agus for ar commbruithedh é. Isan egluis chétna sin atáit cuirp S. Laurás agus S. Steffáin martír, soigthech bennaigthi i n-ar baistedh ban-náomh uassal dier uo comhainm Lucilla maille fri hilimat relicias oile. An t-impire Constantinus Magnus ba hé ru-s-tógoibh agus ru-s-comhdaig in eglus sin a n-onóir na naomh-martír remráite. Siluester pápa issé ru-s-bennaigh in naoimh-eglus sin.

3

{ms page 98} Térnóidhit na maithe si astech tar ballaigip na Rómha in dara feacht. Eirgit go S. Cruce a n-Ierusalem. Doghnít a tturus. Taisselpthor dóibh aroile soigtheach i n-a ffuil páirt d'fuil luachmhoir Íssa Críst, gussin spongia i n-ar chuirset in cinedh Iudaidhe domblas ae in dragúin gusin ffínéacra chuice a gcrann na croichi, dí delg don choróin spíne, do mesfadh fer a ffaixena nach ssia oldás cóic laithe


p.196

dég ó do benadh iad, an tairrnge dochuaidh tria throigthip an tSlánaightheóra a gcrann na croiche sé ro-láidir imremhor mullach-lethan mael-rennach ier n-a imdénamh d'íerann uassal aithlegtha in méide is lugha sé hordlaighi i n-a chomhfhat, go titul na croichi ro scríb Piláid dia lámhoip badhdhéin a laitin a ngrégis a n-eabhra IHS NASARENUS REX IUDEORUM ier n-a chomdach go ro-onórach go n-ór go n-airget go gclochaibh uaisle éxamhla ingantacha lasan mban-impir n-oirrderc Elena máthair Constantin móir, aon do na deich ttallannoip fichet ar ar reacadh an Slánaightheóir an coimde comachtach Issa Críst la Iudáss Scariot, trí píssa móra don chroich chésta, go rann-chuid ro-mhóir do chroich ghadaidhe na des-láimhe, gusan gcoirrmér ro chuir Tomás apstal a gcneidh an taoip in t-ochtmadh lá do shonnradh ier n-eisséirghe an t-Slánaigtheóra immaille fri hilimat reliciass ro-onórach oile. Constantinuss óg mac Constantinus móir ba hé conrotacht agus ru-s-tógoip in prímh-eglus naomhtha sin for impidhi agus foláiremh Elena sí ar n-a bennughadh fri sanctuss Siluester pápa.

4

La sodain tra éirgit ier sin go prímh-ecluis ardespoig na Rómha .i. in pápa S. Iohannis Lateraní a comhainm. {ms page 99} Ier ndénamh a tturaiss taisselbhthor dóip cenn Acarías athair Eóin baiste, cenn S. Pancratius ro buí trí ló go n-oidhchi ag coimhsileadh fola cró-deirge feacht n-aon dia ru-s-loiscset eritchide agus scristóiridhe in chreidimh chatoilce an n-eglus so tra .i. S. Iohannis Lateraní, páirt do thaissip Muire Madalén, slinnén S. Lauráss, fiacoil Petoir, an chailíss as ar ibh Eóin bruinne digh neimhe for foláiremh an impire éttrócair aingidhe Domisianuss agus do chomhfhortacht Dé ná ro urchóidigh dó, an slabhradh aggarp ieroinn dia mbuí in naomh-apstal uassal adhamra Eóin bruinne cengailti cruaidh-chuibrighthe óthá Efeso go ro riacht gussin Róimh gusin édach día ro éirigh sé slán go hopann a haithle a bássaighthe do réir inntinne na n-Idal agus na n-anchrístaighe,


p.198

rann-chuid ro-mhór do thaissip bennaigthi Eóin baisti, páirt d'folt naomhtha agus do gruaig bhennaigthe naomhMuire óighe gussin gcéid-léinidh doróine sí dia lámhoibh badhdéin dia haonMac mírbaileach mór-chomachtach Ísa Críst, an tubháille ro chomail an Slánaightheóir do chossoip na n-apstal dia lámhoip badhdéin ier n-innlat a gcoss uo chétóir a haithle an tsuipéir deighennaigh riasan páis, an cassúr dia ro bhuailetair in cinedh iudaide na clóithe coimhremhra agus na tairrngidhe aggarpa iernaidhe go míthrócaireach nemh-choigealtach tria chossoip agus lámhoip in Tigerna Íssa Críst a gcrann na croichi gusin gcoróin spíne um a chenn gussin édach purpur ro fhógair Piláid do chor i n-a urthimchell, páirt d'fuil luachmoir an Tigerna, scealp do chrann na croichi césta, mo chrech Aódh {ms page 100} sudarium .i. an t-édach sonnradhach ro coimhlegadh for ghlan-ghnúis chréchtnaighthi an Tigerna ier n-a chor isan tompa d'imfholach a aighthi, páirt don fhuil agus don uisce ro scuch as chneidh an taoip an tan ro gon an dall Longinus an Tigerna go nemhchoigeltach a gcrann na croichi gusin sleigh slinn-lethain, cenn Peatoir agus cenn Póil siat a ngráta imremhor ieroinn uas prímh-altóir na heguilsi. Gach línmairecht aimsire taisspéntor iet ro thoilig naomthacht na pápaidhe diaig a ndiaigh trí míle bliadan do loghadh a peacadh agus a thurcbál ag gach aon don senadh Rómánach do biadh ó deuósion agus innfheithem do láthair in tan sin, gach aon du-s-fic ó prouensip oile dia ffaixin sé míle bliadan do maitheamh a peacadh ag gach aon aca, na daoine ticit ó rígachtoip agus ó régiónaib oile imchiena dia tturas dá míle dég bliadan do maithem a uile peacadh ag gach aon gusan tres rann dia pecthoib agus dia cintoibh ar maithemh aca. Ceithri colamain roi-dhessa as urchomair na prím-altóra móire siat ar n-a n-ullmhughadh do brás ar n-a gcomhóradh go delraigthech ar in taep amoigh, coimlínta

p.200

ier n-inmedhón don talom naomhtha ier n-a treórugadh ó Ierusalem gusan dau sin. Augustus impire ba hé ro chomdaig na colamain sin don chonách catha ro éirigh dó forsan ffairrgi. Adbeirit aroile gurap neptúin ro bator. Oratorium ro buí ag Eóin bruinne ag etorguide in choimdedh chomachtaig an tan ru-s-buí a ngiallna la Rómánchaibh sé ar n-a chomhshuidiugadh fon altóir móir. Isin egluis chétna sin in naomhaltóir bennaigthi ro-n-buí ag Eóin baisti in tan ro buí isan díthreb, {ms page 101}flesc Mhaoissi agus Aroin, an bord dia ro thomail in Slanaightheóir in suipér deigenach a ffochair a apstal agus a dhescipal. Titus in t-aonmadh impiri dég ro buí isan Róimh is é ru-s-treóraigh ó Ierusalem cusin dau sin bliadain ar cheithri fichet d'aois in Tigerna. Mairidh aniú go nuaide nemchríon nemarsaigh go hécnach dona huilibh an colomhan comhfhata coimremor do marmar derg, ru-s-scoilt ó mullach go talmain a n-Ierusalem an tan ro thoirbir agus ro thimain an Slánaigtheóir a gcrann na croiche a anmain a lámhoip an Athar nemda agus atbert in manus tuas commendo spiritum meum, gusin leic do mharmar derg for ar chuirsetor in cinedh iudaidhe crann-chor for faidp agus étach Críst, go sompla agus go ffidhair na ndíslighi ro bátor aca; dá leic onóracha oile i n-a ffuil tomhus méite agus airde Issa Críst agus naomhMuire óighi ar in saogal so, an t-omar comadbal cloichi i n-ar baistedh Constantinus mór la Seluester pápa. Isan omar chétna isedh baister gach uile duine don Turcia agus don chineth iudaidhe agus don ainchrístaigecht go huilidhi in méide díp impaidhes isin Róimh fo chuing creidmhe agus crábaidh. Atá tra isan egluis sin sépél ro-onórach ro buí fri ré imchéin i n-a sheomra codalta agus cumsanaidh ag an impiri Constantinus sé ar n-a bennugadh a n-onóir Eóin baisti ro

p.202

chuir ann ilimat reliciass ro-onórach go rann-chuid móir don croich chésta. Isan ecluis chétna sin fuil in coloman coimremar do marmar derg dia ro gairm in cailech i n-Iarusalem a haithle na páisi gar riasan eisséirgi choimdheta. A n-imfhoixi na heguilsi ospitáil lán-mór ro-chostusach ro tógbadh ier gcéin mháir la sen-chinedh uassal don tsenadh Rómhánach {ms page 102} .i. Colona. Imat trócairi agus déirci agus leigis ag a dénam isan ospitáil sin ar lucht treblaite galair agus essláinte.

5

Feacht n-aon dia ru-s-gap treplait lupra agus essláinti neimneach dhásachtach an t-impiri Constantinus mór ro-s-baoi go n-anacair agus go ndocomal n-adpal-mór, nír chuimgetair doctúiridhe teacaiscthi ináit fisicidhe fáthacha comfhortacht nó caomhna do dénomh dó. Ro baoi a pennait agus a peirical anbháil. Aroile senóir glic naomh-arsanta dorala issan chathraigh comhairligis don impiri go ro thochuiredh Seluester pápa ru-s-buí ag a díthladh badhdéin a ndiamroibh agus a ndroibéloib a sliap chorrach chomadbal ceithri míle dég ón Róimh. Gníther samloidh. Ar rochtain naomhthachta in pápa do láthair umhlaigis in t-impiri ó a uile chroide agus innfheithemh do chreidem Críst do réir na heguilsi catoilci agus ier ngabáil baisti issin omar remráiti dó ba hógh-shlán uo chétóir gan doig gan galar gan lupra gan essláinti. Ro timain in t-impiri in pálás so i n-ar comhdaigedh an eclus don pápa do chéid-neithibh. E ba sossadh comhnaidhe dó badhdéin gussin tan sin. Siris a n-athchuingidh ar naomhthacht in pápa in eglus so do bennachadh agus do choissrecadh a n-ainm agus a n-onóir Eóin baiste agus Eóin bruinne. Gníther samhloidh in dechmadh lá do mí Nouembris ro buí for a ccionn. Ocht mbliadhna dég ar tríp cétoib aois an Tigerna in tan sin. A n-inbaidh agus a n-aimsir in chonsecrátioin do beith ag a denomh ro thaispéin pictúir diadha agus fidhair fír-naomhtha an choimdedh chomhachtaigh í féin go follus mírbaileach. Atá aniú uasan altóir móir. {ms page 103} Ro loiscedh in eglus so la hainchrístaigibh agus la


p.204

scristóirip chreidim Críst feacht fo dhí agus ní ro urchóidigh ó bheag go mór don pictúir acht atá go solus lógmar dealraigthech.

6

As a haithle tra éirgit na maithi si go Scala Sancta díer comhainm an staighre naomhtha a gcomhfhochraibh agus a n-imfhoixe don prímh-egluis remráite. Ocht gcoiscéim fhichet a gcomhfhat in staigri sin sé ar n-a oibriughadh do chlochaibh comhfhata coimhlethna gléigheala marmair. An pálás sainigthi sonnradhach i n-a mbuí Piláit a gcathraigh Ierusalem ba hann ro suidhigedh agus conrótacht ó thús. An tan tra go hergapadh an Slánaightheóir Iossa Críst la hIudachaibh aimhirseachaibh a n-aimsir a páissi is triasan staigri chomhard sin rucatar ceangailti cruaidh-chuiprigthi a ffrith-chétfaidh agus a ffiadhnuisi an breitheman Piláit é. On trén-tarroing tric thuinnsemaigh nemchoiceltaigh mhí-trócairighe du-s-ratsat dó ro trascradh é a gcert-meadhón an staigri as gur doirtedh páirt dia fhuil luachmoir. Mairidh ueóss slicht-lorcc na fola fír-uaisle fírinnighi forsan gcloich. Gráta iernaidhe uas a cenn dia himchoimét. A fforcinn an staigri atáit trí doirrsi do mharmar aoin-gheal ru-s-bátar a n-Ierusalem ar n-a suidiugadh a pálás in Piláit chétna sin. Ro gap in Tigerna triasna tríbh doirrsip sin ria ndol do láthair Piláit dó. As urchomhair an staighre tabernacal onórach dier comainm di sancta sanctorum. Atá immorro for na sépéloip is línmhaire reliciais mhór-lóighidhecht isan uile crístaighecht. Ann atá fidhair agus pictúir Iossa Críst doróine Lúcás suiscél dia lámhoibh badhdéin {ms page 104} an tan ro baoi Críst forsan saogal so a n-aois agus a n-aimsir a dá bliadhan dég sí ar n-a comdach go honórach airmitneach adhamra go n-ór go n-aircet go gclochaibh uaissle ingantacha éxamhla. An tres Niclás ro baui i n-a pápa issin Róimh ba hé du-s-róine consecrátion forsan sépél naomhtha sin for impidhe S. Lauráss martír. Ní línmhar tra oscailter nó taisselpthor an naomh-shépél sin ier n-inmedhón. Go bráth


p.206

ní théit ban-scál fon doman for a doras astech. For a nglúinip éirgit ina huile chinedhaigh suass triasan staigri naomhtha. Gach aon téid ó deuósion agus ó innfheithemh ghlan trí bliadhna do mhaithemh a peacadh ar gach én-choiscéim fo leith aige, gusin tres rann dia uile peacthoibh agus turcbháloip íer n-a loghadh aige. Is imaircidhe do na huilibh go rapait ag aithrighe ag urnaighthi ag etorghuide an choimdedh chomhachtaigh go gcongain chroidhe i n-a n-uile dupáilchip fri seirc nDé agus coibhnessamh ag ascnámh triasan naomh-staigri bennaigthi mór-lóigigechta sin.

7

Glúaissit na maithe si as a haithle óthá Scala Sancta gusin prímh-eclais n-oirrdirc S. Sebastian a comhainm. Gapait tra forsan sligidh gusin sépél n-adhamra dier comhainm Domine quo uadis. Is amhloidh forcaomhnagair ainmniugadh an tsépéil remhráiti ó thús: feacht n-aon dia ro bhaói ingreim foilenmain agus persecution ag anchrístaigip, ag scristóiribh na heguilsi a ndeghaidh prinnsa agus uachtaráin na n-apstal naomhtha .i. Petor, smuainis Petar an Róimh d'fágbáil Uch uch ro chraidh agus ro treghd bass Aoda ar gcroidi. {ms page 105} agus dol dó a ndiemhroip agus a ndroibéloibh agus a ffoithribh fássaigh sechtair for imegla a bhássaigthe acht ge ro baoi i n-a pápa. Ar ttoighecht go haonda duaithnidh go hinadh in reclassa sin dó adchonnairc an Slánaigtheóir i n-a chomdháil. Adbert Petor ier ttabairt aithne fair ‘Domine quo uadis’ .i. 'a Thigerna cia leth raghair'. Atbert an Tigerna: ‘Ragat gussin Róimh as go ffuiléngat croch agus céssadh agus martra an dara fecht.’ Atbert Petor: ‘A Thigerna is do chúis inghrema agus inchreachaidh oramsa adeir bhar n-onóir-si na briathra sin agus raghat-sa tar mh'aiss gusin Róimh agus fuiléngat báss agus martra ar bar son-sa.’ Ba fíor són. Fillis Petor gusin Róimh. Ro buí innte go ro bássaigedh é mar uassal-martír onórach adhamra amail is follus do na huilibh.


p.208

2

Rángatar Sebastian prímh-eglus ro-onórach conrótacht la ban-naoimh ro uassail do threip na Rómhánach badhdéin .i. Sancta Lucina a n-onóir S. Sebastian. Taibernacul ro-onórach issan egluis sin airm a mbaoi corp Petair agus corp Póil fri haimsir imchéin. Gach aon tra raghus astech ó deuósion agus o chongain cride isan ionadh sin atá a chudrama do logadh a peacadh aige ionnamail agus dodhénadh turass tempaill Petoir agus Póil. Eirgit a n-uamaidh thalman as a haithle Semiterium Calistí a comainm .i. relec Calisti. Ro hadhnacht isan reilic sin ceithri míle dég ar trí fichit ar chéd míle martír. Isan uamaidh sin tra ro bhíttiss apstail agus descipail {ms page 106} an Tigherna for imgabáil agus for teithedh na n-anchrístaigedh. Ro hadhnacht immorro ocht pápa dég ier n-a mbásugadh mar martíreachaibh uaissle adhamra oirrderca la heiritchidhip aimhirseachaibh issin uamaidh sin tra. Atá maithemh agus loghadh na n-uile peacadh ag gach aon téit ó deuósion agus ó chongain cride tríthe. Isan egluis sin tra aroile do na saigdip dia ro básaigedh S. Sebastian gussin gcloich mbennaigthi marmair for ar shessoimh an Slánaightheóir an comhfhat aimsire ro buí ag briathradh fri Petor apstal ag in sépél remhráite dier comhainm Domine quo uadis agus atá foillicht a choss issin ailigh ueóss. Atá tra corp S. Sebastian agus corp na ban-naoimhe uaisle adhamra Sancta Lucina agus corp Steffáin pápa issin egluiss chétna sin maille fri hilimat relicias oile.

9

As a haithle sin tra éirgit go Cauarello .i. inadh aoibhinn onórach go mbortt marmair go n-imat sreabhán d'fír-uisce fhinnfhúar ar n-a gcomhtharraing go hinntleachtach éxamail ingantach lassan senadh Rómhánach ier céin mháir a gcomdháil an impire. Iar ndénomh a medhóin laoi issin inadh sin dóip éirgit go tempall Muire na sanuissi. As a haithle go hegluis ro-onóraigh mhór-lóigidheachta oile


p.210

Tria Fountania a comhainm airm in ro díchennadh in tí Pól .i. doctúir na gcinedhach agus ier n-a díchennadh uo chétóir du-s-rat a chenn trí léimenna diaigh a ndiaigh. Ro mhuidhset tra teóra tipraite d'fír-uisce fhinn-fhuar oigreata assin talmain tirim in gach maighin a ndo-rat na teóra léimenna sin. {ms page 107} Atá ann ueós in colún marmair for ar díchennadh é go ndíb cennoip Anustatius agus Uinsentius martír maille re himat díairme oile. Ar comgar na heguilsi sin tra mainistir ro-onórach dar comainm Scala Celi .i. dréimire nime. Fo altóir móir na heguilsi uaimh i n-a ffiuilit taisi agus adhnacal deich míle martír. Taisselbthor a ttaisi do na huilibh. Ní héittir a nglacadh nó a ngluasacht. Feacht n-aon dia ro buí S. Bernard ag rád aiffrinn agus ag idhbairt chuirp Críst forsan prím-altóir remráite adchonnairc dia shúilip corparrda aingil agus archaingil an choimdedh chomachtaigh ag treórugadh na n-anmann ó piantoib purgatóra gusin fflaithemnus uachtarach agus gusin sosadh nemdha. Atá do príuiléit ag in altóir ón uair sin anuas anam do breith as paurgadóir gach línmairecht d'uairip aderthor aiffrenn uirre. Ord Sanct Bernard is sámadh agus is coimhthinól isin mainistir si tra. Ro taisspénadh dóip cenn S. Sonnonius ro buí i n-a ard-chaiptín ar deich míle agus ar dá chét saigdiúir siat immorro ar n-a mbássugadh uile a n-aoin-fhecht isan Róimh ar son chreidimh Dé agus na heguilsi naoimhe, fós ilimat reliciass ro-onórach mór-lóigidechta oile.

10

As sin dóip go tempall Póil. Dognít turus a shecht prím-altóir mór-lóigidechta. Taisselbthor dóib aon do lámhoip S. Anna, an slabradh aggarp iernaidhe dia mbaí Pól cengailti cruaidh-chuibrigthi an tan ro-n-baí a ngialna lasna Rómhánchaibh, cenn in samaritana, aroile do méroip S. Niclás, mailli re himat relicias ro-onórach oile. Atá immorro corp Timmoteus naomh {ms page 108} ro buí i n-a descipal díograisech ag Pól ar in saogal so isin egluis sin, corp Selsus, corp Iulianus, corp Basilisa, maille re corpoip móráin don


p.212

macraidh oirrdirc adamra ro básaigedh la Hiruath mac Antipater in tan ro baoi ag ingreim agus ag foilenmain for Críst. Crucifix ro-onórach mírbaileach isin egluis ro lapair feacht anaill agaidh a n-agaidh fri ban-naoímh uassail dier uo comhainm Brigita agus í ag dénomh urnaigthi n-a fiadhnuisi ro buí in tan sin i n-a banrígain a rígacht Suesia. Fo prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisip Petair agus Póil. Constantinus mór is leis conrótacht in eglus so ó tús a n-onóir agus a n-airmitin Póil apstal fo uíthin gurab isin inadh sin d'áirigthe ru-s-fairnegadh cenn Póil go mírbaileach éxamail ier n-a thescadh dia cholainn, agus ier n-a comdach uo chétóir du-s-rat do ráith a anma don pápa Seluester coimhinann agus dorat prím-thempall Petoir agus prímh-thempall Eóin. A n-aon-ló amháin ro bennaig agus ro choisric Seluester pápa tempall Petair agus tempall Póil. Coimhinann cutruma in lóigidheacht ro fhágoip aca araon acht amáin cebé dodénadh turus tempaill Póil gacha domnaigh fri ré bliadhna a coibéis agus a aurdail do loghadh a peacadh aigi agus do ragadh do thuras Ierusalem nó Sanct Sém mór na Galissi.

11

As a haithle tra éirgit go tempall Petoir in Vaticano prím-chathaír Petair isin Róim. Gabait forsan sligidh go sépél beg dar comhainm sépél Petair agus Póil. In tan ro hergabadh Petor is Pól la Rómhánchaibh aimhirseachaibh ro treóraigedh amach asin gcathraigh gusin dau sin iat. {ms page 109} Ceilibrait di eroile. Ier sin du-s-ratadh in tí Pól dia díchennadh go Tria Fontania fo bíthin go roibi léx ag na Rómánchaibh gan neach d'fír-threib in tsenaidh Rómánaigh badhdén do básugadh acht fri cathraigh anechtair. Petor immorro ro baí i n-a Galaleus du-s-ratadh astech tar ballaigip na cathrach go sliap ro-ard do shecht prímh-shléibtip na Rómha dier comainm Ianicolo. Treóraigit é gusin gcnoc don sliap dar comainm Montorio. Cuirit croch


p.214

chomart i n-a sesomh dó go gclóithibh imremra aggarbha iarainn i n-a chosaip agus i n-a lámhoibh. Ru-s-fuair féin mar athchuingidh báis a chrochadh agus a básugadh a ndeghaidh a chos as a mbeith neimhinannus martra agus básaigthi dó fria n-a Thigerna. Conrótacht immorro la rí na Spáinne .i. Fardinando mainistir ro-onórach isin inadh sin a n-onóir Petoir, a hainm gusin tan so S. Petro Montorio. Atá aniú go sámadh agus go gcoimthinól d'aithrechoib ro-onóracha d'ord S. Pronséis. Du-s-rat immorro in t-athair naomhtha an pápa Paulus Tertius ro-imat logadh agus maithemnuis na peacadh agus na tturcbál do lucht cuarta turais agus taistil na heguilsi si amail atá a gcloich marmair fuil uas fordoruss sépéil ro-onóraigh atá a gclaustor na mainistrech isin áit sainighthi an ro bássaigedh Petor.

12

Ier ndénomh turais seacht prímhaltór príuiléidech thempaill Petair dóip taispéntor tra cenn in apstail uassail adhamra S. Andriass dóibh sé ar n-a threórughadh gusin Róimh feacht naill la prinnsa na Muraighe a ré agus a reimhes in dara Pius do bheith i n-a pápa agus do deachaidh badhdéin cétna a persain {ms page 110} dá míle ó ballaigip na Rómha sechtair go Ponte Molle a prosesion ro-onórach do glacadh chinn in naom-apstail uasail ón prinnsa. Ro taisselbadh dóip as a haithle cenn Lúcáis suiscél, cenn Sanct Sém óig, cenn S. Sebastian, cenn S. Tomáis espog Cantorbi, cenn S. Amando, lámh Steffáin martír, lámh S. Cristoforus martír maille fri hilimat oile do thaissip naom agus fírén. Fo prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisibh Petoir agus Póil. Taipernacul ro-onórach uas uillinn descertaigh na prímh-altóra móire airm i n-a ffuil volta sancta .i. an aghaidh naomhtha .i. an naipicín ro chomail an ban-naomh uassal adhamra Veronica do glan-ghnúis chréchtnaigthi an tSlánaigtheóra Issa Críst in tan ro bháoi fo dhaoirsi agus fo mhartra ag imchar na croichi césta. Is follus agus is écnach do na huile dhaoinibh pictúir agus fidhair ghnúissi agus aigthi an Tigerna dia


p.216

fhuil luachmoir chró-deirc issin naipicín sin, cenn na sleighi slinn-leithne dia ro goin in dall Longinus agus dia ro thregd go nemchoiceltach compar croidhe Críst in tan ro buí marp gan anmain a gcrann na croichi. An Turcach mór ba hé ru-s-tidhlaic na seóit adhamra oireghdha sin gusin pápa .i. in t-ochtmadh Innocentius. Atáit aniú go ffertoibh agus mírbhailip éxamhla ingantacha. Gach aon do threib na Rómha bíss do láthair a ttaispénta ó innfheithemh agus deuósion trí míle bliadan do loghadh a peacadh aige, sé míle bliadhan ag gach neach do rígachtoip nó prouensip oile, dá mile dég bliadan ag eachtor-chríchaibh oile imchiena ainiúil gus {ms page 111} in tress rann dia peacadh ar n-a maithemh agus ar n-a loghadh ag gach aon aca acht go tticit ó deuótion agus ó chongain cridhe. Isin egluis chétna sin corp S. Simon agus S. Iud .i. díss naom-apstal ro-onórach, corp S. Cristostus, corp S. Gregoriuss pápa, corp ban-naoimhe uaisle S. Patronella. A n-imfhochraib sépéil Petair deich gcolamain chasta chompássacha chaín-dénmacha do marmar aoingheal. A ttempall Solman a nIerusalem is eadh ro tógbadh agus ro hullmaigedh ó thúss. Ar in taop chlé don altóir móir aon cholún amháin casta mharmair, gráta ieroinn i n-a urthimchil. In tan tra ro bíodh an Slánaightheoir ria nimfhulang na páisi a gcathraigh Ierusalem ag senmóir ag teagusc ag dispóirecht agus apcóideacht lasan chinedh n-iudaidhi ba gnáth leis sessamh fri hucht in cholúin sin agus a guala nó a uille do léicen leiss ar uairip. Is follus tra sin as na fertoibh agus as na mírbailip doghní Dia tríd, óir na persana i n-a mestur droich-spirut aimsigthe aidberseóracht agus tochuirter astech fo iadhadh in gráta sin, ní mór díp nach ffaghann sláinti agus comfortacht a gcétóir. Taispéntar dóib ro-imat radharc éxamail oile. Constantinus mór is leis ro-n-comhdacht agus ro tógbadh in eglus so ó thús. Ro idhbair as a haithle do ráith a anma don pápa Seluester mar dorat tempall Póil agus

p.218

tempall Eóin. An t-ochtmadh lá dég do mí Nouembris issedh ro bennaigedh agus ro coissrecadh é lasan pápa chétna sin aois an Tigerna in tan sin trí cét bliadhan ar tríbh bliadhnoibh fichet. Ro thoilidh agus ro aontaidh naomthacht in pápa ro-imat logadh agus indulgens ag gach aon dodénadh a chuairt agus a thurus o deuótión; {ms page 112} sé mhíle bliadan ar ocht mbliadhnoib fichet gusin tres rann dia uile peacadh ar n-a maithemh agus ar n-a loghadh ag gach aon dogní turus na secht prímh-altóir mór-lóigidechta príuiléidecha fuilit a ttempall Petair, acht is imaircidhi dó gu ro théchta serc nDé agus coibnessamh maille fri cungain cride i n-a peacoibh agus i n-a dupáilcibh. An chatháir cranngaili i n-ar shuidh Petar féin gusin mbrat ro cuiredh uas Petar agus uas Pól ier n-a mbásugadh issin tempall so tra. Seacht mbliadhna do logadh a peacadh aige gach línmaire aimsire chéimneóchass sé a n-aghaidh in staigri marmair fuil as urchomair dhorais an tempaill agus raghus do dénamh urnaigthi astech a sépél Petair. Cros chomhartt cheithireochair chomhfhata chaíndénmach d'aon chloich amháin is fír-airde isin chrístaigecht uile ar n-a comhshuidiughadh go hinntlechtach aughdarrdha as urchomhair in dorais mhóir. Ceithri leoman do brás ier n-a gcomhóradh fuithe uas trí hinneónaibh marmair uas a chéile. Cros ier n-a comóradh go dealraigthech ar n-a himdénamh do brás i n-a fír-mullach. Sixtus Quinctus bráthair d'ord sanct Pronséis ru-s-tógoibh agus ro chuir i n-a coimhsesamh airm a ffuil anosa. Adeirit drong do lucht inotachta agus aithreptha na Rómha gur chosain a cor i n-a sesamh amháin deich míle ar dá fichit míle coróin. Snáthat Petair a comhainm. Deich mbliadhna do logadh a peacadh ag gach aon chanus tri paitrecha agus trí Aue-Maria as a hurchomair. Gach aon do-s-gní uisitátion nó imthathaidhe ó deuótion ar in prím-egluis so Petair ó fhél Muire na {ms page 113} sanuissi .i. an cóicedh lá fichet do mhí mhárta gusin gcéd ló augustíí .i. fésta Sancti Petri ad Uincula, atáit dá míle dég

p.220

bliadan do loghadh a peacadh aigi, agus gach línmhairecht aimsire dénus én-chuid díp sin a ffésta éigin spesialta d'féstoibh na heguilsi badhdein, atá in uile logadh sin dúpalta aige. Ag sin amháin prímh-eglus chatharrdha les nach héitir eglus nó obair fon uile doman do chor a gcompráit nó a gcommórtus, óir issí is mó dheisi dheigdénmaighe for bith, is ferr colúin agus tairimthecht marmair agus is saothraighi airde fhír-fhairsingi fo thalmain agus uas talmain. Uile stuadha comharda an tempail ar in taep astigh ar na gcomhóradh uile go lonnradhach dealraighthech éxamail. Cenn luaighi fair ar in taop amoigh. Samhalta la cách go mbeitis fichi míle fer i n-a n-armoibh i n-a sesomh a n-aoinfheacht forsan tairimthecht atá fair ar in taep amoigh. An pálás is mó agus is deisi agus do derrsgnaigh do pálásoip in domain ag in pápa ar a uillinn tuaiscertaigh. Obair ro-chatharrdha ag in pápa Paulus Quinctus ar in egluis sin gach én-lá isin mbliadhain agus dá ttugadh Dia saogal nádúrtha do réir a chomplexa agus a persan dó, is inmesta go nderscnóchaidh sí d'uile oibreachaibh in domain ge nach ffuil sét samhla di amail atá. Imat taispénta ro-onórach agus relicias mór-lóigidhechta cenmothá sin issin prím-egluis so Petair agus do brígh gurab eimilt labairt ar gach aon fo leith díp, gach aon dianab áil a ffaircsin dogépaidh re a n-uile thaissealbadh a fféstaibh uaisle imchuibdi íad.

13

A fforcinn in turais mór-lóighidheachta sin éirgit na maithi si dia páláss. Airissit agus comhnaigit ag léicen a scísi agus a mertin a haithle a tturais neoch ba subáilceach {ms page 114} dia n-anmannoibh agus ba saothrach dia gcolloibh.