Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 105

Domhnach na Trínóide i n-a dheghaidh sin éirgit na mná uaisle do láthoir náomhthachta in pápa. Gabhuis chuige go honórach sulchair degh-aighthech iad. Dobeirit diaigh a ndiaigh póic dia choiss. Dorat benedixion dóibh. Fillit dia ttigh. Rángatar immorro formhór ord agus mhac-cléirech in tsenaidh Rómhánaigh go línmhar agus go ro-onórach airmitnech adhamra a prosesion go tempall Petair in lá cétna sin mar uaissle agus mar oirrdhercass don mban-naoimh ro remráidhsemair. Ascnaidhit as a haithle óthá tempall Petoir go ro riachtsat Sancta Maria Noua airm i n-a ffuil fert agus tomba na ban-naoimhe uaissle sin. Ro bátor tra imat do mhíltibh persa eguilsi. Nír cuimhgedh rímh nó áiremh forra re a n-imat-línmaire. Adhnait na Rómhánaigh teinnte agus tennála i n-a pálássoip agus a n-imdoirsip a tteghdhuissighe go n-ilimat do choinnlip agus do lóchrannoip lasamna uas a ttighip. In tairimtheacht uas Chaislén na nAingel ar n-a coimhlínadh


p.188

do shoillsip éxamhla. Pictúir ilair agus dragúin ar n-a ndealbadh go hinntlechtach aigentach suadhamail uas Chaislén na nAingel siad ar n-a n-imdhénomh agus ar n-a gcoimhlínadh ó púdar ar in taop astigh. Timchell chluig Aue-Maria do bhuain deóigh laoi adhantor teinnte isna heónoibh éxamhla ingantacha sin. La sodhain tra scuchait agus comhlassait a n-aoinfheacht agus a n-aon-fhábhall go ro léigset caora agus casracha go gcethoip toirneacha teinntighe trichemh-ruaide ós aird innus gur choimhlínatar méid áirighthi don aér etaruas uassan gcaislén do na cethoibh agus do na {ms page 94} frossoibh teinntidhe ro léicset. Ba lór do chúiss úathbháiss agus ingantuiss in domain fri fer a nemhfhaixena gusin tan sin bheith ag a ffaircsin. Gabhait as a haithle tra ar bheith ag comhscaoiledh lámhoigh re aroile gus a chéile ass na seomraidhip agus as na teghdhuissibh éxamhla inntlechtacha aigentacha ro hullmhaigedh i n-a n-inmhedhónaibh go ttairnic crích agus comhchaithemh a n-uile chostuis.