Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 101

In sathorn buí ar a gcinn in t-ochtmadh lá dég maíí 1608 do deachaidh in t-ierla go ndroing do na daoinibh uaisle do dénomh turais mór-lóigidechta seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Oidche domnaigh chingcíssi do shonnradh ro buí espart sollamanta ag in pápa isin sépél dier comhainm Capella Paulinus. Du-s-riacht tochuiredh ar na maithib sin chom an espairt. Eirgit uile a gcétóir acht amáin ro buí gné égcruais fiaprasa ar in ierla. Ro togadh inadh onórach d'Ua Néill a n-imfhoixe an athar naomhtha as a urchomair badhdéin. Ier gceileabhrad in espairt onóraigh ticit buiden do bhráithrib sanct Dominic, timchell dá míle éicin bráthar, do láthair in pápa. Ro bátar tra a modh prosesioin ier ttogha generáil áirigthi orra badhdéin agus ar a n-ord sechnóin na crístaigeachta in lá sin. Doratsat uile deóigh a ndeóigh póic do choiss in pápa. Dobheir benedixion dóibh agus do chách archena. Gluaisis dia pálás ier sin. Eirgit cách dia ttigthibh. {ms page 87} Domhnach cingcíssi do shonnradh ro buí státion onórach go loghadh na n-uile peacadh a prímh-eclais S. Spíritus. Do-deachatar na maithi si chom aiffrinn agus esparta ann. Seruís


p.176

Dé ar onórachuss na crístaigeachta go huilidhi issin egluiss go n-ilimat sacart ro-onórach agus do preghláidip príuiléidecha gussin gcóraigh channtairechta ba lór dien-fheabus issin doman go ndá péire nó a ttrí d'orgánoibh ceólmara comhmbinni go ro-imat d'innstramainntip múisici agus ciúil cenmothá sin.