Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 98

An cethramadh lá do mhí maíí domhnach ar aoi laithi sechtmaine aoiss in Tigerna in tan sin míle ar sé chét ar ocht mbliadhnaibh ro thoiligh naomhthacht in pápa dóip as go ragdaois i n-a persanoibh badhdéin dá láthair in tres uair ier medhón láoi. Cuirit na cardenáil buidhen do chóistidhip ro-mhaithi go n-eachraidh ba lór feabus agus deissi issin doman i n-a gcomhairrchis dia gcoimh-threórughadh gusin dú i n-a mbaoi in pápa. Eirgit gussan páláss ro-onórach dar comhainm Monte Caualle. In t-athair naomtha Paulus Quintus ar a gcinn annsin. Ar ndol dia láthair dóip gabuis chuice go ro-onórach grássamail móránta forfáilidh iad. Ier sin doratsat badhdéin co n-a lucht coimhitechta diaig a ndiaig póic dia chois bennaighthe maille fri humhla agus reuerens. Bátar tra timchell uaire do ló i n-a láthoir, é onórach supáilcech degh-aigthech ag comfhierfaighi a scél agus a n-echtra frisin ré sin. Gabhait a gcet ier mbenedixion mbennaigthi d'fogbáil. Dobeirit altugadh do Dia agus don athair naomtha fo bhíthin a onóraighi airmitnighi ro thaisspéin a shupáilce mór-thrócairecha dhóip. As sin dóip go cardenál Burgeis mac derpsethar in pápa. Ba fáilidh rompa. Ier sin gussin páláss i n-a mbátar díss derbráthar in pápa. Fáiltigit friú. Ro gapsat as a haithle go hambasadóir rígh Frannc ro buí ag fágbáil na cathrach ar n-a márach do shonnradh. Comnaigit cusin día dardaoin buí ar a gcinn. Bátar tra cardenáil na cathrach


p.172

frissin ré sin ag cor méitte áirigthi do dhaoinibh uaisle adhamra agus d'oifficechaibh ro-onóracha d'forfáiltiughadh friú aguss dia nglacadh go hairmitneach as a n-ucht badhdéin.