Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 97

Ar n-a márach dóip go Prima Porta trí léige. Furnaigit ann an oidhche sin. Léicit daoine rompa gusin Róimh. Ier sin go Pounte Male dá léige. Du-s-riacht Petrus Lombardus ardespog Aird Macha agus prímáidh na h-Erenn go ndescipal onórach i n-a choimitecht go línmaireacht cóistidhi ó chardenáloip i n-a gcomdáil agus i n-a gcomairrchis cusin dau sin. Téit stíuartt gach aoin fo leith do droing áirigthi do na cardenáloip i n-a gcoinne d'forffáiltiugadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm na gcardenál. Eirgit a cóistidhip as a haithle. Céimnigit go ro riachtsat in Róim. Porta Popule comhainm an gepta do shonnradh ar a ndeachsat astech isin gcathraigh. Gluaisit ier sin go ro-onórach tré prímsráidip oireghdha na Rómha. Nír hairissedh leó go ro riachtsat prímthempall Petair in Uaticano. Scuirit a n-echraidh ann. Eirgit astech isin eacluis. Dognít sléchtaine. Timchillit a modh thurais na secht prímh-altóra príuiléidecha mór-lóigidhechta fuilet isin egluis. Ascnaidhit ier sin go pálás ro-onórach ro ordaigh naomhthacht in pápa dóip a m-Burgouechio Sancti Spiritus. Bátar tra cóic cóisti dég gusin sé d'eachroidh {ms page 84} ag comhtharraing gacha cóiste acht madh beac ag tairmchéimniugadh


p.170

dóip tria prímh-shráidip comfhata na cathrach in lá sin do shonnradh. A haithle a n-aistir agus a n-imthechta oirissit agus comnaigit ag léicen a scíssi agus a merten gusin domnach ar a cinn.