Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 96

Gluaisit na maithi si ar n-a márach go Strectura, go Terni, go Nerni, go Hotriocli. Aon léige dég issedh ro ascnaidset in lá sin. Dia domnaigh in t-ochtmadh lá fichet aprilis 1608 céimnigit rompa ier n-éstecht aiffrinn go Teuere, cathair i n-a mbít báit ag imchor daoine agus eachraidhi tar ruibér ro-láidir na Tipiri. Asside tra go Borgeto, go Ciuita Castellana, go cathroigh Rignano go Castel Nouo.


p.168

Dá léige dég issedh ro aistrigset. Ba hécnach dóip ótá sin clogáis agus ballaidhi na Rómha.