Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 95

Ier ndénom a thurais d'Ua Néill agus día lucht coimitechta issin reclés sin ascnaidhis as a haithle go ro siacht gussin prímh-chathraigh díer comhainm Spoleto léigi sí daingen daoineachair ar n-a comhshuidiughadh ar ferann chomthrom choimhréidh do lethtaop sléibhe ro-airtt. Is meinic immorro urchóidigess tuile teinnesnach tolcánach trén-tuinnsemach in tsléibi sin do lucht inotachta agus aittrebtha na cathrach ier n-inmheadón. Gnáthaigit gné dhroichet thairmchéimniges adiu agus anaill uas na sráitibh itir theghduissip na gcomharsan a n-inbaidh agus a n-inam in tuile threathain sin do bheith aca. A cethoir dég d'eguilsip onóracha uassan gcathraigh ar lethtaop in tsléibhi. Sépél is lór feabhus i n-a fhír-mhullach go n-ord S. Pronséis gusin altóir is daoire dheissi dealraighthighe issin rann-chuid sin don Etáill. Caislén lán-daingen go mbárdoip láidire línmara ag in pápa isin gcathraigh. {ms page 83} Droichet ro-maith is lór comháirde issin doman ier n-a imdénomh go hinntlechtach óthá in caistél go leith-imel in tsléibhi.