Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 94

Gabuis O Néill go Montefalto. Aroile reclés issin mbaili sin i n-a ttaispéntar go follus do na huilibh corp Sancta Clara ro buí i n-a hingin ag diúc Lombardi, ier gcomchlaochlúdh bethadh dá chét bliadan roimhe sin, sí go ndeigh-bethaidh naomhtha ar in saogal. Ní mór aittherrach nó claochlódh ar bith doróine a corp, acht mar do bhiadh i n-a toirrchim codalta. Céssadh Críst eitir a lámoip bennaigthe. Ord onórach chaillech ndup ro bennaigedh i n-a hainm badhdéin ar gach taopa di. In tan ro scoiltedh a croide ier n-a hégoip ru-s-fríth stair agus instrament páissi Críst ier n-a gcruthugadh agus ier n-a n-imdénomh ann, fidhair chroiche agus choróine, chassúir agus pinnsúir, sleigi agus sgiúrsa, go ttrí ttairrngibh. {ms page 82} As a haithle sin tra ro-s-fríth trí gema uaisle oireghdha i n-a croidhe. Cutruma comthroma coiminann comméide dóip. Aon chloch amáin díb do chor a meidh thomuis dobeir comthrom don dí cloich oile. Feacht n-aon dia ro tescadh screpal beac dieroile chloich ndíp, an screpal amne do chor a meidh thomais, dobeir comthrom cert do na trí clochoip. Messait tra agus brethnaigit diadhairidhi na heguilsi agus tráchtairidhi in screptra naoimhe gurab a ffidhair agus a fforaithmet na naemTrínóide


p.166

nemda athair mac spirut naómh is comhshuthain coimhinann cutrama ro cruthaigedh na trí gema lógmhara sin a gcert-medhón croidhe na hóighe gusna hairrdhenoip ro ráidhsemar. Aroile do méroip Sancta Anna .i. naom-máthair óg-Muire, corr-mhér a clé-láimhe do sonnradh agus in uile reliciass adupramar re a ttaispénadh do na huilip gacha laithi a ffochair cuirp na ban-naoime uaisle issin eagluis sin.