Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 91

1

Do réir mar fuaramar scríptha a sen-starthachaibh, a n-ainm Dé laipeóram uaite do ilibh .i. begán do mórán ar shupáilcip Loreta: Séppél Loreta immorro buí ar n-a ordugadh agus ar n-a thogha ón Athoir nemdha cien-aimser ria n-a thógbáil for talmain do threibh Iesse. A prím-chathraigh oirrdirc adamra oirdnide, Nasaret Galale, {ms page 50} conrotacht in tegh sin ó thúss. Ann ro chomhnaig agus ro thairissimh Iaicim agus Anna, athoir agus máthoir náomhMuire óighe. Ann fóss ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemhnaigedh in naem-ógh. Isin tegh chétna sin du-s-rat in t-archaingel uassal Gabriel in techtaireacht ón Athoir nemhdha go naomMuire triasa ttáinic saoradh na hAdhomh-chloinne ó chintoip agus turcbháloip peacadh na seinnsear. Isan tegh sin tra gan caillemhain a hóghachta isseadh rugadh ar Slánaigtheóir Issa Críst. Ro hoilemhnaigedh as a haithle ar geil-chíchoip


p.112

naomh-lachtmhara na hóige go riacht in t-aingel do neim dia erbadh agus dia fholáiremh fuirre dol co n-a Mac ar innarbadh agus deóraidhecht gusin Eigipt ar teithedh Iruaith meic Anntipater intan ro bássaighedh in mhacraidh oirrderc adhamra. An dara bliadain dég d'aoiss in Tigerna térnoidhit tar aiss ón Eigipt gusin tegh cétna. Ann tra ro thochaith in naom-ógh a laithe agus a haimsir ar in saoghal ó sin suass. Ass immorro ro-ss-tógaipset aingil agus archaingil in choimdedh chumhachtaigh a corp naomhtha go nemh n-ainglidhi go follus fiadhnach do na huilip chomhfhoixib. Iar gcumsanadh don naem-óigh ar nemh bátor tra apstail agus descipail in Tigerna i n-a gcomnaidhe sealat sa teagh sin. Cinnit agus comhairlighit ier sin a bennugadh agus a choissrecadh assa mbíadh amháin i n-a teghduiss agus i n-a dhuirrthech etorguide in choimdedh chumachtaigh aca. Ullmhaigit na hapstail amne dia lámhoip bennaigthe badhdéin croch ro-mhaith mírbaileach a ffiodhair agus a fforaithmet chroiche Críst. Fiodhair-dhealp agus imháidh naemMuire óighe íer n-a himdénomh do lámhoip Lúcáiss suiiscél, issí amháin is {ms page 51} mírbailighe gan imressain fon uile dhoman. Atáit immorro ar n-a gcomhshuidhiughadh isan sépél sin. Fo bhíthin a imat fert agus mírbal agus naomhthachta du-s-ratsat lucht inotachta agus aittreptha prím-chathrach Nasaret ro-onóir go priuiléid ndermháir ndíchra dó. Na régióin chomhfhoixe ag a chomhmóradh mar in gcétna.

2

Ro buí immorro impire áirigthe íer n-a thogha issin Róimh an inbaidh sin, Heraclius a ainm. Coimhchengluiss a n-aghoidh reachta agus chreidimh eguilsi Dé fri Cosrat, rí na Persia. Scrissait agus innarbait in creidemh catolice as talomh Ierosolima go huilidhi. Tógbhait suass go hainffesach míchreidmheach gné dée, Mahomet a chomainm. Ní ro léicc immorro in t-imfhaitchess do lucht aittreptha na cathrach nó in régióin umhla nó adradh do chreidemh Dé sa naomh-shépél sin. An pápa in cethramadh Niclás buí issin Róimh trialluis cocadh agus conblicht a gcertaghaidh na n-eritched sin. Cuiriss páirt dia armáil go prímh-chathraigh


p.114

n-oirrdirc fuil isin Aissia, Tripoli a comhainm. Cuirit léger fuirre. Ticit na rígha págánta adupramar dia comhfhortacht. A n-inbaidh na huaire agus na haimsire sin immorro gluaissis in teagh naomhtha so Loreta co n-a uile oibriughadh agus imdénomh, é ag a imachor do grássoibh Dé agus naemhMuire ar guaillip agus ar ochtoibh aingel agus archaingel in choimdedh chumhachtoigh. Toirlingit agus airissit ar foradh-chnoc aoibhinn adhamhra a magh choimhréidh chomthrom chomh-fhairsing a tTersato a rígacht Eschiouia timchell medhóin oidche do shonnradh in seissedh lá do mí Maíí don bliadain adupramar. Ba gnáthbhéss immorro la lucht inotachta agus aittreptha in tíre sin comhchruinniugadh ar in magh remráite isna laithip sin go fír-chinnte gacha bliadhna go subáilcip agus go sollamantus adbal-mór. {ms page 52} Ba machtnadh adpal agus ba hingantus dermhair leó ó 'dchonnarcatar in sépél sonnradhach agus ná fitirset cia leth ó ttudhchaidh. Eirgit ann astech assa haithle. Fogabhait ann dealbh agus pictúir naomhMuire óighe gussin gcroich remhráite. Messait agus brethnaigit íeromh gur uo hé tegh agus teghduis mírbailteach coimperta agus geinemhna mháthar in tSlánaightheóra é. Glacait imegla ndermhair fo dháighin gluasachta agus toighechta in tighe. Assa haithle tra gabhait cuca go hairmitneach onórach é. Dogeibhdiss ilimat do lucht galair agus essláinte na régión gcomhfhocus comhaisseg agus comhfhortacht a sláinte ann. Ro mhédaigh sin immorro deuósion agus innfheithemh na gcinedhach gcomhfocus gusin teagh sin amne.

3

Aroile prióir ro-onórach ro-s-buí i n-a uachtarán a mainistir Sanct Seóirsi. Brethnaigit cách fo bhíthin a deigh-beathadh a bheith naomhtha. Allexandro a chomhainm. Gapuiss fiaprass teinntighe neimhneach in prióir. Earbais a threórugadh go naoímh-theagh Loreta. Gníther samhloidh. Ernaigiss agus etorguidhiss in prióir gusin naomh-óigh a ffrithchétfaid na himháidhe. Do connarcus don óigh naomhtha eachtra fholaigtheach agus rúndiamair ro-dhiadha in tséipéil oirrdirc adhamra sin d'foillsiughadh agus do thaisselbadh don naomh-prióir remráite. An prióir immorro,


p.116

mar ro buí naomhtha foghlomtha go n-imat egna agus rúndiamra ón Athoir nemhdha, ticcis in ógh naomhtha cétna a persain do briathradh agus do chomrádh fris. Iar n-a taisselbadh immorro go lóghmhar dealraigthech mírbaileach dó ba headh ro ráidh: Ag so meissi Muire máthair in tSlánaigtheóra as do chomhair neoch ro atchaiss agus ro etorguidhiss go línmhar. Cuir h'uile dhóigh agus inntinn agus h'innfheithem am Mac mírbaileach agus dia throcaire ro-d-fia sláinte. {ms page 53} An teagh naomhtha so trá, tuig gurab ann ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemnaigedh mé. Is ann fóss ro-m-toghadh lassan Athoir nemhdha mar mháthoir chorparrdha día aon-Mhac badhdéin. Ann fóss ro cheiliobhrainn trátha agus urnaigthe, immoinn agus canntaireacht, ag ettorguidhe in choimdedh chomachtaigh. Ann fóss ro-m-póssadh do réir in reachta agus ru-s-gabhus mar chéile la Iosep fírinneach. Ro choimhétas mh'óghacht gur glacus ón Athoir nemhdha in t-uassal-toirrchess triasa ttáinic comhsháoradh na hAdhomh-chloinne ó peacoibh agus turcbáloip na seinnsear. Ro imchrass go honórach assa haithle fri ré náoi míoss go rugass go mírbaileach grássamail, gan saothar, gan dochar saegalta, gan docomhal nádúrtha, gan milledh mh'óghachta, Dia agus duine a n-aoinpersain issin tigh sin amne. Ro oilemhnaighess issin tigh chétna, ro bethaiges ar cíghoip m'ochta, ro imchras agus ro altromus as a haithle go ttáinic in t-aingel do neimh dia erbadh oram ascnamh lem Mac gusin Eigipt for teithedh Iruaith meic Anntipater. Iosep díer ttreórughadh agus ag comfhortacht dúinn seachnóin na sligedh. In dara bliadain dég d'aoiss mo Mheic térnoídhemaoít tar aiss gusin tigh gcétna. Oirissim agus comhnaighim ann as a haithle an gcéin ro buí a mbethaidh ar in saogal. Ar ndol damh ar nemh n-archainglidhe du-s-fic Eóin bruinne gusin gcuid oile do na hapstaloibh d'aittrebadh agus d'inotacht in tighe. Doghnít tabernacul agus ionadh onórach airmitnech adhamra urnaigthe de. Scaoilit badhdéin seachnóin in domain as a haithle do réir aithne in choimdedh chumachtaigh do shíoladh chreidimh agus chrábaidh. Athraigis in teagh go mírbaileach ier sin

p.118

go ráinic gusin log so. Foillsigther immorro agus comhoirrdhercaighther let in stair agus in eachtra so agus na naomh-scéla do na huilip chomhfhoixibh agus ro-d-fia sláinte ó mo Mhac glórmhar grássamail si.

4

Tigit a gcétóir ilimat do légiónoibh aingel agus archaingel de neimh a gcomairrchis {ms page 54} agus a gcomhdháil na naómh-óige. Gabuiss a ced ag in athair naomhtha sin ieromh. Fo bhíthin ruithenta lógmaire shubháilcighe in boltanaighe dhíadha glórmhair buí ar gach taep di dogeibh in t-athoir sláinte a gcétóir. Du-s-rat in t-athoir altugadh buide don naomh-óigh agus dia Mac mírbaileach. Aistrighis dia thigh ier sodhain. Aisnéidhiss na scéla sin do na huilibh adchídh.

5

Ráinic tra clú agus alla agus oirrdercass in sceóil gusin uachtarán buí ag guibernóracht an tíre, Nicolauss Fransisfane a chomhainm. Treóraigis chuicce an t-athair remráite ar go ffessadh deimin agus bunadhus na mór-mírbal. Ier n-a gcloss dó cuiris d'fiachaibh fair ascnámh gan moille gach ndírech go prím-chathraigh Nasaret d'fioss agus do dearbadh an sceóil. Cethror immorro do daoinibh oiregdha oirdnidhe adhamra onóracha in tíre i n-a choimhiteacht. Rángatar Nasaret. Buí tra in slige go soirp socomhlach aca. Fochtait imthúss agus turthechta in tigi do maithib na cathrach. Adfédsat dóip uile scéla agus eachtra agus mírbaile in tige in airet buí aca badhdéin agus a thógbáil uaidhip assa haithle ar guaillibh agus ar ochtoip aingel go mírbaileach agus ná fitirset cia leth do deachaidh. Araoi sin tra toimsit na teachta fundaimint in tige, a fod, a lethet, a himthacmhac. Térnoidhit tar ais go Tarsato. Ba cudruma coimhinann don tegh íer n-a thomhus in tan sin frissin tomhus dorónsator a Nasaret. Iarsna huile dearpthoip sin immorro dognít lucht aittrebhtha na gcathrach gcomfhocus agus an régióin go huilide onóir agus airmitin adbal-mór mun tigh, go n-imthathaidhi línmair, go ndeuósion ndíchra. Seacht míssa ar tríbh bliadhnoibh ro buí in teagh i n-a chomhnaighe issin inadh remráite. Imeglaigit immorro aittreabaigh in tire ainmíen agus ansmacht, borrfadh agus díberg an impire .i. Heraclius.


p.120

Tic asside gné nemhthathaidhe {ms page 55} agus mainnechtnaige deuósioin agus imfhuaire i n-a gcroidhedhaibh do beith don naoimh-theagh oirrderc adhamra so, as nach ttucsat adhradh nó onórachus dó mar ba gnáth. Ba toil immorro lassin Mac mhór-mhírbaileach agus lassan gcoimdidh gcomachtach an teagh do athrugadh assin dú a mbuí. Tógbhait aingil agus archaingil leó i n-a staid agus i n-a innioll badhdéin gan cumhscughadh cloch nó clárach. Ascnait seach mór-fhairrge gcoimhleathain gcomfhairsing Adriatica. Ní hairissedh leó go riachtsat gusin Edáill. Toirlingit a prímh-choill chomhdhlúith a prouensi Marca a gcomhfhoixe sen-chathrach Recanati. Laureta comhainm na baintreabaighe uaissle dier uo sealp go sainigthe in choill sin chena. Ar aoi sin cuirit na poipleacha a ngnáthugadh dealb Muire Loreto do chomhghairm don pictúir. Aóiss in Tigerna in tan sin míle ar dá chéd ceithre bliadhna dég ar cheithri fichit, in dechmadh lá Septembris. Ger uo comhdhlúith aimhréidh imdorcha in fhiodhbadh sin isin aimsir seachmataigh, ar aoi sin chena ba ruithen-sholus dealraigthech glórmhar ón soillsi ainglecdha ro-dus-fágoibset na haingil issin tigh naomhtha agus i n-a uile timchuairt agus tochealladh. Messait agus brethnaigit lucht a faircsena gur uo teinnte agus tennála bátor iar n-a gcomadhnadh issin ffidhbhaidh.

6

Bátor tra aodhairidhe ag forchoiméd a ttreód ar a comhgar. Ar ffaixin an ingantuiss adpail éxamail fágbuid a ttréda. Ar teithedh dien-tinnesnach iad gusin prím-chathraigh remráite. Adfétsat tra dia ttuistidip in scél uathbásach ingantach forcaomhnagoir. La sodhain tra attrachtsat lucht na cathrach éirgi athlamh aoinfhir. Ascnait gusin ffidbhaidh a ttraide. {ms page 56} Iar ffaixin an ingantuiss adbal-móir dóibh gabuis omhan agus imecla dermhair iat. Eirgit dronga aca go gcrith-egla agus go gcomhfhaitches sechnóin na fidbaidi as a haithli. Rángator immorro i n-a cert-medhón. An teagh onórach airmitneach íar n-a imdénomh go haughdardha inntlechtach go ffidhair-dheilbh Muire óige agus na croichi césta ann ier n-inmedhón. Bidhgait


p.122

agus ingantaigit la sodain. As a haithle tra ba hí a ttoimdin agus a mbaramail gur uo torchur-shét tidlaictheach ro dírigh in t-Athoir nemhda Dia uile-chomachtach chuca. Léicit ar a nglúinib íat. Adhrait agus ernaigit agus etorguidit in coimde comhachtach go n-altugadh buidhi go línmar fo bíthin na méide sin dá mór-shupáilcip éxamhla do thaissealbadh dóibh. Fóss dognít oráite agus caintic coimmbinn i n-a ttengaidh uodén. Ro chansat a mbriathraib millsi gur uo bennaigthe aoinDia uile-chomhachtach, fós bennaigthe diadha glórmhar in naomh-ógh thrócaireach, máthoir in Mheic móir-mhírbailigh, ro thoiligh agus ro thidlaic dia mór-grássoib badhdéin a macsamhla sin do naom-thaispénadh thrócairech do thaisselbadh go mírbaileach éxamail ingantach dia popal bocht. As a haithle trá térnoidhit na maithe si a ffritheing na conaire cétna go riachtsat gusin gcathraigh remhráite.

7

Ba gnáth-béss la lucht na cathrach ier sin in gach uile aimsir imthathaidhi ro-onórach maille re uisitátion agus reuerens go n-imat adhartha Dé agus naemMuire óighe do dénom isin tig si amne. A aois galair agus essláinti agus gach treablaidi archena ag foghbáil chomfhortachta agus imaisic a sláinte gacha haimsire isin teg so do grásoibh Dé {ms page 57} agus do thrócaire óghMhuire a ffrithchétfaidh na himháidhe agus na croichi adupramar. Dia bhíthin sin immorro ticdiss ilimat do dhaoinip ó na régiónaip oile do dénomh turaiss agus deuósioin agus oilithre gusin naoimh-theghdhuis sin ier n-oirrdercughadh a mhór-mhírbal. Ba gnáth le himat eiritchedh agus bithbenach, mar ro buí in teagh a ndíthreb uaigneach imdorcha agus comhthathaidhi na n-oilithrech chuice agus uaidhe, teacht do dénomh sladaigheachta agus duine-mharptha ar a chomfochraip. Ar n-a fhaixin sin immorro do Dhia uile-chomachtach earbuis ar dhroing dia ainglip an sépél d'aitherrach agus do threórugadh go magh coimhréidh comhfhairsing buí ar comhgar na fidbaidhi remhráite. Dognít samhloidh. Comhshuidhigit é ar gáirdín-chnoc aoibhinn oirrderc oireghdha go línmhaireacht luibinn degh-bholtanach. Daoine


p.124

uaissle do lucht na cathrach, díss derbráthor díeroile, ba leó bith-dílsecht in magha sin tra. Ro buí imthathaidhi ghnáthach gusin sépél ar in magh sin do shonnradh fri ré imchein. Dogeibhdiss na daoine uaissle imat óir agus aircit agus gacha maithessa archena día thorbha. Glacait féin ier sin aingideacht fhích-mheiscneach agus imthnúth adpal-mór re aroile. Ní mór nach bíttiss gach laoi ag fóbairt chomhmarptha a chéile. An mháthair ó ar gheinsetair ba congnamh imbressna agus etorchossáide dóibh, óir in mac ba hinmaine agus ba díchra serc agus annsacht lé, adbeiredh fiadh na huilip gur uo leiss in magh tré fhír-chert gan chomhroinn don fhior oile. Eirgiss ier sin cogadh agus conbhlicht eidir na derbráithrip amne fo chomhroinn torbha in tsépéil. Ar n-a fhaixin so do Dhia uile-chomachtach, augdar agus bunadhus {ms page 58} na huile h-síthchána agus imbressna, réidhighiss go mírbaileach deabaidh agus dechétfaidh na nderbráithrech remhráidhsemar. Cuiriss dá mór-chomachtoip glórmhara aingil agus archaingil d'imluadh agus do choimhthreórugadh in naemh-shépéil gur chomhshuidhighset é a n-inmedhón agus a gcert-lár in ríg-róid rígdha thairmnigess eitir prímh-chathraigh Recanati agas in sen-fhairrge, ionadh áirigthe ar nach roibhi cennus nó uachtaránacht no selb sonnradhagh ag én-duine fon uile dhoman. Atá issin dú sin gusin tan sa. Ag sin amháin in tres imirci agus athrugadh dorónadh leiss ier riachtain dó tar fairrgi.

8

Assa haithle sin immorro ingantaigit daoine simplidhe neimheacnaidhi issin tír éxamhlacht agus ingantaighi eachtra agus imircedh in tséipéil. Cuirit i n- for inntinn-chroidheadhoip lochta na cathrach gné fondaiminti do chor n-a urthimchell, óir ro imeglaighset tré ainffioss a athrugadh uaidip in cethramadh feacht. Teaglamait immorro agus comhchruinnigit lucht na gcathrach gcomhfhocus agus an tíre go huilidhi. Dognít go lán-obbann gné oibre agus fondásioin timchuairt in tsépéil. Bátor tra na hEdáilligh agus lucht na régión gcomfhocus ag imthathaidhe go lán-línmhar fair. Ba machtnadh


p.126

dermair leó métt agus imat a fhert agus a mhírbal co n-a uile eachtra agus imtheachta. Ar n-a fhaixin sin don óigh naomhtha bliadain áirighthe d'aóiss in Tigerna, míle ar dá chétt sé bliadhna dég ar cheithri fichit, ro fhoillsig mar so síss uile scéla agus turtheachta in tséipéil.

9

Aroile senóir naom-arsanta go ndegh-airilte agus go gcaóin-bhéssoip dorala i n-a gnáth-chomnaighe ar comgar in tsépéil. Ro gnáthaigedh a imthathaidhi go meinic maille re deuósion díchra agus re dúthracht inntinni. {ms page 59} Taisselbuiss in naemh-ógh í badhdéin cétna a persain dó. Adfétt dó feip ro innis don athair irisseach Alexandro, prióir Tharsato, toighecht agus imthecht agus uile eachtra agus imthúsa in tséipéil ón chéd-uair riam gusin tan sin, a aistriughadh agus a imachor go mírbhailech ar guaillip agus ochtaibh aingel agus archaingel, an aimsir agus an inbaidh i n-a nderna gach athrugadh agus gach imirce dia nderna. Earbuiss agus foláiris fair ina huile scéla sin d'oirrdercugadh agus d'fír-fhaisnéis do na huilip poipleachaibh no-bheitiss i n-a chomhgar. A gcétóir téit in senóir go cathraigh Recanati. Aisnéidiss na scéla mírbaileacha do lucht inotachta na cathrach gusna huilibh choipnessoibh. Gapait tra na poipleacha d'formhór na scéla so go héttrom nemfhoirpthe míchreidmheach chuca. Is suaill nach ag fochuidmedh agus fanamait bátor fon senóir. Ar aoi sin chena mar do chonnarcatar ilimat na ffert agus na mírbal gacha laithi, cinnit agus comhairligit do chomhaonta aroile sé fir dég do roighnip na ndaoine ba crínna foghlomtha chocubhassaigi fírinnighe a prouensi Marca do thogha agus a gcor go Nasaret Galalee do chomhshaothrugadh bunadhuis agus séicréide scél in tsépéil. Gapsat tra na sé fir dég remhráite loingess co n-a n-uile riachtanus aistir agus imtheachta. Ascnait assa haithle. Dírgit a gcúrsa tar cuan Adriatico. Mar sin dóib go riachtsat cuan agus caladh-port a Sinonia. Asside gan mhoille go magh Tarsato. Innissit immorro agus coimderpait


p.128

aittrebthaidhe agus lucht inotachta an tíre agus in maga sin do shonnradh mar do tháinic agus mar do thoirling in naoimh-thegh oirrderc adhamra sin ar in magh remráite, {ms page 60} a fherta agus a mírbaili in céin ro buí ann, mar ro thaispein naemMuire ógh dia mór-thrócaire í badhdéin d'Alexandro, go ru-s-fét eachtra agus uile scéla in tsépéil, dol Alexandro gusin gcethror remráite go Nassare do promad agus do dherbadh an sceóil, agus sin d'fagáil go huilidhi mar atá i n-ar ndíaigh, agus an sépél do thógbáil uaidip assa haithle agus ná fitirset fon uile doman cia leth dochóidh. Léicet sein ar siopal gach ndírghi iat go ro riachtsat Nasaret. Ba guasachtach imomhnach na sligthe rompa trésan m-Barbiass bátar i n-a náimdip bunaidh agus i n-a scristóirib creidim Críst. Ar ndol dóip go Nasaret rángatar in t-inadh áirigthe gusin ffundaimint for ar comhshuidhigedh an teagh ó thús. Messait agus toimsit iaramh a fhod agus a lethet agus a imthacmac fri compáss in tige ro-dus-fágoibset i n-a ndeghaidh issin Edáill. Ba cutruma coimhinann dóibh. Eistit ier sin ina huile dherptha agus scéla ru-s-bátar ag lucht na cathrach um dháighin in tighe, a ttaop a thógbála agus a chomhshuidhigthe ó thúss agus a imtheachta go mírbaileach ingantach assa haithle. Doratsat creidemain gur uo fír-bríathra foirpthe gach ar chan in senóir issin Edáill, gur uo hé sin an teagh fírinneach buí ar in inadh remráite ar n-a threórugadh go mírbaileach éxamail do mór-chomachtoibh an choimdedh chomhachtaigh in gach dú i n-ar chomhnaigh diaigh a ndíaigh gur oiris as a haithle isin log bennaigthi i n-a ffuil. Iar sin tra térnoidhit na hEdáilligh dia ttír. Fuilngit imat guasachta agus mertin mara agus tíre sechnóin na sligedh. Ar rochtain a n-atharrda badhdéin atfétsat tra go follus {ms page 61} ina huile derptha agus scéla fuaratar um dhála in tighe. Creidit tra ina huile chinedhaigh ro-s-bátar sa prouensi gur uo fír gach ar chansat. Doratsat altughadh buidhi do Dia uile-chomachtach. Adamhraighther agus oirrdercaigther an scél fo na régiónoip

p.130

comhfhoixibh. Dognít cách ieromh métughadh onóra, tathaidhi agus deuósioin don sépél. Ní hiat na hEtáilligh amháin bátar tathaigeach air, acht ilimat ó régiónaibh oile do macoibh egailsi d'uile ordoib ríagalta na crístaigechta.

10

Aroile duine uassal irisseach ro buí a n-aoiss foirpthe, a n-imfhoixe don sépél remráiti ro buí a aittreb agus a inotacht. Batar maithe a degh-airilte agus a cháin-béssa. Paulus dela Silua a chomhainm. Ba gnáth-bés dó uisitátion meinic agus tadhall gnáthach ar in sépél naomhtha sin go línmar gacha laithe. Oidhche n-aon a fféil natiuitatis Beate Marie Uirginis dó issin sépél ag adhradh agus ag etorguidi naemMuire óighe, adchonnairc día shúilip corparrda in soillsi ro-mhóir .i. prímh-lóchrann lassamail ag toirling anuass ar in sépél. Ba hí a thoimdin agus a baramail dá throigh dég i n-a chomhfhat go sé ttroigtibh i n-a lethet. Dá uair in chluig riassan ló do shoillsiugadh ba hedh ro thoirling samhloidh. Deich mbliadhna diaigh a ndiaigh comhainm na hoidche sin do shonnradh agus a n-inbaidh na huaire cétna don duine uassal ag faixin rúndiemair na mór-mírbal. Ní ro fhaisnéis frissin ré sin do neach. Aimsir aithgerr ria mbáss cuiriss techta do thochuiredh espoig Recanati go n-espogoibh maithi oile. Adféd tra dóibh na mór-mírbaili éxamhla ingantacha forcaomhnacair issin sépél co n-a uile derbthoibh agus deg-chomarthoibh. Deimin lasna sruithibh sin amne gur uo hí in naom-ógh badhdéin ináid aingil uaithe ro-s-ficedh comhainm na féle {ms page 62} uaissle ro ráidh-sem d'onórugadh agus d'airmhitniughadh an tsépéil uassail adhamra. Comhoirrdercaigther ier sin in scél fo na régiónoibh comfhoixibh amail is folluss.

11

Feacht n-aon du-s-riacht espog chathrach Recanati dia oilithre go Loreto, Terremano a chomhainm. Dogní a thurus. Ier gcloisteacht ilimat fert agus mírbal an tsépéil térnoidhiss ar ais go cathraigh Recanatí. Duine fírénta uassal Paulus Rinaltinus ro buí issin gcathraigh in tan sin, ro dearp don tigerna-easpog, a ffoirfecht aoissi agus aimsire a shen-athar badhdéin, gur mhinnaig go fiadnach go ffacatar


p.132

a shúile féin in sépél ag a imachor tar in ffairgi ar guaillibh aingel gu ro thoirling go mírbailech ingantach issin ffidbaidh remráiti. Aroile prióir áirigthe ro buí issin chathraigh chétna sin, Fransisco a ainm, dorat a minna a ffiadhnaissi in espoig Terremano go ro minnaig a sen-athair badhdéin fo n-a chubhus a fforcinn sé fichet bliadan dia aoiss go ffacatar a shúile féin in sépél ag ascnamh agus ag céimniugadh tar in ffairge gur thoirinn agus gur thoirling go mírbaileach isin diamar-choill adupramar, go roibhi féin ag urnaigthe agus ag etorguide in choimdhedh chomhachtaig agus naemMuire óighi go meinic isin inadh sin ann, an dara feacht ag dol go cnoc na deissi derbráthor, in tres fecht ag ascnamh gusin dú i n-a mbaoi. Fo bíthin na n-ilimat derptha sin tra cinnit agus comairligit na cinedhoigh d'éin-inntinn amháin gan examen nó cúiss amaruiss badh móo do chor a leith in tsépéil. Go háirigthe ós a chenn sin, ilimat a fert agus a mhírbal gacha laithi, gér-scrúdaiss sin inntinn-chroidedha na régión agus na gcinedach gcomhfhoccus chom adhartha agus creidemna dó.

12

{ms page 63}Buí aroile duine uassal adhamra issin fFrainc ria sunn, Petro Orgentoris a chomainm. A gcathraigh oirrdirc Granobile ro buí a inotacht agus a chomhnaighe. Ro theacht mhnaoi a dhingbála, sí ro-uassal go ndeilb nderscnaigthigh do threibh ro-onóraigh issin fFrainc, dier uo comhainm Donna Antonia. Gapuis tra ben oile issin gcathraigh gcétna doigh étta, imthnúith, agus acaissi di imon ffer-scál remhráite. Dealbhuis breachta diablaidhechta agus draoithechta, ídhalachta agus ainchreidmhe, i n-a haghaidh. La sodain gabuis mire agus dássacht dífhulaing in chéid-ben. Ro thréic a céill agus a cétfaidh. Brethnaigit lucht a faircsena gur uo droch-spirut buí ag inotacht innti amoil ba hoirrderc i n-a dheghaidh. Ascnais in duine uasal gusin mban-scál remráiti ag iarraidh caomhna agus comfhortachta di in gach reclés agus in gach ionadh bennaigthe mírbaileach adcloss dó seachnóin na Fraingce. Nír uo tarba dó. Treóraigidh ier sin go prímh-chathraigh Melan issin Edáill í, go huasail-eclais S. Iulio, dú a ngnáthaigdiss lucht na haicíde sin do


p.134

shonnradh fóirigthin agus comhfhortacht a riachtanuis agus a n-anacra d'foghbháil go meinic mírbaileach. Sealat dóip issin reclés sin, acht chena ba dímhaoin a ttoisc. Céimnigit go cathraigh Madonain as a haithle, go prímh-thempall oireghdha i n-a ndingentaidhe a sét samhla sin d'fertoib agus mírbailip go línmar .i. tempall Gemeniano. Urnaighit agus etorghuidit ann. Ní fhuaratar comfhortacht bheós. Tochomhlait tra as a haithle go prím-chathraigh na Róma. Fri ré mísa go comlán dóip issin Róimh a prím-thempall Petair Uaticano. Coloman adhamra oirrderc mírbaileach go ngrát {ms page 64} imremar ieroinn i n-a uirthimchell isin tempall, neoch atá aniú agus ó do buí Críst ar in saogal so ag buain droch-spirut demnaidhe as lucht a imthathaidhi, do grássoibh Dé, go follus fiadhnach don doman. Ní meinic térnoidh ón choloman sin fer nó ben ar a mbiadh an anacair sin gan comfhortacht d'fagáil. Sealat áirigthe gacha laithe go forcinn na míssa sin don ban-scál remráiti astig fo iadhadh issin ngráta a ffochair in cholomain. Nír uo tol la Día comhaiseg a sláinte d'fogbáil di bheós. Ier sin tra gluaissit in chuideachta so go comhthuirsech díbergóideach. Acht trócaire Dé amháin, ní mór ná ro chuirsetar súil do chabair. Mesait go díchéillidhe mídhóchusach, ó nach deachaidh a ttarpa dóip prímh-thurus mór-oirrderc dia ndernsatar, ascnamh agus céimniugadh go a n-athardha bhunaidh agus gan ní badh móo do thurus do dénamh go forcionn bethadh na mná uaissle. Aroile ridire uassal d'ord Malta ro buí ag térnódh ó thuruss Loreto tegmaic dóib-sen forsan sét. Bennachoid cách dia chéle díp. Coimfhierfaigit scéla aroile. Adfétsat tra a n-uile eachtra agus imthechta agus amoil forcaomnagair dóip. Adhamhraighis agus oirrdercaigis in rittiri remráite ferta agus mírbaili naoim-shéipéil agus fidair-deilpe agus sompla-chroiche Loreto. Comhairligiss dóib-sen ascnamh go Loreto. Fo bíthin gach a ndernatar-san do státion agus d'oilithre a prím-eguilsip oirrderca oile is súaill ná ro glacsat gné mídóchuiss, óir ro mesatar nach rachadh a ttarpa dóip turuss ar bith dia ndingnedís. Iarruiss an ben uasal a n-athchuingidh

p.136

a treórugadh go Loreto. Gníther samhloidh an seachtmadh lá dég Iulíí, {ms page 65} aoiss in Tigerna in tan sin míle ar cheithre chét ocht mbliadhna ar cheithri fichit. Aroile canánach onórach ba huachtarán issin sépél, buí go ndegh-bhethaidh, Steffanus Fransigena a chomhainm. Du-s-riacht i n-a gcomdháil go maccléirchip imdha maille fris. Beiriss gusin sépél iad. Ar ndol astech dóip sléchtait, etorghuidhit agus urnaigit a ffrithchétfaidh agus a ffiadhnuisi imháide Muire agus na croiche remráidsemar. Ro-s-gní in t-athair onórach sin ord coniurátion do réir uird agus forcetail na heguilsi Rómhánaighe chom na ndroch-spirut ndemnaidhe d'innarbadh asin mnaoi uassail. Nír uo himchien dóip ier sin in tan ro fregairset secht ndemain a n-éinfhecht as cert-medhón na mná uaisle do briathraibh neimhnecha náimdemhla dó. La sodain tra fágbuiss én-spirut amháin demnaidhe in ban-scál. Toirlingis ar lóchrann lassamail ciera ro-s-buí issin sépél. Ní roibhi ar comus dó a fágbáil, acht buí ar n-a chrochadh leis go follus do na huilip. Adbert do glór neimnech gur uo Sordo a ainm. Assa haithle tra fágbuiss in darna droch-spirut í. Adbert gur uo Herot a chomainm agus gur tria n-a aimsiughadh agus áidhbhirseóracht táinic marbadh dhiúc de Burgondi ro buí ag cothughadh agus ag tógbáil chreidimh agus crábaidh eguilsi Dé. Ier sin ro gremoig do lóchrann oile dia mbuí issin sépél. Du-s-rat a chert-aghaidh gránna gráinemail forsan athair remráite. Nochtaiss agus glomhaiss a draint-fhiacla imdorcha adhéitche. La sodain ro chan go follus do sherp-glór dhiablaidhe: Ní tusa ro innarb sinne assin aittrep i n-a rabamar i n-ar gcomnaighe re haimsir imchéin, acht mór-thrócaire mírbaileacha Muire. Beiriss in canánach na deóraidh uaissle adhamra sin leiss {ms page 66} día teghduis badhdéin an oidche sin. Onóraigiss agus fiadhaigis friú. Ar n-a mhárach dóip gusin sépél naomhtha. Guidhit agus adhrait agus urnaigit go díchra gusin naomh-óig a ffiadhnuisi a pictúire. Ro gní in t-athair in t-ord forcetail agus celipartha cétna. Fágbuis spirut oile demnaidhi in mnaoi n-uassail. Adbert gur uo hé a ainm

p.138

Horríbile. Beiris i n-a bheól go neimhnech náimhdighi ar lampa airgit go soillsib línmara buí crochta issin sépél. Aisnéidis go poiplidhi fiadnach gur uo hé badhdéin tria n-a anchomachtoib diablaidhi ro foláir ar popul Iruaith Eoin Bauptaist do díchennadh. Ro éig agus ro scret as a haithle agus issead ro chan: A Muire, a Muire, is dien dígaltach náimdemoil sírraidhe ataoi i n-ar n-agaid. Lo sodain tra gabuis in t-athair agus cách archena ag etorguide naemMuire. Táinic in cethramadh spirut assin mnaoi n-uasail. Do-s-rat a ainm ós airtt .i. Aroto. Is meissi, ol sé, trem inntlecht agus trem ealadhnoib diaplaidhi ro chuir fo inntinn Iruaith meic Antipater in macraidh oirrderc adhamra do díchennadh for ierroidh Críst a n-aimsir a geinemhna. Ier sin a gcétóir, ní ba neimnighe oldás in coicéle cealgach oile, gremaighiss agus coimlenuis di eroile lampa dia mbuí isin sépél. Du-s-rat as a haithle a aghoidh go reacht agus go ffraech neimhe ar chách agus do shonnradh forsan athair. Adbert ier sin: A Mhuire ógh, is nert-láidir nemchoimseach do mór-chomachta mírbailecha mór-thrócaireacha, óir iss tré do mór-grássoip trócairecha ro dhíchuiriss agus ro innarbuiss sinne assin sossadh-chomnaighi i n-a rabhamar. {ms page 67} Ar gcloistecht na mbriathor sin don athoir cuiris d'fíachaibh ar in diapal a n-ainm Iossa Críst agus Muire óighe gach a mbuí do senchuss agus do scéloip in tigi sin aigi d'foillsiugadh dó a ffiadhnuissi cáich a gcoitchinne. Fregruis in diabal dó: Ag so, ol sé, go fírinneach teagh Muire óige, máthair in choimdedh chomachtaigh. Adbert in t-athair d'inchreachadh agus do grennughadh in droch-spiruit gur uo briathor-chealga brégacha ro chan. Ní headh go fírinneach, ol sé, acht issí in naomh-óg ro-m-coiméiccnigh um fhírinne na mbriathor so do fhaisnéis; agus dia derbadh sin ro thaispéin don athair go neimnech náimdighi in t-ionadh áirigthi agus in áit chinnte isin sépél i n-a mbuí in naomh-ógh in tan táinic in t-archaingel do neimh lesin techtairecht ón Athoir nemda, fóss in t-inadh i n-ar shessoimh agus i n-ar oiris in t-archaingel in céin ro buí ag tabairt na techtairechta uaidh. Ro fhaisnéidh ilimat do

p.140

scéloip agus mírbailip in tigi cenmothá sin ar forchongra in athar. A haithle na mbriethor sin gerruis in t-athoir comhartha agus signum na croiche césta. A gcétóir immorro tuitit trí spiruit dia ndupramar go mbátar fo chosoip in athor, an cethramadh spirut crochta frisin lampa, gan ar comus do nechtar aca comhfhortacht nó fóirithin di eroile. Cuiris in t-athoir d'fiachaibh ar in gcethror sin, as ucht in chomdedh chomachtaig agus naomMuire óige, co n-a mbátar do droch-spirutoib isin mnaoi n-uasail coiméirgi suass a ffraigtip na firmeinnte agus gan urchóidiugadh di ní badh mó. Iar sin tra sceinnit trí demoin oile asin mnaoi remráite. Du-s-rat gach aon scret agus éigem adpal-mór adhuathmar ós aird. La sodain tra éirgit a mórseiser a ffiadnuisi na poiplech d'éin-eitil aérdha énamail go ndechatar issin aer etorbuas a gcoimitecht na gaoithe glóraighi. {ms page 68} Tuitiss in ben uassal a gcétóir a ttaissip agus a ttáim-néloibh báiss. Ro mesatar cách a beith marp gan anmain. Ro-s-tógbadh a corp forsan altóir atá a ffiadhnuisi na fiodhair-delbe mór-mírbailigi adupramar. A gcenn trill ier sin ro hathbeóaigedh in ben uassal. Eirgis i n-a suide as urchomair cháich. Du-s-rat signum na croichi césta fo a gnúis. Tug altugadh buide dermhair don Mac mór-uilechomachtach agus dia máthoir mór-mírbailigh uman trócaire ndímóir dorónadh fuirre .i. athchor agus innarbadh na seacht ndiapal este ier n-aittreabadh agus ier n-inotacht ier gcéin máir dóib innte ier n-inmedón. Eirgiss as a haithle cen galar gan essláinti. Du-s-rat almsana móra do chomdach na heguilsi móire fuil timchuairt in tsépéil. Altaigit ina huile poipleacha la Dia co n-a máthair glórmhair na mór-mírbaili forcaomnagair. Ascnaiss in ben uassal agus a fer co n-a lucht coimhitechta go a n-athorrdha bhunaidh. Rángatar slán. Bátar ag comhfhognom do Dhia agus do Muire go a n-égoibh diaigh a ndiaigh a ndeig-bethaidh mharthanaigh go fforaithmhet agus go ndeuósion lán-línmar ar Loreto mírbaileach. Ba gnáth a mac-samhla sin do mírbailip ag a ndénom isin sépél naomhtha sin go follus fiadhnach do na huilip itir

p.142

chill agus tuaith, acht is eimilt a uile ferta agus mírbaile re a ffaisnéis. Ar aoi sin tra laipeóram aoin-scél amháin mírbailech ier n-a derbadh tria cloich áirighthi don sépél.

13

Báoi aroile ardespog onórach airmitnech a prímh-chathroig Cambria a rígacht na Portengál. Odcloss dó clú agus alla agus oirrdercus ilmat fert agus mór-mírbal sépéil Loreto is ead ba menmarc agus ba hinntinn toltanach leis sépél do thógbáil agus do chomdach {ms page 69} a n-onóir agus a n-airmitin sépéil Loretolo. Ro siacht gusin Róimh. Buí aimsir imchian issin Róimh ag siúit lessin pápa ag a iarroidh a n-athchuingidh agus mar grássoip aon chloch amháin do sépél Loreto do thabairt dó badhdéin as go mbiadh aigi mar reliciass onórach issin sépél ba menmarc leiss do thógbháil i n-a espogóide féin issin Portengál. Iar n-aimsir imchéin du-ss-rat in t-athoir naomhtha maille re comairle agus re foghar ro-mhór an aiscidh agus an athchuingidh sin dó. Cuiriss a letrecha agus a aithne co n-a shéla mór go prióir Loreto dia erbadh fair aon chloch amháin don sépél naomhtha do thabairt don airdespog adupramar. Sagart altóra in airdeaspoig badhdéin mar thechtaire dearptha frisna letreachoib. Ier rochtain Loreto dóip taisspénait augdarráss agus aithne in pápa agus na cúirte Rómhánaighe don prióir. Ní ro léic imegla in pápa don prióir, ge gur dobrónach díbergóidech leiss, gan a aithne do choimhlínadh. Ascnáis in t-airdespog ón Róimh go cathraigh Thrent. Adbert go ndingnadh oirissemh agus comhnaighe issin gcathraigh sin go roichedh in gcloich gusin sacart altóra é. Benuis in prióir agus maccléirigh na heguilsi aon chloch amháin assin sépél. Ier ffogbáil na cloichi don athoir gluaisis as Loreto an céd lá do mhí Decembris do shonnradh, asside go cathraigh Ancona. Ro fhágoipset Ancóna in tres lá don mí chétna. Bátor ar siopal car gach aon laithe go forcinn na míssa sin amne, siad badhdéin co n-a n-eachroidh go mbrisedh croidhe saothair agus docomail agus gach imdhoraidh archena frisin ré sin. Ier sin rángator Terento. An t-airdespog ar a gcinn ag furnaidhe friú isin gcathroigh. A gcétóir ru-s-fuaratar a n-eachraidh uile báss


p.144

fo bhíthin a ffuaratar do sáothar agus do dhocomal ag imchar na cloichi. {ms page 70} Taisselbuis in t-athoir remráite an gcloich go sécréidech onórach don airdespog. Forffáiltigis uile chroide agus inntinn an airdespoig ier n-a faixin. Adbert ier sin sol do raghadh assan gcathraigh sin go gcuirfedh comdach agus imdénomh óir agus aircit i n-a hurthimchell, go gcomraidh nderscnaigthigh ndegh-oibrigthigh, go peinntéladh ndealraigthech sechtoir. Ro forbadh agus ro críchnaigedh go habaigh ullamh gach ní de sin. In tan ba toltanach lassan airdespog ascnamh go a atharrdha bhunaidh gussan gcloich leiss gabuis tra galor agus essláinte neimhnech é gur uo comhfhocus báss dó. Do reglamadh uile doctúiridhe agus fisice na cathrach dia innsaigidh. Adbertsat ná fitirset fon uile dhoman crétt badh cúiss essláinte dó nó cinnus ro buí aca comfhortacht ar bith do dénomh dhó. Ier sin do deachaidh in t-airdespog a n-égcruas agus a n-aimnirte adbal-móir. Ro thócoibset na doctúiridhe de ier gcor aithne i n-a aghaidh. Ó 'dchonnairc sagart altóra in airdespoig sin ba hedh ro taisspénadh i n-a menmain agus i n-a inntinn dó, ó dochuaidh leighess saogalta don airdespog, leiges spiratáilte d'iarraidh dó. Bátar cúpla do chaillechoip dupa onóracha a ndá mhainistir issin gcathraigh. Ro messatar cách a mbeith go ndeigh-bethaidh naomhtha. Eirgiss in sacart gus in dú a mbuí aroile díp. Ro égnaigh lé uile threplait agus anacair an ardespoig. Ro ierr uirre a n-onóir Dhé uile-chomhachtaigh agus naomMuire óighe guide ar a shon. Adbert in naomh-chaillech: Guidhfetsa fom dhíthill ar a shon agus ticidh-si dia in tres laoi dom aithreóss. Briathraigiss ier sin frisin dara ban-scál. Tingealluis mar in gcétna. Tic in tres lá. Fochtuis diaigh a ndiaigh do na caillechoip an dorónsat amail ro geallsat. Fregruis in dara ben dó agus isedh ro ráidh: Dorónusa tra mo dhíthill etorguide agus urnaighthe ar a shon {ms page 71} acht chena ba dímhaoin damh. Ní foláir dó go ro aisige a ndorat as naomh-shépél ógMhuire Loreto. As a haithle sin ba héittir go tticfadh do grásoip Dé agus d'fertoip na bantigerna comhaiseg

p.146

a shláinte d'fagáil dó. Téid ier sin gusin dara cailligh nduib. Ba coimhinann comhlapra dóibh. Bidhguiss agus ingantaighiss in sacart la cloisteacht na mbríathar sin, óir ba deimin leiss gussin tan sin nach roipe fiss scél nó séicréide na cloichi ag aoinneach issin gcathraigh acht ag in ardespog agus aigi badhdéin. Ier sin tra téid gussin ardespog go múich agus go ttoirrsi ndermhair. Adfét dó uile scéla agus briathra na mban-naomh. Gabuis aithméle agus aithreachus adpal-mór an t-airdeaspog. Aitchis agus etorguidiss naomMuire ógh. Du-s-rat a choipsena di aroile athair irissech. Admhaiss go truaighmélech tuirseach díbergóidech gur uo dímsach uaipreach ro ierr a n-aiscidh agus a n-athchuingidh ar an pápa gusin gcúirt Rómhánaigh an sépél uassal-naomhtha do bloghadh agus do urissedh. Ro thingheall ier sin fognomh frichnamach agus seruíss sírraidhi go forcinn a bhethadh do dénom do Muire maille re comhaisseg na cloichi go naomh-shépél Loreto. Lá sodhain tra trialluiss in t-airdespog in sacart remhráite gussin gcloich for sét Loreto ó chathraigh Trent timchell medhóin laoi dia haoine. Ní mór go rángatar amach assin gcathraigh amáin in tan fuair in t-airdespog comfhortacht ro-mhór ón uile treplait buí fair. Bátor a gcathraigh Ancona timchell medhóin laoi in luan baoi ar a gcinn gan saothar, dochor nó docomhal d'foghbáil dóip féin nó dia n-eachraidh seachnóin na sligedh. Eirgiss post ó chathraigh Thrent i n-a ndeghoid go scéloip sláinte in airdespoig go mbuideachus ndermhair agus go n-altughadh ndíchra do Muire óigh. {ms page 72} La sodain tra ro theglaimset sámhadh agus coimthinól Loreto agus lucht inotachta agus aittrebtha in tíre la cloistecht in sceóil. Ascnaid ieromh go cathraigh Ancona a gcoinne agus a gcomdáil na cloichi. Cóig léige ba hedh ro aistrighset. A prosesion onórach dóip ag térnódh go Loreto in dara feacht, go ndá míle laoch agus cléirech go lóchrann lán-mhór lassamail cíera a láimh gach aoin, an gcloich remráite ag a himachor go honórach airmitneach ag prióir na heguilsi. Bátor tra na hilmhílte do shlóghaip agus do shochaidhip cenmothá sin issin prosesion. Ar rochtain

p.148

Loreta dóip dírgit agus comhshuidhigit an gcloich i n-a hinadh agus i n-a hadbadh badhdéin amail ro buí ria sunn. A gcétóir immorro gremaigiss agus coimhlenuis an chloch go mírbaileach éxamail ingantach dia coicéilip comadhusa cloch-chomharsnacha oile mar nach biadh etorscaradh etorra riamh ón chét ló gussin tan sin. Atá go folluss re a taisspénadh do na huilip issin sépél ón uair sin anuass. Fiodhair na croiche céssta innte do shonnradh a gcuimhne agus a fforaithmet na mór-mírbal. Athascnáiss an t-athair remráite go ro riacht cathroig Thrento. Ro-s-fairnic in t-airdespog ar a chinn gan neimh gan galar gan doilgess mar nach gcomhairsedh urchóid fris, gur comhmóradh agus gur hoirrdercaigedh ainm Muire óighe agus onórachus a naoimh-shéipéil mór-mírbailigh trésna fertoibh adhamraibh sin.

14

O'd-chonnarcatar immorro na haithrecha naomtha ru-s-bátar i n-a pápaidhip issin Róimh an ilimat fert agus mírbal so, ó ré agus ó reimhess in dara Paulus .i. in cóicedh pápa dég ar dá chét bátar a gcathaoir Petair issin Róimh gusan inbaidh sin, aóiss an Tigerna in tan sin míle ar cheithri chétt ceithri bliadhna ar trí fichit, du-s-rat in pápa so badhdéin, in dara Pauplus remráite, na loghaidh imlána so do {ms page 73} mhaithem a chinadh a peacadh agus a thurcbál do gach aon téid maille fri hinneithemh agus aithrechus agus lebargnímh do thurus Loreto, ó aóiss na haimsire sin gusin tan so, gach uile pápa dia ttáinic isin Róimh, go fedh dá pápa ar fichit go reimhess in athor naomhtha so Paulus Quintus, a aois in Tigerna in tan so míle ar sé chéd ar naoi mbliadhnoibh, ardaighit agus onóraigit mór-lóigidhecht Loreto diaigh a ndíaigh maille re daingniughadh gach priuiléide dia ttardsat na pápaidhi rompa dó. Messait agus brethnaighit cách gurab é Loreto, gan imressain gan cúiss chompráite nó chommórtuis ar bith, aoin-tegh amháin is onóraighi airmitnighe naomhtha mhírbailighi mór-lóighidhechta fon uile doman. Doratsat tra na pápaidhi remráiti ro-línmaireacht bronntanus agus deuósion don teg so as go ffuil ro-shaidbir costusach gusin uile riachtanus rices a les. Rígha agus prinnsaighi


p.150

agus daoine uaisle catoilce na crístaighechta ag cor ilimat do sheótoib uaisle onóracha óir agus aircit, clocha uaisle, bruit onóracha ildathacha, culaidheacha aiffrinn d'ilraidh agus d'éxamhlacht na n-uile dath, go slapradhoip derc-óir a presantoip agus a ndeuósion gusin tig si chena, mailli re deuósion in uile násion don chrístaigecht bít ag imthathaidhi chuice agus úaidhe. Fuair O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na daoine uaissle Eirennacha bátar maille friú, radharc agus taispénadh in óir-chiste sin. Ní rángatar roimhe sin riem a séd samhla.

15

Pápa áirigthi dar comhainm [gap: left vacant for name] dorat mar ardughadh glóire agus onórachuis don sépél naomhtha so, ro ordaigh aonach agus lá margaidh lá áirigthi do mhí Decembris gacha bliadhna do bheith i n-a fhochair, a bheith coimdíless do násion sa chrístaighecht toigecht gusin aonach sin. Dobheirit in lucht sin tra gusin mbaili agus gussin tír archena in uile riachtanus agus socomal ricit a less, as go ndeachaidh sin a ttormach agus a saidbres adbal-mór don mbaili agus don tír go huilidhi. {ms page 74} Is gnáth in línmairecht sin d'fertoip agus do mírbailip ó aimsir go haimsir issin sépél naomtha sin agus do shonnradh a n-inbaidh agus a n-aimsir na n-aonach so, dia mbeittis tengtha in domain a gcenn aon-duine, nach roichfedh leiss a rímh, a n-áiremh, a ttuiremh nó a ffaisnéiss. Ba himairgide són tra fo bíthin nár uó duine talmaidhi nó corparrda amail Adhomh ro cruthaigedh don talmain choitchinn ro inotaig agus ro aittreb ann acht ar Slánaigtheóir Iossa Críst ar n-a duiniugadh go mírbaileach on Athoir nemhdha a mbruinne na naomh-óighe, fóss nach do chnáimh duine amail Eupa ro cruthaigedh í, acht a geinemain i n-a hóig genmnaigh isin tigh sin amne a n-agoidh chúrsa nádúrtha. Ní trí haingil amháin ro bhátor issin tig si chena coimhinann agus buí ag in uassal-athair Apraham, acht comnaighe agus tairissemh an uile ord aingel agus archaingel. Ann fóss buí sossadh agus comnaighi ar Slánaightheóra Issa Críst fri ré naoi míss a mbruinne na náomh-óighe ó n-a ffuair in tegh sin adhamhrugadh agus oirrdercughadh fo bhíthin gurap ann amháin ro coimhchengladh diadhacht agus daonnacht Meic Dé bhí.


p.152

Messait cách mar inadh naomhtha sliap Taboir agus is fír són. Iar ffulang chroichi páissi agus martra d'Iossa Críst is de do-dheachoidh as a haithle ar deiss a athor. Is uaissle onóraighe airmitnighe adhamra in tegh so chena fo bíthin gurab ann ro geinedh agus ro hoilemnaigedh an Tigerna, gurab ann fós ro coimpredh ro geined agus ro hoilemnaigedh a mháthair mhírbaileach agus ro thochaith a huile laithe agus aimsir acht madh beg ar in saogal. Mestor bheós mar inadh naomhtha onórach oirdnidhe in tomba i n-a roibhe corp ar tTigerna marp gan anmain denuis-tréidhe agus as ar éirigh ó mharpoip as a haithle. Ba himairgidhe són tra. Is uaissle onóraighi airmitnighe go mór in tegh in ro geinedh, in ro hoiledh é, i n-a roibhi cien-aimsir beó ar in saogal, i n-ar thomail bíadh agus deoch go meinic aimserrdha; i n-a nderna supáilque agus conuersáit re n-a desciblaib, a ndénadh urnaighthe agus etorguidhe gusin Athair nemda gacha laithi. {ms page 75} Mess agus brethnaig ó éiffecht agus aughdarrás uile theghdhuissidhi agus inadha bennaigthe rúndiamra mór-lóighighechta mír-bailecha in domain, tuicc agus creid nach ffuil cúiss chompráide nó chommórtuis eitir in tegh so agus aoin-inadh díp. Is é amháin is uaisle onóraighi oirrderca adhamra oirdnidhe bennaigthi mírbailighe dhiadha trócairige éxamhla ingantaighe. Is éittir tegh Dé agus a máthar do chomhgairm ar in saogal so de ier n-a imchor agus ier n-a thairmchéimniugadh go mírbaileach ar guaillip agus ochtoip aingel agus archaingel in choimdedh chomachtaigh.

16

Doratsat tra rígha agus prinnsaighe agus aoss gach titail archena do chatoilcip na crístaigheachta in gcoibhéis sin do bronntanus óir agus aircit, do chlochoip uaisle, do sheódoibh éxamhla ingantacha airmitnecha, don uile innstrament na heguilsi naoimhe ó deuósion díchra dó go ffuil ar thigthib saidbre costusacha na crístaigechta gusin prímh-egluis is deissi deg-fhoirgenta deig-dénmaighe a fformhór na crístaigheachta go srethoip do cholomhnaib marmair aíngil i n-a urthimchell go ttairimthecht chomthrom choimhréidh do chlochoib coimlethna marmair. Sibal laoi go n-oidhche


p.154

óthá Loreto go leith-imel ríghachta in Turcaigh. Cocadh agus conbhlicht go sírraidhi suthain eittir in pápa, cenn na heguilsi, fer inaidh Dé a ttalmain, agus in Turcach, ar aoi sin cena dia línmaire fecht agus slóighedh dorónsat na Turcaigh issin Edáill agus ar comhghar in baili do shonnradh, táinic tré grássoib agus mírbailip naomMuire óighe ná ro urchóidighset ó beg go mór do Loreto oldás do lucht a aittrebtha agus a inotachta, fós na ro chaomhsat toigeacht fo dá míle go leith i n-a imfhoixi ríamh.

17

An pápa dar chomhainm in dechmadh Leo conrótacht leis {ms page 76} múr daingen díthoghlaidhi, go n-iúdúsaip deptha agus dechétfaidhi agus go túroip treapar-dhaingne trén-láidire, go n-ilimat canón riagalta agus gach ordanáiss móir archena, co n-a n-uile riachtanus i n-a móir-thimchell agus a uir. Trúp marclaighi gárda línmar saigdiúir go sírraidhi suthain ón pápa ag a imchoimhét d'oidhche agus do ló ar nach ttairsitis bith-náimhde na hecuilsi a bhaogal.

18

Cebé dianab áil turus mór-lóigidheachta Loreto do dhénomh ní foláir dhó go ru-s-tarda dia úidh gurab o deuósion díchra agus ó innfheithemh fírinneach aistrighess chuicce agus nach ó chúis no chaingin saogalta nó aimserrdha. Ier ttabairt a choipsen go huilidhi gan urchuidmedh fon doman an sacrament naemhtha do chaithemh. Seachnadh tra agus imgabadh droich-descipal gussin uile chúis as a tticfadh peacadh marptha. Madh dia ttegmha immorro egluss isin mbaili i n-a n-oirisfe in t-oilithreach gach n-oidhche, dénadh sléchtaine go n-urnaighthe ndíchra ndúthrachtaig go naomMuire. Bíodh nach biadh eglus issin mbaili dénadh-san urnaigthe go séicréideach rúndiamair a n-aimsir luighe agus éirghe i n-a chubhachal chodalta. Eistedh aiffrenn gacha domhnaigh do shonnradh. Ní seachbaidh go ttarta go fiú a chomhaing déirc agus almsa do bochtoip agus d'aidhilgneachaibh in choimdedh chomhachtaigh. Madh día tteghma go nach biaidh ar commus dó in déirc do thapairt úaidh taisselbadh tra a dheigh-inntinn do na bochtaibh. Canadh Aue Maria amháin do ráith anma gach aoin. Dia nu-s-teacmha


p.156

athtuirsi inntinne nó díbergóit dhoimenman chuice tardadh fidhair agus signum na croiche césta i n-a urthimchell. Smúainedh ier sin ar páiss Críst nó ar supáilcip agus trócoire naomhMuire óige, ar in mbás is airchionn {ms page 77} do gach aon, ar breithemnus laoi brátha, ar glóir agus aoibhness agus adpchloss in flaithemnuiss uachtaraigh a ffrithchétfaidh na Trínóide nemdha, naomMuire óige, aingel agus archaingel agus naoi ngrádh neimhe ná tairmdheachator, ar pientoip dírimhe dofhaisnéisi iffrin a ffrithchétfaidh Lucifer co n-a daosgor-shlógh demnaidhe, airm a ffuil agus i n-a mbiaidh imat agus éxamhlacht ina n-uile pien agus todhérnamh tré bith sír, airm a mbiaidh crith for détoip agus toleagadh rosc, fuacht agus gorta, tess agus tart, dorchato dermair dífhulaing, comhaonta agus comhaittreb fri gnúissip daoscar-shloigh demnaidhe, nó tugadh dia úidh páiss agus martra aroile do na hapstaloip uaisle adhamra, nechtair do naomhoip nó d'fírénchaibh dier fhulaingset báss agus martra ar in mbith ffrecnairc si ar son Dé uile-chomhachtaigh, nó smuainedh éicin oile díadha d'inotacht agus d'aittrebadh i n-a chroidhe a n-áit agus a n-inadh in droch-smuainidh amne. Bídh go hairech innill urnaigtheach seachnóin na sligedh. Tardadh dia aoídh ná ro chaille mór-lóigidheacht a deagh-thuraiss fri buaidhirt agus aimsiughadh in adhuerseóir. Dia no-s-teacmha magh sciemach scoth-shemrach go-n-imat mbláth agus gach degh-thoraidh archena fris, smuainedh ar shoillsi, ar ghlóir, ar aoipness pardhuiss. La cloisteacht chelipartha na hénlaithe smuainedh ceól comhmbinn agus claiscetal ceólmhar aingel agus archaingel na Trínóide nemdha. Ruibéir ro-aóibhne agus min-srotha fír-uisce do thegmáil dó, smuainedh tra sásadh agus glóir neimhe naomh-ainglidhi. Ier ttegmáil dó a nglenntoip doimhne dorcha agus a ndroibéloip diamra docomhlacha smuainedh ar pientoip éxamhla uathbásacha agus ar dhorchacht dífhulaing dofhaisnéissi iffrin.

Tadhc O Cienain do scrip agus tabairsi mile [b]ennacht for a anmain et cetera 1609.

{ms page 78}

18

Ascnáidedh agus céimnigedh diaigh a ndiaigh gacha laithe, do réir a neirt agus a chomhaing, nó go roichidh forcinn a thurais. Tuigedh tra agus smuainedh ó n-a uile chridhe go ffuil a reimhes agus a ré ar in mbith ffrecnairc si ag a tochaithemh gacha laithe go ru-s-siasat fo dheóigh gusin gcrích ndeigenoigh.


p.158

Ní foláir do na huilip go ro oirichlit go hairech imomhnach imchoimhétach in slige sin, óir issí amháin crích déighenach agus cinnem fhír-chinnte gach aoin. Mad éitir leis ticedh ó ló gusin mbaili as go mbiaidh aimsir imchupaidh sléchtaine agus urnaighthi issin naom-reclés bennaigthi aigi sol raghus día chodal-tigh. As a haithle tra caithedh in sacrament naomhtha ier ttabairt a uile choibsen do léir ó chroide ghlan. Dénad in turus ierdain ó innfheithemh agus ó deigh-inntinn tessaide spiritáilte go n-aithrechuss n-imlán i n-a peacoip agus i n-a dupáilcip, go fforaithmet páissi Críst agus breithemnuis brátha, go ngrádh foirbthe dia chruthaigtheóir agus dia chomharsnachaibh, go n-altughadh buide agus reuerens ro-onórach don naomh-óigh nemdha fo bíthin gurap i n-a hainm agus i n-a honóir ro-s-fuair in teagh bennaighthe grássamail sin an uile mór-lóigidheacht agus priuiléit. Aitchedh agus etorguidedh in Mac mór-chomachtach agus a máthoir mírbailech a ffrithchétfaid na fidair-deilpe Muire agus na croichi ro remráidhsemar um sláinte anma agus chuirp d'fogbáil dó badhdéin ón choimsigh chomachtach ar impide agus ar foláiremh na naom-óige, a uile riachtanus imchubaidh cenmothá, deg-stáit agus grása in pápa agus in chreidimh chatoilce agus lochta a chothaighi, go macoip eguilsi Loreto do shonnradh, go supáilcip in naoim-shépéil badhdéin. A fforcinn a thurais madh {ms page 79} éidir laiss canadh in psalm Te Deum laudamus, nó tucadh do réir a inntinne buidechus adpal-mór don Slánaigtheóir fo bíthin a threóraigthe gusin naoim-theagduiss mór-loigidhechta sin. Tabradh dia úidh ier sin na ru-s-tegma d'aimsiughadh nó do chathugadh in aidberseóra dó, a haithle a thuraiss agus a oilithre, míchinnemain nemchonáich assa gcaillfedh in degh-thurus mírbaileach mór-lóigidechta du-s-róine. Oirrdercaigit agus innissit agus adhamhraigit na hoilithrigh do na huilip chinedhachaibh ru-s-tegmat friú in méitte bus cumain leó d'fertoip agus mírbailip in tighi sin tra, as go ngabait lucht a nemthathaidhi imthnúth adbal-mór chom a thuruiss agus a chuarta do thabairt, as a ticfa saoradh agus comfhortacht

p.160

anma agus cuirp dóib badhdéin go scris ngalar agus aingcisi agus gacha dodhaingi archena, go nglóir agus go n-adbchloss don Athoir nemda agus do naomhMuire óigh ro thoirbir na mór-grássa sin dó. Gacha sathairn go sírraidhi cantar a gcanntairecht commbinn go n-orgánoip ceólmara agus go múisice gné letán ro chuirset an eglus amach a n-onóir do Muire d'oirrdercugadh agus d'adhmolad na fidair-deilpe adupramar.

19

Guidhmit-ne tra aitchimit agus adhramait in coimde comachtach ro-dus-cruthaigh agus ro-dus-cennaig in Adhomhchlann, in naom-ógh nemda ru-s-fuair na mór-mírbaile si don sépél uassal éxamail si, go ru-s-tardat dúinn ar in mbith ffrecnairc si slighi a n-ascnaidfem, a gcéimnigfem, a ttreóraigfem gussin sossadh nemda agus gusin síodh suthain, go ná rabam a n-inotacht nó a gcomhaittreb re diapal co n-a daoscar-shlogh, acht a n-aontaidh aingel agus archaingel, uasal-aithrech agus fháidhedh, naomh agus naomh-ógh in domain, a n-aontaidh apstal agus descipal meic Dé uile-chomachtaigh, a n-aontaidh déachta aguss daonnachta meic Dé, {ms page 80} a n-aontaidh naoi ngrádh neimhe ná tairmdhechator, a n-aontaidh naomMuire óighe, isin aontaidh is uaisle nó gach áontaidh, a n-aontaidh na naomThrínóide uaisle, Athair Mac Spirut naómh. Ailem trócoire Dé uile-chomhachtaig tre impidhe naomMuire go ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in secula seculorum. Amen.