Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 87

Dia dardaoín in seachtmadh lá dég don mí chétna ascnáit tria fort ro-dhaingen gabhus lessin pápa, Castel Burneis a chomhainm. Tria chathroigh ro-mhóir oile dóip, Faensa a hainm, go baile mór, Farlingrando a chomhainm. An oidhche sin dóibh go baili mór oile dar


p.108

comhainm Sensena. Deich léige ro aisstrighset in lá sin. Caisslén ro-láidir go mbárdoibh línmhara laidire ag in pápa sa mbaili sin trá.