Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 85

Dia máirt in cóicedh lá dég Aprilis tochomhlaid na maithe si dá lége dég gusin mbaili dar comhainm Bologna. Ascnait in lá sin tria fort ro-dhaingen gabhus le diúc de Parma. Assa haithle tra tar ruibér ro-aoibhinn eidirdealaighes agus etorscarus dúthaigh diúc de Parma agus dúthaigh diúc de Modona re aroile. Gabhait immorro tré prímh-chathroigh Modona. Triall agus ullmhugadh mór ag a dénomh sa chathraigh sin trá d'oirchill reabraidh agus giústála in láoi ar n-a mhárach. An lá sin do shonnradh buí mac in


p.106

diúc ag tabairt ingine dhiúc de Sauoi dia thigh. Gabhait a mbádoip tar ruibér Pannara etorscaruss in diúiceacht sin agus ferann buird in pápa. Caisslén ard ar n-a imdénomh a gcert-mhedhón in ruibéir doghní comhfhortacht mór a n-aimsir tuile agus ainfine d'eathroibh agus do bhádoip a thairimtheachta. Eirgit go baile beg dess daingen lessin pápa, Castel Franco a ainm. Go Bolonia assa haithle. Cardenál ro-onórach sa gcathraigh cuiriss drong dia dhaoinibh uaissle d'forffáiltiugadh friú agus día nglacadh go honórach airmitneach i n-a ainm dia ttochuiredh chuige ar a suipér. Gapait tra a leithscél fo bhíthin a n-aistir an oidche sin.