Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 84

{ms page 46}Ar n-a mhárach dóip go Parma, dá léige dég. Ruibér ro-aoipinn rompa forsan sligidh go ndroichet lán-fhata ba lór díen-fheabhus, go n-imat do ruibéroibh oile. Ier ttoirling dóip ag cathraigh Parma tig íerla onórach don tír d'forffáiltiughadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm diúc de Parma. Táinic ar n-a mhárach immorro go gcóistighip ro-mhaithe i n-a gcomhdháil dia ttreórugadh gusin airm a mbuí in diúc. Gabuis tra in diúc chuicce go honórach airmhitneach iatt. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áiness briathor re aroile. Gapait a gcead as a haithle. A n-imfhoixe gáirdín in diúic taisselbthor


p.104

dóip lipartt agus dá leóman. Eirgit d'faixin chaissléin ro-dhaingin atá ag in diúc sealat ón prímh-chathraigh. Cosmailes innill agus imdénumh agus suidhiughadh dó agus do chaisslén Anuoeirp a fFlonndrus agus do chaisslén Milan san Eadáill. Armáil fichet míle fer eidir marcshlaigh agus troigtheach, go línmhaireacht munisioin agus in uile riachtanuiss, go mbárttoib láidire línmhara, ar in gcaisslén sin. Obair thalmaidhe ar n-a tógbáil go hinntleachtach a fferann chomthrom choimhréidh a gcert-medhón chuirrigh imdomain uisgemail an caisslén sin tra. An t-íerla onórach adupramar i n-a gcoimhiteacht frissin ré sin. Beiriss leiss chom a páláiss badhdéin iad. Ier ndénomh a medhóin laoi taispentar dóip cúpla camhall. Ba hingantach a ffaircsin. Eirgit go teghduiss stuidéir in ierla. Orgáin ingantacha adhmait ier n-a n-oibriugadh dia lámhoip badhdhéin, go n-ilimat leapar canntaireachta agus starthach sa stuití sin. Celiprait don ierla. Tiagait dia ttigip óssta. Ascnait assin gcathraigh as a haithle cóic léige gusin mbaile mbeg dar comainm Region, airm a ffuil pictúir agus dealp naemh-Muire óighi dogní imat fert agus mírbal do ghnáth. {ms page 47} Cathoir Parma thrá sí ro-dhaingen láidir dess daoineachair go ttigthip agus go tteghdhuissip deigh-dénta degh-fhoirgenta. Ruibér ro-mhaith is lór feabhus ag céimniughadh tríasan gcathraigh. Droichet ro-mhaith go mbádaibh imdha ar in ruibér.