Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 82

Gapait tra na tigernaidhe si a gcead ag count de Founte in dara lá dég Aprilis. Degh-aightheach forffáilidh é rompa ag toigeacht, tuirseach i n-a ndeghaidh. Doratt dóibh mar chomartha cuimhnigthe buiden do rápéroip agus do daigéroib ro-dessa, go mbeirtibh cloch uaissle cumdaigh,


p.102

ar n-a gcomhóradh go huilidhi, go gcressoip agus haingersoip comdáora. Bátor an oidche sin seacht léige a mbaili dar comhainm Lodi, cruinn-baili dess daingen i n-a ffuil gairessún ag rígh na Spáinne. Slighthe ro-mhaithe tria thalmain torthaigh aca in lá sin, an oidhche doinennta uiscemail toirneach teinntighe.