Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 79

An chathoir sin tra acht Pairiss sa fFrainc agus Lisboarn a ríghacht na Portengál ar prímh-chathrachaibh


p.96

móra na crístaigechta. Gné chompráiti agus chommórtuiss eidir sí agus in Róimh agass in Naples. Atá ar n-a suidhiughadh go comhfhairsing dlúith daoineachoir deigh-innill ar ferann chomthrom choimréidh go pálássoibh agus go ttegduissibh deigh-dénta degh-fhoirgenta. Ruibér ro-maith chéimnighess ó loch Couma ar n-a chomroinn go línmhar tríthe go n-imat ndroichet. Ticc mórán do shochar na cathrach agus an tíre ar in ruibér sin ó Chouma agus ón Almáinn. Caisslén láidir ar daingne in domhain, míle saighdiúir Spáinneach go sírraidhe ag a bhárdacht d'oidhche agus do ló co n-a n-uile chomhgar agus riachtanus a leith-imiol na cathrach ag a ffuil a cennus agus a huachtaránacht. Cóic céd gunna mór ar n-a gcomhshuidhiugadh ar in gcaislén. Guibernóir ar leith fo láimh in ierla uassa. Ní línmhar a léicther ann acht Spáinnig agus Eirennaigh amháin. Páláss is lór feabus ag in íerla badhdéin a gcertmedón na cathrach. Cuidechta shaigdiúir do gnáth i n-a n-armoibh mar gárda i n-a thimchill d'oidche agus do ló. Prímh-eglus na cathrach, Sancta Maria del Duomo, a n-imfhoixe in páláiss. Atá immorro i n-a hegluiss ro-mhóir roi-dheis go gcóic srethoip do cholomhnoip marmair go ttairimtheacht marmair. Sépél onórach ar n-a chomhdach fo altóir {ms page 43} mhóir in tempaill, airm a ffuilit imat do thaisibh naom agus fírén. In mhacroidh oirrdherc ro bássaigedh la h-Iruath mac Antepater ag ierroidh Chríst, fer is deichnemor díop sa sépél sin. Lá na macraidhi gacha bliadhna taisselbthor a gcuirp agus a gcolna do na huilip. As urchomair na prím-altóra móire adhnacol agus tomba chardenál Borromeo ba hardespoc sa gcathraigh naoi mbliadhna

p.98

roimhe sin. O fuair bás messait cách a bheith naomhtha agus atá canosásion chom a dhénta go hobonn sa Róimh air.