Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 76

Assidhe dóib co n-a n-eachroidh a mbáttoip tria loch Lucana eidirdealaighess in Edáill agus Eliuesia, dúthaigh na Susers, re aroile. Trí léigi amáin tarsna agus leithet an locha. Sé léige is dá fichit issedh ro chéimnighsed do dúthaigh na Susers sí láidir ro-dhaingen aimhréidh sléptemail daoineachoir droich-shligtheach, gan cennus umhla nó uachtaránacht ag rígh nó ag prinnsa for talmain orra. Stát éxamail ingantach áirigthe iad badhdén. Toghait tra a rogha deissi do guibernóracht in tíre gacha bliadhna. A cethair dég immorro do prímh-chathrachaibh oirrdherca aca. A leith i n-a gcatoilcip, araill i n-a n-eiritchibh siad ó choinghioll agus ó mhinnoip móra coimhchengailte re aroile chom a n-imdhítin agus a n-imdheghla badhdéin ar in uile chomharsain fon doman do thriallfadh fuachtain nó frith-chétfaidh friú {ms page 41} an tarbha puiplidhi do chongbáil suass go messarrda imqubaidh. Anmanna na gcathrach remhráite immorro Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort, Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg, Siafusial, Appensel. Atá immorro do thuaruscbáil ar lucht an tíre si gurab íad is fírinnighi dhírghe neimhfhealltaighi nemhchoillemhnaighe ar a ffocloibh fon doman. Ní léicit tra slad nó duine-mharbhadh do dénomh i n-a ttír gan díghailt a gcétóir. Ass foirfeacht a ffírinne issíad amháin iss gárdae do ríghoip agus prínnsaighibh catoilce na crístaigheachta.