Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 66

Prímh-chathair oirrderc oireghdha ar dhaingne láidire daoineachaire na región gcomhfhocus in chathair-si. Díog ro-domain móir-thimchell a balla. Trí gepta ar druim a chéile go ngárda línmhar. Ceithri slata dég a ttighi in balla gan in caisslén ochta do chomhairiomh. Ar in táob uo dess don chathraigh cúirt derscnaighthech degh-oibrigthi ag a cor suass lesin diúc, go ndá páláss ro-onóracha ar n-a suidiugadh go hinntleachtach. Baile mór ar n-a thógbáil móirthimchell


p.80

na nua-chúirte sin comchengailte risin sen-chathraigh. Dá thempall roi-dhessa, coláiste costusach, mainistir ro-mhaith go gcoimhthinól capusínech ar n-a gcor suas lesin diúc a n-imfhoixe na nua-chathrach. Sa sen-chathraig badéin imat do reclésoip roi-dhesa, tempall díp i n-a ffuil in ceathramadh rann do chorp Sanct Seóirsi ier n-a chomdach go ro-onórach airmitneach a gcomhraid airgit go n-imat gcloch lonnradhach. {ms page 35} Sen-páláss ro-mhór roi-dhess ag in diúc uodhéin isin gcathraigh go ngaleri is lór feabhus go tteghdhuissip línmhara lóghmhara mór-dhaoineachoire. Teinis-cúirt ro-mhaith i n-a mbítt clann in diúc go ndaoinibh uaisle ar comhgar seomra codalta in diúc i n-a mbí faircsin agus radharc reabhraidh agus cluithide na ndaoine uassal aige. Stápla lán-fhota go n-imat gcruinn-each roi-dess nár uo mór isin chúirt as urchomhair in páláiss. Pláss i n-a mbít marcshlach agus daoine uaisle ag giústáil agus ag marcaigheacht, ag comhmbrissedh lannsaidhe ar bruinnib agus ochtaip aroile agus a chéile.