Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 58

Bátor an oidhche sin tra a mbaile dier comhainm Uuafer ceithre léige ó Louáin, trúp marcshlaighi in arsadiúc


p.74

dia gcoimhiteacht agus dia ttiodhlacadh. Ar n-a mhárach dóibh sé léige do dhroichshligidh gránna go Namures. Oirissit ann an oidhche sin. Táinic tra guibernóir na cathrach línmaireacht do dhaoinibh maithe d'fhorffáiltiugadh friú agus dia nglacadh chuca go hiomchubaidh onórach. Cuiriss cuideachta go leith saighdiúir dia ttiodhlacadh ar n-a mhárach d'imegla námat día rochtain. Fo bhíthin aimhréidhe uiscemhla na sligheadh rompa fágbhait a gcóiste sa gcathraigh sin. Cuirit a gcailleacha ar eachroidh. {ms page 32} Gabhuiss in corenél co n-a lucht coimhideachta a gced friú annsin.