Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 54

Ar maitin ar n-a mhárach éirghit ar cuairt gusin gcoláiste Eirennach buí issin gcathraigh. Ba roi-dhes teghduis-línmhar go scoláirip imdha in coláiste sin tra. Eistid aiffrenn onórach canntairechta go n-orgánoib comhmbinne ceólmhara go n-imat d'innstrumainntib múisice agus gach oirfitidh archena. Petarca, duine uassal onórach do threip na Spáinne, buí ós cionn in choláiste. Nír gap uaidip gan bangcéd onórach do chaithemh maille fris. Ruc leiss iad as a haithle d'fhaixin a thighi badéin. Du-s-rad d'Ua Néill agus don íerla dá ímháidh Muire óighe neoch do-rónadh don chrann oirrderc i n-a ffríth in dealp Muire mhírbhaileach dár comhainm Noutre Daam do Buaiss ru-s-fríth go gar roimhe sin agus shlánaighes go línmhar laithemail, do mór-grásoib Dé agus Naemh-Muire, lucht treabhlaite galoir agus essláinte. Eirghit d'fhéchain tighi agus gárdín in bourgomáigistir, ard-oifficigh in baile. Ba roi-dhess aoibinn in taispénadh sin co n-imat


p.70

do delbhoip agus pictúiribh apsal naemh agus firén ier n-a n-imdénomh do marmar glé-glan. Assidhe gussin dú i n-a ndingentaidhe na gloinidhe. Examail ingantach inntlechtach innus agus cruth mar do-rónadh agus mar do hullmaigedh ó thús in teine a ndéntar iad. Buí ar comhlassadh go sírraidhe d'oidche agus do ló fri ré én-bliadna dég roimhe sin. Madh dia ndeachadh scur nó cosc ar a hadhnadh agus ar a comhlassadh én-uair amháin, ní lugha-sa-chách nó cúic céd pon do caithfidhi re n-a cor suas an athhúair sol ticfadh én-ghloine amháin ullamh este. {ms page 30} As sin dóib go státúss ro-onórach buí a gcert-mhedhón na cathrach. Ba roi-dhess daingen dess deig-dénmach in tegh sin, acht do bíthin in chocaidh buí ann in tan sin, ní roibhe tathaighe air. Eirghit go tegh oile ro-oirrderc dár comhainm gestús. Atáit tra seomraidhe codalta go tteghduissip tomhaltuiss ag gach traibhléraidhe d'uile naisión sa chrístaigecht urdhalta san tigh sin. Cathair Anuuoirp immorro i n-a méide badéin ar chathrachoip saidpre dessa daingne dí-thoghlaide degh-fhoirgenta na crístaigheachta, go ruibér ro-aoibhinn, go gcomhghar mara agass tíre i n-a himfhoixe.