Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 48

Lá na hEpefane i n-a deghaidh a n-inbaidh agus a n-aimsir mhedóin laoi ier n-éistecht aiffrinn isna heguilsibh éirghit {ms page 25} lucht aittreptha na cathrach dia ttighthibh agus dia tteghduissip. Tarla do beirt saighdiúir d'áirighthe go ndechator astech i n-aroile egluis naem-Muire óige. Forcaomhnagoir tra delb agus imháidh Muire go ffiodhair a meic i n-a hucht forsan altóir, coróin mór-lóig derscnaigthe dealraighthech


p.62

deiligthe derg-óir forsan deilp Muire, aroile for deilb in meic. Ba headh immorro ro chomairligh in diapal dóib sen dealb Muire agus a meic do chomshárugadh agus do dérach 'mun dí choróin agus a léiccen gussin fFrainc assa haithle. Ar ccinneadh na droch-chomairle éirghiss in dara fer suass forsan altóir. Ro-ss-ben go mí-thrócairech mí-chinnemnach a coróin do deilb Muire. Du-s-rat a láim in dala n-ae. Síniss a láimh gusin lenom, óir ba háil laiss a choróin do buain de. Cuiris tra in lenb a láimh badéin a gcert-agaidh a láimhe sen d'imchosnamh a choróine. Bidgaiss agus crithnaigiss in droch-duine. Gabuis gné aithméle ge nár uo haithrechus fírinnech. Léigit assin egluiss iad. Eirgit go tigh ósta áirigthi issin gcathraigh. Ier ndénom a medhóin laoi nochtait páirt don scél do beirt ban buí issin tigh. Assin gcathraigh dóib assa haithle. Ascnait ierom for sligidh na Fraingce. O aimsir medhóin laoi go comhthuitim na hoidche dóibh ag comhaister agus ag sír-shiopal agus ótha sin go moch-shoillsi na maitne. Ar n-a mhárach gapsat fordal agus merugad sechnóin na hoidche.