Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 41

Dia haoine, in nómadh lá Nouembriss, gluaissis O Néill agus in t-ierla gussna maithip bátar maille riú as Noetor Daam. Bátor an oidhche sin a prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha, Louáine a hainm, secht léige. Buí O Néill a ttigh óstae dar comhainm tegh an impire, an t-ierla a ttigh oile. Oirisit tra fon innus sin go cionn deich lá. Ier sin tic Sir Uuilliem Stanlui, senridire saigdiúirthe Saxanach buí a


p.54

seirbhíss rígh na Spáinne, go morán do dhaoinibh uaisle dia fféchain agus ar cuairt chuca. Ro glacsat assa haithle cúpla páláss onórach issin gcathroigh ar gné chíossae a fforcionn gacha míossa.