Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 36

Baile beg édaingen édlúith in baile sin, acht chena nír toghladh agus nír gapadh go haimhdeónach ríamh re náimhdib é. Ní do nert lámh nó do línmhairecht sochraide nó do daingne ballaidhi dorala sin, acht fiodhair agus pictúir agus dealbh Muire mírbhailighi atá a n-egluiss Muire sa mbaili doghní ilimat fert agus mírbal chom a ttigit ilmílte do na regiónoibh comhfhoixe dia n-oilithre d'adhradh agus d'edorguidhe naemh-Muire óighe. Feacht n-aon ro chuir Gramuiriss agus scristóiridhe na heguilsi catoilce léiger ar in mpaile sin. Na canóin riaghalta gusin ordanáss mór ro sgaoiltidhe friss. Is amhloidh tógaibhthe do na náimhdip bean uassal go n-édaigip glé-glana, naipicín gléigeal in-a dess-láimh sí n-a sessomh ar in mballa i n-a ffrithchétfaidh. Ro-ss-gap issin naipicín ina huile peiléir ru-s-caithedh frissin mbaili gan cumhsgugadh cloch gan brissedh balla gan marbadh duine. Ro léigedh síoss go cennuiss áilghen ar in taep astigh don bhalla na peiléir ar in talmhain assin naipicín. Mairit fóss go marthanach issin reiccléss a fforaithmhet na mór-mírbal. {ms page 20} Ní mar neach nemh-láidir trá do mesfaidhe in fer do thóigébadh én-pelér amháin ó thalmhain díbh. Tógbhait na náimhde ón mbaili mar doconnarcatar na móir-fherta. Gach línmhaireacht aimsire riemh ro shuidhset náimhde i n-a thimchiol táinic a chosnam go mírbhaileach do grássoibh Dé agus naomh-Muire óighe. On pictúir agus ón imháidh sin amháin sloinnter agus ainmnigther an baile agus is bladh bheg sin d'ingantus a móir-mírbal.


p.50