Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 32

Ier n-éisteacht aiffrinn dia domnaigh in cethramadh lá Nouembriss gluaissit na tigernaidhi a gcóistighip


p.44

a ndaoine uaissle agus a lucht coimhideachta ar eachroidh. Rángatar in lá sin go Neeuel cóic léige uaidhip, baile dess daingen i n-a mbuí gairessún ón rígh. Guibernóir Spáinneach ba huachtarán sa mbaili. Tig co n-a shaigdiúirip i n-a gcomhdháil. Forffáiltighis friú. Ier ttoirling dóibh du-s-rad eochracha in baile go hUa Néill. Diúltaiss O Néill na heochracha. Dorad in guibernóir cuireth dóip chom a suipéir an oidche sin. Ní ro aontaighset tra in cuiredh sin. Buí in guibernóir a ffochair Uí Néill an oidhche sin. Du-ss-rad lucht ciúil agus múissice agus raingce i n-a choimhitecht. A n-inbhaidh chodalta dóip cuiriss sarsen maior in baile d'ierroidh focail na faire ar O Néill. Tug O Néill buideachus dó san. Do íerr air féin an focal do thabairt uaidh mar dobeiredh gach n-oidhche.