Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 22

A moch-dheghóil na maitne ar n-a mhárach eirgit a n-ordugadh a gcossanta dá léige as sin go coicrích Flonndruiss agus na Fraingci. Comhnaighit ann begán aimsire. As a haithle léigit go h-Aras iad seacht léige. Ní mór nach roibhe gné d'imegla na sligedh orra uidhe in laithe sin d'áirigthe. Ar ndol asteach sa prím-chathroigh sin dóip timchiol mhedóin laoi in t-ochtmadh lá dég Octobris dognít oirissemh agus comnaidhe gusin luan buí ar a gcionn. Magbethadh ro sgar riú ag fágbáil Rodháin fuaratar rompa sa gcathraigh sin é, ge gur mhessatar go mór go madh baoglach in slige dó. An guibernóir buí ó rígh na Spáinne sa mbaili, glacuiss féin agus maithe na cathrach na tigernaidhe si chuca go subhailceach onórach. Ticit ar cuairt dia saigidh go mbangcéd maith agus go ffíntoibh. Cuirit athair onórach maille re cóistigip taitnemhacha dia ttreórugadh gusna prímh-eguilsib oirrderca bátar sa gcathraigh. Taispentar ilimat do religiassoibh ro-naomhtha mór-lóigigheachta dóibh ar a mbuí rann-chuid mhór don chroich chésta, cenn S. San Sem, cuid d'folt Muire Madalén, cupa as ar ibh in Slánaigtheóir féin deoch in tan buí a gcolainn daonna ar in saogal, go n-imat dí-áirmhe oile. Ticis Eogan Mag Mhathgamhna, in doctúir, i n-a gcomhairrchiss ó Doua gus in dú sin.