Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 19

Ba nemhonórach in t-ósta fuaratar na maithe sin isin mbaile mbeg ndeireóil adupramar, ge tharla gur uó sgiemhach torthach aoibinn in talomh ro thaistilset othá Rodhán gusin dú sin. An baile beg a nglionn ro-aoibhinn ar abhainn roi-dheiss. A moch-shoillsi na maitne ar n-a mhárach as sin dóip trí léige go baile dar comhainm Nueuochattel. Oirissit ann gor éistset aiffrenn onórach canntaireachta agus orgán go ndernsat a medhón laoi. Gluaisit in lá cétna gusin mbaili dier comhainm Oumalle, cóig léige. An diúc dier uo selb in baile sin, buí in tan sin ar innarbadh agus deóraidheacht ó rígh Frangc a fFlonndrus a ffochair an arsdiúc. Ro buí a uile chíos agus tighernus dia thógbáil chuige go Flonndrus. Léigit as sin iad an oidhche sin gusin mbaili dar comhainm Poeise, cóic léige. Ge go rángatar deóigh {ms page 11} agus ier nóin laoi in baile sin, fuaratar betha imqubaidh agus áit chumhsanta ba cosmail. Atá caisslén daingen go mbárdaibh láidire ó ríg Franc sa mbaili chétna sin. Nir uo imchien in slige in lá sin, acht ba cnocaighi ghairbhe riasganta nemhthorthaighe í oldáit na sligthe oile.


p.30