Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 12

{ms page 8} Dorala ambasadoir rígh Saxan sa gcathraigh


p.24

in tan sin. Buí ag dénomh a lán-díthill aidhmillte agus urchóide do na maithip dia madh éidir leiss. Téid sin a ndímhaoiness agus a mí-tharbha, óir ní thug in rí audiens nó éisteacht go fedh trí lá dó, acht ag dol d'fíadhach gacha laithe. As a haithle sin mar do buí a dheimin aige na tigernaidhe do bheith a n-áit badh hinnill leó, adubairt go ndeachatar ó n-a chomachtoibh, agus dia ttegmhadh nach raghdaoiss, nach dingnadh féin urchóid ar bith do dhaoinibh uaisle ar a gcuirfidhe d'fiachaibh a n-atharrda bhunaidh d'fágbáil ar son a gcreidimh agus a n-égcomhthroim, fós go roibhe ar comus do na huilip chatoilcip gabáil gan buaidhirt ar bith tré ríghacht na Fraingce. Léigiss in t-ombasadoir duine uassal do threibh na h-Alban a posta go Lundain dia faisnéis do rígh Saxan go ttángatar na daoine uaissle si a ttír sa fFraingc agus nár chuir in rí toirmesc orra fo gabáil triasan fFrainc. Buí in duine uassal sin a Rodhán sa tigh ósta a mbátar na mná uaisle in oidhche sol tángatar na tigernaidhe.