Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 10

{ms page 7} Seachnóin na haimsire si buí Maguidir agus na


p.22

daoine uaisle bátor a gcoimhiteacht na ttigernadh so fo riasta a Laboil. Messait go rapatar na mná uaisle co n-a gcuideachta a mbraighdenus mar nach ffuaratar én-fhocal dá scéloibh. Aithrister dóib deóigh laoi dia domnaigh a ndol tairrsibh go Rodhán. Gabhait triar do na daoinibh uaisle bát. Imrait seachnóin na hoidhche. Rángatar Rodhán a mocha laoi dia luain. Innissit scéla na ttigernadh mar do éirigh dóip a ttaep a riastála agus iad i n-a persanoibh badén do dol do láthair in ard-mharuscail go Liegeciuaie. Ba himeglach imomhnach iad san ier gcloss na scél sin. Rugator scéla ar n-a mhárach orra gur scríp in guibernóir le posta go rígh Frangc dia fhoillsiugadh go ttángatar san a ttír mar adupramar, agus dia fhioss créd badh indénta riú, agus go gcaithfediss foighite do bheith aca fo bheith i n-a gcomnaidhe go rochtain direxioin in ríg dia saigidh.