Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 7

Tógbhait a seólta ainnséin. Léicit ar siobal iat. Iar ffágbháil radhairc na n-oilén adconnarcatar go comhfhairsing talam na Fraingce. Ar ttoigheacht ar comhghar in chuain dóip gapuis crith-egla agus imfhaitchess in Frangcach. Adbert go roibi aimsir imchian ó ro buí sa chuan ria sunn, go mbuí a n-ainffioss {ms page 5} agus a gconntabairt dermhair um eólus dingmálta do dhénomh asteach sa chuan. Gar ier sin adchíd bátt beg Frangcach ag ascnamh chuca. Fochtait scéla dia fhoirinn. Adbertsat tra gurap ó Ruadhán dóip, prímh-chathair oirrderc gapus le ríg Franc. Tairgit gné chomhadh dóip ar eólus do dénomh astech sa chuan. Geallait a dénomh. Bátor rompa agus na ndeaghaidh car in chaomh-laithe. In tan ro-íssligh in ghaoth deóigh laoi agus nach roipe ar comus don loing dol asteach sa gcuan, gapsat tra muinnter na beg-loingi a gcead acasan. Atbertsat nach roipe maith aca re a dénomh dóip, nach ierrfaitiss lóighigheacht na mathessa nach dernsat. Dírgit féin a gcúrsa go Roán. Gidheadh chena ro sheólatar chuca-san gan mhoille aroile bát i n-a mbuí pilóit Rodháin. Tic tra in pileót ar bord loinge chuca a gcomdhorcha na hoidhque. Tógbait a seólta. Bátor ar siobal seachnóin na hoidhche. Ar maidin ar n-a mhárach treóraigidh in pilóit cétna iad a ruibér Rodháin ar in taep bho deass don chuan nua dar comainn Harboure de Grace. Timchiol meadhóin laoi dia dardaoin, lá S. Pronséiss do shonnradh, in cethramadh lá Octobriss agus in t-aenmad lá fichet dóip ar fairrge, tiagait a ttír a mbaili beg ar brú in ruibéir chétna dar comhainm Cilbuf. Dognít gné chiúnais agus chomnaidhe ann in méide buí rompa don ló gus in oidhche ar a gcionn. Persa d'uiresbaidh ar chét


p.16

isseadh bátor sa loing. Ní roibi do shupstaint digi aca ag fágbáil na loingi acht cóic galúin beóra agus ní badh lugha nó énbairille amháin uisce.


p.18