Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 5

Adbert Frangcach áirigthi buí san loing: Ná bíodh dibergóit nó imsníomh oraip, a mhaithi, ol sé; treóraighfet-sa ria n-éirgi gréine amárach a ttír sa Normainnti, {ms page 4} prouensi oirrderc gabhus le ríg na Fraingce, sibh. An Chruinne, prímhchathoir oireghdha gapus le rígh na Spáinne, chom ar thriallsat ó thús. Do mhét na scíssi agus in docomail ro fhuilngetair ní mór nach roibhe a urdail do deigh-inntinn agus do shupailchip aca fo dol a ttír sa Normainnti agus mar do ragdaoiss sa gcathraigh sin. Dírgit a gcúrsa gusin gcuan sin. Timchiol medhóin oidche éirghiss in fhairrgi i n-a tonnoibh tul-borba tinnesnacha trén-tuinnsemhacha dóip. Trócaire na Trínóite ru-s-tesairc gan in long co n-a mbuí innte do bháthadh. Drong do na daoinibh uaisle bátar uas taiste, ní mór nach rapsat a gconntabairt a mbreth amach a gcertmedón na fairrgi ó láidire na gaoithe agus ó línmaire na ttonn. Ba héicen dóip a seólta do legad la tolgán agus trethan na ttonn, an long do léigen do réir thoile Dé ar a haradhain féin seachnóin na fairrge.