Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 34

XXXIV.

Is follus as na sompladhaibh-se anuas go raibhe an Creideamh Catoilice ar marthain i n-Éirinn ré hucht Ghall do thigheacht innte; agus an mhéid bheanas ré doibhéasaibh na n-Gaedheal sul rángadar Gaill eatorra, is dearbh go dtángadar lé Gabháltas Gall cúigear taoiseach do rinne ní-sa mhó do dhoibheartaibh ioná a dtáinig do Ghaedhealaibh ó aimsir Bhriain go Gabháltas Gall, maille ré hargain cheall is chléire, lé feilbheartaibh folamhla is ré hanfhlaitheas anfhorlannach do dhéanamh. Ag so a n-anmanna, iarla o' Stranguell, Roibeard Mac Stiabhna, Hugo de Lacy, Seon de Curcy, is Uilliam Mac Aldelmel. B'urusa fírinne an neithe-se do thuigsin as an ní adéaram 'n-ar ndiaidh, agus go háirithe a croinic Stanihurst, agus fós mar do chuadar urmhór na druinge-se gan mac ag gabháil oighreachta a athar orra tré n-a n-olcaibh féin.

Bíodh a fhiadhnaise sin ar Iarla o' Stranguell ar Roibeard Mac Stiabhna ar Sheon de Curcy agus ar dhruing oile do thaoiseachaibh táinig i dtús an chongcuis nach luaidhfeam annso. Agus an mhéid bheanas ré Risteard Stranguell do réir chroinic Stanihurst, i ndiaidh iomad creach is ceallairgthe do dhéanamh ar thuaith is ar chill dó, fuair sé bás i n-Áth Cliath i gcionn seacht mbliadhan iar dtigheacht i n-Éirinn dó, an tan fá haois don Tighearna 1177; agus ní raibhe do shliocht da éis lé h-Aoife inghin Dhiarmada acht aoininghean dar bh'ainm Isabella, agus do pósadh an inghean soin lé h-Uilliam Maruscál, is rug sí cúigear mac is cúigear inghean dó; agus do éagadar na mic diaidh i ndiaidh gan lorg gan oighre ar cheachtar díobh, agus do pósadh na hingheana lé fuirinn d'uaislibh na Sacsan, go nar fhágaibh


p.360

an t-iarla mac ag gabháil oighreachta air féin acht mar sin.

Dála Hugo de Lacy mar fuair ceannas ón dara Henrí ar an Midhe, do ghabhadh ag marbhadh is ag dícheannadh chloinne Colmáin is uaisle na Midhe an mhéid ar a bhfaghbhadh scríob díobh, agus ar mbeith ag déanamh dúnphuirt daingin i n-Durmhaigh san Mhidhe, táinig duine uasal óg don Mhidhe i gcruth fhodhuine ré déanamh oibre dhó, gur marbhadh Hugo leis. Adeir croinic Stanihurst gur dhuine ainmhianach drúiseach ro-shainnteach an Hugo-so. Adeir mar an gcéadna gur ghabh Hugo óg a mhac soin is Seon de Curcy do láimh iomad creach is marbhtha is díbhfeirge do dhéanamh ar lucht na Midhe i ndíoghail bháis Hugo. Adeir an chroinic chéadna gur dhuine cealgach meabhlach droichmhéine Uilliam Mac Aldelmel, agus cuiridh síos mar do bhean go cealgach mainéir fá sealbh dhíleas dóibh féin do chloinn Mhuiris Mic Gearailt, agus fós adeir go mbíodh formadach ré Muiris is ré n-a chloinn do shíor. Léaghthar fós i n-annálaibh aosta Éireann ar mbeith d'Uilliam Mac Aldelmel i gceannas Luimnigh ó rígh Sacsan, go dtarla imreasan idir dá chomhmbráthair do shíol g-Conchubhair fá cheannas Connacht, mar atá Cathal Croibhdhearg is Cathal Carrach, agus do ghabh Uilliam páirt Chathail Charraigh i n-aghaidh Chathail Chroibhdheirg, agus do ghabh Seon de Curcy páirt an Chathail oile. Do biathadh an easaonta soin leath ar leath lé h-Uilliam is lé Seon idir an dá Chathal gur milleadh is gur hairgeadh an chríoch uile leo, is gur dícheannadh mórán d'uaislibh Connacht san spairn sin a los an imreasain sin, go dtarla coimheascar idir an dá Chathal, agus Gaill ar gach taoibh ag congnamh leo, gur briseadh do Chathal Charrach is da mhuinntir is gur marbhadh san deabhaidh sin é.

Da éis sin do tógbhadhdh caisléan i Mílioc Uí Mhadagáin


p.362

lé h-Uilliam Mac Aldelmel, agus fágbhais barda mór ann is téid féin go Luimneach. Tig Cathal Croibhdhearg i bhfoslongphort 'n-a n-ucht, is do éalodar an barda san oidhche is leanaid Uilliam go Luimneach; agus do trascradh caisléan Mhílic ré Cathal Croibhdhearg. Do-ní Uilliam Mac Aldelmel cruinniughadh sluagh da éis so, agus tug ucht ar Chonnachtaibh gur creachadh is gur hairgeadh cealla is tuatha leis agus go dtug deargár a dtarla da chóir dhíobh; ionnus uime sin gur mhalluigheadar cliar Chonnacht é, amhail léaghthar i n-annálaibh aosta Éireann do scríobhadh tuairm trí chéad bliadhan ó shoin i bpríomhleabhar sheanchusa da ngairthí Leabhar Breac mic Aodhagáin. Agus léaghthar san leabhar chéadna gur chuir Dia go míorbhaileach, tré n-a mhíoghníomh, ainimh ghránna is galar doileighis air lé bhfuair bás déistineach, is nach ráinig ongadh ná aithrighe é agus nach fuair adhnacal i gcill ar bith acht i ngráinsigh fhásaigh.

Tarla easaonta da éis so idir Sheon de Curcy is Hugo óg de Lacy gur thuiteadar mórán d'Ulltachaibh is d'fhearaibh Midhe n-a spairn, is do hairgeadh is do creachadh an dá chrích sin do bhíthin a n-imreasain; agus do b'í críoch na heasaonta soin gur gabhadh Seon de Curcy lé Hugo óg de Lacy go cealgach, agus gur cuireadh ar láimh Gall é, agus do ghabh ré a ais tréatúireacht do chur air. Cuirthear 'n-a ghiall i Sacsaibh é, go raibhe sealad aimsire i nglasaibh ann. Tug an rí pardún da éis sin dó, is tug cead dó tilleadh i n-Éirinn; agus táinig sé ar muir ré triall i n-Éirinn, gur éirigh anfadh dhó, gur tilleadh tar a ais don tír é; agus mar sin dó cheithre huaire déag ag dul ar muir is 'ga thilleadh go Sacsaib arís, do réir chroinic Stanihurst; agus an chúigmheadh huair déag táinig ar muir, do seoladh lé hanfadh gaoithe don Fhraingc é, go bhfuair bás san chrích sin.


p.364

Léaghthar san chroinic chéadna gur marbhadh duine uasal do chine Sheoin de Curcy do bhí na chomhnuidhe i n-Éirinn lé Hugo óg de Lacy is lé Bháiter de Lacy a dhearbhráthair, gur fhás iomad buaidheartha is coinbhliocht da thoisc sin idir charaid an duine uasail is an chloinn sin Hugo de Lacy, ionnus gur bh'éigin don rígh Seon dul sluagh mór do Ghallaibh is do Ghaedhealaibh don Mhidhe do smachtughadh na mac soin. Agus ar n-a chlos sin dóibh, triallaid go Carraig Fhearghusa, is téid an rí 'n-a dtóraidheacht ann sin, agus glacaid long san áit sin, is triallaid ar teitheadh don Fhraingc, go ndeachadar ar aon i riocht dá gharradóir do dhéanamh feadhma i lubhghort abbadh i mainistir S. Taurín san Normandie; gur chaitheadar seal da n-aimsir san mbréighriocht soin da ndísliughadh féin, gur léigeadar i gceann aimsire da éis sin a rún ris an abbaidh, agus gur iarradar air impidhe do chur ar rígh Sacsan um shíothcháin is um mhaithmheachas do thabairt dóibh. Agus fuair an t-abbadh an ní sin dóibh, go dtángadar i n-Éirinn amlaidh sin i ndiaidh an ríogh do thabhairt aisig a bhfola is a bhfearainn dóibh; agus fuair an rí Seon bás da éis sin, an tan fá haois don Tighearna 1216.

Tárla fós da éis sin ré linn an treas Henrí cogadh mór idir Hugo óg de Lacy is Uilliam Maruscál gur milleadh an Mhidhe uile leo is gur thuiteadar morán de Ghaedhealaibh da gach leith ag congnamh leo. Tarla fós cogadh mór idir Míléir is Séathfruidh Moiréis is Uilliam Maruscál gur milleadh mórán d'fhearaibh Laighean is Mumhan eatorra da gach leith.

Adeir Hanmer 'n-a chroinic gur heascaineadh Uilliam Maruscál lé heaspog Fearna tré dhá mhainéar da sheilbh féin do bhuain de; agus ar mbeith coinnealbháidhte dhó, fuair bás i Sacsaibh; agus do bhrígh nar bh'áil lé n-a chloinn aiseag do thabhairt san seilbh sin, fuaradar a chúigear mac bás diaidh i ndiaidh, gan neach ag gabháil oighreachta ar aon díobh; agus do chuaidh an Míléir thuas go Cluain mic Nóis go sluagh líonmhar 'n-a fhochair, go ndearnadar foslongphort dá oidhche dhéag ann; agus gur hairgeadh leo an baile idir chrodh


p.366

is bhiadh; agus fós do hairgeadh teampuill is eagailse an bhaile mar an gcéadna leo.

Mar thugadar iomorro Gaedhil da n-aire anfhlaitheas is éagcóir creachadh is ceallargain na druinge adubhart, agus fós mar do hairgeadh Lios Mór go n-a thearmonn lé Herimont Morti is lé Réamonn de la Grós, do réir chroinic Stanihurst, tar ceann go ndeachaidh an Herueus nó Herimont céadna i n-aibíd mhanaigh is gur thógaibh mainistear Dhúin Bróith i gconntae Locha Garman, an tan fá haois don Tighearna 1179, i gcúitiughadh na n-olc do rinne i n-Éirinn, agus mar an gcéadna mar do hairgeadh eaglais Inse Cathaigh is a tearmonn mar aon lé hiomad d'eaglaisibh oile lé h-Uilliam Mac Aldelmel, agus arís mar is é ní da dtugadar na Gaill chéadna aire, tré iomad uaille uabhair is anuaille do bheith ag fás ionnta féin, siosma síor do bhiathadh eatorra féin, agus bheith ag clódh is ag caitheamh na n-Gaedheal idir gach dá rann díobh, is nach raibhe dúil aca, amhail do saoileadh lé Gaedhealaibh, ceartughadh do dhéanamh ar chreideamh ná leasughadh ar bhéasaibh i n-Éirinn, is eadh do mheasadar Gaedhil iad féin do shaoradh ó anbhruid na druinge sin. Agus uime sin tángadar drong d'uaislibh Gaedheal go teach Chonchubhair Maonmhuighe ríogh Connacht do thabhairt cheannuis orra féin dó, ar mbeith 'n-a chomhnuidhe dhó i n-Dún Leogha i n-Uíbh Maine.

Ar dtús táinig Domhnall Ó Briain rí Luimnigh is Ruaidhrí Mac Duinn Sléibhe rí Uladh agus Domhnall Mac Carrthaigh rí Deasmumhan, Maoilseachlainn Beag rí Midhe, agus Ó Ruairc rí Ó mBriuin is Conmhaicne 'n-a theach agus gibé comhairle ar ar cinneadh leo, sul do críochnuigheadh í do marbhadh Conchubhar go cinneamhnach.

Is follus as na neithibh do luaidheamar anuas gurab d'anfhlaitheas is d'éagcóir is da neamhchoimhéad ar a ndlighe féin ag uachtaránaibh Gall i n-Éirinn, táinig iomad do


p.368

neamhumhla na n-Gaedheal do smacht Gall. Óir ní mheasaim go bhfuil cine san Eoraip is mó do bhiadh umhal do dhlighe ionáid Éireannaigh dá roinntí comhtromh an dlighidh riú: agus is í so teist do-bheir Seon Dauis san leathanach dhéidheannach don chéidleabhrán do scríobh ar Éirinn orra. Ag so mar adeir: Ní fhuil cine fán ngréin lé n-ar ab annsa ceart is comhthrom breitheamhnais ní is fearr ionáid Éireannaigh, agus is mó do bhiadh sásuighthe lé n-a chur i ngníomh ioná iad, bíodh gurab 'n-a n-aghaidh féin do bhiadh, acht go bhfaghdaois díon is sochar an dlighidh an tan iarraid é ar chúis chomthruim. {There is noe nation of people under the sunn that doeth love equall and indifferent iustice better than the Irish, or will rest better satisfied with the execution thereof, although it be against themselves, soe as they maie have the protection and benefitt of the lawe when uppon iust occation they doe desire it.}’’

Is iontuigthe a teist an ughdair-se nach do dhrochdhúil i n-Éireannchaibh do bhí dul i n-easumhla go minic ar an ndlighe, acht do neamhchomhall na n-uachtarán ar chomhthrom an dlighidh do roinn riú.

Tángadar taoisigh oile i n-Éirinn i dtús Ghabháltais Gall i n-éagmais an chúigir do luaidheamar thuas nach dearna na feilbhearta do rónsat an cúigear céadna, agus do rinne mórán maitheasa i n-Éirinn maille ré tógbháil teampull is mainistreach ré dáil fhóid ré haltóir do chléircibh da gcothughadh, is ré hiomad deighghníomh oile ó shoin amach do dhéanamh, go dtug Dia do shochar da chionn soin dóibh iomad do shleachtaibh uaisle do bheith ar a lorg aniú i n-Éirinn, mar atáid Gearaltaigh is Búrcaigh, Builtéaraigh is Barraigh, Cúrsaigh is Róistigh, Puérigh, Clann Mhuiris is Grásaigh is Prionndarghásaigh, Pléimionnaigh, Puirséalaigh is Priosdúnaigh, Noinnsionnaigh is Breathnaigh, Tóibínigh is Suirtéalaigh is Bluinnsínigh, clann Fheorais, Conndúnaigh, is Cantualaigh, Deibhriusaigh, Dairsidhigh, is Diolmhainigh, Moiréisigh, Easmontaigh, Léisigh, Brúnaigh, is Kéitinnigh, is iomad do shleachtaibh uaisle oile Seanghall táinig ó thaoiseachaibh oile dhíobh ná luaidhfeam annso.

Finis Libri Secundi.