Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 32

XXXII.

Ót chonnairc Ruaidhrí mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchubhair rí Connacht is urmhóir Éireann gur bhris Mac Murchadha ar an síoth do bhí eatorra roimhe sin, cuiris Ruaidhrí teachta chuige do thabairt aithbhir air tré neamhchomhall na síothchána do bhí eatorra, tré mar thug na Gaill sin leis gan chead gan chomhairle do Ruaidhrí. Agus ar rochtain do na teachtaibh do láthair Mhic Murchadha is eadh adubhradar: ‘Anois tuigmíd,’ ar siad, ‘nach fuil cion ná cádhas agat ar do mhionnaibh ná ar do mhac thugais i ngeall ré comhall síodha uait, agus adubhairt rí Connacht .i. Ruaidhrí Ó Conchubhair riot muna gcuiridh tú na deoraidh-se agat uait go gcuirfidh sé ceann do mhic chugat, is nach géabhaidh gan tú féin do chur arís i Sacsaibh ar athchur is ar ionnarbadh.’ Do ráidh Mac Murchadha nach cuirfeadh a dheoraidh uaidh ar chomhairle Ruaidhrí, agus adubhairt go dtiubhradh tuilleadh deoradh leis 'n-a gceann, is nach diongnadh síoth ná síothcháin lé haoinneach do Ghaedhealaibh go beith d'Éirinn uile aige. Tángadar na teachta tar a n-ais go Ruaidhrí is nochtaid dó freagra Mhic Murchadha orra. Ót chualaidh Ruaidhrí aitheasc Mic Murchadha, gabhais fearg adhbhalmór é.

Tairis sin, iomorro, do leath clú is oirdhearcas na n-Gall soin fá Éirinn uile, ionnus gur ghabh gráin is eagla fir Éireann rompa. Rángadar trá scéala ón iarla is ó na Gallaibh sin i Sacsaibh, agus an tan atchlos do rígh Sacsan na scéala soin tug fógra gan long ná bárc do dhul a haontalamh dar bhean ris féin go h-Éirinn, agus gan trácht ná ceannaidheacht do dhul innte. Agus tug mar an gcéadna fógra do gach aon da dtáinig ó Shacsaibh i n-Éirinn


p.340

dul tar a n-ais arís fá phéin a n-oighreachta do bhuain díobh go bráth. An tan adchonnairc an t-iarla gur bh'éigin da mhuinntir imtheacht uaidh lé fógra an ríogh, uime sin do chuaidh an t-iarla is a mhuinntear do dhéanamh comhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus is eadh do connarcthas dóibh Réamonn de la Grós do chur go rígh Sacsan aga fhoillsiughadh dhó gur da thoil-sean is da aonta tháinig an t-iarla is na Gaill sin i n-Éirinn do neartughadh leis an tí do gheall umhla is ógláchas do dhéanamh dó-san .i. Diarmaid Mac Murchadha rí Laighean; agus gibé gabháltas do rinneadar i n-Éirinn agus a raibhe aca do thairbhe Mhic Murchadha gurab da thoil-sean ba mian leo a chongbháil. Téid Réamonn leis an aitheasc soin go rígh Sacsan, agus is é ionadh a raibhe an tan soin san Ghascúinn; agus san bhliadhain sin do marbhadh Tomás, airdeaspog Canterburie an cúigmheadh lá don Nodlaig, agus fá hí aois an Tighearna an tan soin 1171. Agus is i mBealltaine na bliadhna soin fuair Mac Murchadha .i. Diarmaid rí Laighean bás; is do hadhnaiceadh i bh-Fearna Mhóir Mhaodhóg é.

Dála an ríogh, táinig go Sacsaibh, agus ar rochtain ann sin dó, do chuir ridire da mhuinntir dar bh'ainm Herimont Morti go leitreachaibh leis go hiarla o' Stranguell i n-Éirinn mar aon le Réamonn de la Grós da fhógra don iarla dul i Sacsaibh gan chairde; agus ar dtigheacht i n-Éirinn dóibh nochtais Herimont a thoisc don iarla, agus triallais an t-iarla do láthair mar aon lé Herimont i Sacsaibh, agus ar rochtain do láthair an ríogh dhó, do gheall go dtiubhradh Áth Cliath is Port Lairge is bailte cuan Laighean dó is da oighreadhaibh da éis, agus an chuid oile do Chúigeadh Laighean do bheith ag an iarla féin is ag a shliocht.

I ndiaidh iomorro an chonnartha soin do cheangal eatorra, triallais an rí go sluagh líonmhar maille ris i n-Éirinn, gur ghabh cuan ag Port Lairge. Cúig céad ridire tháinig


p.342

lais mar aon ré hiomad marcshluagh is troightheach, aois an Tighearna an tan soin 1172. Ro an iomorro an rí i b-Port Lairge 'n-a dhiaidh sin go dtángadar uaisle na n-Gall do bhí roimhe i n-Éirinn is buirghéisigh Locha Garman do thabairt umhla is onóra dhó. Táinig fós rí Corcaighe .i. Diarmaid Mór Mac Carrthaigh 'n-a láthair is do gheall umhla is ógláchas do dhéanamh dhó. Táinig an rí as sin go Caiseal, agus táinig Domhnall Ó Briain rí Luimnigh 'n-a choinne ann, is tug umhla dhó, amhail tug Mac Carrthaigh.

Da éis sin do chuir rí Sacsan coimhéad uaidh féin ar Chorcaigh is ar Luimneach. Tángadar maithe Mumhan chuige iar sin is tugsad umhla is onóir dó mar an gcéadna. Do chuaidh an rí tar a ais go Port Lairge, agus táinig rí Osruighe chuige ann sin is tug umhla is onóir dó, amhail tugsat na ríogha roimhe sin. Triallais an rí as sin go baile Átha Cliath, go dtángadar Gaedhil Laighean chuige ann sin do thabhairt umhla is onóra dhó.

An tan iomorro adchuala Ruaidhrí Ó Conchubhair, rí Connacht is Éireann, a chúigeadhaigh is an lucht cíosa is cánachais do bhí aige, is an lucht da dtug féin tuilleamh is tuarastal, do dhul ar scáth ríogh Sacsan, do mheas 'n-a mheanmain féin go madh lugha do mhasladh dó umhla do thabairt da dheoin ioná da aimhdheoin uaidh do rígh Sacsan. Is ann sin do chuir an rí dias da mhuinntir i gcoinne Ruaidhrí Uí Chonchubhair, agus is iad do chuaidh ann Hugo de Lacy is Uilliam mac Aldelmel. Táinig Ruaidhrí 'n-a gcoinne go bruach na Sionna go ndearnaidh síoth is cáirdeas ris an rígh in-a láthair sin, agus do gheall umhla is onóir do thabairt dó. Táinig fós Murchadh mac Floinn rí Midhe chuige is tug


p.344

é féin dó, amhail do rónsad cách oile, ionnus nach raibhe rí ná taoiseach na tighearna i n-Éirinn nach tug umhla is tighearnas orra féin do rígh Sacsan an tan soin.

Ar dteacht an gheimhridh chuca iar sin do líon an aimsear d'fhuacht is do dhoininn róghránna, ionnus nach raibhe ar breith do luing nó do bhárc teacht ré scéalaibh na Sacsan i n-Éirinn gus an rígh nó go dtáinig an mhí mheadhónach don earrach chuca. Da éis sin tángadar longa i n-Éirinn is tugadar scéala gus an rígh ó Shacsaibh is ón bh-Fraingc nach ar mhaith ris; agus tar gach ní nochtaid dó gur chuir an Pápa dias cairdionál go Sacsaibh do lorgaireacht an bháis do himreadh ar S. Tomás o' Canterburie; agus muna ndeachadh an rí 'n-a phearsain féin do thabairt shásuighthe dhóibh san marbhadh soin, is eadh adubhradar go gcuirfidís coinnealbháthadh air agus ar gach talamh da ngabhadh leis. Gér dhoiligh ris an rígh na scéala soin, do ba doilghe ioná soin dó na scéala tháinig ó n-a mhac chuige 'n-a dhiaidh sin, mar atá an mac ro ba sine aige do dhul i seilbh chóroine na Sacsan i ndóigh go n-anfadh aige d'aimhdheoin a athar. Do fhás doilgheas dofhaisnéise ar an rígh trés na scéalaibh sin. Gidheadh is mó do chuir air an bás do himreadh ar Sh. Tomás ioná gach ní da ndearnsat a chlann is a dhaoine air. Uime sin cuiris cruinniughadh ar mhaithibh a mhuinntire chuige do dhéanamh comhairle riú, agus nochtais dóibh gach contabhairt da raibhe 'n-a chionn féin; agus is í comhairle ar ar chinnsiot drong mhór da mhuinntir do chur roimhe go Sacsaibh agus é féin do dhul 'n-a ndiaidh go grod. Do rinneadh amhlaidh sin leo, agus do an an rí ag cur choimhéada is chosanta ar Éirinn.

An tan trá ro ba mithid leis an rígh dul i Sacsaibh ro fhágaibh dronga ag coimhead na críche, mar atá Hugo de Lacy san Mhidhe is fiche ridire mar aon ris; agus fós do bhronn bith díleas na Midhe do Hugo is da shliocht 'n-a dhiaidh. Do


p.346

fhágaibh fós coimhéad bhaile Átha Cliath ar Roibeard Mac Stiabhna is ar Mhuiris Mac Gearailt is dá fhichid ridire mar aon riú go n-a bhfuirinn. Do fhágaibh mar an gcéadna i Loch Garman Uilliam Mac Aldelmel is Pilib de Hastings is Pilib de Brus is fiche ridire mar aon riú ag coimhéad an bhaile. Do fhágaibh mar an gcéadna i b-Port Lairge Humfrie Bolum is Hugo de Gandeuille is Roibeard Mac Bearnaird is da fhichid ridire mar aon riú. Triallais an rí iar sin i Sacsaibh agus ar rochtain do láthair na gcairdionál dó, adubhairt go dtiubhradh a dtoil féin dóibh i n-éiric mharbhtha S. Tomás, gion go raibhe rún a bhásuighthe aige féin, agus tré réidheachadh idir é féin is rígh Frangc ré a raibhe i n-imreasain an tan soin.