Ar n-a chlos do Mhac Murchadha is do Roibeard mac Stiabhna Muiris do thigheacht i n-Éirinn, do chuadar 'n-a choinne go Loch Garman; agus is ann sin do chuimhnigh Mac Murchadha ar gach aindlighe da ndearnsad lucht Átha Cliath air féin is ar a athair roimhe. Uime sin do thionóil Mac Murchadha an sluagh soin ré dul d'argain Átha Cliath, is do fhágaibh Roibeard Mac Stiabhna ag tógbháil chaisléin san ionadh darab ainm an Charraig anois .i. dá mhíle ó Loch Garman amach; agus triallais Mac Murchadha is Muiris Mac Gearailt is urmhór na n-Gall soin mar aon riú go Fine Ghall, gur hairgeadh is gur loisceadh an chríoch soin leo.
Ar n-a chlos iomorro do bhuirghéisibh Átha Cliath gur hairgeadh is gur creachadh an chríoch 'n-a dtimcheall, do chuadar i gcomhairle eatorra féin, agus is é ní ar ar cinneadh leo seoide iomdha is tiodhlaicthe troma d'ór is d'airgead do chur go Mac Murchadha do chionn síodha is réidhtigh d'fhagháil uaidh; agus do chuireadar braighde chuige mar aon ris an ionnmhus soin tar múraibh an bhaile amach;
Ód chonnairc Mac Murchadha iomorro gach ní dar chuir roimhe ag teacht leis, do smuain 'n-a mheanmain aige féin go raibhe ríoghacht Éireann ag a shinnsearaibh roimhe .i. Cathaoir Mór, Conchubhar Abhradhruadh, Labhruidh Loingseach, Laoghaire Lorc is Ughaine Mór is gach rí oile dar ghabh flaitheas Éireann díobh roimhe, agus adubhairt nar bh'fhearr neart na cumas gach ríogh oile díobh soin ar Éirinn do chosnamh ioná a neart féin. Uime sin beiris Mac Murchadha, Muiris Mac Gearailt is Roibeard Mac Stiabhna i bhfód fá leith ris, gur léig a rún riú fán gcúis sin, agus do iarr comhairle orra créad do b'indéanta dhó. Do fhreagairsiod i n-aoinfheacht é, agus is eadh adubhradar, go madh urusa dhó an ní sin do chríochnughadh dá madh áil leis teachta do chur uaidh ar ceann tuilleadh daoine go Sacsaibh. Tairis sin do ráidh Mac Murchadha riú-san teachta do chur uatha féin ar ceann a ngaoil is a gcoimhfhialasa agus adubairt go dtiubhradh a inghean féin 'n-a mnaoi do Mhuiris Mac Gearailt nó do Roibeard Mac Stiabhna, gibé aca do-bhéaradh í, agus a thighearnas ó n-a lá féin amach. Gidheadh níor fhaomh ceachtar díobh an inghean do ghlacadh, óir do chuimhnigh Muiris Mac Gearailt is Roibeard Mac Stiabhna gur gheall Mac Murchadha an inghean soin d'iarla o' Stranguell is ríoghacht Laighean lé, do chionn a neart do thabairt leis ré buain a dhúithche amach dhó; agus do iarr Muiris is Roibeard ar Mhac Murchadha leitre do chur gus an Iarla 'ga iarraidh air teacht do réir an gheallaimh tug dó i Sacsaibh, agus foillsigh dhó, ar siad, go bhfuile féin i mbun do gheallaimh do chomhall dó-san, maille ré t'inghean féin do thabairt 'n-a mnaoi dó, is ríogacht Laighean ód lá féin amach; agus fós na cheithre ranna nach fuil agat d'Éirinn, foillsigh dó go bhfuil súil agat ré a mbeith fá chíos is fá umhla dhuit.
Cuirthear teachta is leitreacha lé Mac Murchadha go hIarla o' Stranguell ar an gcúis sin, agus ar rochtain do na teachtaibh 'n-a láthair is ar léaghadh na leitreach dhó, is fós ar gclos an neirt do ghabh Mac Murchadha is Roibeard Mac Stiabhna is Muiris Mac Gearailt i n-Éirinn, triallais féin go hairm a raibhe rí Sacsan, is do iarr cead air teacht do dhéanamh gabháltais cibé áit a sainnteochadh dul. Gidheadh an tan do thuig an rí meanma is inntinn an iarla ní thug aonta iomlán dó is ní mó do thug éara air. Acht cheana do ghluais an t-iarla leis an gcead fuair, agus do ghabh ag a ollmhughadh féin is ag ollmhughadh a mhuinntire ré teacht i n-Éirinn dóibh; agus sul ráinig ris féin bheith ollamh ré teacht san turas soin do chuir Réamonn le Grós mac Uilliaim mic Gearailt, dearbhráthair ba sine ioná Muiris Mac Gearailt, go sluaghbhuidhin leis roimhe féin i n-Éirinn; agus ar rochtain na críche dhó, is é áit ar ghabh cuan ag Dún Domhnaill, cheithre mhíle ó Phort Lairge budh dheas; agus do réir chroinic Stanihurst, fá hí nuimhir a mhuinntire deichneabhar ridireadh is deichneabhar is trí fichid troightheach. Agus ar dtigheacht i dtír dóibh do thógbhadar port daingean cloch is criadh san ionadh soin.
Ar roctain iomorro scéal go Port Lairge is go Maoilseachlainn Ó bhFaoláin, rí na n-Déise, go dtángadar na Gaill sin i gcomhfhogus dóibh, do ghabh gráin is eagla iad uile rompa, is do chuadar go haonláthair do chinneadh chomhairle fán gcúis sin, agus do b'í críoch a gcomhairle na deoraidh d'ionnsuighe gus an longphort i rabhadar, is a marbhadh is a míochórughadh.
Dá éis sin tángadar go haonláthair, is do b'é a líon trí mhíle fear ag dul d'ionnsuighe na n-Gall soin. Ar n-a bhfaicsin do Réamonn chuige, do chuaidh amach go mear míchéillidhe leis an mbeagán buidhne do bhí aige i gcomhdháil
Ar dteacht iomorro na Féile Parrtholóin san bhfoghmhar 'n-a dhiaidh sin, Anno Domini 1170, táinig Iarla o' Stranguell i n-Éirinn, agus do b'é líon a shluagh ag teacht dó .i. dá chéad ridire is míle do scuibhéaraibh is do lucht bogha is da gach ndruing ré gaiscidh; agus is é ionadh ar ghabhadar cuan i b-Port Lairge. Ar n-a chlos iomorro ar feadh na críche go dtáinig iarla o' Stranguell i n-Éirinn, táinig Mac Murchadha go maithibh Laighean is Roibeard Mac Stiabhna is Muiris Mac Gearailt is Réamonn de la Grós i gcoinne is i gcomhdháil an iarla go lúthghaireach láinmheanmach, agus ar n-a mhárach do chuadar d'aoinmhéin do ghabháil Phuirt Lairge; agus an tan rángadar gus an mbaile tugadar a n-aighthe i n-aoinfheacht air da bhaint amach is da chur ar a gcumas féin; agus tar gach olc is tar gach imshníomh da bhfuaradar muinntear an bhaile da gcoimhéad féin is da gcosnamh, do lingeadar orra tar múraibh an bhaile, is do mharbhsat gach a dtárla riú do lucht an bhaile, agus do gabhadh Maoilseachlainn Ó Faoláin, rí na n-Déise, leo, agus is tre impidhe Mic Murchadha tugadh a anam dhó.
Tug cheana Mac Murchadha a inghean leis i gcoinne an iarla an tráth soin, Aoife a hainm, agus do pósadh ris í, agus ar ndaingniughadh is ar gcríochnughadh an chleamhnais sin dóibh da gach leith fágbhais an t-iarla bárda láidir i b-Port
An tan iomorro do bhí an réidhteach aga dhéanamh eatorra do bhí Réamonn de la Grós is Miles Gogan is drong do ridiribh óga mar aon riú don taoibh oile don bhaile, agus fuaradar árach ar bhallaidhibh an bhaile, gur briseadh is gur réabadh leo iad; agus lingid féin san mbaile is marbhaid gach aon ar a rugadar ann. Acht cheana ar ngabháil Átha Cliath amhlaidh sin do Ghallaibh is do Mhac Murchadha, is gearr an comhnuidhe do rónsat ann, agus fágbhais an t-iarla Miles Gogan is drongbhuidhean mar aon ris ag coimhéad an bhaile. Do bhí iomorro faltanas is mioscais idir Ó Ruairc rí Bhréithfne is Mac Murchadha, agus rug Mac Murchadha an mórshluagh soin leis do Ghallaibh is do Ghaedhealaibh don Bhréithfne, gur creachadh is gur loisceadh an chríoch soin leo, is gur ghabhsad neart rómhór ar Ó Ruairc is ar gach aon da dtárla riú i n-Éirinn.